European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/942

25.4.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 200/2023

an 22 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/942]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2021/971 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 66/401/CEE ón gComhairle maidir le síol plandaí farae a mhargú, Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 66/402/CEE ón gComhairle maidir le síol gránach a mhargú, Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/54/CE ón gComhairle maidir le síol biatais a mhargú, Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/55/CE ón gComhairle maidir le síol glasraí a mhargú agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2002/57/CE ón gComhairle maidir le síol plandaí ola agus plandaí snáithín a mhargú, a mhéid a bhaineann le húsáid teicnící bithcheimiceacha agus móilíneacha (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí fíteasláintíochta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí fíteashláintíochta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas i bpointí 2 (Treoir 66/401/CEE ón gComhairle), 3 (Treoir 66/402/CEE ón gComhairle), 11 (Treoir 2002/54/CE ón gComhairle), 12 (Treoir 2002/55/CE ón gComhairle) agus 13 (Treoir 2002/57/CE ón gComhairle) de Chaibidil III d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32021 L 0971: Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2021/971 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2021 (IO L 214, 17.6.2021, lch. 62).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/971 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 23 Meán Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Pascal SCHAFHAUSER


(1)   IO L 214, 17.6.2021, lch. 62.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/942/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)