European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/908

20.3.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/908 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Eanáir 2024

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le líon agus ainmneacha Phainéal Eolaíoch buan an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos na prionsabail ghinearálta agus na ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (1), agus go háirithe Airteagal 28(4), an dara fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 28 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 bunaítear deich bpainéal eolaíocha atá freagrach as na tuairimí eolaíocha ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) a sholáthar laistigh dá réimsí inniúlachta féin. I measc na bpainéal sin, áirítear an Painéal ar ábhair a bhíonn i dtadhall le bia, einsímí, agus áiseanna próiseála.

(2)

Mar gheall ar fhorbairtí teicniúla agus eolaíocha leanúnacha a fhágann go bhfuil an próiseas measúnaithe riosca níos casta mar aon leis an gá atá ann líon ard tuairimí eolaíocha a ghlacadh gach bliain, tá deacrachtaí le sárú ag an bPainéal ar ábhair a bhíonn i dtadhall le bia, einsímí, agus áiseanna próiseála maidir lena ualach oibre a bhainistiú, agus maidir leis an saineolas atá de dhíth.

(3)

Dá réir sin, an 1 Lúnasa 2023 chuir an tÚdarás iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin go roinnfí an Painéal ar ábhair a bhíonn i dtadhall le bia, einsímí, agus áiseanna próiseála ina dhá phainéal nuachruthaithe. Is é is aidhm don roinnt sin aghaidh a thabhairt ar na hiarratais atá ar feitheamh le haghaidh tuairimí eolaíocha i réimse einsímí bia i bhfianaise an ualaigh oibre mhéadaithe mar aon le castacht eolaíoch agus theicniúil an phróisis measúnaithe riosca, chun tacú le hobair an Choimisiúin maidir le liosta Aontais d’einsímí bia údaraithe a bhunú, i measc nithe eile, agus chun leanúint ag an am céanna den obair i gcúrsaí a bhaineann le hábhair a bhíonn i dtadhall le bia.

(4)

Le cruthú an dá phainéal nua sin tá coinne leis go bhfeabhsófar éifeachtúlacht agus éifeachtacht oibríochtúil obair eolaíoch an Údaráis lena léirítear na forbairtí teicniúla agus eolaíocha sna réimsí éagsúla sin. Ba cheart obair na bpainéal nua a bheith dírithe ar réimsí a bhaineann le heinsímí bia agus ábhair a bhíonn i dtadhall le bia, rud a fhágann go mbeidh gá le saineolais níos doimhne i gcomhdhéanamh na bpainéal agus tacaíocht á tabhairt do dháileadh éifeachtúil an ualaigh oibre an tráth céanna.

(5)

Is iomchuí agus is gá, dá bhrí sin, an Painéal ar ábhair a bhíonn i dtadhall le bia, einsímí, agus áiseanna próiseála a roinnt ina dhá phainéal nuachruthaithe darb ainm ‘an Painéal um einsímí bia’ agus ‘an Painéal um ábhair a bhíonn i dtadhall le bia’ faoi seach. D’fhéadfadh sé go dtiocfadh measúnú áiseanna próiseála faoi fhreagracht an dá phainéal nuachruthaithe araon, de réir charachtar na háise próiseála atá á breithniú agus an úsáid atá beartaithe di. Dá bhrí sin, ní gá an tagairt shonrach d’áiseanna próiseála a áireamh i dteidil na bpainéal nuachruthaithe, chun go mbeidh solúbthacht ann a measúnú a shannadh don phainéal is ábhartha.

(6)

Beidh deireadh le téarma oifige reatha an Phainéil ar ábhair a bhíonn i dtadhall le bia, einsímí, agus áiseanna próiseála an 30 Meitheamh 2024. Ba cheart an dá phainéal nua a bheith ag feidhmiú ón 1 Iúil 2024. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Iúil 2024.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 28(4) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

‘(j)

an Painéal um einsímí bia;’

(2)

cuirtear an pointe nua (k) seo a leanas isteach:

‘(k)

an Painéal um ábhair a bhíonn i dtadhall le bia.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Eanáir 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 31, 1.2.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/178/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/908/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)