|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/910 |
25.3.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/910 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Nollaig 2023
lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le formáid agus ábhar na faisnéise a bheidh le cur in iúl i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann ag gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUIeanna), cuideachtaí bainistíochta GCUI, malartú faisnéise idir údaráis inniúla maidir le litreacha fógraí trasteorann, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 584/2010 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (1), agus go háirithe Airteagal 17(10), an ceathrú fomhír, Airteagal 18(5), an ceathrú fomhír, Airteagal 20(5), an ceathrú fomhír, agus Airteagal 95(2), an dara fomhír de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá malartú faisnéise idir údaráis inniúla ina chuid de na nósanna imeachta riaracháin i ndáil le fógraí ó chuideachtaí bainistíochta agus GCUIeanna ar mian leo gníomhaíochtaí margaíochta nó bainistíochta a dhéanamh, seirbhísí a sholáthar nó brainse a bhunú i mBallstáit óstacha. Chun na nósanna imeachta riaracháin sin a dhúnadh ar bhealach réidh, tapa, neamhmhaorlathach agus iontaofa, is gá an malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla a shonrú agus a chomhchuibhiú trí fhoirmeacha comhchuibhithe, teimpléid, nósanna imeachta um chomhar agus cur chun feidhme cumarsáide trí mheán leictreonach a fhorbairt. |
|
(2) |
Chun an méid ollmhór faisnéise a chuirtear agus a fhaightear i ndáil leis na fógraí idir na Ballstáit a tharchur, gan aon am a chailleadh agus ar bhealach iontaofa, atá éifeachtúil ó thaobh costas de agus neamhmhaorlathach, tá sé fíor-riachtanach go soláthrófar an fhaisnéis lena mbaineann trí mheán leictreonach. Cé go bhféadfadh sé go soláthrófaí faisnéis den sórt sin le ríomhphost, ba cheart a bheith in ann an fhaisnéis sin a sholáthar freisin trí theicneolaíocht leictreonach eile a d’fhéadfadh a bheith níos forbartha. Is gá, dá bhrí sin, nós imeachta mionsonraithe a leagan amach maidir leis na tarchuir leictreonacha sin agus maidir le déileáil le fadhbanna teicniúla a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus an fhaisnéis á tarchur idir na húdaráis inniúla. |
|
(3) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 584/2010 (2) comhchuibhíodh gnéithe áirithe den nós imeachta um fhógra a thabhairt faoi mhargú GCUIeanna i mBallstát óstach. Go háirithe, leis an Rialachán leagtar amach litir fógra chaighdeánach agus fianú GCUI. Le Treoir (AE) 2019/1160 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) leasaíodh Treoir 2009/65/CE chun ceanglais nua a thabhairt isteach a mhéid a bhaineann le hábhar na litreach fógra atá le cur isteach ag cuideachtaí bainistíochta chun a n-aonaid nó a scaireanna a mhargú i mBallstát óstach. Ba cheart na leasuithe sin a léiriú i Rialachán (AE) Uimh. 584/2010 ón gCoimisiún, agus dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán sin a leasú dá réir. |
|
(4) |
Tá nasc dlúth idir na forálacha sa Rialachán seo, ós rud é go mbaineann siad le foirm agus ábhar na faisnéise atá le malartú idir cuideachtaí bainistíochta agus údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát baile agus óstach i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag na cuideachtaí bainistíochta seirbhísí trasteorann a sholáthar. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir na forálacha sin, rud ba cheart teacht i bhfeidhm an tráth céanna, agus chun barúil chuimsitheach agus rochtain éifeachtúil a éascú do chuideachtaí bainistíochta agus údaráis náisiúnta inniúla, is iomchuí iad a áireamh i rialachán amháin. |
|
(5) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) faoi bhráid an Choimisiúin. Cleachtais mhargaidh atá ann cheana agus na rialacha mar a leagtar síos faoi láthair i gCaibidil I de Rialachán (AE) Uimh. 584/2010, is amhlaidh a chuir ESMA san áireamh iad. |
|
(6) |
Reáchtáil ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir le forálacha na ndréachtchaighdeán teicniúil cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, a bhaineann leis na litreacha fógra teimpléid le haghaidh margaíocht agus bainistíocht GCUIeanna i mBallstáit óstacha, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara féideartha, agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
|
(7) |
Chun é a chur ar a gcumas do chuideachtaí bainistíochta agus d’údaráis inniúla oiriúnú do na ceanglais nua a leagtar síos sa Rialachán seo, is iomchuí a chur i bhfeidhm a chur siar, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Foirm agus ábhar litreacha samplacha caighdeánacha fógraí
1. Le linn do GCUI an litir fógra dá dtagraítear in Airteagal 93(1) de Threoir 2009/65/CE a chur isteach, úsáidfidh sé an tsamhail a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Le linn do chuideachta bainistíochta an doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 20(1) de Threoir 2009/65/CE a sholáthar, úsáidfidh sí an tsamhail a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tarchur na bhfógraí a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus Airteagal 17(2), litir (d) de Threoir 2009/65/CE
1. Foilseoidh na húdaráis inniúla ar a suíomhanna gréasáin an seoladh ríomhphoist nó an bealach cumarsáide eile atá le húsáid chun na fógraí arna ndéanamh ag cuideachtaí bainistíochta a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 20(1) de Threoir 2009/65/CE.
2. Seolfaidh cuideachtaí bainistíochta na fógraí dá dtagraítear i mír 1 i bhformáid mheaisín-inléite chuig an seoladh ríomhphoist arna fhoilsiú i gcomhréir le mír 1 nó trí aon bhealach cumarsáide eile arna chur i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla.
Airteagal 3
Teimpléid atá le húsáid chun faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla
1. Údaráis inniúla Bhallstát baile cuideachta bainistíochta, cuirfidh siad an fhaisnéis arna fáil i gcomhréir le hAirteagal 17(2) agus Airteagal 18(1) de Threoir 2009/65/CE in iúl d’údaráis inniúla Bhallstát óstach na cuideachta bainistíochta trí úsáid a bhaint as na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an gcuideachta bainistíochta brainse a bhunú, cuirfidh siad an fhaisnéis faoi Airteagal 17(2), litir (d) de Threoir 2009/65/CE in iúl freisin trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Údaráis inniúla Bhallstát baile GCUI, cuirfidh siad na mionsonraí maidir le haon scéim cúitimh in iúl dá dtagraítear in Airteagal 17(3), an chéad fhomhír, agus Airteagal 18(2), an dara fomhír, de Threoir 2009/65/CE trí úsáid a bhaint as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.
