European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/882

19.3.2024

CINNEADH (CBES) 2024/882 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Márta 2024

lena leasaítear Cinneadh 2010/231/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile

TÁ COMHAIRL sE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 26 Aibreán 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/231/CBES (1).

(2)

An 1 Nollaig 2023, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) Rún 2713 (2023). Leis an Rún sin, bunaítear trádbhac ginearálta iomlán ar gach seachadadh arm agus trealaimh mhíleata chuig Al-Shabaab sa tSomáil. Le Rún 2713 (2023) ó CSNA, chun críocha cosc a chur ar Al-Shabaab agus gníomhaithe eile a bhfuil rún acu an bonn a bhaint den tsíocháin agus den tslándáil sa tSomáil agus sa réigiún airm agus armlón a fháil, bunaítear freisin oibleagáid ar gach Stáit na bearta is gá chun gach seachadadh arm, armlón agus trealaimh mhíleata chuig an tSomáil a chosc, lena n-áirítear toirmeasc a chur ar mhaoiniú na bhfálacha agus na seachadtaí arm, armlón agus trealaimh mhíleata uile, agus socraítear leis nach bhfuil feidhm ag na bearta sin maidir le seachadtaí nó soláthairtí chuig Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Somáile, Arm Náisiúnta na Somáile, an Ghníomhaireacht Náisiúnta Faisnéise agus Slándála, Fórsa Náisiúnta Póilíneachta na Somáile nó Cór Coimeádta na Somáile.

(3)

An 1 Nollaig 2023, ghlac CSNA Rún 2714 (2023) freisin, lena gcuirtear deireadh leis an trádbhac arm ar Phoblacht Chónaidhme na Somáile, trádbhac a bunaíodh faoi Rún 733 (1992) ó CSNA.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2010/231/CBES a leasú dá réir.

(5)

Ní mór don Aontas tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun bearta áirithe den Chinneadh seo a chur chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2010/231/CBES mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Cinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSomáil’;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

1.   Toirmiscfear ar náisiúnaigh de Bhallstáit nó de chríocha na mBallstát airm agus ábhar gaolmhar de gach cineál, lena n-áirítear airm agus armlón, feithiclí agus trealamh míleata, trealamh paraimíleata agus páirteanna spártha le haghaidh an mhéid sin, a sholáthar, a dhíol nó a aistriú go díreach nó go hindíreach chuig an tSomáil, bíodh siad de thionscnamh a gcríoch nó ná bíodh.

2.   Toirmiscfear ar náisiúnaigh de Bhallstáit nó de chríocha na mBallstát comhairle theicniúil, cúnamh airgeadais nó cúnamh eile nó oiliúint a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata a sholáthar go díreach nó go hindíreach don tSomáil, lena n-áirítear go háirithe oiliúint theicniúil agus cúnamh teicniúil maidir leis an méid a luaitear i mír 1 a sholáthar, a mhonarú, a chothabháil nó a úsáid.

3.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 ná 2 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

soláthar, díol nó aistriú arm agus nó ábhair ghaolmhair de gach cineál, agus soláthar díreach nó indíreach comhairle teicniúla, cúnaimh airgeadais nó cúnaimh eile nó oiliúna a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata chuig Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Somáile, Arm Náisiúnta na Somáile, an Ghníomhaireacht Náisiúnta Faisnéise agus Slándála, Fórsa Náisiúnta Póilíneachta na Somáile nó Cór Coimeádta na Somáile; nó,

(b)

soláthar, díol nó aistriú arm agus ábhair ghaolmhair de gach cineál, agus soláthar díreach nó indíreach comhairle teicniúla, cúnaimh airgeadais nó cúnaimh eile nó oiliúna a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata chuig Ballstáit Chónaidhme agus rialtais réigiúnacha na Somáile nó chuig cuideachtaí príobháideacha ceadúnaithe slándála atá ag oibriú sa tSomáil; beidh seachadadh na n-earraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III, agus soláthar comhairle teicniúla, cúnaimh airgeadais nó cúnaimh eile, nó oiliúna a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata faoi réir na gceanglas ábhartha formheasa nó fógartha mar a leanas:

