European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/888

26.3.2024

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/888 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Márta 2024

maidir le neamh-fhormheas substaintí gníomhacha áirithe lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 89(1), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2), in Iarscríbhinn II de, bunaítear liosta de theaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí a áirítear sa chlár athbhreithniúcháin ar shubstaintí gníomhacha atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha.

(2)

I gcás roinnt teaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí a áirítear sa liosta sin, rinne na rannpháirtithe uile a dtacaíocht a tharraingt siar nó meastar go ndearna siad a dtacaíocht a tharraingt siar in am trátha.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) cuireadh oscailte chun ról an rannpháirtí a ghlacadh i gcás na dteaglamaí sin de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí nár glacadh ról an rannpháirtí ina leith roimhe sin. I gcás na dteaglamaí sin, níor cuireadh aon fhógra faoi bhráid na Gníomhaireachta laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear le hAirteagal 14(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 20, an chéad mhír, pointe (b), den Rialachán Tarmligthe sin, níor cheart na teaglamaí sin de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí a fhormheas lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Is iad seo a leanas na teaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí sin:

(a)

défheinil-2-ól (cineál táirge 7);

(b)

démheitildéthiacarbamáit photaisiam (cineálacha táirgí 9, 11, 12);

(c)

airgead-poileitiléinimín-clóiríd (cineálacha táirgí 1, 2, 9);

(d)

táirgí imoibriúcháin ó aigéad glútamach agus N-(C12-C14-ailcil)próipiléindé-aimín (Glúcaprótaimín) (cineálacha táirgí 2, 4);

(e)

pola(ocsa-1,2-eatáindé-il),.alfa.-[2-(dé-dheicilmeitiolamóin)eitil]-.óimige.-hiodrocsa, própanóáit (salann) (Bardap 26) (cineálacha táirgí 2, 4, 10).

(4)

Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún ar an eolas faoi na teaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí sin ar tharraing na rannpháirtithe uile a dtacaíocht siar ina leith nó a meastar gur tharraing siad siar a dtacaíocht ina leith in am trátha, agus ar teaglamaí iad a raibh ról an rannpháirtí glactha ina leith roimhe sin. I gcomhréir le hAirteagal 20, an chéad mhír, pointe (a), den Rialachán Tarmligthe sin, is iad seo a leanas na teaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí sin nár cheart a fhormheas lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha:

(a)

2,2-Débhróma-2-cianaicéataimíd (DBNPA) (cineál táirge 2);

(b)

clóirín gníomhach a gineadh ó heicsihiodráit chlóiríde mhaignéisiam agus ó chlóiríd photaisiam trí leictrealú (cineál táirge 2);

(c)

Gairleog, eastóscáin - Eastóscaigh agus a ndíorthaigh a ndearnadh modhnú fisiciúil orthu amhail tintiúir, concréití, absalóidí, blátholaí, olaroisíní, teirpéiní, codáin saor ó theirpéin, driogáití, iarmhair, etc., a fhaightear ó Allium sativum, Liliaceae (cineál táirge 19);

(d)

branda (cineál táirge 19).

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Níl na substaintí gníomhacha a liostaítear san Iarscríbhinn formheasta le haghaidh na gcineálacha táirgí a shonraítear inti.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/1062/oj).


IARSCRÍBHINN

Teaglamaí de shubstaintí gníomhacha/cineálacha táirgí nach bhfuil formheasta:

Uimhir Iontrála in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1062/2014

Ainm na substainte

An Ballstát is Rapóirtéir

Uimhir CE

Uimhir CAS

An cineál táirge/na cineálacha táirgí

92

Défheinil-2-ól

ES

201-993-5

90-43-7

7

187

Démheitildéthiacarbamáit photaisiam

SE

204-875-1

128-03-0

9, 11, 12

1076

Airgead-poileitiléinimín-clóiríd

SE

Níl sí ar fáil

Níl sí ar fáil

1, 2, 9

494

2,2-Débhróma-2-cianaicéataimíd (DBNPA)

DK

233-539-7

10222-01-2

2

1051

Clóirín gníomhach a gineadh ó heicsihiodráit chlóiríde mhaignéisiam agus ó chlóiríd photaisiam trí leictrealú

FR

Níl sí ar fáil

Níl sí ar fáil

2

779

Táirgí imoibriúcháin ó aigéad glútamach agus N-(C12-C14-ailcil)próipiléindé-aimín (Glúcaprótaimín)

DE

403-950-8

164907-72-6

2, 4

869

Pola(ocsa–1,2- eatáindé-il),.alfa.-[2-(dé-dheicilmeitiolamóin)eitil]-.óimige.-hiodrocsa, própanóáit (salann) (Bardap 26)

IT

Polaiméir

94667-33-1

2, 4, 10

1071

Gairleog, eastóscáin Eastóscaigh agus a ndíorthaigh a ndearnadh modhnú fisiciúil orthu amhail tintiúir, concréití, absalóidí, blátholaí, olaroisíní, teirpéiní, codáin saor ó theirpéin, driogáití, iarmhair, etc., a fuarthas ó Allium sativum, Liliaceae.

AT

232-371-1

8008-99-9

19

1072

Branda

le cinneadh

Níl sí ar fáil

Níl sí ar fáil

19


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/888/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)