European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/883

22.3.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/883 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Márta 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535 a mhéid a bhaineann leis an dara spás le haghaidh pláta clárúcháin cúil le haghaidh leantóirí agus le mais córas stórála fuinnimh agus lena gceartaítear an Rialachán sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagail 4(7) agus 10(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Soláthraítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535 ón gCoimisiún (2) rialacha maidir le nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus sonraíochtaí teicniúla le haghaidh cineálcheadú feithiclí, agus cineálcheadú córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh áirithe maidir lena sábháilteacht ghinearálta. Sa chomhthéacs sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535 tugtar isteach ceanglas teicniúil maidir leis an dara spás le haghaidh pláta clárúcháin cúil le haghaidh leantóirí. Mar sin féin, tá níos mó ama ag teastáil ó mhonaróirí chun oiriúnú don cheanglas nua sin maidir leis an spás chun an dara pláta clárúcháin cúil a ghléasadh agus a shocrú le haghaidh feithiclí de chatagóir O3 agus O4. Dá bhrí sin, is gá na forálacha idirthréimhseacha i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535 a mhodhnú chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag na ceanglais sin ar dtús maidir le cineálacha nua feithiclí. Ina theannta sin, ba cheart feithiclí de chatagóir O2 a dhíolmhú ón gceanglas sin mar gheall ar na srianta deartha agus an easpa spáis.

(2)

Is iomchuí rialacha a sholáthar maidir le marcáil na huimhreach aitheantais feithicle (VIN) ar an bhfeithicil agus maidir le hinrianaitheacht na feithicle a áirithiú trí bhíthin an VIN.

(3)

Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir le solúbthacht áirithe i suíomh an phláta clárúcháin tosaigh chun srianta teicniúla agus deartha a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh a mhéid a bhaineann le braiteoirí, radair agus ceamaraí atá le suiteáil ar thosach na bhfeithiclí le haghaidh na gcóras sábháilteachta dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2019/2144.

(4)

Is gá na ceanglais theicniúla maidir leis na córais niteoirí gaothscátha a chomhlánú chun na cásanna a chur san áireamh ina bhfuil feidhm ionchorpraithe sna córais sin chun brúnna iomarcacha a mhaolú nuair atá na buinní blocáilte.

(5)

Tá sé oiriúnach freisin na nósanna imeachta tástála le haghaidh na gcóras díreoite agus dínéalaithe gaothscátha a bharrfheabhsú trí sheicheamh níos éifeachtúla de na gníomhaíochtaí sa seomra tástála a chur ar fáil agus solúbthachtaí a sholáthar maidir le rogha an díghréasóra, agus an tráth céanna dálaí sláinte agus oibre níos fearr a áirithiú do na daoine a dhéanann na tástálacha.

(6)

Is gá rialacha a sholáthar maidir le cumas tarraingthe mótarfheithiclí atá sáinnithe chun a áirithiú gur féidir iad a bhaint go sábháilte den bhóthar nuair atá siad ag cur bac ar thrácht na mbóithre. Ina theannta sin, ní mór forálacha idirthréimhseacha a chur ar fáil chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag na ceanglais nua maidir leis an gcumas tarraingthe ar dtús maidir le cineálacha nua feithiclí.

(7)

D’fhéadfadh mais bhreise na gcóras stórála fuinnimh sonrach a chuirtear i bhfeidhm i bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha a bheith ina cúis le mais tagartha na bhfeithiclí sin a bheith níos airde ná mais tagartha gnáthfheithiclí comhchosúla. Ní mór an mhais tagartha iomarcach a chur san áireamh chun go mbeifear in ann feithiclí astaíochtaí nialasacha de chatagóir N nach dtiocfadh murach sin laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a mheas chun meánastaíochtaí sonracha feithiclí N1 a ríomh le haghaidh na monaróirí lena mbaineann ón 1 Eanáir 2025. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglas a bhunú maidir le taifead foirmiúil ar mhais an chórais stórála fuinnimh a áireamh sa deimhniú comhréireachta, atá le cur ar fáil mar chuid de na sonraí faireacháin CO2.

(8)

Tar éis dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535, braitheadh roinnt earráidí i bhfoirm tagairtí míchearta.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535 a leasú agus a cheartú dá réir sin.

