|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/907 |
26.3.2024 |
MOLADH (AE) 2024/907 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Márta 2024
maidir le faireachán a dhéanamh ar nicil i mbia
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is comhpháirt fhorleathan de screamh an Domhain í an nicil agus tá sí uileláithreach sa bhithsféar. Is féidir foinsí nádúrtha agus foinsí antrapaigineacha araon a bheith ina gcúis lena láithreacht i mbia. |
|
(2) |
In 2015 ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) an tuairim eolaíoch uaidh maidir leis na rioscaí don tsláinte phoiblí a bhaineann le láithreacht nicile i mbia agus in uisce óil (1). Sa tuairim sin sainaithníodh gurb í an tocsaineacht atáirgthe agus fhorbarthach an iarmhairt chriticiúil maidir le saintréithriú riosca an nochta ainsealaigh do nicil tríd an mbéal. Sainaithníodh gurb iad ráigeanna frithghníomhuithe eachma agus treisiú frithghníomhuithe ailléirgeacha an iarmhairt chriticiúil a thagann as nochtadh géar do nicil tríd an mbéal i gcás daoine atá íograithe i leith nicile. |
|
(3) |
Bhí na sonraí a bhaineann le teacht chun cinn nicile i mbia agus in uisce óil le fáil i 15 Bhallstát den Aontas. Ós rud é gur in aon Bhallstát amháin a bailíodh 80 % de na sonraí iomlán a bailíodh, áfach, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go mbeadh gá le tacar sonraí níos éagsúla ó thaobh geografaíochta de chun teacht chun cinn nicile a fhíorú i mbia ar fud an Aontais. |
|
(4) |
Chun tuilleadh sonraí a bhailiú maidir le nicil i mbia, moladh do na Ballstáit, le Moladh (AE) 2016/1111 (2) ón gCoimisiún, faireachán a dhéanamh ar láithreacht nicile i mbia in 2016, 2017 agus 2018. |
|
(5) |
Agus na sonraí teacht chun cinn nua sin á gcur san áireamh chomh maith le hinfhaighteacht na faisnéise eolaíche nua, an 24 Meán Fómhair 2020 ghlac an tÚdarás nuashonrú ar an measúnú riosca ar nicil i mbia agus in uisce óil (3). |
|
(6) |
Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh nicil a bheith ina cúis le hiarmhairtí ainsealacha agus iarmhartaí géara araon. Ar bhonn iarmhairt chriticiúil ainsealach na cailliúna toirchis, rinneadh amach iontógáil laethúil infhulaingthe (TDI) 13 μg/kg meáchain coirp agus tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur sáraíodh an TDI sin i lapadáin, i leanaí idir 36 mhí agus 10 mbliana d’aois agus, i roinnt cásanna, i naíonáin. Cé nach iarmhairt ábhartha í an chailliúint toirchis do na haoisghrúpaí óga, is cosaint é an TDI ar iarmhairtí eile atá ábhartha do na haoisghrúpaí níos óga, ar nós iarmhairtí néarthocsaineacha. Dá bhrí sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh sárú sin an TDI a bheith ina ábhar imní maidir le sláinte sna haoisghrúpaí óga sin. Dheimhnigh an tÚdarás gur ráigeanna frithghníomhuithe eachma sa chraiceann a spreagtar i ndaoine atá íograithe i leith nicile atá i gceist leis an iarmhairt chriticiúil ghéar, rud a bhaineann le thart ar 15 % den daonra. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gurb é 4,3 μg nicil/kg meáchain coirp an leibhéal éifeachta díobhálaí is ísle a breathnaíodh i leith na hiarmhairte sin agus go bhfuil gá le corrlach nochta 30 nó níos airde chun cosaint a thabhairt ar an iarmhairt sin. Ní bhaintear amach an corrlach nochta sin 30 i gcás na meán-nochta agus nochtadh an 95ú peircintíl, rud ar ábhar imní é maidir le daoine atá íograithe i leith nicile. |
|
(7) |
Agus na sonraí teacht chun cinn atá ar fáil á gcur san áireamh, bunaíodh uasleibhéil le haghaidh nicile i mbianna éagsúla le Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún (4). |
|
(8) |
Mar sin féin, i gcás roinnt bianna, a chuireann go hábhartha lenochtadh do nicil, níor leor na sonraí teacht chun cinn a bhí ar fáil chun na huasleibhéil iomchuí a dhéanamh amach. Dá bhrí sin, ba cheart tuilleadh sonraí teacht chun cinn a bhailiú i ndáil leis na bianna sin. Go háirithe, chun an méid a chuireann speicis éagsúla éisc agus bia mara eile le cion nicile an bhia do naíonáin, ba cheart faireachán a dhéanamh ar iasc agus ar bhia mara eile a úsáidtear chun an bia sin a mhonarú. |
