European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/890

19.3.2024

CINNEADH (CBES) 2024/890 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Márta 2024

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/509 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1), 41(2), 42(4) agus 30(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, le tacaíocht ón gCoimisiún,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna conclúidí uaithi an 29 agus an 30 Meitheamh 2023, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go bhfuil an tAontas réidh le tacaíocht mhíleata inbhuanaithe a chur ar fáil don Úcráin fad a bheidh sí ag teastáil, go háirithe trí Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) agus tríd an tSaoráid Eorpach Síochána (‘an tSaoráid’) mar chuid d’iarrachtaí foriomlána an Aontais rannchuidiú, i gcomhar leis na comhpháirtithe, le gealltanais slándála don Úcráin amach anseo, rud a chuideoidh leis an Úcráin í féin a chosaint san fhadtéarma.

(2)

Sna conclúidí uaithi an 26 agus an 27 Deireadh Fómhair 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go leanfaí den tacaíocht mhíleata don Úcráin, go háirithe tríd an tSaoráid agus trí EUMAM Ukraine, mar aon le cúnamh déthaobhach ó na Ballstáit. Leag an Chomhairle Eorpach béim ar a thábhachtaí atá iarrachtaí na mBallstát agus, an gá atá le dlús a chur, láithreach, le seachadadh na tacaíochta míleata don Úcráin chun cabhrú léi freastal ar a riachtanais phráinneacha mhíleata agus chosanta, lena n-áirítear diúracáin agus armlón, go háirithe faoi thionscnamh an mhilliúin urchar armlóin airtléire, chomh maith le córais aerchosanta chun a muintir agus a bonneagar criticiúil agus fuinnimh a chosaint. San fhadtéarma, tá an tAontas agus na Ballstáit, i gcomhar lena gcomhpháirtithe, le rannchuidiú le comhlíonadh na ngealltanas slándála don Úcráin amach anseo, rud a chuideoidh leis an Úcráin í féin a chosaint, a chuirfidh in aghaidh na n-iarrachtaí díchobhsúcháin agus a chuirfidh bac ar ghníomhartha foghacha amach anseo.

(3)

Sna conclúidí uaithi an 14 agus an 15 Nollaig 2023, chinn an Chomhairle Eorpach go leanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit d’aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha mhíleata agus chosanta na hÚcráine. Go háirithe, leag an Chomhairle Eorpach béim ar a thábhachtaí atá sé tacaíocht mhíleata, thráthúil, intuartha agus inbhuanaithe a thabhairt don Úcráin, go mór mór tríd an tSaoráid agus trí EUMAM Ukraine, agus trí chúnamh déthaobhach ó na Ballstáit. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle dlús a chur leis an obair maidir leis an tSaoráid a athchóiriú agus maidir lena maoiniú a mhéadú tuilleadh, ag tógáil ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’).

(4)

Sna conclúidí uaithi an 1 Feabhra 2024, rinne an Chomhairle Eorpach athbhreithniú ar an obair sa Chomhairle maidir le tacaíocht mhíleata don Úcráin agus an méadú ar a huasteorainn airgeadais fhoriomlán. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle teacht ar chomhaontú faoi thús mhí an Mhárta 2024 chun Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1) a leasú ar bhonn togra ón Ardionadaí maidir le Ciste Cúnaimh don Úcráin agus ar bhonn na bpríomh-mhodúlachtaí atá beartaithe, agus moltaí ó na Ballstáit á gcur san áireamh.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, uasteorainn airgeadais na Saoráide a mhéadú EUR 5 000 milliún (i bpraghsanna reatha) a thiomnófar chun leanúint d’aghaidh a thabhairt ar riachtanais Fhórsaí Armtha na hÚcráine trí thacaíocht a thabhairt chun tacaíocht mhíleata agus oiliúint mhíleata mharfach agus neamh-mharfach araon a sholáthar (‘an méid tiomnaithe’).

(6)

Roimh ghlacadh an Chinnidh seo, soláthraíodh treoshuíomh straitéiseach don mhéid tiomnaithe, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Chinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle. Tá an Coiste um an tSaoráid arna bhunú faoi Airteagal 11 de Chinneadh (CBES) 2021/509 le cinneadh a dhéanamh maidir le húsáid an mhéid tiomnaithe, de bhun Airteagal 2(3) den Chinneadh sin, tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis ghlacadh an Chinnidh seo.