(10)

Chun é a chur ar a gcumas do mhonaróirí agus d’údaráis formheasa na mBallstát na hoiriúnuithe is gá a dhéanamh agus chun ullmhú do chur i bhfeidhm na gceanglas maidir le mais chórais stórála fuinnimh na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha, ba cheart dáta chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo faoi seach a chur siar agus a ailíniú leis an dáta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/631.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste Theicniúil – Mótarfheithiclí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535 mar a leanas:

1.

Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír 3a seo a leanas isteach:

‘3a.   Le héifeacht ón 7 Iúil 2024, diúltóidh údaráis chineálcheadaithe do chineálcheadú AE a dheonú i leith cineálacha nua feithiclí, maidir leis an spás chun an dara pláta clárúcháin cúil a ghléasadh agus a shocrú le haghaidh feithiclí i gcatagóir O3 agus O4, nach gcomhlíonann na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn III maidir leis na ceanglais faoi seach a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Le héifeacht ón 7 Iúil 2026, diúltóidh údaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann leis an spás chun plátaí clárúcháin tosaigh a ghléasadh agus a shocrú agus leis an spás chun an dara pláta clárúcháin cúil a ghléasadh agus a shocrú le haghaidh feithiclí i gcatagóir O3 agus O4, do chlárú, do chur ar an margadh agus d’iontráil i seirbhís feithiclí, nach gcomhlíonann na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn III maidir leis na ceanglais faoi seach a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144.’

;

(c)

cuirtear míreanna 4 a agus 4b seo a leanas isteach:

‘4a.   Le héifeacht ón 7 Iúil 2025, diúltóidh údaráis chineálcheadaithe do chineálcheadú AE a dheonú i leith cineálacha nua feithiclí, maidir le gairis tarraingthe, nach gcomhlíonann na sonraíochtaí teicniúla maidir le cumas tarraingthe a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn VII maidir leis na ceanglais faoi seach a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144.

4b.   Le héifeacht ón 7 Iúil 2027, diúltóidh údaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann leis na gairis tarraingthe, do chlárú, do chur ar an margadh agus d’iontráil i seirbhís feithiclí, nach gcomhlíonann na sonraíochtaí teicniúla maidir le cumas tarraingthe a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn VII maidir leis na ceanglais faoi seach a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144.’

2.

Leasaítear Iarscríbhinní II, III, IV, VI, VII agus XIII i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535

Ceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535 mar a leanas:

1.

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3.   I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 6(5) de Rialachán (AE) 2018/858, féadtar cineálcheadú AE a dheonú d’fheithiclí a sháraíonn na huastoisí údaraithe a leagtar amach i bpointe 1.1 de Ranna C, D agus E de Chuid 2 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo, agus sa chás sin cuirfear an ráiteas ‘maolú ar uastoisí údaraithe’ san áireamh i bpointe 52 den deimhniú ar chineálcheadú agus den deimhniú comhréireachta.

4.   Féadtar cineálcheadú AE a dheonú d’fheithiclí atá beartaithe chun ualaí doroinnte a iompar, de thoisí níos mó ná na huastoisí údaraithe a leagtar amach i bpointe 1.1 de Ranna C, D agus E de Chuid 2 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo, agus sa chás sin léireofar go soiléir ar an deimhniú ar chineálcheadú agus ar an deimhniú comhréireachta go bhfuil an fheithicil beartaithe chun ualaí doroinnte amháin a iompar.’

2.

Leasaítear Iarscríbhinní II, III, VIII, XIII, VII agus XIV i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Iarscríbhinn 1, pointe (6), ón 1 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 325, 16.12.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/535 ón gCoimisiún an 31 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus sonraíochtaí teicniúla maidir le cineálcheadú feithiclí, agus maidir le cineálcheadú na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na n-aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena saintréithe ginearálta déanmhais agus lena sábháilteacht (IO L 117, 6.4.2021, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinní II, III, IV, VI, VII agus XIII mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn II, Cuid 2, Roinn A, cuirtear na pointí seo a leanas isteach roimh phointe 2.1:

‘2.0.1.

Marcálfar VIN ar gach feithicil.

2.0.2.

Beidh an VIN uathúil agus sannta go haonchiallach d’fheithicil ar leith.

2.0.3.

Marcálfar an VIN ar an bhfonnadh nó ar an bhfeithicil nuair a fhágann an fheithicil an líne tháirgthe.