(i)

maidir le hairm agus ábhar gaolmhar de gach cineál a leagtar amach in Iarscríbhinn II a sholáthar, a dhíol nó a aistriú chuig Ballstáit Chónaidhme agus rialtais réigiúnacha na Somáile nó chuig cuideachtaí ceadúnaithe slándála príobháidí atá ag oibriú sa tSomáil chun slándáil a sholáthar d’áitribh agus pearsanra idirnáisiúnta agus tráchtála sa tSomáil, féadfar an méid sin a dhéanamh in éagmais cinneadh diúltach ó Choiste na Comhairle Slándála de bhun rún 2713 (2023) a bhaineann le Al-Shabaab (‘an Coiste Smachtbhannaí’) laistigh de 5 lá oibre tar éis fógra a fháil ó Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Somáile;

(ii)

maidir le hairm agus ábhar gaolmhar de gach cineál a leagtar amach in Iarscríbhinn III a sholáthar, a dhíol nó a aistriú chuig Ballstáit Chónaidhme agus rialtais réigiúnacha na Somáile nó chuig cuideachtaí príobháideacha ceadúnaithe slándála atá ag oibriú sa tSomáil chun slándáil a sholáthar d’áitribh agus pearsanra idirnáisiúnta agus tráchtála sa tSomáil, beidh an méid sin faoi réir fógra arna thabhairt don Choiste Smachtbhannaí, chun críche faisnéise amháin, ag Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Somáile 5 lá oibre roimh ré ar a laghad;

(c)

soláthar, díol nó aistriú arm agus ábhair ghaolmhair de gach cineál, nó soláthar díreach nó indíreach comhairle teicniúla, cúnaimh airgeadais nó cúnaimh eile nó oiliúna a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata, atá ceaptha lena n-úsáid ag pearsanra na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear Misean Cúnaimh na Náisiún Aontaithe sa tSomáil agus Oifig Tacaíochta na Náisiún Aontaithe sa tSomáil, nó chun tacú leo agus chuige sin amháin;

(d)

soláthar, díol nó aistriú arm nóagus ábhair ghaolmhair de gach cineál, nó soláthar díreach nó indíreach comhairle teicniúla, cúnaimh airgeadais nó cúnaimh eile nó oiliúna a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata, atá ceaptha lena n-úsáid ag Misean Aistrithe an Aontais Afracaigh sa tSomáil (ATMIS) agus na tíortha a rannchuidíonn trúpaí agus póilíní leis an misean sin, agus a chomhpháirtithe straitéiseacha, a oibríonn faoin gCoincheap Straitéiseach is déanaí um Oibríochtaí de chuid an Aontais Afracaigh, agus faoin gCoincheap sin amháin, agus i gcomhar agus i gcomhordú le ATMIS, nó chun tacú leo;

(e)

soláthar, díol nó aistriú arm nó ábhair ghaolmhair de gach cineál, nó soláthar díreach nó indíreach comhairle teicniúla, cúnaimh airgeadais nó cúnaimh eile nó oiliúna a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata, atá ceaptha lena n-úsáid ag gníomhaíochtaí oiliúna agus tacaíochta an Aontais Eorpaigh, an Tuirc, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann nó Stáit Aontaithe Mheiriceá, nó chun tacú leo agus chuige sin amháin, chomh maith le haon fhórsaí Stáit eile lena mbaineann comhaontú maidir le stádas fórsaí nó meabhrán tuisceana le Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Somáile, ar choinníoll go gcuireann siad an Coiste Smachtbhannaí ar an eolas, chun críche faisnéise amháin, faoi chomhaontuithe den sórt sin a bheith ann;

(f)

soláthar, díol nó aistriú éadaí cosanta, lena n-áirítear seaicéid philéardhíonacha agus clogaid mhíleata arna n-onnmhairiú go sealadach chuig an tSomáil ag pearsanra na Náisiún Aontaithe, ionadaithe na meán, conraitheoirí príobháideacha slándála nó oibrithe daonnúla agus forbartha agus pearsanra gaolmhar dá n-úsáid phearsanta amháin;

(g)

soláthar, díol nó aistriú trealaimh mhíleata neamh-mharfaigh arna ndéanamh ag na Ballstáit, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta réigiúnacha nó foréigiúnacha atá ceaptha d’úsáid dhaonnúil nó chosantach, agus chuige sin amháin;

(h)

teacht isteach soithí i gcalafoirt na Somáile ar cuairt sealadach a bhfuil airm agus trealamh míleata á n-iompar acu chun críoch cosanta, ar choinníoll go bhfanann earraí den sórt sin ar bord na soithí sin an t-am ar fad.

