|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/927 |
26.3.2024 |
TREOIR (AE) 2024/927 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Márta 2024
lena leasaítear Treoracha 2011/61/AE agus 2009/65/CE a mhéid a bhaineann le socruithe tarmligin, bainistiú riosca leachtachta, tuairisciú maoirseachta, soláthar seirbhísí taisce agus cumhdaigh agus tionscnamh iasachta ag cistí infheistíochta malartacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), rinne an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm agus ar raon feidhme na Treorach sin agus tháinig sé ar an gconclúid gur baineadh amach den chuid is mó na cuspóirí maidir le margadh an Aontais do chistí infheistíochta malartacha (CIManna) a chomhtháthú, lena n-áirithítear ardleibhéal cosanta infheisteoirí agus lena gcosnaítear cobhsaíocht airgeadais. Mar sin féin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ina athbhreithniú freisin gur gá na rialacha a chomhchuibhiú le haghaidh bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (‘BCIManna’) a bhainistíonn CIManna a thionscnaíonn iasachtaí, agus gur gá soiléiriú a dhéanamh ar na caighdeáin is infheidhme maidir le BCIManna a dhéanann a bhfeidhmeanna a tharmligean chuig tríú páirtithe, chun a áirithiú go gcaithfí go cothrom le heintitis a sholáthraíonn seirbhísí cumhdaigh (‘taisceánaigh’), chun rochtain trasteorann ar sheirbhísí taisclainne a fheabhsú, chun bailiú sonraí maoirseachta a bharrfheabhsú agus chun úsáid uirlisí bainistithe leachtachta ar fud an Aontais a éascú. Dá bhrí sin, tá gá le leasuithe chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin chun feabhas a chur ar fheidhmiú Threoir 2011/61/AE. |
|
(2) |
Tá gá chomh maith céanna le córas láidir tarmligin, cóir chomhionann taisceánach, tuairisciú maoirseachta comhleanúnach, go háirithe trí dhúbailtí agus ceanglais iomarcacha a bhaint, agus cur chuige comhchuibhithe maidir le húsáid uirlisí bainistithe leachtachta chun gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) a bhainistiú. Dá bhrí sin, is iomchuí freisin leasú a dhéanamh ar Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lena leagtar síos rialacha maidir le húdarú agus oibriú GCUInna agus a gcuideachtaí bainistíochta i réimsí an tarmligin, an tslánchoimeádta sócmhainní, an tuairiscithe maoirseachta agus an bhainistithe riosca leachtachta. |
|
(3) |
Shroich margadh an Aontais le haghaidh CIManna EUR 6,8 trilliún i nglanluach sócmhainní ag deireadh 2022. Is infheisteoirí gairmiúla iad thart ar 86 % de ghlanluach sócmhainní CIManna arna mbainistiú nó arna margú ag BCIManna údaraithe agus ag BCIManna faoi bhun na tairsí, i.e. na BCIManna dá dtagraítear in Airteagal 3(2) de Threoir 2011/61/AE, san Aontas. Le margadh an Aontais le haghaidh CIManna, soláthraítear os cionn EUR 250 billiún do ghnólachtaí an Aontais i gcreidmheas príobháideach, agus tá infheisteoirí an Aontais freagrach as 30 % den chaipiteal domhanda a leithdháiltear ar an tionscal ina iomláine. Tá méadú leanúnach tagtha ar mhéid mhargadh comhiomlánaithe an Aontais le haghaidh CIManna, ag méadú os cionn 15 % idir 2020 agus 2022, agus b’ionann CIManna agus aon trian de thionscal ciste an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch ag deireadh 2020. Mar sin féin, tá deis ann fós don tionscal fás trí rogha níos fearr a thabhairt d’infheisteoirí institiúideacha agus trí iomaíochas aontas na margaí caipitil a fheabhsú. |
|
(4) |
Chun éifeachtúlacht ghníomhaíochtaí BCIManna a mhéadú, ba cheart liosta na seirbhísí coimhdeacha a leagtar amach in Airteagal 6(4) de Threoir 2011/61/AE a leathnú chun go gcuimseofaí na cúraimí a dhéanann riarthóir i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (‘riar tagarmharcanna’) agus gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa i gcomhréir le Treoir (AE) 2021/2167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ar mhaithe le hiomláine, ba cheart a shoiléiriú gur cheart, agus na cúraimí a dhéanann riarthóir den sórt sin á ndéanamh aige nó agus gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa á soláthar aige, an BCIM a bheith faoi réir Rialachán (AE) 2016/1011 agus Threoir (AE) 2021/2167, faoi seach. |
|
(5) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, ba cheart a shoiléiriú gur féidir a bheith i mbainistiú CIManna freisin gníomhaíochtaí a bhaineann le hiasachtaí a thionscnamh thar ceann CIM agus eintitis shainchuspóireacha urrúsúcháin a sheirbhísiú. |
|
(6) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú do BCIManna agus do chuideachtaí bainistíochta GCUI maidir leis na seirbhísí is féidir leo a sholáthar do thríú páirtithe, ba cheart a shoiléiriú go gceadaítear do BCIManna agus do chuideachtaí bainistíochta GCUI na feidhmeanna agus gníomhaíochtaí céanna a dhéanann siad cheana i ndáil leis na CIManna agus na GCUInna a bhainistíonn siad a dhéanamh chun tairbhe tríú páirtithe, ar choinníoll go ndéantar bainistiú iomchuí ar aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an bhfeidhm nó an ghníomhaíocht sin a sholáthar do thríú páirtithe. Áirítear ar fheidhmeanna agus gníomhaíochtaí den sórt sin, mar shampla, seirbhísí corparáideacha amhail acmhainní daonna agus teicneolaíocht na faisnéise (TF), chomh maith le seirbhísí TF le haghaidh bainistiú punainne agus bainistiú riosca. Leis an bhféidearthacht sin, thacófaí freisin le hiomaíochas idirnáisiúnta BCIManna AE agus chuideachtaí bainistíochta GCUI trí bharainneachtaí scála a chumasú agus chabhrófaí le foinsí ioncaim a éagsúlú. |
|
(7) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart a shoiléiriú go bhfuil BCIManna a sholáthraíonn seirbhísí coimhdeacha lena mbaineann ionstraimí airgeadais faoi réir na rialacha a leagtar síos i dTreoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Maidir le sócmhainní nach ionstraimí airgeadais iad, ba cheart a cheangal ar BCIManna ceanglais Threoir 2011/61/AE a chomhlíonadh. |
|
(8) |
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gceanglas a leagtar síos i dTreoir 2011/61/AE a áirithiú maidir leis na hacmhainní daonna is gá atá ag BCIManna, is gá a shoiléiriú gur cheart do BCIM, tráth an iarratais ar údarú, faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla faoi na hacmhainní daonna agus teicniúla a úsáideann sé chun a fheidhmeanna a dhéanamh agus, i gcás inarb infheidhme, chun maoirseacht a dhéanamh ar a thoscairí. Ba cheart beirt daoine nádúrtha ar a laghad atá, ar bhonn lánaimseartha, fostaithe ag BCIM nó ina gcomhaltaí feidhmiúcháin nó ina gcomhaltaí de chomhlacht rialaithe BCIM, agus a bhfuil sainchónaí orthu, sa chiall go bhfuil gnáthchónaí orthu, san Aontas, a cheapadh chun gnó an BCIM a dhéanamh. Gan beann ar an íosmhéid reachtúil sin, d’fhéadfadh níos mó acmhainní a bheith ag teastáil ag brath ar mhéid agus castacht an BCIM agus na CIManna atá á mbainistiú aige. |
|
(9) |
Tá ceanglais sa dlí náisiúnta nó i gcaighdeáin tionscail ag roinnt Ballstát maidir leis an méid neamhspleáchais atá ag comhalta amháin nó níos mó de chomhlacht rialaithe BCIM nó de chomhlacht bainistíochta de chuideachta bainistíochta GCUI nó de chuideachta infheistíochta. Maidir le BCIManna a bhainistíonn CIManna a mhargaítear d’infheisteoirí miondíola agus do chuideachtaí bainistíochta GCUI agus cuideachtaí infheistíochta, is iomchuí BCIManna den sórt sin a spreagadh chun stiúrthóir neamhspleách nó neamhfheidhmiúcháin amháin ar a laghad a cheapadh mar chomhalta dá gcomhlacht rialaithe nó dá gcomhlacht bainistíochta, i gcás inar féidir é sin a dhéanamh faoin dlí náisiúnta nó faoi chaighdeáin tionscail Bhallstát baile an BCIM, na cuideachta bainistíochta GCUI nó na cuideachta infheistíochta, chun leasanna na CIManna agus na GCUInna agus na n-infheisteoirí sna CIManna a bhainistíonn an BCIM nó sna GCUInna a chosaint. Agus an ceapachán sin á dhéanamh, ní mór don BCIM, do chuideachta bainistíochta GCUI nó do chuideachta infheistíochta GCUI a áirithiú go bhfuil an stiúrthóir sin neamhspleách ó thaobh cineáil agus breithiúnais de agus go bhfuil saineolas agus taithí leordhóthanach ag an stiúrthóir sin chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na CIManna nó na GCUInna atá á mbainistiú ag an BCIM, ag an gcuideachta bainistíochta GCUI nó ag an gcuideachta infheistíochta ar mhaithe le leas na n-infheisteoirí. |
|
(10) |
Ní i gcónaí gurb é an BCIM a dhéanann margú díreach ar CIManna, ach gur dáileoir amháin nó roinnt dáileoirí a dhéanann amhlaidh, thar ceann an BCIM nó thar a gceann féin. Go háirithe, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina ndéanann comhairleoir airgeadais neamhspleách CIM a mhargú gan eolas a bheith ag an BCIM air. Tá formhór na ndáileoirí cistí faoi réir ceanglais rialála de bhun Threoir 2014/65/AE nó Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) lena sainítear raon feidhme agus méid a bhfreagrachtaí i leith a gcliant féin. Dá bhrí sin, i dTreoir 2011/61/AE, ba cheart éagsúlacht na socruithe dáileacháin a aithint agus idirdhealú a dhéanamh idir, ar thaobh amháin, socruithe trína ngníomhaíonn dáileoir thar ceann an BCIM, ar cheart iad a mheas mar shocruithe tarmligin, agus, ar an taobh eile, socruithe trína ngníomhaíonn dáileoir ar a shon féin nuair a mhargaíonn sé an CIM faoi Threoir 2014/65/AE nó trí tháirgí infheistíochta atá bunaithe ar árachas saoil i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/97, agus sa chás sin níor cheart feidhm a bheith ag forálacha Threoir 2011/61/AE maidir le tarmligean, gan beann ar aon chomhaontú dáileacháin idir an BCIM agus an dáileoir. |
|
(11) |
Leis an tarmligean, is féidir bainistiú éifeachtúil a dhéanamh ar phunanna infheistíochta agus an saineolas is gá a fháil i margadh geografach ar leith nó in aicme sócmhainní ar leith. Tá sé tábhachtach, áfach, go mbeadh faisnéis nuashonraithe ag maoirseoirí maidir le príomhghnéithe na socruithe tarmligin. Chun forléargas iontaofa a fhorbairt ar ghníomhaíochtaí tarmligin san Aontas, ba cheart do BCIManna faisnéis a sholáthar go tráthrialta d’údaráis inniúla faoi shocruithe tarmligin lena mbaineann tarmligean feidhmeanna comhchoiteanna nó lánroghnacha bainistithe punainne nó feidhmeanna bainistithe riosca. Dá bhrí sin, maidir le faisnéis faoi na toscairí, liosta de na gníomhaíochtaí tarmligthe, agus tuairisc orthu, méid agus céatadán shócmhainní na CIManna bainistithe atá faoi réir socruithe tarmligin a bhaineann leis an bhfeidhm bainistithe punainne, tuairisc ar an gcaoi a ndéanann an BCIM maoirsiú, faireachán agus rialú ar an toscaire, faisnéis faoi na socruithe fotharmligin agus dáta tosaigh agus éaga na socruithe tarmligin agus fotharmligin, ba cheart do BCIManna an méid sin a thuairisciú i leith gach CIM atá á bhainistiú acu. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart a shonrú go mbailítear na sonraí maidir le méid agus céatadán shócmhainní na CIManna bainistithe atá faoi réir socruithe tarmligin a bhaineann leis an bhfeidhm bainistithe punainne chun forléargas níos fearr a thabhairt ar oibriú an tarmligin, agus nach táscaire fianaiseach iad na sonraí iontu féin chun leormhaitheas na socruithe maidir leis an tsubstaint nó maidir le bainistiú riosca a chinneadh, ná chun éifeachtacht na socruithe formhaoirseachta nó rialaithe ar leibhéal an bhainisteora a chinneadh. Ba cheart faisnéis den sórt sin a chur in iúl do na húdaráis inniúla mar chuid den chóras tuairiscithe maoirseachta atá faoi rialú ag Treoir 2011/61/AE. |
|
(12) |
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach Threoir 2011/61/AE a áirithiú, ba cheart a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag na rialacha tarmligin a leagtar síos inti maidir leis na feidhmeanna uile a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus maidir le liosta na seirbhísí coimhdeacha a leagtar amach in Airteagal 6(4) den Treoir sin. |
|
(13) |
Cistí infheistíochta lena soláthraítear iasachtaí, is féidir leo a bheith ina bhfoinse maoiniúcháin mhalartaigh don fhíorgheilleagar. Le cistí den sórt sin, is féidir cistiú ríthábhachtach a sholáthar d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide an Aontais, a bhfuil sé níos deacra dóibh foinsí traidisiúnta iasachtaithe a rochtain. Mar sin féin, mar thoradh ar chineálacha éagsúla cur chuige rialála náisiúnta, is féidir arbatráiste rialála agus leibhéil éagsúla cosanta infheisteoirí a bheith ann, rud a chuireann bac ar bhunú margaidh inmheánaigh éifeachtúil le haghaidh tionscnamh iasachta ag CIManna. Le Treoir 2011/61/AE, ba cheart aitheantas a thabhairt don cheart atá ag CIManna iasachtaí a thionscnamh. Ba cheart comhrialacha a leagan síos freisin chun margadh inmheánach éifeachtúil a bhunú le haghaidh tionscnamh iasachta ag CIManna, chun leibhéal aonfhoirmeach cosanta infheisteoirí san Aontas a áirithiú, chun gur féidir le CIManna a ngníomhaíochtaí a fhorbairt trí iasachtaí a thionscnamh i ngach Ballstát agus chun rochtain ar mhaoiniú a éascú ag cuideachtaí de chuid an Aontais, ar príomhchuspóir é d’aontas na margaí caipitil mar a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘A Capital Markets Union for people and businesses – new action plan’ [Aontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí – plean gníomhaíochta nua]. Mar sin féin, i bhfianaise an mhargaidh creidmheasa phríobháidigh atá ag fás go tapa, is gá aghaidh a thabhairt ar na rioscaí micreastuamachta agus macrastuamachta a d’fhéadfadh a bheith ag tionscnamh iasachta ag CIManna agus a d’fhéadfaí a leathadh chuig an gcóras airgeadais go ginearálta. Ba cheart na rialacha is infheidhme maidir le BCIManna a bhainistíonn CIManna a thionscnaíonn iasachtaí a chomhchuibhiú chun feabhas a chur ar bhainistiú riosca ar fud an mhargaidh airgeadais agus chun trédhearcacht le haghaidh infheisteoirí a mhéadú. Ar mhaithe le soiléireacht, níor cheart do na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo atá infheidhme maidir le BCIManna a bhainistíonn CIManna a thionscnaíonn iasachtaí cosc a chur ar na Ballstáit creataí náisiúnta táirgí a leagan síos lena sainítear catagóirí áirithe CIManna a bhfuil rialacha níos sriantaí acu. |
