European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/936

25.4.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 196/2023

an 22 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/936]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/8 ón gCoimisiún an 3 Eanáir 2023 maidir le húdarú ullmhóidí Lactiplantibacillus plantarum DSM 21762, Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 30236 agus Lactococcus lactis NCIMB 30117 a athnuachan mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 868/2011, (AE) Uimh. 1111/2011 agus (AE) Uimh. 227/2012 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/53 ón gCoimisiún an 4 Eanáir 2023 maidir le hullmhóid Pediococcus acidilactici CNCM I-4622 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/54 ón gCoimisiún an 4 Eanáir 2023 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/652 maidir le heastóscán oráistí Sevilla a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/8, aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 868/2011 (4), (AE) Uimh. 1111/2011 (5) agus (AE) Uimh. 227/2012 ón gCoimisiún (6), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(5)

Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta agus le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí tréidliachta agus le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 449 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/652 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32023 R 0054: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/54 ón gCoimisiún an 4 Eanáir 2023 (IO L 3, 5.1.2023, lch. 12).’

2.

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 478 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1525 ón gCoimisiún):

‘479.

32023 R 0008: Tá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/8 ón gCoimisiún an 3 Eanáir 2023 maidir le húdarú ullmhóidí Lactiplantibacillus plantarum DSM 21762, Lactiplantibacillus plantarum NCIMB 30236 agus Lactococcus lactis NCIMB 30117 a athnuachan mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 868/2011, (AE) Uimh. 1111/2011 agus (AE) Uimh. 227/2012 (IO L 2, 4.1.2023, lch. 28).

480.

32023 R 0053: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/53 ón gCoimisiún an 4 Eanáir 2023 maidir le hullmhóid Pediococcus acidilactici CNCM I-4622 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 3, 5.1.2023, lch. 8).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/8, (AE) 2023/53 agus (AE) 2023/54 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 23 Meán Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Pascal SCHAFHAUSER


(1)   IO L 2, 4.1.2023, lch. 28.

(2)   IO L 3, 5.1.2023, lch. 8.

(3)   IO L 3, 5.1.2023, lch. 12.

(4)   IO L 226, 1.9.2011, lch. 2.

(5)   IO L 287, 4.11.2011, lch. 30.

(6)   IO L 77, 16.3.2012, lch. 8.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/936/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)