European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/920

22.3.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/920 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2023

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na truicir a bhaineann le feidhmíocht agus na critéir maidir le calabrú na dtruicear sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 26c(5), an séú fomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun críocha chur i bhfeidhm na dtruicear siarbhreathnaitheach dá dtagraítear in Airteagal 26c(5), an tríú fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/2402, tá gá leis an túsphointe a shonrú, ar pointe é óna ndéanfar an méadú ar mhéid carnach na neamhchosaintí ar mhainneachtain nó an méadú ar na caillteanais charnacha a thomhas. Mar riail ghinearálta, ba cheart glacadh le dáta deiridh an idirbhirt mar thúsphointe tomhais. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann, áfach, nuair nach féidir dáta deiridh sin an idirbhirt a úsáid mar thúsphointe tomhais, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh tréimhse athshlánaithe san áireamh san idirbheart, nó tréimhse réamhshainithe ina gcuirtear leis an bpunann urrúsaithe, tar éis an dáta deiridh. Dá bhrí sin, tá gá le rialacha sonracha a leagan síos do na cásanna sin.

(2)

Is le pointe dí-astaithe (D) an tráinse a chinntear an pointe ag a ndéantar príomhshuim an tráinse sin a laghdú go hiomlán mar thoradh ar chaillteanais sa chomhthiomsú foluiteach. Dá bhrí sin, nuair a thiocfaidh caillteanais chun cinn sa tráinse cosanta, tiocfaidh laghdú ar an bpointe dí-astaithe dá réir sin. Ionas nach mbeidh na tráinsí a sholáthraíonn feabhsú creidmheasa amúchta cheana nuair a tharlaíonn caillteanais shuntasacha ag deireadh an idirbhirt, ba cheart don truicear breise siarbhreathnaitheach dá dtagraítear in Airteagal 26c(5), an tríú fomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/2402 a bheith nasctha le laghdú ar phointe dí-astaithe an tráinse cosanta is sinsearaí, chun feabhsú creidmheasa a ráthú, ar feabhsú é a sholáthraíonn an tráinse cosanta is sinsearaí i gcomparáid le tráinsí níos sinsearaí arna gcoinneáil ag an tionscnóir ar feadh shaolré an idirbhirt. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an truicear réamhbhreathnaitheach dá dtagraítear in Airteagal 26c(5), an tríú fomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/2402 a bheith ann i gcás ina laghdaítear feidhmíocht ionchasach an chomhthiomsaithe neamhchosaintí í foluiteacha trí mhéadú ar an riosca comhchruinnithe san urrúsú le himeacht ama nó, i gcás idirbhearta nach bhfuil an riosca comhchruinnithe chomh suntasach céanna ag baint leo, trí laghdú ar mheáncháilíocht chreidmheasa an chomhthiomsaithe neamhchosaintí foluiteacha sin le himeacht ama.

(3)

Tá riosca níos mó ann go mbeidh mórchaillteanais san urrúsú mar thoradh ar comhthiomsú an-chomhchruinnithe de neamhchosaintí foluiteacha. Ós rud é go bhfuil an riosca comhchruinnithe níos forleithne i gcomhthiomsuithe neamhchosaintí foluiteacha a bhfuil gráinneacht íseal acu, tá gá le tairseach a leagan síos maidir le híosghráinneacht chomhthiomsú na neamhchosaintí foluiteacha arna dtomhas de réir líon éifeachtach neamhchosaintí sa chomhthiomsú. I gcás nach bhfuil an riosca comhchruinnithe chomh forleathan céanna, ba cheart an truicear réamhbhreathnaitheach a bheith faoi réir mheáncháilíocht chreidmheasa na punainne foluití. Chun an truicear sin a shocrú, ba cheart cáilíocht chreidmheasa na punainne foluití a thomhas ón uair a cuireadh tús leis an urrúsú,

(4)