|
(14) |
Ní i gcónaí gurb é an CIM a dhéanann tionscnamh iasachta go díreach. Is féidir cásanna a bheith ann ina ndeonaíonn CIM iasacht go hindíreach trí thríú páirtí nó meán sainchuspóireach lena ndeonaítear an iasacht le haghaidh an CIM nó thar a cheann, nó le haghaidh an BCIM i leith an CIM nó thar a cheann i leith an CIM, roimh neamhchosaint a ghnóthú ar an iasacht. Chun imchéimniú Threoir 2011/61/AE a sheachaint, i gcás ina bhfuil baint ag an CIM sin nó ag an BCIM sin leis an iasacht a struchtúrú, nó lena saintréithe a shainiú nó a réamh-chomhaontú, ba cheart a mheas gur gníomhaíochtaí lena dtionscnaítear iasachtaí iad cásanna den sórt sin agus ba cheart iad a bheith faoi réir na Treorach sin. |
|
(15) |
Tá CIManna a dheonaíonn iasachtaí do thomhaltóirí faoi réir ceanglais ionstraimí eile de dhlí an Aontais is infheidhme maidir le creidmheas tomhaltóirí, lena n-áirítear Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus Treoir (AE) 2021/2167. Leis na hionstraimí sin de dhlí an Aontais, déantar foráil maidir le cosaint bhunúsach iasachtaithe ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, agus ar chúiseanna sáraitheacha leasa phoiblí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann tionscnamh iasachta ag CIManna do thomhaltóirí a thoirmeasc ar a gcríoch. |
|
(16) |
Chun tacú le bainistiú gairmiúil CIManna agus chun rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a mhaolú, ba cheart beartais, nósanna imeachta agus próisis éifeachtacha a bheith ag BCIManna a bhainistíonn CIManna a bhíonn i mbun tionscnamh iasachta, gan beann ar cibé an gcomhlíonann na CIManna sin an sainmhíniú ar CIManna lena dtionscnaítear iasachtaí, ba cheart beartais, nósanna imeachta agus próisis éifeachtacha a bheith acu chun iasachtaí a dheonú. Ba cheart dóibh beartais, nósanna imeachta agus próisis éifeachtacha a chur chun feidhme freisin chun measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa agus chun a bpunann chreidmheasa a riar agus faireachán a dhéanamh uirthi i gcás ina mbíonn na CIManna a bhainistíonn siad i mbun tionscnamh iasachta, lena n-áirítear i gcás ina ngnóthaíonn na CIManna sin neamhchosaint ar iasachtaí trí thríú páirtithe. Ba cheart na beartais, na nósanna imeachta agus na próisis sin a bheith comhréireach le méid thionscnamh na hiasachta agus ba cheart athbhreithniú a dhéanamh orthu go tráthrialta. |
|
(17) |
Chun riosca idirnascachta a shrianadh i measc CIManna lena dtionscnaítear iasachtaí agus rannpháirtithe eile sa mhargadh airgeadais, ba cheart a cheangal ar BCIManna na CIManna sin, i gcás inarb institiúid airgeadais é an t-iasachtaí, a riosca a éagsúlú agus a neamhchosaint a chur faoi réir teorainneacha sonracha. |
|
(18) |
Chun cobhsaíocht agus sláine an chórais airgeadais a áirithiú agus chun coimircí comhréireacha a thabhairt isteach, ba cheart CIManna lena dtionscnaítear iasachtaí a bheith faoi réir teorainn ghiarála a athraíonn ag brath ar cibé acu de chineál neamhiata nó de chineál iata iad. Is mó an riosca don chobhsaíocht airgeadais i gcás CIManna neamhiata, ar féidir leo a bheith faoi réir ardleibhéil fuascailtí. I gcomhréir leis an gcuspóir cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, níor cheart an teorainn ghiarála a bheith ag brath ar cibé acu a dhéantar CIM lena dtionscnaítear iasachtaí a mhargú le hinfheisteoirí gairmiúla agus le hinfheisteoirí miondíola nó nach ndéantar é a mhargú ach le hinfheisteoirí gairmiúla agus leo amháin. Leis an modh gealltanais, soláthraítear creat cuimsitheach láidir chun giaráil a ríomh i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, agus go háirithe chun an ghiaráil shintéiseach a chruthaítear le díorthaigh a chur san áireamh. Leis na teorainneacha giarála sin, níor cheart cosc a chur ar údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM teorainneacha giarála níos déine a fhorchur i gcás ina meastar go bhfuil gá leis sin chun cobhsaíocht agus sláine an chórais airgeadais a áirithiú. |
|
(19) |
Chun coinbhleachtaí leasa a theorannú, níor cheart do BCIManna ná dá bhfoireann iasachtaí a fháil ó aon CIManna a bhainistíonn siad. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart toirmeasc a chur ar thaisclann an CIM agus ar thoscaire na taisclainne, ar thoscaire an BCIM agus ar a fhoireann, agus ar eintitis laistigh den ghrúpa céanna leis an BCIM, iasachtaí a fháil ón CIM lena mbaineann. |
|
(20) |
Chun baol morálta a sheachaint agus chun caighdeán creidmheasa ginearálta na n-iasachtaí arna dtionscnamh ag CIManna a choimeád, ba cheart iasachtaí den sórt sin a bheith faoi réir ceanglais coinneála riosca nuair a aistrítear chuig tríú páirtithe iad. Chun an chuspóra chéanna, ba cheart cosc a chur ar BCIManna CIM a bhainistiú a thionscnaíonn iasachtaí chun iad a dhíol le tríú páirtithe (‘straitéis ó thionscnamh go dáileadh’), agus chun na críche sin amháin, gan beann ar cibé an gcomhlíonann an CIM sin an sainmhíniú ar CIM lena dtionscnaítear iasachtaí. Ba cheart iasachtaí a dheonú chun an caipiteal arna thiomsú ag an CIM a infheistiú i gcomhréir lena straitéis infheistíochta agus srianta rialála, agus chun na críche sin amháin. Mar sin féin, ba cheart don BCIM a bheith in ann an straitéis infheistíochta sin a chur chun feidhme ar mhaithe le leas infheisteoirí an CIM. Ciallaíonn sé sin go bhfuil gá le maoluithe ar na rialacha maidir le coinneáil riosca agus ba cheart a chumhdach le maoluithe den sórt sin cásanna nach bhfuil coinneáil cuid den iasacht comhoiriúnach le cur chun feidhme straitéis infheistíochta an CIM nó leis na ceanglais rialála, lena n-áirítear ceanglais táirge, a fhorchuirtear ar an CIM agus ar a BCIM. Áirítear ar na cásanna sin staideanna ina sáródh an CIM a theorainneacha infheistíochta nó éagsúlaithe nó ina sáródh sé ceanglais rialála mar thoradh ar chuid den iasacht a choinneáil, amhail bearta sriantacha arna nglacadh faoi Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), nó ina bhfuil an CIM ag dul faoi leachtú, nó ina bhfuil athrú tagtha ar staid an iasachtaí, mar shampla i gcás chumasc nó mhainneachtain an iasachtaí mura bhfuil straitéis infheistíochta an CIM chun sócmhainní tochsail a bhainistiú, nó ina n-athraítear leithdháileadh sócmhainní an CIM, rud a fhágann nach bhfuil an CIM ag tabhairt faoi neamhchosaint ar earnáil shonrach nó ar aicme shonrach sócmhainní a thuilleadh. Ba cheart do BCIM, arna iarraidh sin d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile, údar a thabhairt lena chinneadh úsáid a bhaint as maolú den sórt sin ar na rialacha maidir le coinneáil riosca, agus ba cheart a cheangal air prionsabal uileghabhálach an toirmisc ar straitéisí ó thionscnamh go dáileadh a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach. |
|
(21) |
D’fhéadfadh iasachtaí fadtéarmacha neamhleachtacha atá i seilbh CIM neamhréireanna leachtachta a chruthú dá mbeadh infheisteoirí in ann a n-aonaid nó a scaireanna a fhuascailt go minic le struchtúr neamhiata an CIM. Dá bhrí sin, is gá na rioscaí a bhaineann le claochlú aibíochta a mhaolú trí struchtúr iata a fhorchur le haghaidh CIManna lena dtionscnaítear iasachtaí. Mar sin féin, ba cheart é a bheith indéanta CIManna lena dtionscnaítear iasachtaí a oibriú mar CIManna neamhiata ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais áirithe, lena n-áirítear córas bainistithe leachtachta lena n-íoslaghdaítear neamhréireanna leachtachta, lena n-áirithítear cóir chothrom infheisteoirí agus atá faoi mhaoirseacht údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM. Chun critéir chomhsheasmhacha a áirithiú maidir le cinneadh ag na húdaráis inniúla an féidir le CIM lena dtionscnaítear iasachtaí struchtúr neamhiata a choimeád ar bun, ba cheart don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na critéir sin a bhunú, agus aird chuí á tabhairt ar chineál, próifíl leachtachta agus neamhchosaintí CIManna lena dtionscnaítear iasachtaí. |
|
(22) |
I gcás ina bhfuil CIM lena dtionscnaítear iasachtaí, nó BCIM, i ndáil le gníomhaíochtaí iasachtaithe CIManna atá á mbainistiú aige, faoi réir na gceanglas a leagtar síos i dTreoir 2011/61/AE agus na gceanglas a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013 (10), (AE) Uimh. 346/2013 (11) agus (AE) 2015/760 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart tosaíocht a bheith ag na ceanglais táirge shonracha a leagtar síos i gCaibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013, i gCaibidil II de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 agus i Rialachán (AE) 2015/760 ar na rialacha níos ginearálta a leagtar amach i dTreoir 2011/61/AE. |
|
(23) |
Toisc go bhféadfadh CIManna a thionscnaíonn iasachtaí a bheith neamhleachtach agus fadtéarmach, d’fhéadfadh deacracht a bheith ag BCIManna athruithe ar cheanglais rialála a thugtar isteach le linn shaolré na CIManna a bhainistíonn siad a chomhlíonadh gan difear a dhéanamh d’iontaoibh ná do mhuinín a n-infheisteoirí. Is gá, dá bhrí sin, forálacha idirthréimhseacha a chur i bhfeidhm maidir le ceanglais áirithe le haghaidh CIManna a bunaíodh sular glacadh an Treoir seo. Mar sin féin, ba cheart do CIManna agus BCIManna den sórt sin a bheith in ann a roghnú a bheith faoi réir na rialacha sin ar choinníoll go dtugtar fógra dá réir d’údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM. Ina theannta sin, na rialacha is infheidhme maidir le tionscnamh iasachta agus maidir le CIManna lena dtionscnaítear iasachtaí, cé is moite de theorainneacha giarála agus infheistíochta agus den oibleagáid ar CIManna lena dtionscnaítear iasachtaí oibriú mar CIManna iata, níor cheart feidhm a bheith acu ach amháin maidir le hiasachtaí a thionscnaítear tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo. |
|
(24) |
Chun tacú le faireachán margaidh a dhéanann na húdaráis mhaoirseachta, ba cheart feabhas a chur ar bhailiú agus comhroinnt faisnéise a dhéantar trí bhíthin tuairisciú maoirseachta. D’fhéadfaí na ceanglais tuairiscithe dhúblacha atá ann faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, go háirithe Rialacháin (AE) Uimh. 600/2014 (13) agus (AE) 2019/834 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1011/2012 (15) agus (AE) Uimh. 1073/2013 (16) ón mBanc Ceannais Eorpach, a dhíchur chun éifeachtúlacht a fheabhsú agus chun ualaí riaracháin ar BCIManna a laghdú. An tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), ESMA (ar a dtugtar le chéile ‘Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha’ nó ‘ÚMEnna’) agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE), le tacaíocht ó na húdaráis inniúla, i gcás inar gá, ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh ar na riachtanais sonraí atá ag na húdaráis mhaoirseachta éagsúla chun go mbeidh na hathruithe ar an teimpléad tuairiscithe maoirseachta le haghaidh BCIManna éifeachtach. |
|
(25) |
Chun tuairisciú dúblach agus ualaí tuairiscithe gaolmhara le haghaidh BCIManna a laghdú agus chun athúsáid éifeachtúil sonraí ag údaráis a áirithiú, ba cheart na sonraí a thuairiscíonn BCIManna d’údaráis inniúla a chur ar fáil d’údaráis inniúla ábhartha eile, do na ÚMEnna agus don Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), mar a leagtar amach i Moladh ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 7 Nollaig 2017 (19), nuair is gá sin chun a ndualgais a dhéanamh, agus do chomhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) chun críoch staidrimh agus chun na gcríoch sin amháin. |
|
(26) |
Mar ullmhúchán d’athruithe a dhéanfar amach anseo ar oibleagáidí tuairiscithe maoirseachta, ba cheart raon feidhme na sonraí is féidir a éileamh ar BCIManna a leathnú trí theorainneacha ar an raon feidhme sin a bhaint, ar teorainneacha iad a dhírítear ar mhórthrádálacha, ar neamhchosaintí móra nó ar chontrapháirtithe agus trí chatagóirí eile sonraí a chur leis atá le soláthar do na húdaráis inniúla. Má chinneann ESMA go bhfuil údar le punann a nochtadh go hiomlán do mhaoirseoirí ar bhonn tréimhsiúil, ba cheart d’fhorálacha Threoir 2011/61/AE freastal ar leathnú riachtanach an raon feidhme tuairiscithe. |