3. Údaráis inniúla Bhallstát baile cuideachta bainistíochta, úsáidfidh siad an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo le haghaidh an fhianaithe dá dtagraítear in Airteagal 17(3), an tríú fomhír, agus Airteagal 18(2), an tríú fomhír, de Threoir 2009/65/CE.
4. Údaráis inniúla Bhallstát baile cuideachta bainistíochta, úsáidfidh siad an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo le haghaidh an fhianaithe dá dtagraítear in Airteagal 93(3), an dara fomhír, de Threoir 2009/65/CE.
Airteagal 4
Tarchur fógraí idir na húdaráis inniúla
1. Ainmneoidh na húdaráis inniúla pointe teagmhála aonair chun an fhaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 3 a chur in iúl agus a tharchur. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do gach údarás inniúil eile faoi mhionsonraí an phointe teagmhála sin, agus faoi aon mhodhnú ar an bpointe teagmhála sin.
2. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar faireachán gach lá oibre ar a seoladh ríomhphoist ainmnithe nó ar a gcainéal cumarsáide eile chun fógraí a fháil.
3. Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis agus na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 1 a sheoladh le ríomhphost nó, má roghnaítear bealaí cumarsáide eile, i bhformáid mheaisín-inléite chuig an bpointe teagmhála dá dtagraítear i mír 3.
4. Cumarsáid agus tarchur na faisnéise agus na doiciméadachta dá dtagraítear in Airteagal 17(3), an chéad fhomhír, Airteagal 18(2), an chéad fhomhír, agus an dara agus an tríú fomhír, agus Airteagal 93(3), an dara fomhír, de Threoir 2009/65/CE, ní mheasfar gur tharla siad in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
|
(a) |
tá faisnéis nó doiciméadacht a bhí le cur in iúl nó le tarchur in easnamh, tá sí neamhiomlán, nó tá sí i bhformáid seachas an fhormáid a shonraítear i mír 3; |
|
(b) |
údaráis inniúla Bhallstát baile cuideachta bainistíochta nó GCUI, níor úsáid siad an pointe teagmhála arna ainmniú i gcomhréir le mír 1 ag údarás inniúil Bhallstát baile GCUI nó na cuideachta bainistíochta; |
|
(c) |
údaráis inniúla Bhallstát baile cuideachta bainistíochta nó GCUI, níor tharchuir siad an fhaisnéis agus an doiciméadacht iomlán de thoradh cliseadh teicniúil ina gcóras leictreonach. |
5. Údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta nó GCUI, ní thabharfaidh siad fógra don chuideachta bainistíochta faoi tharchur na faisnéise nó na doiciméadachta iomláine dá dtagraítear in Airteagal 17(3), an chéad fhomhír, Airteagal 18(2), an chéad fhomhír, agus an dara agus an tríú fomhír, agus Airteagal 93(3), an dara fomhír, de Threoir 2009/65/CE ach amháin i ndiaidh dóibh a áirithiú gur tarchuireadh an fhaisnéis nó an doiciméadacht chuig an údarás inniúil is faighteoir.
6. Údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta nó GCUI a cuireadh ar an eolas nó a thug dá n-aire nár tarchuireadh an fhaisnéis nó an doiciméadacht iomlán dá dtagraítear in Airteagal 17(3), an chéad fhomhír, Airteagal 18(2), an chéad fhomhír, agus an dara agus an tríú fomhír, agus Airteagal 93(3), an dara fomhír, de Threoir 2009/65/CE, déanfaidh siad bearta láithreach chun an fhaisnéis agus an doiciméadacht iomlán sin a tharchur.
Airteagal 5
Fógraí idir na húdaráis inniúla a fháil
1. Na húdaráis inniúla a fhaigheann an fhaisnéis nó an doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 17(3), an chéad fhomhír, Airteagal 18(2), an chéad fhomhír, agus an dara agus an tríú fomhír, agus Airteagal 93(3), an dara fomhír, de Threoir 2009/65/CE, tabharfaidh siad fógra d’údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta nó GCUI a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 5 lá oibre ón dáta a fhaightear an fhaisnéis nó an doiciméadacht sin, agus trí úsáid a bhaint as an bpointe teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 4(1), faoi cé acu is fíor nó nach fíor an méid seo a leanas:
|
(a) |
tá an fhaisnéis agus an doiciméadacht iomlán; |
|
(b) |
is féidir an fhaisnéis agus an doiciméadacht a iniúchadh agus a phriontáil. |
2. Údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta nó GCUI nach bhfuair an fógra dá dtagraítear i mír 1 nó nach bhfuair an fógra sin laistigh den teorainn ama a leagtar amach i mír 1, rachaidh siad i dteagmháil le húdaráis inniúla an Bhallstáit inar mian leis an gcuideachta bainistíochta na gníomhaíochtaí a bhfuil sí údaraithe ina leith a dhéanamh nó ina bhfuil sé beartaithe ag GCUI a aonaid nó a scaireanna a mhargú, agus fionnfaidh siad cé acu a tharla nó nár tharla tarchur na faisnéise agus na doiciméadachta iomláine.
Airteagal 6
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 584/2010
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 584/2010 mar a leanas:
|
1. |
Scriostar Caibidil I; |
|
2. |
Scriostar Iarscríbhinní I agus II. |
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 14 Iúil 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 302, 17.11.2009, lch. 32.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 584/2010 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2010 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le foirm agus ábhar na litreach fógra caighdeánaí agus an fhianaithe GCUI, úsáid na cumarsáide leictreonaí idir údaráis inniúla chun fógra a thabhairt, agus nósanna imeachta um fhíoruithe agus imscrúduithe ar an láthair agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla (IO L 176, 10.7.2010, lch. 16).
(3) Treoir (AE) 2019/1160 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE maidir le dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta (IO L 188, 12.7.2019, lch. 106).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
IARSCRÍBHINN I
Samhail de litir fógra atá le cur isteach ag GCUI le haghaidh margú trasteorann GCUIeanna faoi Airteagal 93(1) de Threoir 2009/65/CE
LITIR FÓGRA
FÓGRA FAOIN RÚN AONAID GCUIeanna A MHARGÚ
I(N)/SA(N) ______________________________________ (an Ballstát óstach) (1)
An bhfuil fógra á thabhairt agat faoi leasuithe ar fhaisnéis a soláthraíodh cheana féin i bhfógra tosaigh? Tá ☐ Níl☒
I gcás inarbh é ‘Tá’ an freagra ar an gceist seo, ná líon isteach ach an fhaisnéis nuashonraithe i gcomparáid leis an bhfógra roimhe seo agus sonraigh dáta an fhógra roimhe seo: __________________.