Ós rud é nach féidir foráil a dhéanamh maidir le calabrú a oireann do gach cás, ar calabrú é a bheadh infheidhme maidir le gach idirbheart, i bhfianaise éagsúlacht na gcineálacha punann agus struchtúr foluiteach in urrúsuithe laistigh den chlár comhardaithe, tá gá le critéir a leagan amach chun leibhéil na dtruicear a bhaineann le feidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 26c(5), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402 a shocrú. Chun a áirithiú nach bhfuil aon riosca suntasach ann go mbeidh tráinsí lena soláthraítear feabhsú creidmheasa amúchta go dtí leibhéal nach mbeadh cosaint leordhóthanach ann chun caillteanais shuntasacha a ionsú a tharlaíonn ag deireadh an idirbhirt, ba cheart na critéir sin a shocrú ar bhealach stuama. Chun na críche sin, ba cheart do na páirtithe san urrúsú éifeachtacht na dtruicear siarbhreathnaitheach a thástáil i gcás dáileadh caillteanais siar-ualaithe, agus na caillteanais a bhfuiltear coinne leo thar aibíocht iomlán an idirbhirt ar a dháta deiridh á gcur san áireamh.

(5)

Ionas nach gcuirfear isteach ar chonarthaí atá ann cheana agus ar tugadh i gcrích iad sula sonraíodh na dtruicear éigeantach a bhaineann le feidhmíocht agus na critéir maidir lena gcalabrú, tá gá le foráil a dhéanamh maidir le córas idirthréimhseach le haghaidh urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe gan íoc.

(6)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(7)

Thionóil an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘tráinse cosanta is sinsearaí’ in urrúsú an tráinse fo-ordaithe is lú maidir le dáileadh caillteanais a bhaineann leas as cosaint creidmheasa incháilithe faoin gcomhaontú maidir le cosaint creidmheasa;

(2)

ciallaíonn ‘buicéad riosca creidmheasa’ cuid den phunann fholuiteach dá sanntar na neamhchosaintí ón bpunann sin i gcomhréir le hAirteagal 4(5) agus lena mbaineann leibhéal riosca creidmheasa arna thomhas ar bhonn critéir a bhaineann le riosca creidmheasa, i gcás ina mbaineann riosca creidmheasa atá níos mó ná nó níos lú ná cuid eile le gach cuid éagsúil go hiomlán ó chéile;

(3)

ciallaíonn ‘cás dáileadh caillteanais siar-ualaithe’ cás ina dtarlaíonn dhá thrian de mhéid iomlán na gcaillteanas a mheastar a tharlóidh le linn aibíocht iomlán an idirbhirt ar a dháta deiridh sa tríú cuid dheireanach dá aibíocht ionchasach.

Airteagal 2

Sonraíocht maidir le méid gan íoc na punainne foluití le haghaidh na dtruicear siarbhreathnaitheach dá dtagraítear in Airteagal 26c(5), an tríú fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/2402

1.   Seachas na cásanna dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, chun na truicir shiarbhreathnaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 26c(5), an tríú fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/2402 a chur i bhfeidhm, is éard a bheidh i méid gan íoc na punainne foluití an méid gan íoc ar dháta deiridh an idirbhirt.

2.   I gcás ina n-áirítear tréimhse athshlánaithe san urrúsú, beidh sa mhéid gan íoc den phunann fholuiteach an ceann is ísle díobh seo a leanas:

(a)

an méid gan íoc ar dháta deiridh an idirbhirt;

(b)

an méid gan íoc ag deireadh na tréimhse athshlánaithe.