|
(9) |
Chun a áirithiú go mbeidh na samplaí ionadaíoch don luchtóg shampláilte agus go mbeidh na torthaí anailíseacha iontaofa inchomparáide, ba cheart Rialachán (CE) Uimh.3 33/2007 ón gCoimisiún (5) a leanúint, |
AG MOLADH LEIS SEO:
|
1. |
Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhar le hoibreoirí gnó bia, faireachán a dhéanamh ar láithreacht na nicile i mbia linn na mblianta 2025, 2026 agus 2027. |
|
2. |
Ba cheart a áireamh san fhaireachán forbhianna, seacláid, leatháin seacláide, leatháin chnó, pónairí cócó, táirgí gránachbhunaithe (go háirithe gránaigh bhricfeasta, calóga gránaigh agus táirgí muilleoireachta coirce), anraithí réidh le hithe, caife, tae, glasraí, feamainn, olashíolta, táirgí soighe, amhail deochanna tófú agus soighe, piseánaigh, cnónna, éisc agus bia mara eile. |
|
3. |
Ba cheart do na Ballstáit, i gcás inar gá, eolas a bhailiú maidir le bearta maolúcháin chun leibhéil nicile i mbia a laghdú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go gcuirfear modhanna maolúcháin aitheanta in iúl d’fheirmeoirí agus d’oibreoirí gnó bia, go gcuirfear chun cinn iad go héifeachtach agus go gcuirfidh feirmeoirí agus oibreoirí gnóí bia na bearta maolúcháin sin chun feidhme de réir a chéile. |
|
4. |
Ba cheart na nósanna imeachta samplála agus na hanailísí a dhéanamh i gcomhréir leis na ceanglais maidir le sampláil agus anailísiú a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 333/2007. |
|
5. |
Ba cheart do na Ballstáit agus do na hoibreoirí gnólachta bia na sonraí faireacháin a sholáthar don Údarás go tráthrialta, mar aon leis an bhfaisnéis, agus ba cheart iad a bheith san fhormáid tuairiscithe leictreonach atá leagtha amach ag an Údarás, lena dtiomsú in aon bhunachar sonraí amháin. I gcás samplaí seacláide, ba cheart cion na solad cócó sa sampla a shonrú. I gcás samplaí tae, ba cheart an cineál nó an speiceas tae, lena n-áirítear a ainm Laidine, a shonrú. I gcás na feamainne, ba cheart an speiceas, lena n-áirítear a ainm Laidine, a thuairisciú agus cé acu le feamainn úr nó le feamainn thirim a bhaineann na sonraí. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) Painéal EFSA maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra (CONTAM); Tuairim Eolaíoch maidir leis na rioscaí don tsláinte phoiblí a bhaineann le láithreacht nicile i mbia agus in uisce óil. EFSA Journal [Iris EFSA] 2015;13(2):4002, https://efsa.onlinelibrary.wiley.com/doi/epdf/10.2903/j.efsa.2015.4002.
(2) Moladh ón gCoimisiún (AE) 2016/1111 an 6 Iúil 2016 maidir le faireachán a dhéanamh ar nicil i mbia (IO L 183, 8.7.2016, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2016/1111/oj).
(3) Painéal EFSA maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra (CONTAM); Tuairim Eolaíoch maidir le nuashonrú ar an measúnú riosca ar nicil i mbia agus in uisce óil. EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(11):6268, https://efsa.onlinelibrary.wiley.com/doi/epdf/10.2903/j.efsa.2020.6268.
(4) Rialachán (AE) 2023/915 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 maidir le huasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 (IO L 119, 5.5.2023, lch. 103, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/915/oj).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 333/2007 ón gCoimisiún an 28 Márta 2007 lena leagtar síos modhanna samplála agus anailísithe chun rialú a dhéanamh ar na leibhéil riandúl agus éilleán próiseála i mbia-earraí (IO L 88, 29.3.2007, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/333/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/907/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)