|
(27) |
Chun comhchuibhiú comhsheasmhach na n-oibleagáidí tuairiscithe maoirseachta a áirithiú, ba cheart cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun an t-ábhar, na foirmeacha agus na nósanna imeachta a leagan amach chun an próiseas tuairiscithe maoirseachta ag BCIManna a chaighdeánú, agus ar an gcaoi sin ionadú á dhéanamh ar an teimpléad tuairiscithe a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 24 de Threoir 2011/61/AE, chomh maith le minicíocht agus uainiú an tuairiscithe. Maidir leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú faoi shocruithe tarmligin, ba cheart do na caighdeáin theicniúla rialála leanúint de bheith teoranta do leagan amach leibhéal iomchuí caighdeánaithe na faisnéise atá le tuairisciú. Níor cheart aon ghnéithe nach ndéantar foráil dóibh i dTreoir 2011/61/AE a chur leis na caighdeáin theicniúla rialála. |
|
(28) |
Chun an próiseas tuairiscithe maoirseachta a chaighdeánú, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag ESMA a ghlacadh a mhéid a bhaineann leis an bhformáid, leis na caighdeáin sonraí agus leis na modhanna agus na socruithe maidir le tuairisciú ag BCIManna. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. |
|
(29) |
Chun freagairt níos éifeachtaí a áirithiú ar bhrúnna leachtachta i dtráth anáis sa mhargadh agus chun infheisteoirí a chosaint ar bhealach níos fearr, ba cheart rialacha a leagan síos i dTreoir 2011/61/AE chun Moladh ó BERS an 7 Nollaig 2017 a chur chun feidhme. |
|
(30) |
Chun a chur ar chumas BCIManna CIManna neamhiata atá bunaithe in aon Bhallstát déileáil le brúnna fuascailte faoi dhálaí anáis sa mhargadh, ba cheart a cheangal ar BCIManna dhá uirlis bainistithe leachtachta ar a laghad ón liosta comhchuibhithe a leagtar amach in Iarscríbhinn V, pointí 2 go 8, a ghabhann le Treoir 2011/61/AE a roghnú agus a áireamh i rialacha nó ionstraimí corpraithe an CIM. De mhaolú air sin, i gcás ina mbainistíonn BCIM CIM atá údaraithe mar chiste margaidh airgid i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), ba cheart don BCIM a bheith in ann a chinneadh gan ach uirlis bainistithe leachtachta amháin a roghnú ón liosta sin. Ba cheart na huirlisí bainistithe leachtachta sin a bheith iomchuí do straitéis infheistíochta, próifíl leachtachta agus beartas fuascailte an CIM. Ba cheart do BCIManna uirlisí bainistithe leachtachta den sórt sin a ghníomhachtú i gcás inar gá chun leasanna infheisteoirí an CIM a choimirciú. Ina theannta sin, ba cheart an deis a bheith i gcónaí ag BCIManna CIManna neamhiata suibscríbhinní, athcheannach agus fuascailtí a chur ar fionraí go sealadach nó taobhphócaí a ghníomhachtú, in imthosca eisceachtúla agus i gcás ina bhfuil údar leis ag féachaint do leasanna infheisteoirí an CIM. I gcás ina ndéanann BCIM cinneadh suibscríbhinní, athcheannach agus fuascailtí a chur ar fionraí, ba cheart dó fógra a thabhairt gan moill mhíchuí d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile. I gcás ina gcinneann BCIM taobhphócaí a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú, ba cheart dó údaráis inniúla a Bhallstáit baile a chur ar an eolas laistigh de thréimhse ama réasúnta sula ndéanfar an uirlis bainistithe leachtachta sin a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú. Ba cheart do BCIM fógra a thabhairt d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile freisin i gcás ina ngníomhachtaíonn nó ina ndíghníomhachtaíonn sé aon uirlis bainistithe leachtachta eile ar bhealach nach bhfuil i ngnáthchúrsa gnó mar a bheartaítear i rialacha nó ionstraimí corpraithe an CIM. D’fhágfadh sé sin go mbeadh na húdaráis mhaoirseachta in ann iarmhairtí teannais leachtachta ionchasacha sa mhargadh níos leithne a láimhseáil ar bhealach níos fearr. |
|
(31) |
Go háirithe, agus chun cosaint infheisteoirí a neartú, ba cheart a shonrú nach bhfuil úsáid fuascailte comhchineáil oiriúnach d’infheisteoirí miondíola agus, dá bhrí sin, nár cheart í a ghníomhachtú ach amháin chun freastal ar iarrataí fuascailte ó infheisteoirí gairmiúla. An tráth céanna, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le héagothroime sa chaoi a gcaitear le hinfheisteoirí agus le sealbhóirí aonad nó scairshealbhóirí eile. |
|
(32) |
Chun a bheith in ann cinneadh infheistíochta a dhéanamh i gcomhréir lena bhfonn riosca agus lena riachtanais leachtachta, ba cheart na coinníollacha le haghaidh úsáid uirlisí bainistithe leachtachta a chur in iúl d’infheisteoirí. |
|
(33) |
Chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú i réimse an bhainistithe riosca leachtachta a dhéanann BCIManna ar chistí neamhiata agus chun cóineasú margaidh agus maoirseachta a éascú, ba cheart cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun saintréithe na n-uirlisí bainistithe leachtachta a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2011/61/AE a shonrú, agus aird chuí á tabhairt ar éagsúlacht na straitéisí infheistíochta agus ar shócmhainní foluiteacha CIManna. Ba cheart na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh ar bhonn dréacht arna fhorbairt ag ESMA agus níor cheart dóibh srian a chur ar chumas BCIManna aon uirlis bainistithe leachtachta iomchuí a úsáid le haghaidh gach aicme sócmhainní, gach dlínse agus gach coinníll margaidh. Chun leibhéal aonfhoirmeach cosanta infheisteoirí a áirithiú san Aontas, ba cheart do ESMA treoirlínte a fhorbairt maidir le roghnú agus calabrú uirlisí bainistithe leachtachta ag BCIManna. Leis na treoirlínte sin, ba cheart a aithint gur ar BCIManna i gcónaí atá an phríomhfhreagracht as bainistiú riosca leachtachta. |
|
(34) |
Tá ról tábhachtach ag taisclanna maidir le leasanna na n-infheisteoirí a choimirciú agus ba cheart dóibh a bheith in ann a ndualgais a chomhlíonadh gan beann ar an gcineál taisceánaigh a choimeádann sócmhainní na CIManna slán. Dá bhrí sin, i gcás ina soláthraíonn siad seirbhísí cumhdaigh do CIManna, is gá taisclanna lárnacha urrús (TLUnna) a áireamh sa slabhra cumhdaigh chun a áirithiú, i ngach cás, go bhfuil sreabhadh faisnéise cobhsaí idir taisceánach shócmhainn CIM agus an taisclann. Chun obair neamhriachtanach a sheachaint, níor cheart do na taisclanna dícheall cuí ex ante a dhéanamh i gcás ina bhfuil sé beartaithe acu cumhdach a tharmligean chuig TLUnna. |
|
(35) |
Chun feabhas a chur ar chomhoibriú maoirseachta agus éifeachtacht maoirseachta, ba cheart d’údaráis inniúla Bhallstát óstach BCIM a bheith in ann aghaidh a thabhairt ar iarraidh réasúnaithe chuig údarás inniúil Bhallstát baile an BCIM sin chun gníomhaíocht mhaoirseachta a dhéanamh ina choinne. |
|
(36) |
Chun feabhas a chur ar chomhoibriú maoirseachta, ba cheart do ESMA a bheith in ann a iarraidh ar údarás inniúil cás a chur i láthair ESMA i gcás ina bhfuil impleachtaí trasteorann ag an gcás sin agus ina bhféadfadh tionchar a bheith aige ar chosaint infheisteoirí nó ar chobhsaíocht airgeadais. Leis na hanailísí a dhéanann ESMA ar chásanna den sórt sin, thabharfaí tuiscint níos fearr ar na saincheisteanna a pléadh d’údaráis inniúla eile, chuirfí le cásanna comhchosúla amach anseo a chosc agus chosnófaí sláine an mhargaidh le haghaidh CIManna. |
|
(37) |
Chun tacú le cóineasú maoirseachta i réimse an tarmligin, ba cheart do ESMA faisnéis níos iomláine a fháil faoi chur i bhfeidhm na Treorach seo, lena n-áirítear i réimse na formhaoirseachta iomchuí agus an rialaithe iomchuí ar shocruithe tarmligin, i ngach Ballstát. Chuige sin, ba cheart dó tarraingt ar oibleagáidí maidir le tuairisciú chuig na húdaráis inniúla, agus ar fheidhmiú a chumhachtaí cóineasaithe maoirseachta i réimse an tarmligin, sula ndéanfar an chéad athbhreithniú eile ar Threoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE. Ba cheart do ESMA tuarascáil a sholáthar ina ndéantar anailís ar chleachtais mhargaidh maidir le tarmligean, agus comhlíonadh na rialacha maidir le tarmligean, chomh maith le ceanglais shubstainteacha amhail na ceanglais sin a bhaineann leis na hacmhainní daonna agus teicniúla a úsáideann BCIManna, cuideachtaí bainistíochta agus a dtoscairí chun a bhfeidhmeanna a dhéanamh. |
|
(38) |
Le Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21), leagtar síos rialacha comhchuibhithe do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus do chomhairleoirí airgeadais maidir leis an trédhearcacht i dtaobh comhtháthú rioscaí inbhuanaitheachta agus i dtaobh drochthionchair inbhuanaitheachta a mheas ina bpróisis agus i dtaobh faisnéis ó thaobh na hinbhuanaitheachta de a sholáthar i dtaca le táirgí airgeadais. Tá sé tábhachtach cur chuige cothrománach a ghlacadh i leith rialacha trédhearcachta maidir le hinbhuanaitheacht do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus do chomhairleoirí airgeadais. Is féidir le CIManna agus GCUInna rannchuidiú go mór le cuspóirí aontas na margaí caipitil. Ní mór fás an mhargaidh le haghaidh CIManna agus GCUInna a bheith comhsheasmhach freisin le cuspóirí eile an Aontais agus ba cheart, dá bhrí sin, é a stiúradh i dtreo fás inbhuanaithe a chur chun cinn. Ba cheart do BCIManna agus do chuideachtaí bainistíochta GCUI a bheith in ann a léiriú go gcomhlíonann siad a n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2019/2088 ar bhonn leanúnach. Dá bharr sin, ba cheart do BCIManna agus do chuideachtaí bainistíochta GCUI paraiméadair chomhshaoil, shóisialta agus rialachais (ESG) a chomhtháthú sna rialacha rialachais agus bainistithe riosca a úsáidtear chun tacú lena gcinntí infheistíochta. Ba cheart do BCIManna agus do chuideachtaí bainistíochta GCUI rialacha rialachais agus bainistithe riosca a chur i bhfeidhm freisin maidir lena gcinntí infheistíochta agus maidir lena measúnú ar rioscaí ábhartha, lena n-áirítear rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais. Tá sé sin níos tábhachtaí fós i gcás ina ndéanann BCIManna agus cuideachtaí bainistíochta GCUI éilimh maidir le beartais infheistíochta inbhuanaithe na CIManna agus na GCUInna a bhainistíonn siad. Ba cheart na cinntí infheistíochta sin agus na measúnuithe riosca sin a dhéanamh ar mhaithe le leas infheisteoirí na CIManna agus na GCUInna. Ba cheart do ESMA a threoirlínte a thabhairt cothrom le dáta maidir le beartais fhónta luacha saothair faoi Threoracha 2011/61/AE agus 2009/65/CE a mhéid a bhaineann le dreasachtaí a ailíniú le rioscaí ESG i mbeartais luacha saothair. |
|
(39) |
Ní i gcónaí gurb í an chuideachta bainistíochta a dhéanann margú díreach ar GCUInna ach, gur dáileoir amháin nó roinnt dáileoirí a dhéanann amhlaidh, thar ceann na cuideachta bainistíochta nó thar a gceann féin. Go háirithe, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina ndéanfadh comhairleoir airgeadais neamhspleách GCUI a mhargú gan eolas a bheith ag an gcuideachta bainistíochta. Tá formhór na ndáileoirí cistí faoi réir ceanglais rialála de bhun Threoir 2014/65/AE nó (AE) 2016/97, lena sainítear raon feidhme agus méid a bhfreagrachtaí i leith a gcliant féin. Dá bhrí sin, i dTreoir 2009/65/CE, ba cheart éagsúlacht na socruithe dáileacháin a aithint agus idirdhealú a dhéanamh idir, ar thaobh amháin, socruithe trína ngníomhaíonn dáileoir thar ceann na cuideachta bainistíochta, ar cheart iad a mheas mar shocruithe tarmligin, agus, ar an taobh eile, socruithe trína ngníomhaíonn dáileoir ar a shon féin nuair a mhargaíonn sé an GCUI faoi Threoir 2014/65/AE nó trí tháirgí infheistíochta atá bunaithe ar árachas saoil i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/97, agus sa chás sin níor cheart feidhm a bheith ag forálacha Threoir 2009/65/CE maidir le tarmligean, gan beann ar aon chomhaontú dáileacháin idir an chuideachta bainistíochta agus an dáileoir. |
|
(40) |
Ní bhíonn soláthar iomaíoch ar sheirbhísí taisclainne ag roinnt margaí comhchruinnithe. Chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas sin, a bhféadfadh costais mhéadaithe do BCIManna agus margadh le haghaidh CIManna nach bhfuil chomh héifeachtúil sin a bheith mar thoradh air, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cead a thabhairt dá n-údaráis inniúla a cheadú go ndéanfaí taisclann atá bunaithe i mBallstát eile a cheapadh. Níor cheart an fhéidearthacht sin a úsáid ach amháin nuair a chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo agus le formheas roimh ré ó údaráis inniúla an CIM. Maidir leis an gcinneadh go gceadaítear taisclann atá bunaithe i mBallstát eile a cheapadh, ós rud é nár cheart an cinneadh sin a bheith uathoibríoch, fiú nuair a chomhlíontar na coinníollacha sin, níor cheart do na húdaráis inniúla an cinneadh sin a dhéanamh go dtí go ndéanfaidh siad measúnú cás ar chás ar easpa seirbhísí taisclainne ábhartha i mBallstát baile an CIM ag féachaint do straitéis infheistíochta an CIM sin. |
|
(41) |