2.0.4

Áiritheoidh an monaróir inrianaitheacht na feithicle trí bhíthin an VIN thar thréimhse 30 bliain.

2.0.5

Ní fhéadfar a sheiceáil tráth an chineálcheadaithe an ann do bhearta arna ndéanamh ag an monaróir chun inrianaitheacht na feithicle dá dtagraítear i bpointe 2.0.4. a áirithiú.’;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)

leasaítear Cuid 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.1.2:

‘2.1.2.

Beidh feithiclí de chatagóir O3 agus O4 feistithe le dhá spás ar leith chun plátaí clárúcháin cúil a ghléasadh agus a shocrú (i.e. chun gur féidir sainaithint roghnach feithicle tarraingthe a bheith ann i gcás ina n-éilíonn údarás náisiúnta é).’;

(ii)

i bpointe 2.3.4.1.3, cuirtear an abairt seo a leanas isteach:

‘Féadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe lamháltas suas le ± 15° a cheadú, áfach, arna iarraidh sin don mhonaróir chun an pláta clárúcháin tosaigh a shuí amach ón lárlíne ag tosach na feithicle ar chúiseanna teicniúla, aeraidinimiciúla nó ar chúiseanna eile.’;

(b)

i gCuid 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.3 den Aguisín a ghabhann le ROINN II den deimhniú ar chineálcheadú AE:

‘2.3.

An dara pláta clárúcháin cúil i gcás feithiclí i gcatagóir O3 agus O4: 520 × 120/340 × 240 (2)’;

(3)

in Iarscríbhinn IV, leasaítear Cuid 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an pointe 2.2.3.1 seo a leanas:

‘2.2.3.1.

I gcás ina bhfuil an córas niteoirí gaothscátha deartha chun feidhm a ionchorprú chun brúnna iomarcacha a mhaolú nuair a dhéantar na buinní a bhlocáil (e.g. comhla fuascailte), ceadófar feidhm den sórt sin, de mhaolú ar phointe 2.2.3, an dara habairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

ní théann aon sreabhán amach as an gcóras isteach in aon urrann feithicle lena n-áirítear an spás faoin mboinéad, mura dtreoraítear é go sonrach i dtreo dhromchla na talún, agus an fheithicil ina stad agus faoi ghnáthdhálaí tiomána;

(b)

tá an córas niteoirí gaothscátha in ann oibriú mar is gnách tar éis blocáil na mbuinní a bhaint go hiomlán;

(c)

áirithítear an gnáthoibriú gan aon idirghabháil bhreise úsáideora is gá chun aon chuid den chóras niteoirí gaothscátha, den chóras cuimilteoirí gaothscátha, den chóras leictreach nó d’aon chóras ábhartha eile a úsáid de láimh, a choigeartú, a athnascadh nó a athsholáthar.’;

(b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.2.1.1:

‘3.2.1.1.

Plugáilfear gach asraon buinne ag an suíomh ina dtéann an sreabhán amach na hasraonta sin, agus gníomhrófar an rialtán niteoirí gaothscátha sé huaire in aon nóiméad amháin, ar feadh 3 shoicind ar a laghad gach uair. Mar sin féin, i gcás nach bhfuil an phlugáil indéanta go teicniúil i gcás ina dtéann an sreabhán amach, is féidir í a dhéanamh taobh istigh den asraon/de na asraonta buinní.’;

(4)

in Iarscríbhinn VI, leasaítear Cuid 2 mar a leanas:

(a)

i bpointe 3.1.1.1, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

‘I gcás inar féidir a sheiceáil, áfach, an bhfuil teocht an chuasáin fhuar, arna tomhas ag suíomhanna ionadaíocha amhail an t-asraon aeir nó na ballaí, cobhsaithe ag an teocht tástála shonraithe, féadfar an tréimhse 24 uair an chloig a ghiorrú.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.1.2:

‘3.1.2.

Sula gcuirfear an fheithicil sa seomra tástála, déanfar dromchlaí inmheánacha agus seachtracha an ghaothscátha a dhíbhealú go hiomlán trí bhíthin biotáille mheitileach nó díbhealaitheoir coibhéiseach. Tar éis an triomaithe, cuirfear tuaslagán amóinia nach mó ná 2 % nó tuaslagán amóinia tráchtála air, ar tuaslagán é nach bhfuil aon chumhrán andúileach curtha leis. Ligfear do na dromchlaí triomú arís agus cuimleofar ansin é le héadach cadáis tirim.’;

(c)

scriostar pointe 3.1.6.4;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.1.6.5:

‘3.1.6.5.