3.   I gcás ina n-áirítear san urrúsú tréimhse réamhshainithe ina dtiomsaítear punann na neamhchosaintí urrúsaithe, agus ag tosú ar dháta deiridh an idirbhirt, agus i gcás ina mbeidh an comhaontú maidir le cosaint creidmheasa infheidhme ó dháta deiridh an idirbhirt, is éard a bheidh sa mhéid gan íoc den phunann fholuiteach an méid seo a leanas:

(a)

le linn na tréimhse tiomargtha réamhshainithe, is éard a bheidh sa mhéid gan íoc uasmhéid na neamhchosaintí urrúsaithe a cheadaítear sa chomhaontú maidir le cosaint creidmheasa ag deireadh na tréimhse réamhshainithe sin;

(b)

tar éis dheireadh na tréimhse tiomargtha réamhshainithe, is éard a bheidh sa mhéid gan íoc an méid gan íoc ag deireadh na tréimhse réamhshainithe sin.

4.   Chun críocha mhír 1 go mír 3, déanfaidh na páirtithe sa chomhaontú maidir le cosaint creidmheasa an méadú ar mhéid carnach na neamhchosaintí ar mhainneachtain nó an méadú ar na caillteanais charnacha ó dháta deiridh an idirbhirt a ríomh.

Airteagal 3

Sonraíocht maidir le cur i bhfeidhm an truicir shiarbhreathnaithigh bhreise dá dtagraítear in Airteagal 26c(5), an tríú fomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/2402

1.   Socróidh na páirtithe sa chomhaontú maidir le cosaint creidmheasa tairseach le haghaidh an chéatadáin den laghdú ar phointe dí-astaithe an tráinse cosanta is sinsearaí, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 256(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ón leibhéal ar a bhfuil sé ar dháta deiridh an idirbhirt, nó, i gcás ina bhfuil tréimhse réamhshainithe san áireamh san urrúsú, ar tréimhse í ina dtiomsaítear punann na neamhchosaintí urrúsaithe, ag deireadh na tréimhse tiomargtha réamhshainithe sin.

2.   Tarlóidh an truicear siarbhreathnaitheach breise dá dtagraítear in Airteagal 26c(5), an tríú fomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/2402, tráth ar bith tar éis dháta deiridh an idirbhirt i gcás inar mó an laghdú ar an bpointe dí-astaithe ná an tairseach arna cinneadh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 4

Sonraíocht maidir le cur i bhfeidhm an truicear réamhbhreathnaithigh dá dtagraítear in Airteagal 26c(5), an tríú fomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/2402

1.   Cinnfear an truicear réamhbhreathnaitheach i gcomhréir le mír 2 nó le mír 4 den Airteagal seo, ag brath ar líon éifeachtach na neamhchosaintí sa ghrúpa (‘N’), arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 259(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar dháta deiridh an idirbhirt.

2.   I gcás ina bhfuil N níos lú ná 100, socróidh na páirtithe sa chomhaontú maidir le cosaint creidmheasa tairseach do líon na neamhchosaintí urrúsaithe is mó ar oibleagáideoirí aonair, arna ríomh i gcomhréir le mír 3.

Beidh an truicear réamhbhreathnaitheach ann i gcás ina dtiteann líon na neamhchosaintí urrúsaithe is mó, tráth ar bith, ar oibleagáideoirí aonair, arna ríomh i gcomhréir le mír 3, faoin tairseach arna cinneadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

3.   D’fhonn líon na neamhchosaintí urrúsaithe is mó ar oibleagáideoirí aonair a chinneadh, ar oibleagáideoirí iad dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh na páirtithe san urrúsú na bearta seo a leanas san ord seo a leanas:

(a)

comhdhlúthóidh siad neamhchosaintí iolracha ar an oibleagáideoir céanna agus caithfidh siad leo mar neamhchosaint aonair;

(b)

sórtálfaidh siad na neamhchosaintí comhdhlúite ar oibleagáideoirí aonair de réir a méid gan íoc, in ord íslitheach;

(c)

tabharfaidh siad méideanna gan íoc na neamhchosaintí comhdhlúite d’oibleagáideoirí aonair, ag tosú leis an neamhchosaint is mó, in ord íslitheach;

(d)

cuirfear stad leis an gcuid bhreise dá dtagraítear i bpointe (c) sula gcuirfear an chéad neamhchosaint eile léi toisc go mbeidh an t-iomlán níos airde ná suim na méideanna gan íoc den tráinse cosanta is sinsearaí agus de na tráinsí atá faoina réir.

