European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/922

25.4.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 201/2023

an 22 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/922]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1322 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/632 a mhéid a bhaineann leis na liostaí de tháirgí de bhunadh ainmhíoch, de sheachtháirgí ainmhithe agus de tháirgí ilchodacha atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta, ábhair bheatha agus ábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí tréidliachta, le hábhair bheatha agus le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I agus réamhrá Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 11bo (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/632 ón gCoimisiún) i gCuid 1.1 de Chaibidil I:

‘-

32022 R 1322: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1322 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2022 (IO L 200, 29.7.2022, lch. 25).’

2.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 31qo (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/632 ón gCoimisiún) de Chaibidil II:

‘-

32022 R 1322: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1322 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2022 (IO L 200, 29.7.2022, lch. 25).’

Airteagal 2

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 164o (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/632 ón gCoimisiún) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32022 R 1322: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1322 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2022 (IO L 200, 29.7.2022, lch. 25).’

Airteagal 3

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1322 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 23 Meán Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Pascal SCHAFHAUSER


(1)   IO L 200, 29.7.2022, lch. 25.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/922/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)