Clár ábhar
|
CUID 1- |
Faisnéis maidir leis an gcuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach |
|
Roinn 1. |
Aitheantas na cuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach |
|
Roinn 2. |
Saoráidí d’infheisteoirí |
|
CUID 2- |
Faisnéis maidir leis GCUI |
|
Roinn 1. |
Aitheantas GCUI |
|
Roinn 2. |
Socruithe arna ndéanamh chun aonaid GCUIeanna a mhargú |
|
Roinn 3. |
Ceangaltáin |
|
CUID 3- |
Deimhniú maidir le hiomláine |
CUID 1
Faisnéis maidir leis an gcuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach
Roinn 1. Aitheantas na cuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach
|
Faisnéis maidir leis an gcuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach |
|
|
An cuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach (2) |
|
|
LEI na cuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach (2) |
|
|
Cód céannachta náisiúnta na cuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) (2) |
|
|
Ballstát baile na cuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach (2) |
|
|
Seoladh agus oifig chláraithe/sainchónaí, i gcás nach ionann an seoladh |
|
|
Mionsonraí maidir le suíomh gréasáin na cuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach |
|
|
Sonraí teagmhála na roinne (nó pointe teagmhála) atá freagrach as an litir fógra laistigh den chuideachta bainistíochta nó de GCUI a bhainistítear go hinmheánach |
|
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
|
Uimhir theileafóin |
|
|
Seoladh ríomhphoist |
|
|
Mionsonraí an tríú páirtí (i gcás ina n-ainmníonn an chuideachta bainistíochta nó GCUI a bhainistítear go hinmheánach tríú páirtí chun an fógra a thabhairt) |
|
|
Tríú páirtí |
|
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
|
Uimhir theileafóin |
|
|
Seoladh ríomhphoist |
|
|
Roinne (nó pointe teagmhála) chun an sonrasc a tharchur nó chun aon táille nó muirir rialála is infheidhme a chur in iúl (i gcás inarb infheidhme) (3) |
|
|
Ainm an eintitis |
|
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
|
Uimhir theileafóin |
|
|
Seoladh ríomhphoist |
|
|
(Sonraigh cén seoladh ríomhphoist a sholáthraítear sa roinn seo (pointe teagmhála ag an gcuideachta bainistíochta nó ag GCUI a bhainistítear go hinmheánach, pointe teagmhála laistigh den tríú páirtí ceaptha nó pointe teagmhála le haghaidh tharchur an tsonraisc) arb é an seoladh is fearr é ar féidir leis an údarás náisiúnta inniúil óstach aon fhaisnéis rúnda a tharchur chuige (inter alia, faisnéis logála isteach agus pasfhocal chun rochtain a fháil ar na córais náisiúnta le haghaidh tuairisciú) |
|
Roinn 2. Saoráidí d’infheisteoirí
I gcomhréir le hAirteagal 93(1) de Threoir 2009/65/CE, líon isteach an tábla seo a leanas chun faisnéis a sholáthar maidir leis na saoráidí chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 92(1) den Treoir sin a dhéanamh:
|
Cúraimí |
Faisnéis faoi na saoráidí a dhéanann na cúraimí |
Ainm/foirm dhlíthiúil/oifig chláraithe/seoladh, ríomhphost, agus uimhir theileafóin le haghaidh chomhfhreagras an eintitis atá freagrach chun na saoráidí a sholáthar |
|
Orduithe um shuibscríobh agus fuascailt (nó athcheannach) a phróiseáil agus íocaíochtaí eile a dhéanamh le sealbhóirí aonad a bhaineann le haonaid GCUI |
|
|
|
Faisnéis a sholáthar d’infheisteoirí faoi conas is féidir orduithe a dhéanamh agus conas a íoctar fáltais fuascailte (nó athcheannaigh) |
|
|
|
Láimhseáil faisnéise agus rochtain ar nósanna imeachta agus socruithe dá dtagraítear in Airteagal 15 de Threoir 2009/65/CE a bhaineann le feidhmiú a gceart ag infheisteoirí a éascú |
|
|
|
An fhaisnéis agus na doiciméid is gá de bhun Chaibidil IX de Threoir 2009/65/CE a chur ar fáil d’infheisteoirí |
|
|
|
Faisnéis atá ábhartha do na cúraimí a dhéanann na saoráidí a sholáthar ar mheán marthanach d’infheisteoirí |
|
|
|
Gníomhú mar phointe teagmhála chun cumarsáid a dhéanamh leis na húdaráis inniúla |
|
|
CUID 2
Faisnéis maidir leis GCUI
Roinn 1. Aitheantas GCUI
Líon isteach an tábla thíos le faisnéis maidir le gach GCUI atá beartaithe agat a mhargú sa Bhallstát óstach, ag cruthú tábla nua le haghaidh gach GCUI agus gan ach aicme scaireanna amháin (ainm agus ISIN) a léiriú ar gach líne. I gcás ina bhfuil GCUI i bhfoirm scáth-GCUI le roinnt deighleog nó fochistí, tuigfear le tagairtí do GCUI sa tábla thíos go dtagraíonn siad don deighleog nó don fhochiste atá le margú sa Bhallstát óstach seachas do scáth-GCUI, a shainaithneofar ar leithligh sa cholún comhfhreagrach.