4.   I gcás ina bhfuil N cothrom le nó níos mó ná 100, socróidh na páirtithe sa chomhaontú maidir le cosaint creidmheasa tairseach don mhéadú idir an cóimheas idir an méid gan íoc de na buicéid riosca creidmheasa is airde, arna chinneadh i gcomhréir le mír 8, arna roinnt ar mhéid iomlán gan íoc na gcosaintí urrúsaithe uile (‘cóimheas níos airde maidir le buicéid riosca creidmheasa’), agus an cóimheas comhfhreagrach ar dháta deiridh an idirbhirt.

Tarlóidh an truicear réamhbhreathnaitheach i gcás ina sárófar an tairseach arna cinneadh, tráth ar bith, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.

5.   Déanfaidh na páirtithe sa chomhaontú maidir le cosaint creidmheasa na critéir chun neamhchosaintí a shannadh do bhuicéid riosca creidmheasa a leagan amach go soiléir i ndoiciméadacht an idirbhirt.

Chun críocha na chéad fhomhíre, cinnfidh na páirtithe sa chomhaontú maidir le cosaint creidmheasa, sa chomhaontú maidir le cosaint creidmheasa, an difreáil idir buicéid riosca creidmheasa aonair agus beidh an cinneadh sin bunaithe ar an méid seo a leanas:

(a)

na gráid dá dtagraítear in Airteagal 170(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás ina gcuireann an tionscnóir an Cur Chuige IRB i bhfeidhm i gcomhréir le Cuid 3, Teideal II, Caibidil 3 den Rialachán sin chun na ceanglais cistí dílse maidir le riosca creidmheasa le haghaidh neamhchosaintí urrúsaithe ar chorparáidí a chinneadh, seachas neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe dá dtagraítear faoi phointe (b), institiúidí agus rialtais láir agus bainc cheannais;

(b)

na gráid dá dtagraítear in Airteagal 170(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás ina gcuireann an tionscnóir Cur Chuige IRB i bhfeidhm i gcomhréir le Cuid 3, Teideal II, Caibidil 3 den Rialachán sin chun na ceanglais cistí dílse maidir le riosca creidmheasa le haghaidh neamhchosaintí urrúsaithe a gcaitear leo mar neamhchosaintí ar iasachtú speisialaithe a bhfuil feidhm ag na modhanna a leagtar amach in Airteagal 153(5) den Rialachán sin maidir leo a chinneadh;

(c)

na gráid nó na comhthiomsuithe dá dtagraítear in Airteagal 170(3), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcás ina gcuireann an tionscnóir Cur Chuige IRB i bhfeidhm i gcomhréir le Cuid 3, Teideal II, Caibidil 3 den Rialachán sin chun na ceanglais cistí dílse maidir le riosca creidmheasa le haghaidh neamhchosaintí urrúsaithe a gcaitear leo mar neamhchosaintí miondíola a chinneadh;

(d)

i ngach cás eile, i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme arna chur i bhfeidhm ag an tionscnóir ina ráitis airgeadais.

6.   Déanfaidh na páirtithe sa chomhaontú maidir le cosaint creidmheasa na neamhchosaintí seo a leanas a shannadh do bhuicéid riosca creidmheasa níos airde ó na buicéid riosca creidmheasa arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5:

(a)

gach neamhchosaint ar mhainneachtain dá dtagraítear in Airteagal 178(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b)

gach neamhchosaint ar fhéichiúnaí a bhfuil fadhbanna creidmheasa aige;

(c)

gach neamhchosaint eile lena mbaineann riosca creidmheasa níos airde i gcomhréir leis an gcomhaontú maidir le cosaint creidmheasa, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b).