Mar chuid dá athbhreithniú ar Threoir 2011/61/AE, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú an mhaolaithe lena gceadaítear taisclann atá bunaithe i mBallstát eile a cheapadh agus ar na tairbhí agus rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear an tionchar ar chosaint infheisteoirí, ar chobhsaíocht airgeadais, ar éifeachtúlacht maoirseachta agus ar infhaighteacht roghanna margaidh, dá ndéanfaí raon feidhme an mhaolaithe sin a leasú, i gcomhréir le cuspóirí aontas na margaí caipitil. |
|
(42) |
Ba cheart scaipeadh maoirseachta méadaithe a bheith ag gabháil le deis a thabhairt taisclann atá bunaithe i mBallstát eile a cheapadh. Ba cheart, dá bhrí sin, a cheangal ar an taisclann dul i gcomhar ní hamháin lena húdaráis inniúla féin ach le húdaráis inniúla an CIM ar ceapadh an taisclann ina leith agus údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM a bhainistíonn an CIM freisin, má tá na húdaráis inniúla sin lonnaithe i mBallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil an taisclann lonnaithe. |
|
(43) |
Chun cosaint níos fearr a thabhairt d’infheisteoirí, ba cheart an sreabhadh faisnéise ó BCIManna go hinfheisteoirí CIM a mhéadú. Chun a chur ar chumas infheisteoirí CIM costais an CIM a rianú ar bhealach níos fearr, ba cheart do BCIManna na táillí, na muirir agus na speansais a shainaithint a iompraíonn an BCIM agus a leithdháiltear go díreach nó go hindíreach ina dhiaidh sin ar an CIM nó ar aon cheann dá infheistíochtaí. Ba cheart do BCIManna tuairisciú a dhéanamh go tréimhsiúil ar na táillí, na muirir agus na speansais sin go léir. Ba cheart a cheangal ar BCIManna freisin tuairisciú d’infheisteoirí maidir le comhdhéanamh na punainne iasachtaí tionscanta. |
|
(44) |
Chun trédhearcacht sa mhargadh a mhéadú agus chun sonraí margaidh CIM atá ar fáil a úsáid go héifeachtach, ba cheart do ESMA a bheith in ann na sonraí margaidh atá ar fáil dó a nochtadh i bhfoirm chomhiomlán nó i bhfoirm achomair agus ba cheart, dá bhrí sin, an caighdeán rúndachta a mhaolú chun go gceadófaí sonraí den sórt sin a úsáid. |
|
(45) |
Ba cheart na ceanglais atá ar eintitis tríú tíortha a bhfuil rochtain acu ar an margadh inmheánach a ailíniú leis na caighdeáin a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22). Ba cheart iad a ailíniú freisin leis na caighdeáin a leagtar amach sa chomhghníomhaíocht a dhéanann na Ballstáit a mhéid a bhaineann le dlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach, mar a léirítear sna conclúidí ón gComhairle maidir le liosta athbhreithnithe an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach. Go háirithe, níor cheart CIManna neamh-AE, BCIManna neamh-AE atá gníomhach i mBallstáit aonair agus taisclanna atá bunaithe i dtríú tír a bheith lonnaithe i dtríú tír ardriosca de bhun Threoir (AE) 2015/849, ná i dtríú tír a mheastar nach bhfuil ag comhoibriú maidir le cúrsaí cánach, faoi réir tréimhse chairde i gcásanna áirithe ina sainaithnítear tír ina dhiaidh sin mar thríú tír ardriosca de bhun na Treorach sin nó ina gcuirtear í le liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach. Ba cheart a áirithiú leis na ceanglais freisin go ndéantar faisnéis i gcúrsaí cánach a mhalartú go hiomchuí agus go héifeachtach i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta amhail na caighdeáin a leagtar síos in Airteagal 26 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE ar Ioncam agus ar Chaipiteal. |
|
(46) |
Le Treoir 2009/65/CE, ba cheart a áirithiú go bhfuil na coinníollacha le haghaidh chuideachtaí bainistíochta GCUI inchomparáide leis na coinníollacha sin le haghaidh BCIManna, i gcás nach bhfuil aon chúis le difríochtaí rialála a choimeád ar bun le haghaidh GCUInna agus BCIManna. B’amhlaidh a bheadh i gcás an chórais tarmligin, láimhseáil rialála na dtaisceánach, na gceanglas tuairiscithe maoirseachta, agus infhaighteacht agus úsáid uirlisí bainistithe leachtachta. |
|
(47) |
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gceanglas substainteach ar chuideachtaí bainistíochta GCUI a áirithiú, ba cheart a shoiléiriú gur cheart do chuideachta bainistíochta, tráth an iarratais ar údarú, faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla faoi na hacmhainní daonna agus teicniúla a úsáideann sí chun a feidhmeanna a dhéanamh agus, i gcás inarb infheidhme, chun maoirseacht a dhéanamh ar a toscairí. Ba cheart beirt daoine nádúrtha ar a laghad atá, ar bhonn lánaimseartha, fostaithe ag an gcuideachta bainistíochta nó ina gcomhaltaí feidhmiúcháin nó ina gcomhaltaí de chomhlacht bainistíochta na cuideachta bainistíochta, agus a bhfuil sainchónaí orthu, sa chiall go bhfuil gnáthchónaí orthu, san Aontas, a cheapadh chun gnó na cuideachta bainistíochta a dhéanamh. Gan beann ar an íosmhéid reachtúil sin, d’fhéadfadh níos mó acmhainní a bheith ag teastáil ag brath ar mhéid agus castacht na cuideachta bainistíochta agus an GCUI atá á bhainistiú aici. |
|
(48) |
Chun creataí dlíthiúla Threoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE a ailíniú maidir le tarmligean, ba cheart a cheangal ar chuideachtaí bainistíochta GCUI údar a thabhairt do na húdaráis inniúla maidir lena bhfeidhmeanna a tharmligean agus cúiseanna oibiachtúla a thabhairt le haghaidh an tarmligin. |
|
(49) |
Leis an tarmligean, is féidir bainistiú éifeachtúil a dhéanamh ar phunanna infheistíochta agus an saineolas is gá a fháil i margadh geografach ar leith nó in aicme sócmhainní ar leith. Tá sé tábhachtach, áfach, go mbeadh faisnéis nuashonraithe ag maoirseoirí maidir le príomhghnéithe na socruithe tarmligin. Chun forléargas iontaofa a fhorbairt ar ghníomhaíochtaí tarmligin san Aontas, ba cheart do chuideachtaí bainistíochta faisnéis a sholáthar go tráthrialta d’údaráis inniúla faoi shocruithe tarmligin lena mbaineann tarmligean feidhmeanna comhchoiteanna nó lánroghnacha bainistithe punainne nó feidhmeanna bainistithe riosca. Dá bhrí sin, maidir le faisnéis faoi na toscairí, liosta de na gníomhaíochtaí tarmligthe, agus tuairisc orthu, méid agus céatadán shócmhainní na GCUInna bainistithe atá faoi réir socruithe tarmligin a bhaineann leis an bhfeidhm bainistithe punainne, tuairisc ar an gcaoi a ndéanann an chuideachta bainistíochta maoirsiú, faireachán agus rialú ar an toscaire, faisnéis faoi na socruithe fotharmligin, agus dáta tosaigh agus éaga na socruithe tarmligin agus fotharmligin, ba cheart do chuideachtaí bainistíochta an méid sin a thuairisciú i leith gach GCUI atá á bhainistiú acu. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart a shonrú go mbailítear na sonraí maidir le méid agus céatadán shócmhainní na GCUInna bainistithe atá faoi réir socruithe tarmligin a bhaineann leis an bhfeidhm bainistithe punainne chun forléargas níos fearr a thabhairt ar oibriú an tarmligin, agus nach táscaire fianaiseach iad na sonraí iontu féin chun leormhaitheas na socruithe maidir leis an tsubstaint nó maidir le bainistiú riosca a chinneadh, ná chun éifeachtacht na socruithe formhaoirseachta nó rialaithe ar leibhéal an bhainisteora a chinneadh. Ba cheart faisnéis den sórt sin a chur in iúl do na húdaráis inniúla mar chuid den chóras tuairiscithe maoirseachta atá faoi rialú ag Treoir 2009/65/CE. |
|
(50) |
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach Threoir 2009/65/CE a áirithiú, ba cheart a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag na rialacha tarmligin a leagtar síos inti maidir leis na feidhmeanna uile a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin agus maidir le liosta na seirbhísí coimhdeacha a leagtar amach in Airteagal 6(3) den Treoir sin. |
|
(51) |
Chun na rialacha tarmligin is infheidhme maidir le BCIManna agus maidir le GCUInna a ailíniú tuilleadh agus chun cur i bhfeidhm níos aonfhoirmí Threoracha 2011/61/AE agus 2009/65/CE a bhaint amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na coinníollacha a shonrú le haghaidh tarmligean ó chuideachta bainistíochta GCUI chuig tríú páirtí agus i dtaca leis na coinníollacha a shonrú faoinar féidir a mheas gur eintiteas bosca poist í cuideachta bainistíochta GCUI agus nach féidir a mheas a thuilleadh, dá bhrí sin, gur bainisteoir an GCUI í. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (23). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(52) |
Leis an Treoir seo, ba cheart Moladh ó BERS an 7 Nollaig 2017 a chur chun feidhme chun uirlisí bainistithe leachtachta agus an úsáid a bhaineann bainisteoirí cistí neamhiata, lena n-áirítear GCUInna, astu a chomhchuibhiú, chun freagairt níos éifeachtaí a thabhairt ar bhrúnna leachtachta i dtráthanna anáis sa mhargadh agus chun infheisteoirí a chosaint ar bhealach níos fearr. |
|
(53) |
Chun a chur ar chumas GCUInna atá bunaithe in aon Bhallstát déileáil le brúnna fuascailte faoi dhálaí anáis sa mhargadh, ba cheart a cheangal orthu dhá uirlis bainistithe leachtachta ar a laghad ón liosta comhchuibhithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IIA, pointí 2 go 8, a ghabhann le Treoir 2009/65/CE a roghnú agus a áireamh ina rialacha nó ina n-ionstraimí corpraithe. De mhaolú air sin, GCUI atá údaraithe mar chiste margaidh airgid i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1131, ba cheart dó a bheith in ann a chinneadh gan ach uirlis bainistithe leachtachta amháin a roghnú ón liosta sin. Ba cheart na huirlisí bainistithe leachtachta sin a bheith iomchuí do straitéis infheistíochta, próifíl leachtachta agus beartas fuascailte an GCUI. Ba cheart do GCUInna uirlisí bainistithe leachtachta den sórt sin a ghníomhachtú i gcás inar gá chun leasanna infheisteoirí na GCUInna a choimirciú. Ina theannta sin, ba cheart an deis a bheith i gcónaí ag GCUInna suibscríbhinní, athcheannach agus fuascailtí a chur ar fionraí go sealadach nó taobhphócaí a ghníomhachtú, in imthosca eisceachtúla agus i gcás ina bhfuil údar leis ag féachaint do leasanna infheisteoirí na GCUInna. I gcás ina ndéanann GCUI cinneadh suibscríbhinní, athcheannach agus fuascailtí a chur ar fionraí, ba cheart dó fógra a thabhairt gan moill mhíchuí d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile. I gcás ina gcinneann GCUI taobhphócaí a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú, ba cheart dó údaráis inniúla a Bhallstáit baile a chur ar an eolas laistigh de thréimhse ama réasúnach sula ndéanfar an uirlis bainistithe leachtachta sin a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú. Ba cheart don GCUI fógra a thabhairt d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile freisin i gcás ina ndéanann sé aon uirlis bainistithe leachtachta eile a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú ar bhealach nach bhfuil i ngnáthchúrsa gnó mar a bheartaítear sna rialacha ciste nó in ionstraimí corpraithe an GCUI. D’fhágfadh sé sin go mbeadh na húdaráis mhaoirseachta in ann iarmhairtí teannais leachtachta ionchasacha sa mhargadh níos leithne a láimhseáil ar bhealach níos fearr. |
|
(54) |
Go háirithe, agus chun cosaint infheisteoirí a neartú, ba cheart a shonrú nach bhfuil úsáid fuascailte comhchineáil oiriúnach d’infheisteoirí miondíola agus, dá bhrí sin, nár cheart í a ghníomhachtú ach amháin chun freastal ar iarrataí fuascailte ó infheisteoirí gairmiúla. An tráth céanna, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le héagothroime sa chaoi a gcaitear le hinfheisteoirí agus le sealbhóirí aonad eile. |
|
(55) |
Chun a bheith in ann cinneadh infheistíochta a dhéanamh i gcomhréir lena bhfonn riosca agus lena riachtanais leachtachta, ba cheart na coinníollacha le haghaidh úsáid uirlisí bainistithe leachtachta a chur in iúl d’infheisteoirí GCUI. |
|
(56) |
Chun comhchuibhiú comhsheasmhach a áirithiú i réimse an bhainistithe riosca leachtachta a dhéanann GCUInna agus chun cóineasú margaidh agus maoirseachta a éascú, ba cheart cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun saintréithe na n-uirlisí bainistithe leachtachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IIA a ghabhann le Treoir 2009/65/CE a shonrú, agus aird chuí á tabhairt ar éagsúlacht na straitéisí infheistíochta agus ar shócmhainní foluiteacha GCUInna. Ba cheart na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh ar bhonn dréacht arna fhorbairt ag ESMA agus níor cheart dóibh srian a chur ar chumas GCUInna aon uirlis bainistithe leachtachta iomchuí a úsáid le haghaidh gach aicme sócmhainní, gach dlínse agus gach coinníll margaidh. Chun leibhéal aonfhoirmeach cosanta infheisteoirí a áirithiú san Aontas, ba cheart do ESMA treoirlínte a fhorbairt maidir le roghnú agus calabrú uirlisí bainistithe leachtachta ag cuideachtaí bainistíochta. Leis na treoirlínte sin, ba cheart a aithint gur ar GCUInna i gcónaí atá an phríomhfhreagracht as bainistiú riosca leachtachta. |
|
(57) |