Déanfar an teocht sa seomra tástála a thomhas ar leibhéal an ghaothscátha, ag pointe nach ndéanann teas ón bhfeithicil atá faoi thástáil difear suntasach dó.’;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.2.1:

‘3.2.1

Sula gcuirfear an fheithicil sa seomra tástála, déanfar dromchlaí inmheánacha agus seachtracha an ghaothscátha a dhíbhealú go hiomlán trí bhíthin biotáille mheitileach nó díbhealaitheoir coibhéiseach. Tar éis an triomaithe, cuirfear tuaslagán amóinia nach mó ná 2 % nó tuaslagán amóinia tráchtála air, ar tuaslagán é nach bhfuil aon chumhrán andúileach curtha leis. Ligfear do na dromchlaí triomú arís agus cuimleofar ansin é le héadach cadáis tirim.’;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.2.2.1:

‘3.2.2.1.

Déanfar an teocht sa seomra tástála a thomhas ar leibhéal an ghaothscátha, ag pointe nach ndéanann teas ón bhfeithicil atá faoi thástáil difear suntasach dó.’;

(g)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.2.4. agus phointe 3.2.5.:

‘3.2.4

Glanfar dromchla inmheánach an ghaothscátha mar a leagtar amach i bpointe 3.2.1. sula gcuirtear an fheithicil sa seomra comhshaoil. Déanfar an teocht chomhthimpeallach aeir a ísliú agus a chobhsú ag – 3 ± 1 °C ansin. Lascfar an fheithicil as agus coinneofar í ag an teocht tástála ar feadh tréimhse nach lú ná 10 n-uair an chloig roimh thús na tástála. I gcás inar féidir a sheiceáil, áfach, an bhfuil fuarthán agus bealadh innill na feithicle cobhsaithe ag teocht sonrach na tástála, féadfar an tréimhse 10 n-uair an chloig a ghiorrú.

3.2.5.

Cuirfear an gineadóir gaile lena asraonta i bhfadphlána meánach na feithicle sa dara sraith de shuíocháin na feithicle. Cuirfear taobh thiar de na suíocháin tosaigh é de ghnáth. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh mar gheall ar dhearadh na feithicle, cuirfear an gineadóir os comhair na dtacaí droma, sa suíomh áisiúil is gaire don suíomh thuasluaite.’;

(h)

scriostar pointe 3.2.7.4;

(5)

in Iarscríbhinn VII, Cuid 2, cuirtear isteach na pointí 1.3 agus 1.3.1 seo a leanas:

‘1.3.

Cumas tarraingthe

1.3.1.

Chun gur féidir mótarfheithicil sháinnithe a bhaint den bhóthar, agus í ag rolladh ar a rothaí féin, beifear in ann an fheithicil a tharraingt nó í a chur i mód tarraingthe, agus eochair na feithicle i láthair agus gan úsáid a bhaint as uirlisí speisialta ná páirteanna a dhíchóimeáil, nach bhfuil deartha chun na críche sin, agus an nós imeachta atá sonraithe ag an monaróir i dtreoracha úsáideora na mótarfheithicle á leanúint. Féadfaidh an monaróir na coinníollacha tarraingthe sna treoracha úsáideora a shrianadh ó thaobh luais agus faid intarraingthe de d’fhonn damáiste do-aisiompaithe a sheachaint, ach ceadófar leis sin íosfhad tarraingthe 100 m i níos lú ná 10 nóiméad.

I gcás mótarfheithiclí de chatagóir M1 nó N1, a dtiomáintear a rothaí go díreach le mótair leictreacha, cuirfidh an monaróir treoracha ar fáil i lámhleabhar úsáideora na feithicle ionas go mbeidh seirbhísí cúnaimh cois bóthair in ann an fheithicil a bhaint le huirlisí speisialta mura féidir rothaí na feithicle a rothlú agus í á tarraingt.

Níl feidhm ag an gceanglas sin i gcás ina ndéantar damáiste don mhótarfheithicil a mhéid nach bhfuil sé indéanta go fisiciúil í a tharraingt ar a rothaí féin nó nach mbeadh sé sábháilte nó i gcás nach féidir máistirlasc rialaithe na feithicle a ghníomhachtú de dheasca fabht teicniúil.’;

(6)

leasaítear Iarscríbhinn XIII, Cuid 2, mar a leanas:

(a)

i Roinn B, cuirtear isteach na pointí 6, 6.1 agus 6.2 seo a leanas:

‘6.