(7)

Agus uasteorainn mhéadaithe airgeadais na Saoráide á cur chun feidhme, ba cheart uasteorainn na n-íocaíochtaí a comhaontaíodh le haghaidh 2024 a urramú agus ba cheart é a struchtúrú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na príomhghnéithe agus na modúlachtaí a leagtar amach in Aithrisí 8 go 14 den Chinneadh seo.

(8)

Ba cheart tacaíocht mhíleata don Úcráin faoin méid tiomnaithe a bheith á tiomáint i gcónaí ag riachtanais Fhórsaí Armtha na hÚcráine, de réir mar a bheidh siad ag teacht chun cinn, ag féachaint le breisluach an Aontais a uasmhéadú agus iarrachtaí déthaobhacha a chomhlánú, agus ba cheart í a chur in iúl trí chur chuige níos struchtúrtha, níos éifeachtúla agus níos pragmataí, lena mbaintear úsáid as soláthar comhpháirteach méadaithe ó thionscal cosanta na hEorpa (agus ón Iorua).

(9)

Leis an soláthar comhpháirteach méadaithe chun riachtanais na hÚcráine a chomhlíonadh faoin méid tiomnaithe sin, ba cheart tarraingt, inter alia, ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón tionscnamh armlóin trí riain, lena n-áirítear a thábhachtaí atá sé leas a bhaint as struchtúir soláthair náisiúnta a fheidhmíonn go maith mar aon le creatchonarthaí atá ann cheana, leas a bhaint as cur chuige na náisiún ceannais agus as an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC), agus lena n-áirítear soláthar comhpháirteach an trealaimh cosanta is gá ó thionscal cosanta na hEorpa agus ón Iorua a áireamh, lena n-áirítear FBManna, agus solúbthacht i slabhraí soláthair a cheadú ag an am céanna i gcás inar gá, lena bhféadfar oibreoirí atá bunaithe nó a bhfuil a dtáirgeadh lasmuigh den Aontas nó den Iorua a áireamh. Déanfar na forálacha is gá a leagan amach i mbearta cúnaimh aonair le haghaidh soláthar comhpháirteach ó thionscal cosanta na hEorpa (agus ón Iorua), agus na comhghuaillíochtaí cumais faoi Ghrúpa Teagmhála Cosanta na hÚcráine (UDCG) á gcur san áireamh, agus i gcomhréir le rialacha cur chun feidhme na Saoráide. Ba cheart tionscnaimh lena dtugtar comhpháirtithe thionscal cosanta na hEorpa agus na hÚcráine le chéile, lena n-áirítear trí chomhfhiontair, a chur chun cinn, agus leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát á gcur san áireamh.

(10)

Ba cheart aisíocaíocht sheachadtaí eile na mBallstát ó stoic, ceannacháin aontaobhacha agus chomhpháirteacha trealaimh atá ar fáil ar an margadh, agus soláthar aontaobhach) faoin méid tiomnaithe a theorannú tar éis idirthréimhse, faoi réir measúnú sa Choiste um an tSaoráid agus riachtanais mhíleata tosaíochta na hÚcráine á gcur san áireamh, a luaithe a bheidh an méid tiomnaithe ag éirí gann. Leanfaidh na seachadtaí sin de bheith incháilithe go dtí dáta atá le cinneadh ag an gComhairle de bhun Airteagal 2(4) de Chinntí (CBES) 2022/338 (2) agus (CBES) 2022/339 (3) ón gComhairle, agus riachtanais mhíleata tosaíochta na hÚcráine á gcur san áireamh. Le linn na hidirthréimhse thuasluaite, ba cheart tosaíocht a thabhairt, le seachadtaí na mBallstát ó sholáthar comhpháirteach a tugadh i gcrích faoi chuimsiú na gcomhghuaillíochtaí cumais faoin nGrúpa Teagmhála um Chosaint na hÚcráine (UDCG), do thionscal cosanta na hEorpa (agus don Iorua), agus solúbthacht a cheadú go heisceachtúil i gcásanna nach féidir leis an ngrúpa seachadadh a dhéanamh laistigh de thréimhse ama atá comhoiriúnach le riachtanais na hÚcráine, i gcomhréir le rialacha cur chun feidhme na Saoráide.

(11)

Le tacaíocht mhíleata faoin méid tiomnaithe, ba cheart a áirithiú go leanfar de ‘oiliúint agus trealamh’ a sholáthraítear trí EUMAM Ukraine, i gcomhréir le riachtanais oiliúna Fhórsaí Armtha na hÚcráine de réir mar a bheidh siad ag teacht chun cinn.

