European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/918

26.3.2024

RIALACHÁN (AE) 2024/918 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Márta 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais tuairiscithe áirithe do na Ballstáit a bhaineann le cláir phóraithe náisiúnta chun roghnú le haghaidh frithsheasmhacht in aghaidh einceifileapaite spúinseach in-tarchurtha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (1), agus go háirithe Airteagal 23a, pointe (m) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun faireachán cuí ar an reachtaíocht agus forfheidhmiú ceart na reachtaíochta a áirithiú. Tá sé tábhachtach, áfach, na ceanglais sin a chuíchóiriú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir dár beartaíodh iad agus chun an t-ualach riaracháin a theorannú.

(2)

Tá roinnt ceanglais tuairiscithe i Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 i réimse na sláinte ainmhithe, ar cheart iad a shimpliú dá bhrí sin, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘hIomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030 (2)’.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001, leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha (TSEanna) a chosc, a rialú agus a dhíothú i mbó-ainmhithe, in ainmhithe den chineál caorach agus in ainmhithe den chineál gabhair.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 6ú de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 go bhféadfaidh Ballstáit cláir phóraithe a thabhairt isteach chun roghnú le haghaidh frithsheasmhacht in aghaidh ESI ina ndaonraí ainmhithe den chineál caorach (na cláir phóraithe). I gcomhréir le hAirteagal 6a(3) den Rialachán sin, ceanglaítear ar Bhallstáit a thugann cláir phóraithe isteach tuarascálacha rialta a chur faoi bhráid an Choimisiúin (na tuarascálacha).

(5)

Ceanglaítear le Cuid 5 de Chaibidil C d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 go gcuirfear na tuarascálacha faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil.

(6)

Leis an leasú atá beartaithe, simpleofar na ceanglais tuairiscithe do Bhallstáit trí bhogadh ó thuairisciú bliantúil córasach go tuairisciú nuair is léir go bhfuil gá leis, is é sin nuair atá athruithe déanta ar na cláir phóraithe. Ní bheidh tionchar ag an leasú atá beartaithe ar an bpríomhchuspóir beartais, is é sin a áirithiú go leanfaidh na Ballstáit orthu ag déanamh faireacháin agus tuairiscithe ar a staid eipidéimeolaíoch maidir le TSEanna.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 a leasú dá réir sin.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 147, 31.5.2001, lch. 1.

(2)  COM(2023) 168.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001, i gCaibidil C, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid 5:

CUID 5

Tuarascálacha atá le cur ar fáil don Choimisiún ag na Ballstáit

Ballstáit a thugann isteach cláir phóraithe náisiúnta chun roghnú le haghaidh frithsheasmhacht in aghaidh ESI ina ndaonraí ainmhithe den chineál caorach, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

1.

fógra a thabhairt don Choimisiún faoi cheanglais na gclár sin;

2.

tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin nuair a dhéantar athruithe ar chláir den sórt sin.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/918/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)