Mais an chórais stórála fuinnimh:

6.1.

I gcás feithiclí astaíochtaí nialasacha de chatagóir N1, bunófar mais an chórais stórála fuinnimh ar bhonn na doiciméadachta a sholáthróidh an monaróir. Deimhneoidh an tSeirbhís Theicniúil cruinneas na faisnéise dearbhaithe, chun sástacht an Údaráis Chineálcheadaithe.

6.2.

Sa chás dá dtagraítear i bpointe 6.1, tabharfaidh an monaróir an tsiombail bhreise seo a leanas le fios chomh maith le luach mhais an chórais stórála fuinnimh faoi bhun na n-inscríbhinní sainordaitheacha ar phláta reachtúil an mhonaróra nó lena dtaobh, taobh amuigh de dhronuilleog atá marcáilte go soiléir ina mbeidh an fhaisnéis shainordaitheach amháin.

‘(AE) 2019/631 AIRTEAGAL 2(1)(b) COMHLÍONTACH – XXXX KG’

Ní bheidh airde charachtair agus luach luaite na siombaile níos lú ná 4 mm.

Ina theannta sin, go dtí go dtabharfar isteach iontráil thiomanta ar an Deimhniú Comhréireachta, luafar luach mhais an chórais stórála fuinnimh faoi ‘barúlacha’ sa Deimhniú Comhréireachta ionas go gceadófar an fhaisnéis seo a chuimsiú i bpáipéir chláraithe ar bord na feithicle, mar a leanas:

‘Mais bhreise i ngeall ar cheallraí: …… kg’  (*1)

(*1)  I gcás feithiclí breosla-chille hibrideacha nó mótarfheithiclí lánleictreacha, luafar luach breise na maise. Eascraíonn an luach seo as mais iomlán an phacáiste/na bpacáistí ceallraí ardvoltais lúide an mhais umar breosla tagartha (90 % líonta). Slánófar an luach go dtí cileagraim iomlána, gan aon deachúil. I gcás mótarfheithiclí atá oiriúnach le haghaidh malartú ceallraí, luafar an mhais tráth táirgthe na mótarfheithicle. Murab ann d’aon fheithicil tagartha innill dócháin inmheánaigh i dtáirgeadh, níl an réimse seo infheidhme.’;"

(b)

i Roinn D, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 2.1.4.1 agus 2.1.4.2:

‘2.1.4.1.

An meáchan breise is gá le haghaidh teicneolaíocht breosla ionadúil nó teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha i gcomhréir le pointe 2.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 96/53/CE, agus, chun críoch Airteagal 2(1)(b) de Rialachán (AE) 2019/631, mais chóras stórála fuinnimh na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha, déanfar é a shainiú ar bhonn na doiciméadachta a sholáthraíonn an monaróir. Deimhneoidh an tSeirbhís Theicniúil cruinneas na faisnéise dearbhaithe, chun sástacht an Údaráis Chineálcheadaithe.

2.1.4.2.

Tabharfaidh an monaróir an tsiombail bhreise seo a leanas le fios chomh maith le luach an mheáchain bhreise, i gcás mótarfheithiclí a úsáideann breoslaí malartacha, nó mais an chórais stórála fuinnimh, i gcás mótarfheithiclí astaíochtaí nialasacha, faoi bhun na n-inscríbhinní sainordaitheacha ar phláta reachtúil an mhonaróra nó lena dtaobh, taobh amuigh de dhronuilleog atá marcáilte go soiléir ina mbeidh an fhaisnéis shainordaitheach amháin.

‘96/53/CE AIRTEAGAL 10B COMHLÍONTACH – XXXX kg’

‘(AE) 2019/631 AIRTEAGAL 2(1)(b) COMHLÍONTACH – XXXX KG’

Ní bheidh airde charachtair agus luach luaite na siombaile níos lú ná 4 mm.