Déanfaidh na páirtithe sa chomhaontú maidir le cosaint creidmheasa gach neamhchosaint a bhí faoi réir teagmhas creidmheasa faoin gcomhaontú maidir le cosaint creidmheasa agus a ndearnadh íocaíocht eatramhach nó íocaíocht deiridh cosanta creidmheasa ina leith a eisiamh ón sannadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar neamhchosaintí iad lenar laghdaíodh méid iomlán an tráinse chosanta agus na dtráinsí eile atá fo-ordaithe.

7.   I gcás ina n-áirítear sna neamhchosaintí urrúsaithe níos mó ná ceann amháin de na grúpaí neamhchosaintí dá dtagraítear i mír 5, pointí (a) go (d), déanfaidh na páirtithe sa chomhaontú maidir le cosaint creidmheasa na neamhchosaintí a shannadh do na buicéid riosca creidmheasa is airde atá ag gach ceann de na grúpaí sin arna gcinneadh i gcomhréir le mír 5.

8.   Chun críocha mhír 4, is éard a bheidh sa mhéid gan íoc de na buicéid riosca creidmheasa níos airde suim na méideanna gan íoc de na neamhchosaintí urrúsaithe uile a shanntar do na buicéid i gcomhréir le mír 6 agus mír 7.

Airteagal 5

Critéir chun leibhéal na dtruicear dá dtagraítear in Airteagal 26c(5), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402 a shocrú

Socróidh na páirtithe sa chomhaontú maidir le cosaint creidmheasa na tairseacha do na truicir a bhaineann le feidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 26c(5), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402 ar leibhéal lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar na critéir uile seo a leanas:

(a)

gníomhachtófar na truicir sula mbeidh na tráinsí lena soláthraítear cosaint chreidmheasa amúchta a mhéid nach féidir leis na tráinsí sin caillteanais shuntasacha a ionsú, ar caillteanais iad a tharlaíonn sa chuid dheireanach d’aibíocht an idirbhirt;

(b)

maidir le truicir shiarbhreathnaitheacha, tástáladh éifeachtacht na dtruicear sin i gcás dáileadh caillteanais siar-ualaithe;

(c)

i gcás ina gcuirfidh an tionscnóir Cuid 3, Teideal II, Caibidil 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm chun na ceanglais cistí dílse maidir lena neamhchosaint ar an urrúsú a mheas, tá ríomh na gcaillteanas ionchasach saoil agus na dtoimhdí atá le déanamh faoi chás dáileadh caillteanais siar-ualaithe comhsheasmhach leis na toimhdí a úsáidtear le haghaidh measúnú ar aistriú riosca atá suntasach agus ar cóimhéid faoi Airteagal 245 den Rialachán sin.

Airteagal 6

Urrúsuithe STSanna laistigh den chlár comhardaithe gan íoc lena mbaineann tosaíocht neamhsheicheamhach íocaíochtaí

I gcás urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe lena mbaineann tosaíocht neamhsheicheamhach íocaíochtaí agus truicir a bhaineann le feidhmíocht i gcomhréir le hAirteagal 26c(5), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2017/2402, agus ar tugadh fógra fúthu don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí i gcomhréir le hAirteagal 27(1) den Rialachán sin roimh an 11 Aibreán 2024, féadfaidh tionscnóirí agus SSPEanna, gan na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1 go hAirteagal 5 den Rialachán seo a chomhlíonadh, leanúint de bheith ag úsáid ainmniú ‘STS’ nó ‘simplí trédhearcach caighdeánaithe’ nó ainmniú a thagraíonn go díreach nó go hindíreach do na téarmaí sin, ar choinníoll go gcomhlíonann na hurrúsuithe sin Airteagal 18 den Rialachán sin

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 28.12.2017, lch. 35.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/920/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)