4.   Beidh toirmeasc ar aon airm nó trealamh míleata, arna ndíol nó arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 1(3), pointí (a), (b), (c), (d) nó (e), d’aon duine nó eintiteas nach bhfuil i mbun seirbhíse don duine nó don eintiteas dár díoladh nó dár soláthraíodh iad an chéaduair, nó don Bhallstát díolacháin nó soláthair nó d’eagraíocht idirnáisiúnta, réigiúnach nó fhoréigiúnach.’

;

(3)

in Airteagal 1c, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

‘3.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra do Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Somáile lena chur ar an eolas agus don Choiste Smachtbhannaí faoi dhíol, soláthar nó aistriú na n-earraí dá dtagraítear i mír 2, laistigh de 15 lá oibre, tar éis an díolacháin, an tsoláthair nó an aistrithe. Áireofar sna fógraí gach faisnéis ábhartha, lena n-áirítear an cuspóir atá le húsáid an earra nó na n-earraí, an t-úsáideoir deiridh, na sonraíochtaí teicniúla, méid an earra nó na n-earraí atá le seoladh agus an suíomh stórála atá beartaithe. Áiritheoidh siad go dtabharfar cúnamh airgeadais agus cúnamh teicniúil leordhóthanach do Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Somáile agus do Bhallstáit Chónaidhme na Somáile chun coimircí iomchuí a bhunú do stóráil agus dáileadh ábhar den sórt sin.

4.   Cuirfidh na Ballstáit chun cinn daoine nádúrtha agus dlítheanacha atá faoi réir a ndlínse a bheith san airdeall maidir le soláthar, díol nó aistriú díreach nó indíreach réamhtheachtaithe pléascán agus ábhar chuig an tSomáil a d’fhéadfaí a úsáid chun gairis phléascacha seiftithe a mhonarú, seachas na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV agus in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCinneadh seo. Coimeádfaidh na Ballstáit taifid ar idirbhearta a bhfuil siad ar an eolas fúthu maidir le ceannacháin amhrasacha nó fiosrúcháin amhrasacha faoi earraí eile den chineál sin ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha sa tSomáil, agus roinnfidh siad faisnéis den sórt sin le Rialtas Cónaidhme na Somáile, leis an gCoiste Smachtbhannaí agus leis an bPainéal Saineolaithe maidir leis an tSomáil de bhun rún 2713 (2023).’

;

(4)

leasaítear Iarscríbhinní II, III, IV agus V a ghabhann le Cinneadh 2010/231/CBES mar a leagtar amach iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Márta 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2010/231/CBES ón gComhairle an 26 Aibreán 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Somáile agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2009/138/CBES (IO L 105, 27.4.2010, lch. 17).


IARSCRÍBHINN

(1)   

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/231/CBES:

‘IARSCRÍBHINN II

Liosta na n-earraí dá dtagraítear in Airteagal 1(3), pointe (b)(i)

1.   

Diúracáin dromchla go haer, lena n-áirítear córais aerchosanta iniompartha (MANPADS).

2.   

Airm a bhfuil calabra níos mó ná 12,7 mm acu, agus comhpháirteanna atá saindeartha dóibh sin, agus an t-armlón a ghabhann leo. (Ní áirítear leis sin teilgeoirí roicéad fritancanna arna scaoileadh ón ngualainn amhail RPGanna (gránáidí roicéadtiomána) ná LAWanna (arm éadrom fritancanna), gránáidí raidhfil, raidhfilí neamh-athchasta nó teilgeoirí gránáide.)

3.   

Moirtéir le calabra níos mó na 82 mm agus an t-armlón a ghabhann leo.

4.   

Airm threoraithe fritancanna, lena n-áirítear diúracáin threoraithe fritancanna (ATGManna) agus armlón agus comhpháirteanna atá saindeartha do na hearraí sin.

5.   

Lánáin agus gairis atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata; mianaigh agus ábhar gaolmhar; agus fiúsanna.

6.   

Treorálaithe armáin a bhfuil cumas amhairc oíche acu, lena n-áirítear trealamh teirmeach agus infridhearg, agus gabhálais.

7.   

Aerárthaí sciatháin dhobhogtha, fiarsciatháin, claonrótair nó sciatháin rothlaigh, atá saindeartha nó modhnaithe le haghaidh úsáid mhíleata.