Ina theannta sin, go dtí go dtabharfar isteach iontráil thiomanta ar an Deimhniú Comhréireachta, luafar luach an mheáchain bhreise nó mais an chórais stórála fuinnimh faoi ‘barúlacha’ sa Deimhniú Comhréireachta ionas go gceadófar an fhaisnéis seo a chuimsiú i bpáipéir chláraithe ar bord na feithicle, mar a leanas:

‘Mais bhreise i ngeall ar cheallraí: …… kg’  (*2)

(*2)  I gcás feithiclí breosla-chille hibrideacha nó mótarfheithiclí lánleictreacha, ní mór an mhais bhreise a lua. Eascraíonn an luach seo as mais iomlán an phacáiste/na bpacáistí ceallraí ardvoltais lúide an mhais umar breosla tagartha (90 % líonta). Slánófar an luach go dtí cileagraim iomlána, gan aon dheachúil. I gcás mótarfheithiclí atá oiriúnach le haghaidh malartú ceallraí, luafar an mhais tráth táirgthe na mótarfheithicle. Murab ann d’aon fheithicil tagartha innill dócháin inmheánaigh i dtáirgeadh, níl an réimse seo infheidhme.’."


(*1)  I gcás feithiclí breosla-chille hibrideacha nó mótarfheithiclí lánleictreacha, luafar luach breise na maise. Eascraíonn an luach seo as mais iomlán an phacáiste/na bpacáistí ceallraí ardvoltais lúide an mhais umar breosla tagartha (90 % líonta). Slánófar an luach go dtí cileagraim iomlána, gan aon deachúil. I gcás mótarfheithiclí atá oiriúnach le haghaidh malartú ceallraí, luafar an mhais tráth táirgthe na mótarfheithicle. Murab ann d’aon fheithicil tagartha innill dócháin inmheánaigh i dtáirgeadh, níl an réimse seo infheidhme.’;

(*2)  I gcás feithiclí breosla-chille hibrideacha nó mótarfheithiclí lánleictreacha, ní mór an mhais bhreise a lua. Eascraíonn an luach seo as mais iomlán an phacáiste/na bpacáistí ceallraí ardvoltais lúide an mhais umar breosla tagartha (90 % líonta). Slánófar an luach go dtí cileagraim iomlána, gan aon dheachúil. I gcás mótarfheithiclí atá oiriúnach le haghaidh malartú ceallraí, luafar an mhais tráth táirgthe na mótarfheithicle. Murab ann d’aon fheithicil tagartha innill dócháin inmheánaigh i dtáirgeadh, níl an réimse seo infheidhme.’.’


IARSCRÍBHINN II

Ceartaítear Iarscríbhinní II, VIII, XIII agus XIV mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn II, Cuid 2, Roinn C, pointe 1.4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh digit seiceála 7 sa tábla:

‘7

7/11

0,636’;

(2)

in Iarscríbhinn VIII, Cuid 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.9:

‘1.9.

ciallaíonn ‘acastóir ardaithe’ acastóir mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn XIII, Cuid 2, Roinn A, pointe 1.34.;’;

(3)

ceartaítear Iarscríbhinn XIII mar a leanas:

(a)

ceartaítear Cuid 2 mar a leanas:

(i)

i Roinn A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.32:

‘1.32.

ciallaíonn ‘cúl-luascadh’ an fad idir an pointe tosaigh agus an pointe foircneach iarbhír a shroichtear ag cúl feithicle agus í á hionramháil sna dálaí arna sonrú i Roinn C, pointe 8, nó i Roinn D, pointe 7;’;

(ii)

i Roinn B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.3:

‘1.3.

Ní thabharfar san áireamh na gairis agus an trealamh dá dtagraítear i Roinn F chun fad, leithead agus airde a chinneadh.’;

(iii)

i Roinn C, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1.3 agus 1.3.1:

‘1.3.

Ní thabharfar san áireamh na gairis agus an trealamh dá dtagraítear i Roinn F chun fad, leithead agus airde a chinneadh.

1.3.1.

Ceanglais bhreise le haghaidh gairis aeraidinimiciúla dá dtagraítear i Roinn F.’;

(iv)

i Roinn D, pointe 3.1, cuirtear an fhoirmle seo a leanas isteach:

‘MC ≤ M + TM’;

(v)

i Roinn D, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.4.1:

‘1.4.1.