|
Ainm GCUI atá le margú sa Ballstát óstach |
Ballstát baile GCUI |
Foirm dhlíthiúil GCUI (4) |
LEI GCUI (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
Ainm na haicme/na n-aicmí scaireanna atá le margú sa Bhallstát óstach (5) |
ISIN na haicme/na n-aicmí scaireanna atá le margú sa Bhallstát óstach (5) |
Fad GCUI (i gcás inarb infheidhme) |
Cód céannachta náisiúnta GCUI (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
Ainm scáth-GCUI (i gcás inarb infheidhme) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Roinn 2. Socruithe arna ndéanamh chun aonaid GCUIeanna a mhargú
Is iad na húdaráis seo a leanas a dhéanfaidh aonaid GCUI/deighleog GCUI a mhargú:
|
☐ |
an chuideachta bainistíochta a bhainistíonn GCUI nó GCUI arna bhainistiú go hinmheánach |
|
☐ |
institiúidí creidmheasa |
|
☐ |
gnólachtaí infheistíochta nó comhairleoirí údaraithe |
|
☐ |
Comhlachtaí eile, lena n-áirítear comhlachtaí atá lonnaithe i dtríú tír. Sonraigh: ___________________ |
Roinn 3. Ceangaltáin
|
(1) |
An leagan is déanaí de rialacha an chiste nó d’ionstraimí corpraithe, agus aistriúchán i gcás ina gceanglaítear sin le hAirteagal 94(1), pointe (c), de Threoir 2009/65/CE. |
|
|
(Teideal an doiciméid nó ainm an cheangaltáin comhaid leictreonaigh) |
|
(2) |
An leagan is déanaí den réamheolaire, agus aistriúchán i gcás ina gceanglaítear sin le hAirteagal 94(1), pointe (c), de Threoir 2009/65/CE. |
|
|
(Teideal an doiciméid nó ainm an cheangaltáin comhaid leictreonaigh) |
|
(3) |
An leagan is déanaí den fhaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir, agus aistriúchán i gcás ina gceanglaítear sin le hAirteagal 94(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE. |
|
|
(Teideal an doiciméid nó ainm an cheangaltáin comhaid leictreonaigh) |
|
(4) |
An tuarascáil bhliantúil is déanaí arna foilsiú agus aon tuarascáil leathbhliantúil ina diaidh sin, agus aistriúchán i gcás ina gceanglaítear le hAirteagal 94(1), pointe (c), de Threoir 2009/65/CE (i gcás ina mbeidh sé ar fáil). |
|
|
(Teideal an doiciméid nó ainm an cheangaltáin comhaid leictreonaigh) |
|
(5) |
I gcás ina n-éilíonn Ballstát óstach GCUI amhlaidh, fianaise ar íocaíocht dlite d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh |
|
|
(Teideal an doiciméid nó ainm an cheangaltáin comhaid leictreonaigh) |
|
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: Ní mór na leaganacha is déanaí de na doiciméid a cheanglaítear a chur i gceangal leis an litir seo lena dtarchur ar aghaidh ag údaráis inniúla Bhallstát baile GCUI, fiú i gcás inar soláthraíodh cóipeanna don údarás sin roimhe seo. I gcás inar seoladh aon cheann de na doiciméid chuig údaráis inniúla Bhallstát óstach GCUI roimhe seo agus ina bhfuil siad fós bailí, féadfar tagairt a dhéanamh don fhíoras sin sa litir fógra. |
|
Soláthair an nasc chuig na cóipeanna leictreonacha is déanaí de na ceangaltáin:
_________________________________________________________________________________
CUID 3
Deimhniú maidir le hiomláine
Deimhniú ag GCUI
Deimhnímid leis seo go bhfuil an fhaisnéis ábhartha uile dá ndéantar foráil i dTreoir 2009/65/CE le fáil sna doiciméid a chuirtear i gceangal leis an litir fógra seo.
(Is sínitheoir údaraithe ó GCUI, nó tríú duine a chumhachtófar le sainordú i scríbhinn chun gníomhú thar ceann GCUI a bhfuil fógra á thabhairt aige, a shíneoidh an litir fógra, ar bhealach a nglacfaidh údaráis inniúla Bhallstát baile GCUI leis chun na doiciméid a dheimhniú. Cuirfidh an sínitheoir a ainm iomlán agus a cháil in iúl agus áiritheoidh sé go ndéanfar an deimhniú a dhátú.)
|
Dáta |
|
|
Ainm agus cáil an tsínitheora |
|
|
Síniú |
|
(1) Líon isteach litir fógra amháin le haghaidh gach Ballstáit ina bhfuil sé beartaithe GCUIeanna a mhargú.
(2) Ba cheart an mhír seo a líonadh isteach i gcónaí, i gcás nuashonruithe freisin.
(3) Sonraigh pointe teagmhála aonair chun an sonrasc a tharchur nó chun aon táille nó muirear rialála is infheidhme a chur in iúl dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1156 agus in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/955 ón gCoimisiún. Féadfaidh gurb ionann an pointe teagmhála sin agus an pointe teagmhála a ainmnítear laistigh den chuideachta bainistíochta, nó pointe teagmhála laistigh de thríú páirtí ceaptha.
(4) Tá ceann díobh seo a leanas i gceist leis an bhfoirm dhlíthiúil: comhchiste, iontaobhas aonad, cuideachta infheistíochta, nó aon fhoirm dhlíthiúil eile atá ar fáil faoi reachtaíocht náisiúnta Bhallstát baile GCUI.
(5) Ná liostaigh ach na haicmí scaireanna sin a bhfuil sé beartaithe iad a mhargú.
IARSCRÍBHINN II
Samhail den litir atá le cur faoi bhráid údaráis inniúla Bhallstát baile GCUI ag cuideachta bainistíochta faoi Airteagal 20(1) de Threoir 2009/65/CE
LITIR FÓGRA
FÓGRA FAOI RÚN CUIDEACHTA BAINISTÍOCHTA GCUI ARNA BHUNÚ I mBALLSTÁT EILE A BHAINISTIÚ I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 20(1) DE THREOIR 2009/65/CE.
IN ______________________________________ (an Ballstát óstach (na Ballstáit óstacha))
An bhfuil fógra á thabhairt agat faoi leasuithe ar fhaisnéis a soláthraíodh cheana féin i bhfógra tosaigh? Tá ☐ Níl ☐
Más ‘Tá’ an freagra ar an gceist seo, ná líon isteach ach an fhaisnéis nuashonraithe i gcomparáid leis an bhfógra roimhe seo agus sonraigh dáta an fhógra roimhe seo: ____________________
Clár ábhar
|
CUID 1- |
Faisnéis maidir leis an gcuideachta bainistíochta |
|
CUID 2- |
Aitheantas an toscaire agus na feidhmeanna arna dtarmligean |
|
CUID 3- |
Ceangaltáin |
CUID 1
Faisnéis maidir leis an gcuideachta bainistíochta
|
Faisnéis maidir leis an gcuideachta bainistíochta |
|
|
An chuideachta bainistíochta (1) |
|
|
LEI na cuideachta bainistíochta (1) |
|
|
Cód céannachta náisiúnta na cuideachta bainistíochta (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) (1) |
|
|
Ballstát baile na cuideachta bainistíochta (1) |
|
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
|
Mionsonraí maidir le suíomh gréasáin na cuideachta bainistíochta |
|
|
Sonraí teagmhála na roinne (nó pointe teagmhála) atá freagrach as an bhfógra laistigh den chuideachta bainistíochta |
|
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
|
Uimhir theileafóin |
|
|
Seoladh ríomhphoist |
|
|
Mionsonraí an tríú páirtí (i gcás ina n-ainmníonn an chuideachta bainistíochta tríú páirtí chun an fógra a thabhairt) |
|
|
Tríú páirtí |
|
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí. |
|
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