Chun tacú le faireachán margaidh a dhéanann na húdaráis mhaoirseachta, ba cheart feabhas a chur ar bhailiú agus comhroinnt faisnéise a dhéantar trí bhíthin tuairisciú maoirseachta trí GCUInna a chur faoi réir oibleagáidí tuairiscithe maoirseachta. D’fhéadfaí na ceanglais tuairiscithe dhúblacha atá ann faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, go háirithe Rialacháin (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) 2019/834 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1011/2012 agus (AE) Uimh. 1073/2013, a dhíchur chun éifeachtúlacht a fheabhsú agus chun ualaí riaracháin ar chuideachtaí bainistíochta a laghdú. Ba cheart do na ÚMEnna agus do BCE, le tacaíocht ó na húdaráis inniúla, i gcás inar gá, measúnú a dhéanamh ar na riachtanais sonraí atá ag na húdaráis mhaoirseachta éagsúla, chun a áirithiú gur leor an fhaisnéis atá le tuairisciú faoin teimpléad tuairiscithe maoirseachta le haghaidh GCUInna. |
|
(58) |
Chun tuairisciú dúblach agus ualaí tuairiscithe gaolmhara le haghaidh GCUInna a laghdú agus chun athúsáid éifeachtúil sonraí ag údaráis a áirithiú, ba cheart na sonraí a thuairiscíonn GCUInna d’údaráis inniúla a chur ar fáil d’údaráis inniúla ábhartha eile, do ESMA, do na ÚMEnna eile agus do BERS, nuair is gá sin chun a ndualgais a dhéanamh, agus do chomhaltaí CEBC chun críoch staidrimh agus chun na gcríoch sin amháin. |
|
(59) |
Chun comhchuibhiú comhsheasmhach na n-oibleagáidí tuairiscithe maoirseachta a áirithiú, ba cheart cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun caighdeáin theicniúla rialála a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 agus le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun an t-ábhar, na foirmeacha agus na nósanna imeachta a leagan amach chun an próiseas tuairiscithe maoirseachta ag cuideachtaí bainistíochta a chaighdeánú, chomh maith le minicíocht agus uainiú an tuairiscithe. Maidir leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú faoi shocruithe tarmligin, ba cheart do na caighdeáin theicniúla rialála leanúint de bheith teoranta do leagan amach leibhéal iomchuí caighdeánaithe na faisnéise atá le tuairisciú. Ba cheart na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh ar bhonn dréacht arna fhorbairt ag ESMA. Níor cheart aon ghnéithe nach ndéantar foráil dóibh i dTreoir 2009/65/CE a chur leis na caighdeáin theicniúla rialála. |
|
(60) |
Chun an próiseas tuairiscithe maoirseachta a chaighdeánú, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag ESMA a ghlacadh a mhéid a bhaineann leis an bhformáid, leis na caighdeáin sonraí agus leis na modhanna agus na socruithe maidir le tuairisciú ag cuideachtaí bainistíochta. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. |
|
(61) |
Chun cosaint infheisteoirí a áirithiú, go háirithe chun a áirithiú, i ngach cás, go bhfuil sreabhadh faisnéise cobhsaí idir taisceánach shócmhainn an GCUI agus an taisclann, ba cheart an córas taisclainne a leathnú chun TLUnna a chur san áireamh sa slabhra cumhdaigh i gcás ina soláthraíonn siad seirbhísí cumhdaigh do GCUInna. Chun obair neamhriachtanach a sheachaint, níor cheart do na taisclanna dícheall cuí ex ante a dhéanamh i gcás ina bhfuil sé beartaithe acu cumhdach a tharmligean chuig TLUnna. |
|
(62) |
Chun feabhas a chur ar chomhoibriú maoirseachta agus éifeachtacht maoirseachta, ba cheart d’údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI a bheith in ann aghaidh a thabhairt ar iarraidh réasúnaithe chuig údarás inniúil Bhallstát baile an GCUI chun gníomhaíocht mhaoirseachta a dhéanamh i gcoinne an GCUI sin. |
|
(63) |
Chun feabhas a chur ar chomhoibriú maoirseachta, ba cheart do ESMA a bheith in ann a iarraidh ar údarás inniúil cás a chur i láthair ESMA i gcás ina bhfuil impleachtaí trasteorann ag an gcás sin agus ina bhféadfadh tionchar a bheith aige ar chosaint infheisteoirí nó ar chobhsaíocht airgeadais. Leis na hanailísí a dhéanann ESMA ar chásanna den sórt sin, thabharfaí tuiscint níos fearr ar na saincheisteanna a pléadh d’údaráis inniúla eile, chuirfí le cásanna comhchosúla amach anseo a chosc agus chosnófaí sláine an mhargaidh GCUI. |
|
(64) |
D’ainneoin na rialacha rúndachta is infheidhme faoi láthair, ba cheart malartuithe faisnéise idir údaráis inniúla agus údaráis chánach a fheabhsú. Le malartuithe den sórt sin, ba cheart an dlí náisiúnta a chomhlíonadh, agus, i gcás ina dtionscnaíonn an fhaisnéis i mBallstát eile, níor cheart í a nochtadh ach amháin le comhaontú sainráite an údaráis inniúil a nocht í. |
|
(65) |
Le Treoracha 2011/61/AE agus 2009/65/CE, ceanglaítear ar BCIManna agus ar chuideachtaí bainistíochta GCUI gníomhú le scil chuí, cúram cuí agus dícheall cuí ar mhaithe le leas na gcistí infheistíochta a bhainistíonn siad agus ar mhaithe le leas a n-infheisteoirí. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, a cheangal ar BCIManna agus ar chuideachtaí bainistíochta GCUI gníomhú go hionraic agus go cothrom maidir leis na táillí agus na costais a ghearrtar ar infheisteoirí. In 2020, d’fhorbair ESMA faisnéisiú maoirseachta chun cóineasú a chur chun cinn maidir leis an maoirseacht a dhéantar ar chostais in CIManna agus GCUInna agus chun sraith critéar a fhorbairt chun tacú le húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar choincheap na gcostas míchuí agus maoirseacht a dhéanamh ar an oibleagáid cosc a chur ar chostais mhíchuí a ghearradh ar infheisteoirí. Tá sé beartaithe leis na critéir sin treoir a thabhairt d’údaráis inniúla, agus cóineasú maoirseachta á chur chun cinn i gcomhthéacs aontas na margaí caipitil. Ós rud é nach ann do shainmhíniú soiléir ar chostais mhíchuí, áfach, is ann faoi láthair do chleachtais éagsúla mhargaidh agus mhaoirseachta maidir leis na costais a mheasann an tionscal agus maoirseoirí a bheith ina gcostais mhíchuí agus tá sé léirithe le fianaise go bhfuil éagothromaíocht sna costais a ghearrtar i mBallstáit éagsúla agus sna costais a ghearrtar ar infheisteoirí miondíola i gcomparáid le hinfheisteoirí gairmiúla. Tá sé i gceist leis na leasuithe atá beartaithe ar Threoracha 2011/61/AE agus 2009/65/CE, i gcomhthéacs straitéis infheistíochta miondíola an Aontais, dul i ngleic leis an tsaincheist sin, trína cheangal ar bhainisteoirí cistí próiseas praghsála fónta a bhunú, ar cheart a chuimsiú leis sainaithint, anailís agus athbhreithniú na gcostas a ghearrtar, go díreach nó go hindíreach, ar chistí infheistíochta nó ar a sealbhóirí aonad, agus trí cheanglas a thabhairt isteach chun infheisteoirí a chúiteamh i gcás inar gearradh costais mhíchuí. Ba cheart do ESMA tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin lena ndéantar measúnú ar leibhéal na gcostas a ghearrtar ar infheisteoirí miondíola, ar na cúiseanna atá leis na costais sin agus ar na difríochtaí atá eatarthu, lena n-áirítear difríochtaí a eascraíonn as cineál na CIManna agus na GCUInna lena mbaineann, agus lena ndéantar anailís i dtaobh an bhfuil na critéir a leagtar amach ina fhaisnéisiú maoirseachta le comhlánú maidir le coincheap na gcostas míchuí. Chun tacú leis na húdaráis inniúla maoirseacht a dhéanamh ar chostais, agus le ESMA san anailís a dhéanann sé ar shaincheisteanna a bhaineann le costas, ba cheart do na húdaráis inniúla sonraí costais a bhailiú atá le comhroinnt le ESMA ar bhonn aon uaire. Le bailiú na sonraí sin, chuirfí le saineolas ESMA i réimse an tuairiscithe costais d’fhonn comhairle theicniúil a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla maidir le bailiú sonraí costais i gcomhthéacs straitéis infheistíochta miondíola an Aontais. Ar bhonn na tuarascála sin, ba cheart do ESMA gníomhaíochtaí a dhéanamh faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun cuidiú le comhthuiscint a fhorbairt ar choincheap na gcostas míchuí. |
|
(66) |
Is gné shainiúil é ainm CIM agus GCUI a imríonn tionchar ar roghanna infheisteoirí agus a thugann an chéad tuairim ar straitéis agus cuspóirí infheistíochta an chiste. Cé go bhfuil ainm CIM agus ainm GCUI mar chuid cheana féin den fhaisnéis réamhchonarthach a sholáthraítear d’infheisteoirí, is fiú béim a leagan ar thábhacht an ainm trína chur i bhfáth go sonrach gurb ionann é agus faisnéis bhunriachtanach réamhchonarthach san fhaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir agus sa réamheolaire, ar faisnéis í ba cheart a sholáthar d’infheisteoirí miondíola sula n-infheistíonn siad sa CIM sin agus d’infheisteoirí sula n-infheistíonn siad sa GCUI sin. I gcomhréir le Treoir (AE) 2021/2261 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), amhail ón 1 Eanáir 2023, tá GCUInna a mhargaítear d’infheisteoirí miondíola faoi réir cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25). Ón dáta sin i leith, cuireadh an oibleagáid doiciméad faisnéise bunriachtanaí a ullmhú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 in ionad na hoibleagáide a bhíodh ar chuideachta bainistíochta GCUI nó ar chuideachta infheistíochta doiciméad faisnéise bunriachtanaí don infheisteoir a ullmhú. Ina theannta sin, BCIManna a bhainistíonn CIManna a mhargaítear d’infheisteoirí miondíola, tá siad faoi réir cheanglais an Rialacháin sin freisin. Dá réir sin, i gcás ina margaítear CIManna agus GCUInna d’infheisteoirí miondíola, ceanglaítear ar BCIManna agus GCUI ainm an chiste a áireamh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí agus a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis sin cruinn, cothrom agus soiléir agus nach gcuirtear teachtaireacht mhíthreorach nó mhearbhlach in iúl léi lena meallfaí infheisteoirí go héagórach. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, béim a chur ar an bhfíoras go meastar go bhfuil ainm CIM nó ainm GCUI chomh tábhachtach céanna le haon doiciméad réamhchonarthach eile agus go bhfuil sé faoi réir na gcaighdeán cothroime agus trédhearcachta céanna. Chun ardleibhéal aonfhoirmeach cosanta infheisteoirí a áirithiú san Aontas, ba cheart do ESMA treoirlínte a fhorbairt chun cásanna a shonrú ina bhféadfadh ainm CIM nó ainm GCUI a bheith míchothrom, doiléir nó míthreorach don infheisteoir. Tá tosaíocht ar na treoirlínte sin ag reachtaíocht earnála lena leagtar síos caighdeáin d’ainmneacha cistí nó do mhargú cistí. |
|
(67) |
Le linn dó a fheidhmeanna a dhéanamh faoi Threoracha 2009/65/CE agus 2011/61/AE, ba cheart do ESMA cur chuige rioscabhunaithe a ghlacadh. |
|
(68) |
An 9 Lúnasa 2022, thug BCE tuairim uaidh (26), |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2011/61/AE
Leasaítear Treoir 2011/61/AE mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 4(1) mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
|
(4) |
in Airteagal 8(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
|
(5) |
in Airteagal 12, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘4. Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (f), déanfaidh ESMA, faoin 16 Deireadh Fómhair 2025, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin ina ndéantar measúnú ar na costais a ghearrann BCIManna ar infheisteoirí na CIManna atá á mbainistiú acu agus ina mínítear na cúiseanna le leibhéal na gcostas sin agus le haon difríocht eatarthu, lena n-áirítear difríochtaí a eascraíonn as cineál na CIManna lena mbaineann. Mar chuid den mheasúnú sin, déanfaidh ESMA anailís, faoi chuimsiú Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, ar a iomchuí atá na critéir a leagtar amach in uirlisí cóineasaithe ESMA maidir le maoirseacht a dhéanamh ar chostais agus ar a éifeachtaí atá na critéir sin. Chun críocha na tuarascála sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, soláthróidh na húdaráis inniúla sonraí do ESMA ar bhonn aon uaire maidir le costais lena n-áirítear na táillí, na muirir agus na speansais uile a iompraíonn na hinfheisteoirí, nó an BCIM i ndáil le hoibríochtaí an CIM, go díreach nó go hindíreach, agus atá le leithdháileadh go díreach nó go hindíreach ar an CIM. Cuirfidh na húdaráis inniúla na sonraí sin ar fáil do ESMA faoi chuimsiú a gcumhachtaí, lena n-áirítear an chumhacht ceangal a chur ar BCIManna faisnéis a sholáthar mar a leagtar síos in Airteagal 46(2) den Treoir seo.’ |
|
(6) |
in Airteagal 14, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘2a. I gcás ina mbainistíonn BCIM CIM nó ina bhfuil sé beartaithe aige CIM a bhainistiú ar thionscnamh tríú páirtí, lena n-áirítear cásanna ina n-úsáideann an CIM sin ainm tionscnóra tríú páirtí nó i gcás ina gceapann BCIM tionscnóir tríú páirtí mar thoscaire de bhun Airteagal 20, déanfaidh an BCIM, agus aon choinbhleachtaí leasa á gcur san áireamh, mínithe mionsonraithe agus fianaise mhionsonraithe ar a chomhlíontacht le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a chur faoi bhráid údaráis inniúla a Bhallstáit baile. Go háirithe, sonróidh an BCIM na bearta réasúnta atá déanta aige chun coinbhleachtaí leasa a eascraíonn as an gcaidreamh leis an tríú páirtí a chosc nó, i gcás nach féidir na coinbhleachtaí leasa sin a chosc, an chaoi a dtugann sé faoi shainaithint, bainistiú agus faireachán na gcoinbhleachtaí leasa sin agus, i gcás inarb infheidhme, an chaoi a nochtann sé iad chun cosc a chur orthu dochar a dhéanamh do leasanna an CIM agus a infheisteoirí.’ |
|
(7) |
leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:
|
|
(8) |