I gcás ina gcomhlíonann éadan tosaigh shuíomh cábáin na mótarfheithicle, lena n-áirítear gach teilgean inmheánach mar shampla, den fhonnadh, tuairteoir, rothghardaí agus rothaí, go hiomlán paraiméadair an imchlúdaigh thríthoisigh mar a leagtar amach i Roinn J agus nach bhfuil fad na láithreach lódála níos mó ná 10,5 m, d’fhéadfadh an fheithicil an t-uasfhad údaraithe a leagtar amach i bpointe 1.1.1. a shárú.’;

(vi)

i Roinn F, Tábla I, Fad Feithicle, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh ítim 13:

‘13.

Gairis chun an tarpól a shlánú agus a gcosaint

x

x

x

x

x

x

x’;

(b)

i gCuid 3, Roinn A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.1. san Aguisín a ghabhann le Roinn II den deimhniú ar chineálcheadú AE:

‘1.1.

Cineálcheadaíodh an fheithicil i gcomhréir le hAirteagal 6(3) nó (4) de Rialachán (AE) 2021/535 (i.e. sáraíonn toisí is forimeallaí na feithicle na huastoisí a luaitear i bpointe 1.1. d’Iarscríbhinn XIII, Cuid 2, Ranna B, C, D nó E): cineálcheadaíodh/níor cineálcheadaíodh (7);’;

(4)

in Iarscríbhinn XIV, Cuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn A agus Roinn B:

Roinn A

Doiciméad faisnéise a bhaineann le cineálcheadú AE feithicle i ndáil lena córas hidrigine

SAMHAIL

Doiciméad faisnéise Uimh. … a bhaineann le cineálcheadú AE cineál feithicle i ndáil lena córas hidrigine.

Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis seo a leanas, más infheidhme, agus áireofar liosta ábhair léi. Ní mór aon líníocht nó pictiúr a sholáthar ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.

0.

0.1.

0.2

0.2.1

0.3.

0.3.1

0.4.

0.5.

0.8.

0.9.

3.9.

3.9.1.

3.9.1.1.

3.9.1.2.

3.9.1.3.

3.9.1.11.

3.9.1.11.1.

3.9.1.11.2.

3.9.1.17.

3.9.1.17.1.

3.9.1.17.2.

3.9.2.6.

Nóta míniúcháin:

Bunaítear an doiciméad faisnéise seo ar an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 agus líonfar isteach é leis an bhfaisnéis ábhartha faoi uimhreacha na bpointí a liostaítear thuas, mar a shainmhínítear sa teimpléad sin.

Roinn B

Doiciméad faisnéise a bhaineann le cineálcheadú AE comhpháirteanna hidrigine

SAMHAIL

Doiciméad faisnéise Uimh. … a bhaineann le cineálcheadú AE comhpháirt hidrigine.

Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis seo a leanas, más infheidhme, agus áireofar liosta ábhair léi. Ní mór aon líníocht nó pictiúr a sholáthar ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.

0.

0.1.

0.2.

0.2.1

0.5.

0.8.

0.9.

3.9.

3.9.1.

3.9.1.1.

3.9.1.2.

3.9.1.3.

3.9.1.4.

3.9.1.4.1.

3.9.1.4.2.

3.9.1.4.3.

3.9.1.4.4.

3.9.1.4.5.

3.9.1.4.6.

3.9.1.4.7.

3.9.1.4.8.

3.9.1.4.9.

3.9.1.4.10.

3.9.1.5.

3.9.1.5.1.

3.9.1.5.2.

3.9.1.5.3.

3.9.1.5.4.

3.9.1.5.5.

3.9.1.5.6.

3.9.1.5.7.

3.9.1.5.8.

3.9.1.5.9.

3.9.1.5.10.

3.9.1.6.

3.9.1.6.1.

3.9.1.6.2.

3.9.1.6.3.

3.9.1.6.4.

3.9.1.6.5.

3.9.1.6.6.

3.9.1.6.7.

3.9.1.6.8.

3.9.1.6.9.

3.9.1.6.10.

3.9.1.6.11.

3.9.1.15.

3.9.1.15.1.

3.9.1.15.2.

3.9.1.15.3.

3.9.1.15.4.

3.9.1.15.5.

3.9.1.15.6.

3.9.1.15.7.

3.9.1.15.8.

3.9.1.15.9.

3.9.1.15.10.

3.9.1.15.11.

Nóta míniúcháin:

Bunaítear an doiciméad faisnéise seo ar an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 agus líonfar isteach é leis an bhfaisnéis ábhartha faoi uimhreacha na bpointí a liostaítear thuas, mar a shainmhínítear sa teimpléad sin.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/883/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)