European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/911

25.3.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/911 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Nollaig 2023

lena bhforlíontar Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le fógairt i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann cuideachtaí bainistíochta agus gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (1), agus go háirithe Airteagal 17(10), an dara fomhír, Airteagal 18(5), an dara fomhír, agus Airteagal 20(5), an dara fomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bíonn raon feidhme agus inneachar na faisnéise atá le fógairt do na húdaráis inniúla faoi Airteagal 17(1), (2), (3), (8) agus (9), Airteagal 18(1), (2) agus (4), agus Airteagal 20(1) agus (4) de Threoir 2009/65/CE, éagsúil ag brath ar chuspóir agus foirm an fhógra. Dá bhrí sin, is iomchuí a shonrú cén fhaisnéis atá le fógairt ag gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe agus ag cuideachtaí bainistíochta gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (‘cuideachtaí bainistíochta’) maidir le gach cineál fógra.

(2)

Chun a áirithiú go mbeidh na húdaráis inniúla ar an eolas i gcónaí maidir le gníomhaíochtaí cuideachtaí bainistíochta agus chun údaráis inniúla a chur ar a gcumas a gcumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú, ba cheart iad a chur ar an eolas maidir le gach athrú ar an bhfaisnéis faoina dtugtar fógra. Áirítear leis sin aon aistarraingt, cealú, nó athrú ar an údarú a deonaíodh i dtosach do chuideachta bainistíochta.

(3)

Tá Uimhir Aitheantais Urrús Idirnáisiúnta (ISIN) agus Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) GCUI rí-thábhachtach chun gur féidir aitheantas uathúil GCUI a dhéanamh trí mheán leictreonach. Dá bhrí sin, áirítear leis an Rialachán seo an fógra éigeantach de ISIN agus de LEI i gcás inar sannadh iad do GCUI agus dá bhrí sin go bhfuil siad le fáil.

(4)

Ba cheart an fhaisnéis maidir leis na daoine atá freagrach as an mbrainse a bhainistiú agus a sonraí teagmhála a sholáthar do na húdaráis inniúla. Ba cheart a mheas gur daoine atá freagrach as an mbrainse a bhainistiú iad má tá an chumhacht acu straitéis, cuspóirí, agus treo foriomlán an bhrainse a shocrú, gnó an bhrainse a stiúradh go héifeachtach nó má tá siad freagrach ina gcáil mar bhainisteoirí as gnáthghnó laethúil an bhrainse. Chun aon bhearna a sheachaint, ba cheart a áirithiú go dtabharfar fógra do na daoine a bhfuil post ceannaireachta acu faoi gach cuid de ghníomhaíochtaí, réimsí gnó, agus feidhmeanna bainistíochta an bhrainse.

(5)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí faoi bhráid an Choimisiúin.

(6)

Rinne an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(7)

Tá nasc dlúth idir na forálacha sa Rialachán seo, ós rud é go mbaineann siad le foirm agus inneachar na faisnéise atá le malartú idir cuideachta bainistíochta agus údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát baile agus óstach i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an gcuideachta bainistíochta seirbhísí trasteorann a sholáthar. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir na forálacha sin, rud ba cheart teacht i bhfeidhm an tráth céanna, agus chun barúil chuimsitheach agus rochtain éifeachtúil a éascú do chuideachtaí bainistíochta agus údaráis náisiúnta inniúla, is iomchuí iad a áireamh i rialachán amháin.

(8)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint. Próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs an Rialacháin seo, comhlíonfaidh sí Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(9)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus thug sé a thuairim uaidh an 10 Deireadh Fómhair 2023.