in Airteagal 16, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach: ‘2a. Áiritheoidh BCIM gur CIM iata é an CIM lena dtionscnaítear iasachtaí atá á bhainistiú aige. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh CIM lena dtionscnaítear iasachtaí a bheith neamhiata ar choinníoll go bhfuil an BCIM atá á bhainistiú aige in ann a léiriú d’údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM go bhfuil córas bainistithe riosca leachtachta an CIM comhoiriúnach lena straitéis infheistíochta agus lena bheartas fuascailte. Ní dochar an ceanglas a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo do na tairseacha, srianta agus coinníollacha a leagtar amach i Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013 agus (AE) 2015/760. 2b. D’fhonn a áirithiú go bhfuil míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo á gcomhlíonadh aige, roghnóidh BCIM a bhainistíonn CIM neamhiata dhá uirlis bainistithe leachtachta iomchuí ar a laghad as na huirlisí sin dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, pointí 2 go 8, tar éis measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na n-uirlisí sin i ndáil leis an straitéis infheistíochta atá á saothrú ag an CIM agus i ndáil le próifíl leachtachta agus beartas fuascailte an CIM. Áireoidh an BCIM na huirlisí sin i rialacha nó ionstraimí corpraithe an CIM le haghaidh úsáid fhéideartha ar mhaithe le leas infheisteoirí an CIM. Ní bheidh sé indéanta nach n-áireofar sa roghnú sin ach na huirlisí dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, pointí 5 agus 6. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh BCIM a chinneadh gan ach aon uirlis bainistithe leachtachta amháin a roghnú as na huirlisí sin dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, pointí 2 go 8, le haghaidh CIM atá á bhainistiú aige má tá an CIM sin údaraithe mar chiste margaidh airgid i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11). Déanfaidh an BCIM beartais mhionsonraithe agus nósanna imeachta mionsonraithe a chur chun feidhme chun aon uirlis bainistithe leachtachta a roghnaítear a ghníomhachtú agus a dhíghníomhachtú agus le haghaidh na socruithe oibríochtúla agus riaracháin chun uirlis den sórt sin a úsáid. Déanfar an roghnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír agus na beartais mhionsonraithe agus nósanna imeachta mionsonraithe maidir le gníomhachtú agus díghníomhachtú a chur in iúl d’údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM. Ní dhéanfar fuascailt chomhchineáil dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, pointe 8, a ghníomhachtú ach chun freastal ar fhuascailtí arna n-iarraidh ag infheisteoirí gairmiúla agus má chomhfhreagraíonn an fhuascailt chomhchineáil do sciar pro rata de na sócmhainní atá i seilbh an CIM. De mhaolú ar an gceathrú fomhír den mhír seo, ní gá go mbeadh an fhuascailt chomhchineáil ag comhfhreagairt do sciar pro rata de na sócmhainní atá i seilbh an CIM mura ndéantar an CIM sin a mhargú ach le hinfheisteoirí gairmiúla, nó más rud é gurb é is aidhm le beartas infheistíochta an CIM sin comhdhéanamh stoic áirithe nó innéacs urrús fiachais áirithe a mhacasamhlú agus gur ciste arna thrádáil ar an malartán mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (46), de Threoir 2014/65/AE é an CIM sin. 2c. Féadfaidh BCIM a bhainistíonn CIM neamhiata, ar mhaithe le leas infheisteoirí CIM, suibscríobh, athcheannach agus fuascailt aonaid nó scaireanna an CIM dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, pointe 1, a chur ar fionraí go sealadach nó, i gcás ina n-áirítear na huirlisí sin i rialacha nó ionstraimí corpraithe an CIM, uirlisí bainistithe leachtachta eile arna roghnú ó Iarscríbhinn V, pointí 2 go 8, i gcomhréir le mír 2b den Airteagal seo, a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú. Féadfaidh an BCIM freisin, ar mhaithe le leas infheisteoirí an CIM, taobhphócaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, pointe 9, a ghníomhachtú. Ní úsáidfidh BCIM fionraí suibscríbhinní, athcheannaigh agus fuascailtí nó taobhphócaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach amháin i gcásanna eisceachtúla inar gá déanamh amhlaidh sna himthosca agus i gcásanna ina bhfuil údar leis ag féachaint do leas infheisteoirí an CIM. 2d. Tabharfaidh BCIM, gan mhoill, fógra d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile sna cásanna seo a leanas:
Déanfaidh BCIM, laistigh de thréimhse ama réasúnach sula ndéanfaidh sé an uirlis bainistithe leachtachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, pointe 9, a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú, fógra a thabhairt d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile faoi ghníomhachtú nó díghníomhachtú den sórt sin. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM údaráis inniúla Bhallstát óstach an BCIM, ESMA agus, má tá rioscaí féideartha ann do chobhsaíocht agus sláine an chórais airgeadais, an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*12) a chur ar an eolas, gan mhoill, faoi aon fhógra a fhaightear de bhun na míre seo. Beidh sé de chumhacht ag ESMA an fhaisnéis a fhaightear de bhun na míre seo a chomhroinnt leis na húdaráis inniúla. 2e. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ar a laghad na huirlisí bainistithe leachtachta a leagtar amach in Iarscríbhinn V ar fáil do BCIManna a bhainistíonn CIManna neamhiata. 2f. Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na ceanglais a chinneadh atá le comhlíonadh ag CIManna lena dtionscnaítear iasachtaí chun struchtúr neamhiata a choimeád ar bun. Áireofar ar na ceanglais sin córas bainistithe leachtachta fónta, infhaighteacht sócmhainní leachtacha agus tástáil struis, chomh maith le beartas fuascailte iomchuí ag féachaint do phróifíl leachtachta CIManna lena dtionscnaítear iasachtaí. Tabharfar aird chuí sna ceanglais sin freisin ar na neamhchosaintí iasachta foluiteacha, ar mheán-am aisíocaíochta na n-iasachtaí agus ar ghráinneacht fhoriomlán agus comhdhéanamh foriomlán phunanna na CIManna lena dtionscnaítear iasachtaí. 2g. Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun saintréithe na n-uirlisí bainistithe leachtachta a leagtar amach in Iarscríbhinn V a shonrú. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt aige, cuirfidh ESMA éagsúlacht straitéisí infheistíochta agus shócmhainní foluiteacha CIManna san áireamh. Ní dhéanfar, leis na caighdeáin theicniúla rialála sin, srian a chur ar chumas BCIManna aon uirlis bainistithe leachtachta iomchuí a úsáid le haghaidh gach aicme sócmhainní, gach dlínse agus gach coinníll margaidh. 2h. Faoin 16 Aibreán 2025, forbróidh ESMA treoirlínte maidir le roghnú agus calabrú uirlisí bainistithe leachtachta ag BCIManna le haghaidh bainistiú riosca leachtachta agus chun rioscaí cobhsaíochta airgeadais a mhaolú. Leis na treoirlínte sin, aithneofar gur ar BCIManna i gcónaí atá an phríomhfhreagracht as bainistiú riosca leachtachta. Áireofar iontu léirithe maidir leis na himthosca inar féidir taobhphócaí, dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, pointe 9, a ghníomhachtú. Tabharfar am leordhóthanach leo chun oiriúnú a dhéanamh sula mbeidh feidhm acu, go háirithe i gcás CIManna arb ann dóibh cheana. 2i. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i míreanna 2f agus 2g den Airteagal seo faoi bhráid an Choimisiúin faoin 16 Aibreán 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i míreanna 2f agus 2g a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. (*11) Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lch. 8)." (*12) Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).’;" |
|
(9) |
leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:
|
|
(10) |
leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
|
|
(11) |
leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:
|
|
(12) |
leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:
|
|
(13) |
in Airteagal 25, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Áiritheoidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM go ndéanfar an fhaisnéis uile a bhailítear faoi Airteagal 24 i leith na BCIManna uile a ndéanann siad maoirseacht orthu agus an fhaisnéis a bhailítear faoi Airteagal 7 a chur ar fáil do na húdaráis inniúla ábhartha eile, do ESMA, do ÚBE, don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*15) (ar a dtugtar le chéile ‘Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha’ nó ‘ÚMEnna’) agus do BERS, aon uair is gá chun a ndualgais a dhéanamh, trí bhíthin na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 50. Áiritheoidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM go ndéanfar an fhaisnéis uile a bhailítear faoi Airteagal 24 i leith na BCIManna uile a ndéanann siad maoirseacht orthu a chur ar fáil, chun críoch staidrimh agus chun na gcríoch sin amháin, do CEBC, trí bhíthin na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 50. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an BCIM faisnéis a sholáthar, gan mhoill, trí bhíthin na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 50, agus go déthaobhach d’údaráis inniúla na mBallstát eile lena mbaineann go díreach, más rud é go bhféadfadh BCIM atá faoina bhfreagracht, nó CIM atá á bhainistiú ag an BCIM sin, a bheith ina fhoinse thábhachtach riosca contrapháirtí d’institiúid creidmheasa nó d’institiúidí eile a bhfuil ábharthacht shistéamach ag baint leo i mBallstáit eile, nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais i mBallstát eile. (*15) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).’;" |
|
(14) |
in Airteagal 35(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):
|
|
(15) |
in Airteagal 36, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
|
(16) |
in Airteagal 37, leasaítear mír 7 mar a leanas:
|
|
(17) |
in Airteagal 40(2), an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):
|
|
(18) |
in Airteagal 42(1), an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
|
(19) |
in Airteagal 43, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. Aonaid nó scaireanna de chuid CIM AE a infheistíonn den chuid is mó i scaireanna cuideachta ar leith, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh BCIM AE údaraithe in ann aonaid nó scaireanna den sórt sin a mhargú le fostaithe na cuideachta sin nó le fostaithe a heintiteas cleamhnaithe faoi chuimsiú scéimeanna coigiltis d’fhostaithe nó scéimeanna rannpháirtíochta fostaithe, ar bhonn intíre nó trasteorann. I gcás ina margaítear CIM den sórt sin le fostaithe ar bhonn trasteorann, ní fhorchuirfidh an Ballstát ina ndéantar an margú aon cheanglais sa bhreis orthu sin is infheidhme i mBallstát baile an CIM.’ |
|
(20) |
in Airteagal 46(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):
|
|
(21) |
leasaítear Airteagal 47 mar a leanas:
|
|
(22) |
leasaítear Airteagal 50 mar a leanas:
|
|
(23) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 60: ‘Airteagal 60 Maoluithe a nochtadh I gcás ina mbaineann Ballstát úsáid as maolú nó as rogha dá bhforáiltear le hAirteagal 6 nó 9, Airteagal 15(4g) nó Airteagal 21, 22, 28 nó 43, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ina leith sin agus faoi aon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a chur ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin nó ar mhodh eile a bhfuil rochtain éasca air.’ |
|
(24) |
leasaítear Airteagal 61 mar a leanas:
|
|
(25) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 69-a Athbhreithniú eile 1. Faoin 16 Aibreán 2029 agus i ndiaidh na tuarascála arna cur i dtoll a chéile ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 7(8), tionscnóidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo agus ar an taithí a fuarthas agus iad á gcur i bhfeidhm. Áireofar san athbhreithniú sin measúnú ar na gnéithe seo a leanas:
2. Faoin 16 Aibreán 2026, cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le forbairt bhailiú comhtháite na sonraí maoirseachta, ina ndíreofar ar conas an méid seo a leanas a dhéanamh:
3. Agus an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 á hullmhú aige, oibreoidh ESMA i ndlúthchomhar leis an mBanc Ceannais Eorpach, leis na ÚMEnna eile agus leis na húdaráis inniúla. 4. Tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1, agus tar éis dul i gcomhairle le ESMA, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina gcuirtear conclúidí an athbhreithnithe sin i láthair.’ |
|
(26) |
leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo; |
|
(27) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo léi mar Iarscríbhinn V. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 2009/65/CE
Leasaítear Treoir 2009/65/CE mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 2(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
(*16) Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014. lch. 1).’;" |
|
(2) |
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
|
(4) |
leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
|
|
