|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/939 |
25.4.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 197/2023
an 22 Meán Fómhair 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/939]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/59 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 maidir le hullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 32292 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/60 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 maidir le haigéad líonoiléach comhchuingeach (t10, c12)-eistear meitile a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh muca lena ramhrú agus ba déiríochta (sealbhóir an údaraithe: BASF SE) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/61 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 maidir le hullmhóid in–1,4-béite-ghlúcanáise ó Aspergillus niger CBS 120604, ullmhóid in–1,3(4)-béite-ghlúcanáise ó Aspergillus neoniger MUCL 39199, ullmhóid in–1,4-béite-xiolanáise ó Trichoderma citrinoviride MUCL 39203 agus ullmhóid in–1,4-béite-xiolanáise ó Trichoderma citrinoviride CBS 614.94 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 480 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/53 ón gCoimisiún) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘481. |
32023 R 0059: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/59 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 maidir le hullmhóid Pediococcus pentosaceus DSM 26571 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 5, 6.1.2023, lch. 16). |
|
482. |
32023 R 0060: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/60 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 maidir le haigéad líonoiléach comhchuingeach (t10, c12)-eistear meitile a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh muca lena ramhrú agus ba déiríochta (sealbhóir an údaraithe: BASF SE) (IO L 5, 6.1.2023, lch. 19). |
|
483. |
32023 R 0061: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/61 ón gCoimisiún an 5 Eanáir 2023 maidir le hullmhóid in–1,4-béite-ghlúcanáise ó Aspergillus niger CBS 120604, ullmhóid in–1,3(4)-béite-ghlúcanáise ó Aspergillus neoniger MUCL 39199, ullmhóid in–1,4-béite-xiolanáise ó Trichoderma citrinoviride MUCL 39203 agus ullmhóid in–1,4-béite-xiolanáise ó Trichoderma citrinoviride CBS 614.94 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 5, 6.1.2023, lch. 24).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/59, (AE) 2023/60 agus (AE) 2023/61 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 23 Meán Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 5, 6.1.2023, lch. 16.
(2) IO L 5, 6.1.2023, lch. 19.
(3) IO L 5, 6.1.2023, lch. 24.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/939/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)