8.   

‘Soithí’ agus feithiclí amfaibiacha atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata. (Áirítear le ‘soitheach’ aon long, feithicil a bhfuil éifeachtaí dromchlacha aici, feithicil a bhfuil limistéar beag plána uisce nó duillárthach aici, agus cabhail nó cuid de chabhail soithigh.)

9.   

Aerárthaí comhraic gan foireann (arna liostáil faoi Chatagóir IV i gClár na Náisiún Aontaithe um Ghnáth-Arm).

;

(2)   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh 2010/231/CBES:

‘IARSCRÍBHINN III

Liosta na n-earraí dá dtagraítear in airteagal 1(3), pointe (b) (ii)

1.   

Gach cineál arm a bhfuil calabra suas le 12,7 mm aige, agus an t-armlón a ghabhann leo.

2.   

Gránáidí roicéadtiomána de chineál 7 (RPG-7s), LAWanna (airm éadroma fritancanna) agus raidhfilí neamh-athchasta, agus an t-armlón a ghabhann leo.

3.   

Treorálaithe armáin.

4.   

Árthaí sciatháin rótair nó héileacaptair atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata.

5.   

Armúr colainne nó baill éadaigh chosanta, mar a leanas: Plátaí armúir colainne crua a thugann cosaint bhalaistíoch atá ar leibhéal III (NIJ 0101.06 Iúil 2008) nó atá níos airde ná an leibhéal sin nó coibhéisí náisiúnta.

6.   

Feithiclí talún atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata.

7.   

Trealamh cumarsáide atá saindeartha nó modhnuithe d’úsáid mhíleata.

;

(3)   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh 2010/231/CBES:

‘IARSCRÍBHINN IV

Liosta na niearraí dá dtagraítear in airteagal 1c(1)

1.   

Teitril (trínítrifeinilmeitilnítrimín);

2.   

Nítriceallalós (ina bhfuil níos mó ná 12,5 % nítrigin w/w);

3.   

Trealamh atá saindeartha le haghaidh úsáid mhíleata agus atá saindeartha chun Gairis Phléascacha Sheiftithe (IEDanna) a ghníomhachtú, a chumhachtú le haghaidh aschur oibríochtúil aonuaire, a dhíluchtú nó a mhadhmadh.

4.   

‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ chun na hearraí a liostaítear i míreanna 1 agus 3 a ‘tháirgeadh’ nó a ‘úsáid’. (Is as Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh* a thógtar na sainmhínithe ar na téarmaí ‘teicneolaíocht’, ‘riachtanach’, ‘táirgeadh’ agus ‘úsáid’ (*1).)’;

(*1)   IO C 98, 15.3.2018, lch. 1 "

(4)   

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn V a ghabhann le Cinneadh 2010/231/CBES:

‘IARSCRÍBHINN V

Liosta na n-earraí dá dtagraítear in airteagal 1c(2)

1.   

Trealamh agus gairis, nach bhfuil sonraithe le mír 3 in Iarscríbhinn IV, atá saindeartha chun pléascáin a thionscnamh ar mhodhanna leictreacha nó neamhleictreacha (e.g. gairis lámhachta, maidhmitheoirí, adhainteoirí, corda maidhmitheach).

2.   

‘Teicneolaíocht’ atá ‘riachtanach’ chun na hearraí a liostaítear i míreanna 1 agus 3 a ‘tháirgeadh’ nó a ‘úsáid’. (Is as Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh a thógtar na sainmhínithe ar na téarmaí ‘teicneolaíocht’, ‘riachtanach’, ‘táirgeadh’ agus ‘úsáid’).

3.   

Na hábhair phléascacha agus réamhtheachtaithe a leanas agus meascáin ina bhfuil ceann amháin nó níos mó díobh:

a.

Nítriglicrín comhshuite nó measctha leis an ‘ábhar eitiléine’ a shonraítear in ML8.a. nó i miotail phúdraithe a shonraítear in ML8.c. de Liosta Míleata Coiteann an Aontais Eorpaigh (ach amháin nuair a phacáistítear/ullmhaítear é i ndáileoga míochaine aonair);

b.

Aigéad nítreach;

c.

Aigéad sulfarach.

.

(*1)   IO C 98, 15.3.2018, lch. 1


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/882/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)