(5) |
leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
|
(6) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 18a 1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ar a laghad na huirlisí bainistithe leachtachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IIA ar fáil do GCUI. 2. Roghnóidh GCUI dhá uirlis bainistithe leachtachta iomchuí ar a laghad as na huirlisí sin dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointí 2 go 8, tar éis measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na n-uirlisí sin i ndáil leis an straitéis infheistíochta atá á saothrú aige, lena phróifíl leachtachta agus lena bheartas fuascailte. Áireoidh an GCUI na huirlisí sin ina rialacha ciste nó sna hionstraimí corpraithe le haghaidh úsáid fhéideartha ar mhaithe le leas infheisteoirí an GCUI. Ní bheidh sé indéanta nach n-áireofar sa roghnú sin ach na huirlisí dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointí 5 agus 6. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh GCUI a chinneadh gan ach aon uirlis bainistithe leachtachta amháin a roghnú as na huirlisí sin dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointí 2 go 8, má tá an GCUI sin údaraithe mar chiste margaidh airgid i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*19). Déanfaidh an GCUI beartais mhionsonraithe agus nósanna imeachta mionsonraithe a chur chun feidhme chun aon uirlis bainistithe leachtachta a roghnaítear a ghníomhachtú agus a dhíghníomhachtú agus le haghaidh na socruithe oibríochtúla agus riaracháin chun uirlis den sórt sin a úsáid. Déanfar an roghnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír agus na beartais mhionsonraithe agus na nósanna imeachta mionsonraithe maidir le gníomhachtú agus díghníomhachtú a chur in iúl d’údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI. Ní dhéanfar fuascailt chomhchineáil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointe 8, a ghníomhachtú ach amháin chun freastal ar na fuascailtí arna n-iarraidh ag infheisteoirí gairmiúla agus má chomhfhreagraíonn an fhuascailt chomhchineáil do sciar pro rata de na sócmhainní atá i seilbh an GCUI. De mhaolú ar an gceathrú fomhír den mhír seo, ní gá go mbeadh an fhuascailt chomhchineáil ag comhfhreagairt do sciar pro rata de na sócmhainní atá i seilbh an GCUI mura ndéantar an GCUI sin a mhargú ach le hinfheisteoirí gairmiúla nó más rud é gurb é is aidhm le beartas infheistíochta an GCUI sin comhdhéanamh stoic áirithe nó innéacs urrús fiachais áirithe a mhacasamhlú agus gur ciste arna thrádáil ar an malartán é an GCUI sin mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (46), de Threoir 2014/65/AE. 3. Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun saintréithe na n-uirlisí bainistithe leachtachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IIA a shonrú. Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt aige, cuirfidh ESMA éagsúlacht straitéisí infheistíochta agus shócmhainní foluiteacha GCUInna san áireamh. Ní dhéanfar, leis na caighdeáin theicniúla rialála sin, srian a chur ar chumas GCUInna aon uirlis bainistithe leachtachta iomchuí a úsáid le haghaidh gach aicme sócmhainní, gach dlínse agus gach coinníll margaidh. 4. Faoin 16 Aibreán 2025, forbróidh ESMA treoirlínte maidir le roghnú agus calabrú uirlisí bainistithe leachtachta ag GCUInna le haghaidh bainistiú riosca leachtachta agus chun rioscaí cobhsaíochta airgeadais a mhaolú. Leis na treoirlínte sin, aithneofar gur ar GCUInna i gcónaí atá an phríomhfhreagracht as bainistiú riosca leachtachta. Áireofar iontu léirithe maidir leis na himthosca inar féidir taobhphócaí, dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointe 9, a ghníomhachtú. Tabharfar am leordhóthanach leo chun oiriúnú a dhéanamh sula mbeidh feidhm acu, go háirithe i gcás GCUInna atá ann cheana. 5. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo faoi bhráid an Choimisiúin faoin 16 Aibreán 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 3 a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. (*19) Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lch. 8).’;" |
|
(7) |
cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 20a 1. Tuairisceoidh cuideachta bainistíochta go tráthrialta d’údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI maidir leis na margaí agus na hionstraimí ina mbíonn sé ag trádáil thar ceann GCUInna atá á mbainistiú aige. Déanfaidh an chuideachta bainistíochta, i leith gach GCUI atá á bhainistiú aici, faisnéis a sholáthar faoi na hionstraimí ina mbíonn sí ag trádáil, faoi mhargaí a bhfuil sí ina comhalta díobh nó ina mbíonn sí ag trádáil go gníomhach, agus faoi neamhchosaintí agus sócmhainní gach GCUI. Áireofar ar an bhfaisnéis sin na haitheantóirí atá riachtanach chun na sonraí a sholáthraítear maidir le sócmhainní, GCUInna agus cuideachtaí bainistíochta a cheangal le foinsí sonraí maoirseachta eile nó le foinsí sonraí eile atá ar fáil go poiblí. 2. Déanfaidh cuideachta bainistíochta, i gcás gach GCUI atá á bhainistiú aici, na nithe seo a leanas a sholáthar d’údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI:
3. Áiritheoidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI go ndéanfar an fhaisnéis uile a bhailítear faoin Airteagal seo i leith gach GCUI a ndéanann siad maoirseacht air agus an fhaisnéis a bhailítear faoi Airteagal 7 a chur ar fáil d’údaráis inniúla ábhartha eile, do ESMA, do ÚBE, don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*20) (dá ngairtear le chéile ‘Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha’ nó ‘ÚMEnna’) agus don Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS), aon uair is gá chun a ndualgais a dhéanamh, trí bhíthin na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 101. Áiritheoidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI go ndéanfar an fhaisnéis uile a bhailítear faoin Airteagal seo i leith gach GCUI a ndéanann siad maoirseacht air a chur ar fáil, chun críoch staidrimh agus chun na gcríoch sin amháin, do CEBC, trí bhíthin na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 101. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI faisnéis a sholáthar, gan mhoill, trí bhíthin na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 101, agus go déthaobhach d’údaráis inniúla na mBallstát eile lena mbaineann go díreach, más rud é go bhféadfadh cuideachta bainistíochta faoina bhfreagracht, nó GCUI atá á bhainistiú ag an gcuideachta bainistíochta sin, a bheith ina foinse nó fhoinse thábhachtach riosca contrapháirtí d’institiúid chreidmheasa nó d’institiúidí eile a bhfuil ábharthacht shistéamach ag baint leo i mBallstáit eile, nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais i mBallstát eile. 4. I gcás inar gá chun gur féidir faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an riosca sistéamach, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI faisnéis a éileamh de bhreis ar an bhfaisnéis a thuairiscítear i mír 1, ar bhonn tréimhsiúil nó ar bhonn ad hoc. Cuirfidh na húdaráis inniúla ESMA ar an eolas faoi aon cheanglas tuairiscithe breise den sórt sin. In imthosca eisceachtúla, agus i gcás inar gá chun cobhsaíocht agus sláine an chórais airgeadais a áirithiú nó chun fás inbhuanaithe fadtéarmach a chur chun cinn, féadfaidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS, a iarraidh ar údaráis inniúla Bhallstát baile GCUI ceanglais tuairiscithe bhreise a fhorchur. 5. Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an méid seo a leanas:
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), á bhforbairt aige, ní dhéanfaidh ESMA oibleagáidí tuairiscithe a thabhairt isteach sa bhreis orthu sin a leagtar amach i mír 2, pointe (d). Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), á bhforbairt aige, déanfaidh ESMA ceanglais tuairiscithe eile a bhfuil na cuideachtaí bainistíochta faoina réir, forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta, agus torthaí na tuarascála arna heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 20b a chur san áireamh. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 16 Aibreán 2027. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 6. Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonraítear an méid seo a leanas:
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 16 Aibreán 2027. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 20b 1. Faoin 16 Aibreán 2026, cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le forbairt bhailiú comhtháite na sonraí maoirseachta, ina ndíreofar ar conas an méid seo a leanas a dhéanamh:
Sa tuarascáil sin, déanfaidh ESMA comparáid freisin idir na dea-chleachtais maidir le bailiú sonraí san Aontas agus i margaí eile i gcomhair cistí infheistíochta miondíola. 2. Agus an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 á hullmhú aige, oibreoidh ESMA i ndlúthchomhar leis an mBanc Ceannais Eorpach, leis na ÚMEnna eile, agus leis na húdaráis inniúla. (*20) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).’;" |
|
(8) |
leasaítear Airteagal 22a mar a leanas:
|
|
(9) |
in Airteagal 29(1), an dara fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(10) |
in Airteagal 57, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘3. I gcás ina ngníomhachtaíonn GCUI taobhphócaí dá dtagraítear in Airteagal 84(2), pointe (a), trí bhíthin leithscaradh sócmhainní, féadfar na sócmhainní leithscartha a eisiamh ó ríomh na dteorainneacha a leagtar síos sa Chaibidil seo.’ |
|
(11) |
in Airteagal 69, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘6. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha a bhaineann le hainm an GCUI a áirithiú, déanfaidh ESMA faoin 16 Aibreán 2026 treoirlínte a fhorbairt chun sonrú a dhéanamh ar na himthosca ina bhfuil ainm GCUI míchothrom, doiléir nó míthreorach. Leis na treoirlínte sin, cuirfear reachtaíocht earnála ábhartha san áireamh. Tá tosaíocht ag reachtaíocht earnála lena leagtar síos caighdeáin d’ainmneacha cistí nó do mhargú cistí ar na treoirlínte sin.’ |
|
(12) |
in Airteagal 79, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Faisnéis réamhchonarthach a bheidh i bhfaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir, lena n-áirítear ainm an GCUI. Beidh sí cothrom, soiléir agus ní bheidh sé míthreorach. Beidh sí comhsheasmhach leis na codanna ábhartha den réamheolaire.’ |
|
(13) |
in Airteagal 84, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3: ‘2. De mhaolú ar mhír 1:
Ní úsáidfidh GCUInna fionraí suibscríbhinní, athcheannaigh agus fuascailtí nó taobhphócaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), ach amháin i gcásanna eisceachtúla inar gá déanamh amhlaidh sna himthosca agus i gcás ina bhfuil údar leis ag féachaint do leasanna a shealbhóirí aonad. 3. Tabharfaidh an GCUI, gan mhoill, fógra d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile faoin méid seo a leanas:
Déanfaidh GCUI, laistigh de thréimhse ama réasúnta sula ndéanfaidh sé an uirlis bainistithe leachtachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA, pointe 9, a ghníomhachtú nó a dhíghníomhachtú, fógra a thabhairt d’údaráis inniúla a Bhallstáit baile faoi ghníomhachtú nó díghníomhachtú den sórt sin. Cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta, údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI, ESMA agus, má tá rioscaí féideartha ann do chobhsaíocht agus sláine an chórais airgeadais, BERS ar an eolas, gan mhoill, faoi aon fhógra a fuarthas i gcomhréir leis an mír seo. Beidh sé de chumhacht ag ESMA an fhaisnéis a fhaightear de bhun na míre seo a chomhroinnt leis na húdaráis inniúla. 