|
Uimhir theileafóin |
|
|
Seoladh ríomhphoist |
|
|
Pointe teagmhála chun an sonrasc a tharchur nó chun aon táille nó muirir rialála is infheidhme a chur in iúl (más infheidhme) (2) |
|
|
Ainm an eintitis |
|
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
|
Uimhir theileafóin |
|
|
Seoladh ríomhphoist |
|
|
Sonraigh cén seoladh ríomhphoist a sholáthraítear sa roinn seo (pointe teagmhála ag an gcuideachta bainistíochta, pointe teagmhála laistigh den tríú páirtí ceaptha nó pointe teagmhála le haghaidh tharchur an tsonraisc) arb é an seoladh is fearr é ar féidir leis an údarás náisiúnta inniúil óstach aon fhaisnéis rúnda a tharchur chuige (inter alia, faisnéis logála isteach agus pasfhocal chun rochtain a fháil ar na córais náisiúnta le haghaidh tuairisciú) |
|
CUID 2
Aitheantas an toscaire agus na feidhmeanna arna dtarmligean
Déan an fhaisnéis i gCuid 2 a mhacasamhlú le haghaidh gach toscaire agus le haghaidh na bhfeidhmeanna arna dtarmligean
|
Ainm an toscaire |
|
|
Ballstát baile an toscaire |
|
|
Seoladh agus oifig chláraithe/sainchónaí, i gcás nach ionann an seoladh |
|
Déanfaidh an toscaire na gníomhaíochtaí seo a leanas agus soláthróidh sé na seirbhísí seo a leanas sa Bhallstát óstach/sna Ballstáit óstacha thar ceann na cuideachta bainistíochta:
|
☐ |
Bainistíocht infheistíochtaí |
Riarachán
|
☐ |
Seirbhísí cuntasaíochta dlí agus bainistíochta cistí |
|
☐ |
Fiosruithe custaiméara |
|
☐ |
Luacháil agus praghsáil (lena n-áirítear tuairisceáin chánach) |
|
☐ |
Faireachán ar chomhlíonadh rialála |
|
☐ |
Cothabháil chlár na sealbhóirí aonad |
|
☐ |
Dáileadh ioncaim |
|
☐ |
Eisiúintí aonaid agus fuascailtí |
|
☐ |
Socraíochtaí conartha (lena n-áirítear seoladh deimhnithe) |
|
☐ |
Coimeád taifead
|
CUID 3
Ceangaltáin
Conradh i scríbhinn le taisclann GCUI lena mbaineann i mBallstát baile GCUI.
Eile (sonraigh i gcás inarb infheidhme).
______________________________
(Teideal an doiciméid nó ainm an cheangaltáin comhaid leictreonaigh)
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara:
Ní mór na leaganacha is déanaí de na doiciméid a cheanglaítear arna liostú thuas a chur i gceangal leis an litir seo lena dtarchur ar aghaidh ag údaráis inniúla Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta, fiú i gcás inar soláthraíodh cóipeanna don údarás sin roimhe seo. I gcás inar seoladh aon cheann de na doiciméid chuig údaráis inniúla Bhallstát óstach na cuideachta bainistíochta roimhe seo agus ina bhfuil siad fós bailí, féadfar tagairt a dhéanamh don fhíoras sin sa litir fógra.
|
Soláthair an nasc chuig na cóipeanna leictreonacha is déanaí de na ceangaltáin |
|
|
Dáta |
|
|
Ainm agus cáil an tsínitheora |
|
|
Síniú |
|
(1) Ba cheart an mhír seo a líonadh isteach i gcónaí, i gcás nuashonruithe freisin.
(2) Sonraigh pointe teagmhála aonair chun an sonrasc a tharchur nó chun aon táille nó muirear rialála is infheidhme a chur in iúl dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1156 agus in Airteagal 2 de
IARSCRÍBHINN III
Samhail do chumarsáid faisnéise ó údaráis inniúla Bhallstát baile cuideachta bainistíochta chuig údaráis inniúla Bhallstát óstach na cuideachta bainistíochta faoi Airteagal 17(2) nó Airteagal 18(1) de Threoir 2009/65/CE
LITIR FÓGRA
CUMARSÁID FAISNÉISE MAIDIR LE FÓGRA ARNA DHÉANAMH AG CUIDEACHTA BAINISTÍOCHTA FAOINA RÚN NA GNÍOMHAÍOCHTAÍ A BHFUIL SÍ ÚDARAITHE INA LEITH A SHAOTHRÚ I mBALLSTÁT EILE I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 17(2) NÓ AIRTEAGAL 18(1) DE THREOIR 2009/65/CE.
IN ______________________________________ (an Ballstát óstach (na Ballstáit óstacha))
Leis an litir seo an bhfuil faisnéis a soláthraíodh cheana féin i gcumarsáid roimhe seo á leasú? Tá ☐ Níl ☐
I gcás inarb é ‘Tá’ an freagra ar an gceist seo, ná líon isteach ach an fhaisnéis nuashonraithe i gcomparáid leis an gcumarsáid roimhe seo agus sonraigh dáta na cumarsáide roimhe seo: _______________
Clár ábhar
|
CUID 1 |
Faisnéis maidir leis an gcuideachta bainistíochta |
|
CUID 2 |
Faisnéis atá le soláthar ag an gcuideachta bainistíochta de bhun Airteagal 17(1) agus (2) de Threoir 2009/65/CE chun a gníomhaíochtaí a dhéanamh sa Bhallstát óstach nó sna Ballstáit óstacha trí bhrainse |
|
Roinn 1. |
Faisnéis maidir leis an mbrainse |
|
Roinn 2. |
Clár oibríochtaí an bhrainse |
|
Roinn 3. |
Struchtúr eagraíochtúil an bhrainse |
|
Roinn 4. |
Foirceannadh an bhrainse |
|
CUID 3 |
Gníomhaíochtaí atá le déanamh faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar |
CUID 1
Faisnéis maidir leis an gcuideachta bainistíochta
|
Faisnéis maidir leis an gcuideachta bainistíochta |
|
|
An chuideachta bainistíochta (1) |
|
|
LEI na cuideachta bainistíochta (1) |
|
|
Cód céannachta náisiúnta na cuideachta bainistíochta (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) (1) |
|
|
Ballstát baile na cuideachta bainistíochta (1) |
|
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
|
Mionsonraí maidir le suíomh gréasáin na cuideachta bainistíochta |
|
|
Sonraí teagmhála na roinne (nó pointe teagmhála) atá freagrach laistigh den chuideachta bainistíochta |
|
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
|
Uimhir theileafóin |
|
|
Seoladh ríomhphoist |
|
|
Mionsonraí an tríú páirtí (i gcás ina n-ainmníonn an chuideachta bainistíochta tríú páirtí chun an fógra a thabhairt) |
|
|
Tríú páirtí |
|
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
|
Uimhir theileafóin |
|
|
Seoladh ríomhphoist |
|
|
Pointe teagmhála chun an sonrasc a tharchur nó chun aon táille nó muirir rialála is infheidhme a chur in iúl (i gcás inarb infheidhme) (2) |
|
|
Ainm an eintitis |
|
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
|
Uimhir theileafóin |
|
|
Seoladh ríomhphoist |
|
|
Léirigh cén seoladh ríomhphoist i measc na seoltaí a shonraítear sa roinn seo (pointe teagmhála ag an gcuideachta bainistíochta, pointe teagmhála laistigh den tríú páirtí ceaptha nó pointe teagmhála le haghaidh tharchur an tsonraisc) arb é an seoladh is fearr é ar féidir leis an údarás náisiúnta inniúil óstach an fhaisnéis rúnda a tharchur chuige (inter alia, faisnéis logála isteach agus pasfhocal chun rochtain a fháil ar na córais náisiúnta le haghaidh tuairisciú) |
|
Na mionsonraí faoin scéim cúitimh atá beartaithe chun infheisteoirí a chosaint, is féidir teacht orthu sa doiciméad ceangailte dar teideal ‘Sainaithint scéimeanna cúitimh atá beartaithe chun infheisteoirí a chosaint de bhun Airteagail 17(3) agus 18(2) de Threoir 2009/65/CE’.