(10)

Chun cuideachtaí bainistíochta agus údaráis inniúla a chur ar a gcumas dul in oiriúint do na ceanglais nua a leagtar síos sa Rialachán seo, is iomchuí a chur i bhfeidhm a chur siar,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Faisnéis atá le soláthar faoi Airteagal 17(1) agus (2) de Threoir 2009/65/CE

1.   Beidh an méid uile seo a leanas san fhaisnéis atá le soláthar ag cuideachtaí bainistíochta faoi Airteagal 17(1) de Threoir 2009/65/CE:

(a)

ainm, seoladh, LEI agus sonraí teagmhála na cuideachta bainistíochta;

(b)

ainm agus sonraí teagmhála na roinne nó an phointe teagmhála sa chuideachta bainistíochta atá freagrach as an bhfaisnéis a mhalartú le húdarás inniúil Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta.

2.   Beidh an méid uile seo a leanas sa tuairisc ar na gníomhaíochtaí agus seirbhísí atá le háireamh sa chlár oibríochtaí atá le cur in iúl ag cuideachtaí bainistíochta faoi Airteagal 17(2), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE:

(a)

na gníomhaíochtaí agus seirbhísí áirithe dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus (3) de Threoir 2009/65/CE a sholáthrófar sa Bhallstát óstach;

(b)

cé acu atá nó nach bhfuil an chuideachta bainistíochta ina comhalta de ghrúpa;

(c)

míniú ar an gcaoi a gcuirfidh an brainse le straitéis na cuideachta bainistíochta, nó grúpa na cuideachta bainistíochta;

(d)

tuairisc ar straitéis gnó an bhrainse;

(e)

ráitis réamhaisnéise an bhrainse maidir le brabús nó caillteanas agus sreabhadh airgid araon, le haghaidh na chéad 36 mhí.

3.   Beidh an méid uile seo a leanas sa tuairisc ar struchtúr eagraíochtúil an bhrainse atá le háireamh sa chlár oibríochtaí atá le cur in iúl ag cuideachtaí bainistíochta faoi Airteagal 17(2), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE:

(a)

línte tuairiscithe feidhmiúla, geografacha agus dlíthiúla;

(b)

tuairisc ar an gcaoi a dtagann an brainse le struchtúr inmheánach na cuideachta bainistíochta, nó, i gcás ina bhfuil an chuideachta bainistíochta ina comhalta de ghrúpa, ar an gcaoi a dtagann sé le struchtúr inmheánach an ghrúpa, lena n-áirítear mionsonraí faoi aon aonad oibríochtúil a cuireadh i bhfeidhm ar leibhéal an bhrainse agus tásc maidir leis na hacmhainní daonna a leithdháileadh ar an mbrainse;

(c)

na rialacha maidir le tuairisciú an bhrainse don chuideachta bainistíochta;

(d)

tuairisc ar an bpróiseas chun riosca a thomhas agus a bhainistiú a chuireann an chuideachta bainistíochta i bhfeidhm ar leibhéal an bhrainse faoi Airteagail 40 go 43 de Threoir 2010/43/AE ón gCoimisiún (5);

(e)

tuairisc ar na nósanna imeachta agus socruithe arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Threoir 2009/65/CE;

(f)

achoimre ar na córais agus rialuithe a chuireann an chuideachta bainistíochta i bhfeidhm ar leibhéal an bhrainse, lena n-áirítear na nithe seo a leanas go léir:

(i)

nósanna imeachta a cuireadh i bhfeidhm, agus na hacmhainní daonna agus ábhair a leithdháileadh, chun na rialacha atá tarraingthe suas ag Ballstát óstach na cuideachta bainistíochta a chomhlíonadh de bhun Airteagal 14 de Threoir 2009/65/CE;

(ii)

nósanna imeachta a cuireadh i bhfeidhm, agus na hacmhainní daonna agus ábhair a leithdháileadh, chun na hoibleagáidí a chomhlíonadh maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6);

(iii)

rialuithe maidir le socruithe toscaireachta i ndáil le gníomhaíochtaí a dhéanann an brainse sa Bhallstát óstach.