3a. I gcás ina bhfeidhmíonn údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI cumhachtaí de bhun mhír 2, pointe (b), tabharfaidh siad fógra ina leith sin d’údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI, d’údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta, do ESMA agus, má tá rioscaí féideartha ann do chobhsaíocht agus sláine an chórais airgeadais, do BERS. 3b. Féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI nó údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta a iarraidh ar údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI cumhachtaí a fheidhmiú de bhun mhír 2, pointe (b), agus na cúiseanna atá leis an iarraidh á sonrú, agus ESMA agus, má tá rioscaí féideartha ann do chobhsaíocht agus sláine an chórais airgeadais, BERS á gcur ar an eolas ina leith sin. 3c. I gcás nach n-aontaíonn údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 3b, cuirfidh siad na húdaráis inniúla iarrthacha, ESMA agus, i gcás inar cuireadh BERS ar an eolas faoin iarraidh sin de bhun mhír 3b, BERS ar an eolas ina leith sin, agus na cúiseanna atá leis an easaontas á lua acu. 3d. Ar bhonn na faisnéise a fhaightear de bhun mhíreanna 3b agus 3c, eiseoidh ESMA gan moill mhíchuí tuairim chuig údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI maidir le feidhmiú na gcumhachtaí de bhun mhír 2, pointe (b). Cuirfidh ESMA an tuairim sin in iúl d’údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI. 3e. I gcás nach ngníomhaíonn údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI i gcomhréir le tuairim ESMA dá dtagraítear i mír 3d, nó nach bhfuil sé beartaithe acu an tuairim sin a chomhlíonadh, cuirfidh siad ESMA agus na húdaráis inniúla iarrthacha ar an eolas faoi sin, agus na cúiseanna lena neamhchomhlíonadh nó leis an rún atá acu gan an tuairim a chomhlíonadh á lua acu. I gcás bagairt thromchúiseach ar chosaint infheisteoirí, ar fheidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó cuid den chóras airgeadais san Aontas, agus mura rud é go bhfuil foilsiú den sórt sin i gcoinbhleacht le leasanna dlisteanacha shealbhóirí aonad an GCUI nó an phobail, féadfaidh ESMA a fhoilsiú nach gcomhlíonann údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI a thuairim nó nach bhfuil sé beartaithe acu a thuairim a chomhlíonadh, mar aon leis na cúiseanna a thug na húdaráis inniúla sin maidir lena neamhchomhlíonadh nó maidir leis an rún atá acu gan an tuairim a chomhlíonadh. Déanfaidh ESMA anailís i dtaobh ar mhó na tairbhí a bheadh i gceist leis an bhfoilsiú ná an méadú ar na bagairtí ar chosaint infheisteoirí, ar fheidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó cuid den chóras airgeadais san Aontas mar thoradh ar an bhfoilsiú sin agus tabharfaidh sé réamhfhógra do na húdaráis inniúla faoi fhoilsiú den sórt sin. 3f. Faoin 16 Aibreán 2026, forbróidh ESMA treoirlínte ina dtugtar léirithe chun treoir a thabhairt do na húdaráis inniúla maidir lena gcumhachtaí a fheidhmiú a leagtar amach i mír 2, pointe (b), agus léirithe maidir leis na cásanna a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis leis na hiarrataí dá dtagraítear i mír 3b den Airteagal seo agus Airteagal 98(3) a bheith á gcur ar aghaidh. Agus na treoirlínte sin á bhforbairt aige, déanfaidh ESMA impleachtaí féideartha idirghabhála maoirseachta den sórt sin i gcás cosaint infheisteoirí agus cobhsaíocht airgeadais i mBallstát eile nó san Aontas a chur san áireamh. Leis na treoirlínte sin, aithneofar gur ar GCUInna i gcónaí atá an phríomhfhreagracht as bainistiú riosca leachtachta.’ |
|
(14) |
in Airteagal 98, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: ‘3. Féadfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu déanamh amhlaidh, a iarraidh ar údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI cumhachtaí a fheidhmiú, gan mhoill, de bhun mhír 2, cé is moite de phointe (j) den mhír sin, agus na cúiseanna lena n-iarraidh á sonrú ar bhealach chomh sonrach agus is féidir, agus ESMA agus, má tá rioscaí féideartha ann do chobhsaíocht agus sláine an chórais airgeadais, BERS á gcur ar an eolas ina leith sin. Déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát óstach an GCUI údaráis inniúla Bhallstát baile an GCUI, ESMA agus, má tá rioscaí féideartha ann do chobhsaíocht agus sláine an chórais airgeadais, BERS a chur ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi na cumhachtaí arna bhfeidhmiú agus faoina dtorthaí. 4. Féadfaidh ESMA a iarraidh ar na húdaráis inniúla mínithe a chur faoi bhráid ESMA, gan moill mhíchuí, i ndáil le cásanna sonracha atá ina mbagairt thromchúiseach ar chosaint infheisteoirí, ar fheidhmiú ordúil agus sláine na margaí airgeadais nó ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine nó cuid den chóras airgeadais san Aontas.’ |
|
(15) |
leasaítear Airteagal 101 mar a leanas:
|
|
(16) |
leasaítear Airteagal 102 mar a leanas:
|
|
(17) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 110a Faoin 16 Aibreán 2029, agus tar éis na tuarascála arna cur i dtoll a chéile ag ESMA i gcomhréir le hAirteagal 13(6), tionscnóidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú na rialacha a leagtar síos sa Treoir seo agus ar an taithí a fuarthas agus iad á gcur i bhfeidhm. Leis an athbhreithniú sin, áireofar measúnú ar na gnéithe seo a leanas:
|
|
(18) |
leasaítear Airteagal 112a mar a leanas:
|
|
(19) |
leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo; |
|
(20) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo isteach mar Iarscríbhinn IIA. |
Airteagal 3
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 16 Aibreán 2026. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 16 Aibreán 2026, cé is moite de na forálacha lena dtrasuitear Airteagal 1(12), agus na forálacha lena dtrasuitear Airteagal 2(7) maidir le hAirteagal 20a de Threoir 2009/65/EC, a chuirfidh siad i bhfeidhm ón 16 Aibreán 2027.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Cinnfidh na Ballstáit an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 5
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh in Strasbourg, an 13 Márta 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 26 Feabhra 2024.
(2) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).
(3) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) a chomhordú (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(4) Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).
(5) Treoir (AE) 2021/2167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2021 maidir le seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE (IO L 438, 8.12.2021, lch. 1).
(6) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(7) Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).
(8) Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 1).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lch. 18).
(12) Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le Cistí Infheistíochta Fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lch. 98).
(13) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
(14) Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála (IO L 141, 28.5.2019, lch. 42).
(15) Rialachán (AE) Uimh. 1011/2012 ón mBanc Ceannais Eorpach an 17 Deireadh Fómhair 2012 maidir le staidreamh a bhaineann le sealbhú urrús (IO L 305, 1.11.2012, lch. 6).
(16) Rialachán (AE) Uimh. 1073/2013 ón mBanc Ceannais Eorpach an 18 Deireadh Fómhair 2013 maidir le staidreamh ar shócmhainní agus dliteanais cistí infheistíochta (IO L 297, 7.11.2013, lch. 73).
(17) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(18) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
(19) Moladh ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach an 7 Nollaig 2017 maidir le rioscaí leachtachta agus giarála i gcistí infheistíochta (BERS/2017/6) (IO C 151, 30.4.2018, lch. 1).
(20) Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le cistí margaidh airgid (IO L 169, 30.6.2017, lch. 8).
(21) Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).
(22) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(23) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(24) Treoir (AE) 2021/2261 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 lena leasaítear Treoir 2009/65/CE a mhéid a bhaineann leis an úsáid a bhaineann cuideachtaí bainistíochta gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) as doiciméid faisnéise bunriachtanaí (IO L 455, 20.12.2021, lch. 15).
(25) Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna) (IO L 352, 9.12.2014, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
In Iarscríbhinn I, pointe 2, cuirtear na pointí seo a leanas leis:
|
‘(d) |
Iasachtaí a thionscnamh thar ceann CIM; |
|
(e) |
Eintitis shainchuspóireacha urrúsúcháin a sheirbhísiú.’. |
IARSCRÍBHINN II
‘IARSCRÍBHINN V
UIRLISÍ BAINISTITHE LEACHTACHTA ATÁ AR FÁIL DO BCIManna A BHAINISTÍONN CIManna NEAMHIATA
1.
Fionraí suibscríbhinní, athcheannaigh agus fuascailtí: ciallaíonn fionraí suibscríbhinní, athcheannaigh agus fuascailtí suibscríobh, athcheannach agus fuascailt aonaid nó scaireanna an chiste a dhícheadú go sealadach.
2.
Geata fuascailte: ciallaíonn geata fuascailte srian sealadach agus páirteach ar cheart na sealbhóirí aonad nó na scairshealbhóirí a n-aonaid nó a scaireanna a fhuascailt, ionas nach féidir le hinfheisteoirí ach cuid áirithe dá n-aonaid nó dá scaireanna a fhuascailt.
3.
Síneadh le tréimhsí fógra: ciallaíonn an síneadh le tréimhsí fógra síneadh a chur leis an tréimhse fógra nach mór do shealbhóirí aonad nó do scairshealbhóirí a thabhairt do bhainisteoirí cistí, thar thréimhse íosta atá iomchuí don chiste, agus a n-aonaid nó a scaireanna á bhfuascailt acu.
4.
Táille fuascailte: ciallaíonn táille fuascailte táille, laistigh de raon réamhchinntithe lena gcuirtear costas na leachtachta san áireamh, a íocann sealbhóirí aonad nó scairshealbhóirí leis an gciste agus aonaid nó scaireanna á bhfuascailt acu, agus lena n-áirithítear nach bhfuil sealbhóirí aonad nó scairshealbhóirí a fhanann sa chiste faoi mhíbhuntáiste míchothrom.
5.
Luascphraghsáil: ciallaíonn luascphraghsáil sásra réamhchinntithe lena ndéantar glanluach sócmhainní aonad nó scaireanna ciste infheistíochta a choigeartú trí fhachtóir (‘coscfhachtóir’) a chur i bhfeidhm lena léirítear costas na leachtachta.
6.
Déphraghsáil: ciallaíonn déphraghsáil sásra réamhchinntithe trína socraítear praghsanna suibscríbhinne, athcheannaigh agus fuascailte aonad nó scaireanna ciste infheistíochta tríd an nglanluach sócmhainní in aghaidh an aonaid nó na scaire a choigeartú faoi fhachtóir lena léirítear costas na leachtachta.
7.
Tobhach frithchaolúcháin: ciallaíonn tobhach frithchaolúcháin táille a íocann sealbhóir aonad nó scairshealbhóir leis an gciste tráth a dhéantar aonaid nó scaireanna a shuibscríobh, a athcheannach nó a fhuascailt, lena gcúitítear an ciste as costas na leachtachta arna thabhú mar gheall ar mhéid an idirbhirt sin, agus lena n-áirithítear nach bhfuil sealbhóirí aonad eile nó scairshealbhóirí eile faoi mhíbhuntáiste míchothrom.
8.
Fuascailt chomhchineáil: ciallaíonn fuascailt chomhchineáil sócmhainní arna sealbhú ag an gciste, seachas airgead tirim, a aistriú chun freastal ar iarrataí fuascailte ó shealbhóirí aonad nó ó scairshealbhóirí.
9.
Taobhphócaí: ciallaíonn taobhphócaí sócmhainní áirithe, a bhfuil a ngnéithe eacnamaíocha nó dlíthiúla athraithe go suntasach nó neamhchinnte de bharr imthosca eisceachtúla, a scaradh ó shócmhainní eile an chiste.
IARSCRÍBHINN III
In Iarscríbhinn I, Sceideal A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.13:
|
|
|
IARSCRÍBHINN IV
‘IARSCRÍBHINN IIA
UIRLISÍ BAINISTITHE LEACHTACHTA ATÁ AR FÁIL DO GCUInna
1.
Fionraí suibscríbhinní, athcheannaigh agus fuascailtí: ciallaíonn fionraí suibscríbhinní, athcheannaigh agus fuascailtí suibscríobh, athcheannach, agus fuascailt aonaid nó scaireanna an chiste a dhícheadú go sealadach.
2.
Geata fuascailte: ciallaíonn geata fuascailte srian sealadach agus páirteach ar cheart na sealbhóirí aonad nó na scairshealbhóirí a n-aonaid nó a scaireanna a fhuascailt, ionas nach féidir le hinfheisteoirí ach cuid áirithe dá n-aonaid nó dá scaireanna a fhuascailt.
3.
Síneadh le tréimhsí fógra: ciallaíonn an síneadh le tréimhsí fógra síneadh a chur leis an tréimhse fógra nach mór do shealbhóirí aonad nó do scairshealbhóirí a thabhairt do bhainisteoirí cistí, thar thréimhse íosta atá iomchuí don chiste, agus a n-aonaid nó a scaireanna á bhfuascailt acu.
4.
Táille fuascailte: ciallaíonn táille fuascailte táille, laistigh de raon réamhchinntithe lena gcuirtear costas na leachtachta san áireamh, a íocann sealbhóirí aonad nó scairshealbhóirí leis an gciste agus aonaid nó scaireanna á bhfuascailt acu, agus lena n-áirithítear nach bhfuil sealbhóirí aonad nó scairshealbhóirí a fhanann sa chiste faoi mhíbhuntáiste míchothrom.
5.
Luascphraghsáil: ciallaíonn luascphraghsáil sásra réamhchinntithe lena ndéantar glanluach sócmhainní aonad nó scaireanna ciste infheistíochta a choigeartú trí fhachtóir (‘coscfhachtóir’) a chur i bhfeidhm lena léirítear costas na leachtachta.
6.
Déphraghsáil: ciallaíonn déphraghsáil sásra réamhchinntithe trína socraítear praghsanna suibscríbhinne, athcheannaigh agus fuascailte aonad nó scaireanna ciste infheistíochta tríd an nglanluach sócmhainní in aghaidh an aonaid nó na scaire a choigeartú faoi fhachtóir lena léirítear costas na leachtachta.
7.
Tobhach frithchaolúcháin: ciallaíonn tobhach frithchaolúcháin táille a íocann sealbhóir aonad nó scairshealbhóir tráth a dhéantar aonaid nó scaireanna a shuibscríobh, a athcheannach nó a fhuascailt, lena gcúitítear an ciste as costas na leachtachta arna thabhú mar gheall ar mhéid an idirbhirt sin, agus lena n-áirithítear nach bhfuil sealbhóirí aonad eile nó scairshealbhóirí eile faoi mhíbhuntáiste míchothrom.
8.
Fuascailt chomhchineáil: ciallaíonn fuascailt chomhchineáil sócmhainní arna sealbhú ag an gciste, seachas airgead tirim, a aistriú chun freastal ar iarrataí fuascailte ó shealbhóirí aonad nó ó scairshealbhóirí.
9.
Taobhphócaí: ciallaíonn taobhphócaí sócmhainní áirithe, a bhfuil a ngnéithe eacnamaíocha nó dlíthiúla athraithe go suntasach nó neamhchinnte de bharr imthosca eisceachtúla, a scaradh ó shócmhainní eile an chiste.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/927/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)