CUID 2
Faisnéis atá le soláthar ag an gcuideachta bainistíochta de bhun Airteagal 17(1) agus (2) de Threoir 2009/65/CE chun a gníomhaíochtaí a dhéanamh sa Bhallstát óstach nó sna Ballstáit óstacha trí bhrainse
Ní mór an Chuid seo a líonadh isteach i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an gcuideachta bainistíochta brainse a bhunú sa Bhallstát óstach, agus sa chás sin amháin. I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag an gcuideachta bainistíochta a gníomhaíochtaí a dhéanamh sa Bhallstát óstach amháin faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, fágfar an Chuid seo folamh agus líonfar isteach Cuid 3.
Roinn 1. Faisnéis maidir leis an mbrainse
|
Aitheantas an bhrainse |
|
|
Ainm an bhrainse (3) |
|
|
Cód céannachta náisiúnta an bhrainse i mBallstát Baile na cuideachta bainistíochta (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) (3) |
|
|
Cód céannachta náisiúnta an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) (3) |
|
|
Seoladh agus, i gcás inar difriúil leis an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí (3) |
|
|
Mionsonraí maidir le suíomh gréasáin an bhrainse (i gcás nach ionann suíomh gréasáin na cuideachta bainistíochta) |
|
|
An roinn (nó pointe teagmhála) ónar féidir doiciméid a fháil sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
|
|
Roinn (nó pointe teagmhála) |
|
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
|
Uimhir theileafóin |
|
|
Seoladh ríomhphoist |
|
Roinn 2. Clár oibríochtaí an bhrainse
Déanfaidh an brainse na gníomhaíochtaí seo a leanas agus soláthróidh sé na seirbhísí seo a leanas sa Bhallstát óstach/sna Ballstáit óstacha:
|
☐ |
Bainistíocht infheistíochtaí |
|
☐ |
Margú |
Riarachán
|
☐ |
Seirbhísí cuntasaíochta dlí agus bainistíochta cistí |
|
☐ |
Fiosruithe custaiméara |
|
☐ |
Luacháil agus praghsáil (lena n-áirítear tuairisceáin chánach) |
|
☐ |
Faireachán ar chomhlíonadh rialála |
|
☐ |
Cothabháil chlár na sealbhóirí aonad |
|
☐ |
Dáileadh ioncaim |
|
☐ |
Eisiúintí aonaid agus fuascailtí |
|
☐ |
Socraíochtaí conartha (lena n-áirítear seoladh deimhnithe) |
|
☐ |
Coimeád taifead |
Seirbhísí neamhlárnacha
|
☐ |
Punanna infheistíochtaí a bhainistiú, lena n-áirítear iad siúd atá faoi úinéireacht cistí pinsin, i gcomhréir le sainorduithe arna dtabhairt ag infheisteoirí ar bhonn lánroghnach cliant ar chliant, i gcás ina n-áirítear le punanna den sórt sin ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn C a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
|
☐ |
Comhairle infheistíochta a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn C a ghabhann le Treoir 2014/65/AE |
|
☐ |
Cumhdach agus riarachán i ndáil le haonaid gnóthas comhinfheistíochta
|
Roinn 3. Struchtúr eagraíochtúil an bhrainse
|
Tuairisc ar na línte tuairiscithe feidhmiúla, geografacha agus dlíthiúla |
|
|
Tuairisc ar áit an bhrainse i struchtúr corparáideach na cuideachta bainistíochta, nó an ghrúpa ina bhfuil an chuideachta bainistíochta ina comhalta de ghrúpa |
|
|
Tuairisc ar na rialacha atá i bhfeidhm maidir le tuairisciú ag an mbrainse chuig ceannoifig na cuideachta bainistíochta |
|
|
Tuairisc ar an bpróiseas um bainistíocht riosca a chuireann an chuideachta bainistíochta i bhfeidhm ar leibhéal an bhrainse ar bhonn Airteagail 40 go 43 de Threoir 2010/43/AE ón gCoimisiún (5) |
|
|
Achoimre ar na córais agus ar na rialuithe atá i bhfeidhm ar leibhéal an bhrainse mar a leagtar amach in Airteagal 1(3)(f) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/911 ón gCoimisiún (6) |
|
|
Tuairisc ar na socruithe chun na rialacha atá tarraingthe suas ag Ballstát óstach na cuideachta bainistíochta a chomhlíonadh de bhun Airteagal 14 de Threoir 2009/65/CE |
|
|
Tuairisc ar na nósanna imeachta a cuireadh i bhfeidhm, agus ar na hacmhainní daonna agus ábhartha a leithdháileadh, chun na hoibleagáidí a chomhlíonadh maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac |
|
|
Cairt eagraíochta an bhrainse |
|
Roinn 4. Foirceannadh an bhrainse
Níor cheart an roinn seo a líonadh isteach i bhfógra tosaigh. Níor cheart í a líonadh isteach ach amháin i gcás nuashonrú ar fhógra tosaigh, i gcás ina mbeartaítear an brainse a fhoirceannadh.
|
Mionsonraí agus próisis chun na hoibríochtaí gnó a fhoirceannadh, lena n-áirítear mionsonraí faoi na bearta chun leasanna infheisteoirí sa Bhallstát óstach a chosaint, conas a réitítear gearáin agus urscaoileadh aon dliteanas gan íoc. |
|
|
Sceideal an fhoirceanta bheartaithe. |
|
Cuid 3
Gníomhaíochtaí atá le déanamh faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar
Ní mór an Chuid seo a líonadh i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an gcuideachta bainistíochta a gníomhaíochtaí a dhéanamh sa Bhallstát óstach faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, agus sa chás sin amháin. I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag an gcuideachta bainistíochta a gníomhaíochtaí a dhéanamh sa Bhallstát óstach amháin trí bhrainse, fágfar an Chuid seo folamh agus líonfar isteach Cuid 2.
