|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/877 |
22.3.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/877 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Márta 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formheas an stádais riosca dhiomaibhsigh i ndáil leis an scráibeach chlasaiceach sa tSeicia
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (1), agus go háirithe Roinn A, pointe 2.2, an chéad mhír, de Chaibidil A d’Iarscríbhinn VIII de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001, leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha (TSEanna) a chosc, a rialú agus a dhíothú i mbó-ainmhithe, in ainmhithe den chineál caorach agus in ainmhithe den chineál gabhair. Foráiltear in Airteagal 15(1) den Rialachán sin, inter alia, maidir le bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach nó ainmhithe de chineál gabhair agus a seamhan, a suthanna agus a n-ubháin a chur ar an margadh nó, más gá, iad a onnmhairiú, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn VIII den Rialachán céanna. |
|
(2) |
Le Roinn A de Chaibidil A d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001, leagtar amach, inter alia, na coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir le hainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair agus a seamhan agus a suthanna a chur ar an margadh. Foráiltear le pointe 2.1 den Roinn sin, i gcás ina measann Ballstát go bhfuil riosca diomaibhseach i ndáil leis an scráibeach chlasaiceach ar a chríoch nó ar chuid dá chríoch, go cuirfidh sé doiciméadacht tacaíochta iomchuí faoi bhráid an Choimisiún ina léireofar go gcomhlíontar na critéir a leagtar síos sa phointe sin. Ina theannta sin, foráiltear le pointe 2.2 den Roinn sin go bhféadfadh an Coimisiún stádas riosca dhiomaibhsigh i ndáil leis an scráibeach chlasaiceach sa Bhallstáit nó i gcrios an Bhallstáit a fhormheas. I bpointe 2.3 den Roinn sin, liostaítear na Ballstáit a bhfuil a stádas riosca dhiomaibhsigh i ndáil leis an scráibeach chlasaiceach formheasta. |
|
(3) |
An 22 Bealtaine 2022, chuir an tSeicia iarratas faoi bhráid an Choimisiún chun go n-aithneofar go bhfuil stádas riosca dhiomaibhsigh i ndáil leis an scráibeach chlasaiceach ag baint léi. An 25 Eanáir 2023, d’iarr an Coimisiún cúnamh eolaíoch agus teicniúil ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) chun a mheas ar léirigh an Ballstát, ina iarratas, comhlíontacht le Roinn A, pointe 2.1(c) agus pointe 2.2 de Chaibidil A d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001. |
|
(4) |
An 24 Deireadh Fómhair 2023, d’fhoilsigh EFSA tuarascáil eolaíoch (2) mar fhreagra ar iarraidh an Choimisiúin (‘tuarascáil EFSA’). Ar bhonn na tástálacha íogaireachta a cuireadh ar fáil sna meastóireachtaí roimhe seo ar scagthástálacha diagnóiseacha a rinne EFSA agus Institiúid Ábhar Tagartha agus Tomhais (IRMM) de chuid an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, is é conclúid thuarascáil EFSA gur léirigh an tSeicia comhlíontacht le Roinn A, pointe 2.1(c) de Chaibidil A d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 maidir le gach bliain den 7 mbliana roimhe sin. |
|
(5) |
Is é conclúid na tuarascála freisin, ar bhonn na tástálacha íogaireachta a soláthraíodh sna meastóireachtaí roimhe seo ar scagthástálacha diagnóiseacha a rinne EFSA agus IRMM, maidir le rúin na Seicia i ndáil le faireachas ar an scráibeach chlasaiceach amach anseo, go gcomhlíonfaidís Roinn A, pointe 2.2 de Chaibidil A d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001. |
|
(6) |
Agus tuarascáil EFSA agus toradh fabhrach an mheasúnaithe a ndearna an Coimisiún ar an iarratas sin a gcur san áireamh leis na critéir eile a leagtar amach i Roinn A, pointe 2.1, de Chaibidil A d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001, ba cheart an tSeicia a liostú mar Bhallstát a bhfuil riosca diomaibhseach i ndáil leis an scráibeach chlasaiceach ag baint leis. |
|
(7) |
Mar sin, ba cheart Roinn A, pointe 2.3, de Chaibidil A d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 a leasú chun an tSeicia a chur le liosta na mBallstát a bhfuil riosca dhiomaibhseach i ndáil leis an scráibeach chlasaiceach ag baint leo. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 147, 31.5.2001, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/999/oj.
(2) https://www.efsa.europa.eu/en/efsajournal/pub/8335.
IARSCRÍBHINN
I Roinn A de Chaibidil A d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (EC) Uimh. 999/2001, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe 2.3:
|
‘2.3. |
Is iad seo an leanas na Ballstáit nó crios an Bhallstáit a bhfuil riosca diomaibhseach i ndáil leis an scráibeach chlasaiceach ag baint leo:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/877/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)