(12)

Ba cheart socruithe rialachais a fheabhsú agus an méid tiomnaithe á chur chun feidhme, inter alia, trí mhodheolaíocht luachála athbhreithnithe, atá le comhaontú ag an gCoiste um an tSaoráid, le haghaidh sheachadtaí na mBallstát ó stoic ón 18 Márta 2024, trí ráta aisíocaíochta seasta a bhunú, agus trí úsáid a bhaint as an bhféidearthacht luach na haisíocaíochta a bheidh le fáil ag Ballstát don tacaíocht chomhchineáil (4) faoin tSaoráid a fhritháireamh in aghaidh a ghnáth-ranníocaíochtaí airgeadais atá dlite an bhliain chéanna, i gcomhréir le rialacha cur chun feidhme na Saoráide agus le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. Ní dhéanann an fritháireamh a chuirtear i bhfeidhm maidir le Ballstát amháin difear do ranníocaíochtaí na mBallstát eile ná do leachtacht na Saoráide.

(13)

Déanfar tacaíocht mhíleata a sholáthar agus lánurraim á tabhairt do bheartas slándála agus cosanta Ballstát áirithe, lena n-áirithítear trédhearcacht agus inrianaitheacht na tacaíochta arna maoiniú ag an tSaoráid, agus leasanna slándála agus cosanta gach Ballstát á gcur san áireamh.

(14)

Go heisceachtúil, i gcás ina bhfuil dearbhú foirmiúil déanta ag Ballstát faoin dara fomhír d’Airteagal 31(1) CAE agus inar staon sé ó bheart cúnaimh a ghlacadh atá le maoiniú leis an méid tiomnaithe seo, níor cheart don Bhallstát sin ranníocaíocht a dhéanamh le costais an bhirt sin. Ina ionad sin, ba cheart don Bhallstát sin méid breise a ranníoc le bearta cúnaimh eile.

(15)

D’fhéadfaí méaduithe bliantúla inchomparáide breise a bheartú go dtí 2027, bunaithe ar riachtanais na hÚcráine agus faoi réir treoir pholaitiúil ón gComhairle.

(16)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2021/509 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/509 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   EUR 17 040 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san uasteorainn airgeadais do chur chun feidhme na Saoráide don tréimhse 2021 go 2027.’

;

(2)

in Airteagal 73, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

‘10.   Ón 18 Márta 2024, tiomnófar méid EUR 5 000 000 000 i bpraghsanna reatha do sholáthar tacaíochta breise don Úcráin (an ‘méid tiomnaithe’) faoi na huasteorainneacha bliantúla a bhunaítear in Iarscríbhinn I.

Déanfaidh an Coiste cinneadh maidir le húsáid an mhéid thiomnaithe de bhun Airteagal 2(3) tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis an 18 Márta 2024.

Go heisceachtúil, agus gan dochar d’Airteagal 5(3), i gcásanna inar staon Ballstát le linn vóta agus ina ndearna sé dearbhú foirmiúil i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 31(1) CAE maidir le beart cúnaimh atá le maoiniú leis an méid tiomnaithe, ní rannchuideoidh an Ballstát sin le costais an bhirt cúnaimh sin. I gcás den sórt sin, déanfaidh an Ballstát sin ranníocaíocht bhreise le bearta cúnaimh eile. Chun críocha Airteagail 26(7) agus 27 a chur i bhfeidhm maidir le ranníocaíochtaí den sórt sin, tuigfear gurb ionann tagairt sna hAirteagail sin d’Airteagal 5(3) agus tagairt don fhomhír seo.’

;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I:

‘IARSCRÍBHINN I

UASTEORAINNEACHA AIRGEADAIS BLIANTÚLA

Údarófar na leithreasuithe bliantúla laistigh de theorainneacha na méideanna seo a leanas, gan dochar d’Airteagal 17(3) agus (3a) agus faoi réir Airteagal 73(2) agus (10):

Praghsanna reatha, i milliúin euro

 

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Praghsanna reatha

399

591

980

2 785

4 047

4 092

4 146

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Márta 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/338 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 60, 28.2.2022, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/339 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine (IO L 61, 28.2.2022, lch. 1).

(4)   ‘comhchineáil’ sa chiall aon tacaíocht ábhartha mar a fhoráiltear faoi bhearta cúnaimh na Saoráide, amhail trealamh agus/nó cothabháil, deisiú agus athfheistiú.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/890/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)