Déanfaidh an chuideachta bainistíochta na gníomhaíochtaí seo a leanas agus soláthróidh sé na seirbhísí seo a leanas sa Bhallstát óstach/sna Ballstáit óstacha:
|
☐ |
Bainistíocht infheistíochtaí |
|
☐ |
Margú |
Riarachán
|
☐ |
Seirbhísí cuntasaíochta dlí agus bainistíochta cistí |
|
☐ |
Fiosruithe custaiméara |
|
☐ |
Luacháil agus praghsáil (lena n-áirítear tuairisceáin chánach) |
|
☐ |
Faireachán ar chomhlíonadh rialála |
|
☐ |
Cothabháil chlár na sealbhóirí aonad |
|
☐ |
Dáileadh ioncaim |
|
☐ |
Eisiúintí aonaid agus fuascailtí |
|
☐ |
Socraíochtaí conartha (lena n-áirítear seoladh deimhnithe) |
|
☐ |
Coimeád taifead |
Seirbhísí neamhlárnacha
|
☐ |
Punanna infheistíochtaí a bhainistiú, lena n-áirítear iad siúd atá faoi úinéireacht cistí pinsin, i gcomhréir le sainorduithe arna dtabhairt ag infheisteoirí ar bhonn lánroghnach cliant ar chliant, i gcás ina n-áirítear le punanna den sórt sin ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn C a ghabhann le Treoir 2014/65/AE |
|
☐ |
Comhairle infheistíochta a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn C a ghabhann le Treoir 2014/65/AE |
|
☐ |
Cumhdach agus riarachán i ndáil le haonaid gnóthas comhinfheistíochta
|
(1) Ba cheart an mhír seo a líonadh isteach i gcónaí, i gcás nuashonruithe freisin.
(2) Léirigh pointe teagmhála aonair chun an sonrasc a tharchur nó chun aon táille nó muirear rialála is infheidhme a chur in iúl dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1156 agus in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/955 ón gCoimisiún. Féadfaidh an pointe teagmhála sin a bheith mar an gcéanna leis an bpointe teagmhála a ainmnítear laistigh den chuideachta bainistíochta, nó pointe teagmhála laistigh de thríú páirtí ceaptha.
(3) Ba cheart an mhír seo a líonadh isteach i gcónaí, i gcás nuashonruithe freisin, ina soláthraítear faisnéis a bhaineann leis an mbrainse.
(4) IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.
(5) IO L 176, 10.7.2010, lch. 42.
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/911 ón gCoimisiun an 15 Nollaig 2023 lena bhforlíontar Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an fhaisnéis atá le fógairt i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann cuideachtaí bainistíochta agus gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI)
IARSCRÍBHINN IV
Fianú ón údarás inniúil ar scéimeanna cúitimh atá beartaithe chun infheisteoirí a chosaint de bhun Airteagal 17(3), an chéad fhomhír, agus Airteagal 18(2), an dara fomhír, de Threoir 2009/65/CE
FIANÚ ARNA BHUNÚ AG ______________________________ (ainm údarás inniúil Bhallstáit baile na cuideachta bainistíochta)
Roinn 1. An Roinn atá freagrach as an bhfianú seo a bhunú laistigh d’údarás inniúil Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta
|
Rannóg |
|
|
Seoladh an údaráis inniúil |
|
|
Seoladh ríomhphoist na roinne a bhunaíonn an ráiteas |
|
Roinn 2. Aitheantas na cuideachta bainistíochta a mbaineann an fianú seo di
|
An chuideachta bainistíochta |
|
|
LEI na cuideachta bainistíochta |
|
|
Cód céannachta náisiúnta na cuideachta bainistíochta (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
|
|
Ballstát baile na cuideachta bainistíochta |
|
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
Roinn 3. Aitheantas na scéime cúitimh d’infheisteoirí
|
Scéim cúitimh d’infheisteoirí |
|
|
Seoladh na scéime cúitimh d’infheisteoirí |
|
|
Oifig chláraithe/sainchónaí na scéime cúitimh d’infheisteoirí i gcás inar difriúil lena seoladh |
|
|
Mionsonraí maidir le suíomh gréasáin na scéime cúitimh d’infheisteoirí |
|
(Déanfaidh ionadaí ó údarás inniúil Bhallstát baile GCUI an fianú a shíniú agus a dhátú. Cuirfidh an sínitheoir a ainm iomlán agus a cháil in iúl.)
|
Dáta |
|
|
Ainm agus cáil an tsínitheora |
|
|
Síniú |
|
IARSCRÍBHINN V
Fianú ón údarás inniúil ar údarú cuideachta bainistíochta faoi Airteagal 17(3), an tríú fomhír, agus Airteagal 18(2), an tríú fomhír, de Threoir 2009/65/CE
FIANÚ ARNA BHUNÚ AG ________________________ (Ainm údarás inniúil Bhallstáit baile na cuideachta bainistíochta)
Roinn 1. An Roinn atá freagrach as an bhfianú a bhunú laistigh d’údarás inniúil Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta
|
Rannóg |
|
|
Seoladh an údaráis inniúil |
|
|
Seoladh ríomhphoist na roinne a bhunaíonn an ráiteas |
|
Roinn 2. Aitheantas na cuideachta bainistíochta
|
An chuideachta bainistíochta |
|
|
LEI na cuideachta bainistíochta |
|
|
Cód céannachta náisiúnta na cuideachta bainistíochta (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
|
|
Ballstát baile na cuideachta bainistíochta |
|
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
|
Mionsonraí maidir le suíomh gréasáin na cuideachta bainistíochta |
|
Roinn 3. Raon feidhme údarú na cuideachta bainistíochta
Rinne ___________________________ (ainm an údaráis inniúil baile) an chuideachta bainistíochta a údarú i(n)/sa(n) _________________________ (ainm an Bhallstáit baile) chun na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh agus na seirbhísí seo a leanas a sholáthar:
|
☐ |
Bainistíocht infheistíochtaí |
|
☐ |
Margú |
Riarachán
|
☐ |
Seirbhísí cuntasaíochta dlí agus bainistíochta cistí |
|
☐ |
Fiosruithe custaiméara |
|
☐ |
Luacháil agus praghsáil (lena n-áirítear tuairisceáin chánach) |
|
☐ |
Faireachán ar chomhlíonadh rialála |
|
☐ |
Cothabháil chlár na sealbhóirí aonad |
|
☐ |
Dáileadh ioncaim |
|
☐ |
Eisiúintí aonaid agus fuascailtí |
|
☐ |
Socraíochtaí conartha (lena n-áirítear seoladh deimhnithe) |
|
☐ |
Coimeád taifead |
Seirbhísí neamhlárnacha
|
☐ |
Punanna infheistíochtaí a bhainistiú, lena n-áirítear iad siúd atá faoi úinéireacht cistí pinsin, i gcomhréir le sainorduithe arna dtabhairt ag infheisteoirí ar bhonn lánroghnach cliant ar chliant, i gcás ina n-áirítear le punanna den sórt sin ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn C a ghabhann le Treoir 2014/65/AE |
|
☐ |
Comhairle infheistíochta a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na hionstraimí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn C a ghabhann le Treoir 2014/65/AE |
|
☐ |
Cumhdach agus riarachán i ndáil le haonaid gnóthas comhinfheistíochta |
|
Tá an chuideachta bainistíochta faoi réir na srianta seo a leanas maidir le cineálacha GCUI atá sé údaraithe a bhainistiú (i gcás inarb infheidhme) |
|
(Déanfaidh ionadaí ó údarás inniúil Bhallstát baile na cuideachta bainistíochta an fianú a shíniú agus a dhátú. Cuirfidh an sínitheoir a ainm iomlán agus a cháil in iúl.)