4.   San fhaisnéis atá le soláthar ag cuideachtaí bainistíochta faoi Airteagal 17(2), pointe (d), de Threoir 2009/65/CE maidir leis na daoine atá freagrach as an mbrainse a bhainistiú, beidh ainm, post, ríomhphost agus uimhir theileafóin na ndaoine a dhéanann príomhfheidhmeanna i bpost ceannaireachta i ndáil leis an mbrainse.

Airteagal 2

Faisnéis atá le cur in iúl faoi Airteagal 18(1) agus (2) de Threoir 2009/65/CE

1.   Beidh an méid uile seo a leanas san fhaisnéis atá le cur in iúl ag cuideachtaí bainistíochta faoi Airteagal 18(1), pointe (a), de Threoir 2009/65/CE:

(a)

ainm, seoladh, LEI agus sonraí teagmhála na cuideachta bainistíochta;

(b)

ainm agus sonraí teagmhála na roinne nó an phointe teagmhála sa chuideachta bainistíochta atá freagrach as faisnéis a mhalartú le húdarás inniúil Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta.

2.   Beidh an méid uile seo a leanas sa tuairisc ar na seirbhísí agus gníomhaíochtaí atá le háireamh sa chlár oibríochtaí atá le cur in iúl ag cuideachtaí bainistíochta faoi Airteagal 18(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE:

(a)

na gníomhaíochtaí agus seirbhísí áirithe dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus (3) de Threoir 2009/65/CE a sholáthrófar sa Bhallstát óstach;

(b)

cé acu atá nó nach bhfuil an chuideachta bainistíochta ina comhalta de ghrúpa;

(c)

míniú ar an gcaoi a gcuirfidh na gníomhaíochtaí atá le déanamh sa Bhallstát óstach le straitéis na cuideachta bainistíochta, nó grúpa na cuideachta bainistíochta.

Airteagal 3

Faisnéis atá le soláthar faoi Airteagal 20(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE

Beidh an méid uile seo a leanas san fhaisnéis atá le soláthar ag cuideachtaí bainistíochta faoi Airteagal 20(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE:

(a)

liosta d’fheidhmeanna bainistíochta infheistíochta nó feidhmeanna riaracháin atá faoi réir toscaireachta;

(b)

ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an toscaire.

Airteagal 4

Fógra maidir le haon athrú ar an bhfaisnéis arna soláthar faoi Airteagal 17(1), (2), (3), (8) agus (9), Airteagal 18(1), (2) agus (4), agus Airteagal 20(1) agus (4) de Threoir 2009/65/CE

1.   Cuirfidh cuideachtaí bainistíochta na húdaráis inniúla lena mbaineann ar an eolas maidir le haon athrú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 1 go 3.

2.   Cuirfidh cuideachtaí bainistíochta na húdaráis inniúla lena mbaineann ar an eolas maidir le foirceannadh pleanáilte oibríochta brainse arna bhunú i mBallstát eile, agus soláthróidh siad an fhaisnéis uile seo a leanas do na húdaráis inniúla sin:

(a)

ainm, seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin an duine, nó na ndaoine, a bheidh freagrach as an bpróiseas chun oibríocht an bhrainse a fhoirceannadh;

(b)

an sceideal maidir leis an bhfoirceannadh pleanáilte;

(c)

na mionsonraí agus próisis a moladh maidir le deireadh a chur le hoibríochtaí gnó, lena n-áirítear mionsonraí a bhaineann leis an gcaoi a dtabharfar cosaint do leasanna infheisteoirí, a réiteofar gearáin, agus a n-íocfar aon dliteanas atá gan íoc.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 25 Meitheamh 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 302, 17.11.2009, lch. 32.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(5)  Treoir 2010/43/AE ón gCoimisiún an 1 Iúil 2010 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla, coinbhleachtaí leasa, iompar gnó, bainistiú riosca agus inneachar an chomhaontaithe idir taiscí agus cuideachta bainistíochta (IO L 176, 10.7.2010, lch. 42).

(6)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/911/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)