|
Dáta |
|
|
Ainm agus cáil an tsínitheora |
|
|
Síniú |
|
IARSCRÍBHINN VI
Fianú ón údarás inniúil faoi Airteagal 93(3), an dara fomhír, de Threoir 2009/65/CE
FIANÚ ARNA BHUNÚ AG ______________________________________________ (ainm údarás inniúil Bhallstáit baile GCUI)
Roinn 1. An Roinn atá freagrach as an bhfianú a bhunú laistigh d’údarás inniúil Bhallstát baile GCUI
|
Rannóg |
|
|
Seoladh an údaráis inniúil |
|
|
Seoladh ríomhphoist na roinne a bhunaíonn an ráiteas |
|
Roinn 2. Aitheantas GCUI a ndéanfar a aonaid a mhargú sa Bhallstát óstach
Líon isteach an tábla thíos le faisnéis maidir le gach GCUI a dtugtar fógra faoi lena mhargú sa Bhallstát óstach. I gcás ina bhfuil GCUI i bhfoirm scáth-GCUI le roinnt deighleog nó fochistí, tuigfear le tagairtí do GCUI sa tábla thíos go dtagraíonn siad don deighleog nó don fhochiste atá le margú sa Bhallstát óstach seachas do scáth-GCUI, a shainaithneofar ar leithligh sa cholún comhfhreagrach.
|
Ainm GCUI |
Ainm scáth-GCUI (i gcás inarb infheidhme) |
Foirm dhlíthiúil (1) |
LEI GCUI (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
Dáta an údaraithe |
Cód céannachta náisiúnta GCUI (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
Fad GCUI (i gcás inarb infheidhme) |
An chuideachta bainistíochta (2) |
LEI na cuideachta bainistíochta |
Cód céannachta náisiúnta na cuideachta bainistíochta (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Roinn 3. Fianú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2009/65/CE
Deimhníonn an sínitheoir thíos go gcomhlíonann GCUI arna shainaithint i roinn 2 den fhianú seo na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2009/65/CE agus go bhféadfaidh siad
a n-aonaid a mhargú i(n)/sa(n) __________________________________ (an Ballstát óstach).
(Déanfaidh ionadaí ó údarás inniúil Bhallstát baile GCUI an fianú a shíniú agus a dhátú. Cuirfidh an sínitheoir a ainm iomlán agus a cháil in iúl.)
|
Dáta |
|
|
Ainm agus cáil an tsínitheora |
|
|
Síniú |
|
(1) Tá ceann díobh seo a leanas i gceist leis an bhfoirm dhlíthiúil: comhchiste, iontaobhas aonad nó cuideachta infheistíochta.
(2) Ní shainaithneofar an chuideachta bainistíochta ach amháin i gcás GCUIeanna a bhainistítear go seachtrach. I gcás cuideachtaí infheistíochta a bhainistítear go hinmheánach, fág bán.
IARSCRÍBHINN VII
Samhail don teachtaireacht ó údaráis inniúla Bhallstát baile cuideachta bainistíochta chuig údaráis inniúla Bhallstát óstach na cuideachta bainistíochta faoi Airteagal 17(2), litir (d) de Threoir 2009/65/CE
LITIR FÓGRA
FÓGRA DO DHAOINE ATÁ FREAGRACH AS BRAINSE (1) A BHAINEANN LE RÚN CUIDEACHTA BAINISTÍOCHTA BRAINSE A BHUNÚ I mBALLSTÁT EILE SEACHAS A BHALLSTÁT BAILE I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 17, MÍR (2), LITIR (D), DE THREOIR 2009/65/CE.
IN ______________________________________(an Ballstát óstach)
|
Aitheantas na cuideachta bainistíochta |
|
|
An chuideachta bainistíochta |
|
|
LEI na cuideachta bainistíochta |
|
|
Cód céannachta náisiúnta na cuideachta bainistíochta (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
|
|
Ballstát baile na cuideachta bainistíochta |
|
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
|
Aitheantas an bhrainse |
|
|
Ainm an bhrainse |
|
|
Cód céannachta náisiúnta an bhrainse i mBallstát baile na cuideachta bainistíochta (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
|
|
Cód céannachta náisiúnta an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe (i gcás ina mbeidh sé ar fáil) |
|
|
Seoladh agus, i gcás nach ionann an seoladh, oifig chláraithe/sainchónaí |
|
An bhfuil fógra á thabhairt agat faoi leasuithe ar fhaisnéis a soláthraíodh cheana féin i bhfógra tosaigh? Tá ☐ Níl ☐
I gcás inarb é ‘Tá’ an freagra ar an gceist seo, aibhsigh thíos an fhaisnéis nuashonraithe i gcomparáid leis an bhfógra roimhe seo agus sonraigh dáta an fhógra roimhe seo: ________________
FÓGRA FAOI DHUINE ATÁ FREAGRACH AS:
|
☐ |
Bainistíocht an bhrainse |
|
☐ |
Foirceannadh oibríochtaí an bhrainse (2)
|
||||||||||||||||||||||||||
(1) Ná cuir isteach ach foirm amháin ar leithligh le haghaidh gach duine ábhartha agus foirm amháin in aghaidh gach comhaid leictreonaigh.
(2) Níor cheart fógra faoi dhuine atá freagrach as an mbrainse a fhoirceannadh a líonadh mar nuashonrú ach amháin i gcás ina bhfuil sé beartaithe go ndéanfar an brainse a fhoirceannadh.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/910/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)