|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/875 |
22.3.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/875 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Márta 2024
lena nglactar liosta de ghiorrúcháin agus de phicteagraim a bheidh mar an gcéanna ar fud an Aontais agus atá le húsáid ar phacáistiú táirgí íocshláinte tréidliachta chun críocha Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (1), agus go háirithe Airteagal 17(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagail 10 agus 11 de Rialachán (AE) 2019/6 leagtar amach an fhaisnéis atá le bheith ar lipéadú an neasphacáistithe nó ar an bhforphacáistiú ar tháirgí íocshláinte tréidliachta. Ceanglaítear le hAirteagal 10(2) agus le hAirteagal 11(3) den Rialachán sin go mbeidh an fhaisnéis sin soléite agus intuigthe go soiléir nó i ngiorrúcháin nó i bpicteagraim a bheidh mar an gcéanna ar fud an Aontais. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den Rialachán sin, tá liosta de ghiorrúcháin agus de phicteagraim a bheidh mar an gcéanna ar fud an Aontais le glacadh. |
|
(2) |
Is minic a bhíonn an pacáistiú ar tháirgí íocshláinte tréidliachta beag, agus dá bhrí sin bíonn teorainn leis an spás lipéid. Nuair a úsáidtear giorrúcháin agus picteagraim cuidítear an fhaisnéis riachtanach a chuimsiú ar an lipéad i bhformáid atá soiléir soléite. Le húsáid giorrúchán agus picteagram atá mar an gcéanna ba cheart go laghdófaí an téacs ar lipéadú táirgí íocshláinte tréidliachta agus ba cheart go n-éascófaí úsáid pacáistithe ilteangaigh. |
|
(3) |
Le rialacha aonfhoirmeacha maidir le giorrúcháin agus picteagraim a bheidh mar an gcéanna ar fud an Aontais lena n-úsáid ar lipéadú an neasphacáistithe agus an fhorphacáistithe ar tháirgí íocshláinte tréidliachta ba cheart go laghdófaí an t-ualach riaracháin agus go bhfeabhsófaí feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus infhaighteacht táirgí íocshláinte tréidliachta san Aontas. |
|
(4) |
Chun comhthuiscint ar ghiorrúcháin a áirithiú, ba cheart an fhormáid agus an cló a úsáidtear a chomhchuibhiú ar fud an Aontais. |
|
(5) |
Ba cheart lipéid a bheith níos sothuigthe nuair a úsáidtear picteagraim shimplí agus shoiléire. Chun aon mhíthuiscint a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, ba cheart brí gach picteagraim a úsáidfear ar lipéadú táirge íocshláinte tréidliachta a mhíniú i dtéacs iomlán ar an mbileog phacáiste a ghabhann leis an táirge íocshláinte tréidliachta lena mbaineann. |
|
(6) |
Ba cheart iomadú picteagram éagsúil le haghaidh na faisnéise céanna a sheachaint, ionas nach gcuirfear mearbhall ar úinéirí ainmhithe, ar choimeádaithe ainmhithe, ar thréidlianna nó ar mhiondíoltóirí. Dá bhrí sin, níor cheart aon phicteagram seachas na picteagraim a áirítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid in ionad an téacs chomhfhreagraigh mar a leagtar amach sna hIarscríbhinní. Thairis sin, ba cheart an dath lena gcuirtear picteagraim i láthair ar an lipéadú a chomhchuibhiú. |
|
(7) |
Ba cheart picteagraim a bheith inaitheanta agus soléite ag úinéirí ainmhithe, coimeádaithe ainmhithe, tréidlianna agus miondíoltóirí. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha comhchoiteanna a shocrú maidir le conas picteagraim a thaispeáint ar lipéadú táirge íocshláinte tréidliachta. |
|
(8) |
Táirgí íocshláinte tréidliachta a údaraítear roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo nó atá faoi réir iarratas atá ar bun ar údarú margaíochta ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, d’fhéadfadh giorrúcháin nó picteagraim a bheith orthu nach gcomhlíonann riachtanais an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, chun infhaighteacht leanúnach na dtáirgí sin a áirithiú ní mór foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse inar cheart cead a thabhairt na táirgí sin a chur ar an margadh fiú mura gcomhlíonann na picteagraim agus na giorrúcháin a úsáidtear ina lipéadú an Rialachán seo. |
|
(9) |
Iarratasóirí a bhfuil sé beartaithe acu iarratas a chur isteach ar údarú margaíochta nó ar athrú údaraithe margaíochta, bheadh gá acu le ham leordhóthanach chun a n-iarratais a choigeartú chun iad a chur i gcomhréir leis na forálacha a shocraítear sa Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo 30 lá tar éis dháta a theacht i bhfeidhm. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Féadfar na giorrúcháin agus na picteagraim a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid in ionad na faisnéise scríofa a cheanglaítear ar lipéadú an neasphacáistithe agus ar an bhforphacáistiú ar tháirgí íocshláinte tréidliachta dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/6. Ní úsáidfear aon ghiorrúchán ná aon phicteagram eile seachas na giorrúcháin agus na picteagraim a liostaítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na faisnéise scríofa sin.
Airteagal 2
1. Ní úsáidfear na giorrúcháin agus na picteagraim a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo ach in ionad an téacs chomhfhreagraigh mar a leagtar amach sna hIarscríbhinní, agus ina ionad sin amháin. Ní úsáidfear iad in ionad aon fhaisnéis eile maidir leis an táirge íocshláinte tréidliachta.
2. Ní mór na giorrúcháin agus na picteagraim a úsáidfear ar lipéadú táirge íocshláinte tréidliachta a mhíniú i dtéacs iomlán ar bhileog phacáiste an táirge íocshláinte tréidliachta lena mbaineann.
3. Taispeánfar na giorrúcháin san fhormáid chéanna agus a leagtar síos in Iarscríbhinn I.
4. Maidir leis na picteagraim:
|
(a) |
beidh siad i gcomhréir le méid foriomlán lipéadú an neasphacáistithe nó an fhorphacáistithe ar tháirgí íocshláinte tréidliachta; |
|
(b) |
cuirfear i láthair iad i bhformáid atá sách soléite; |
|
(c) |
beidh siombail dhubh orthu gan aon ghné amhairc bhreise, amhail scáthú; |
|
(d) |
seasfaidh siad amach go soiléir ar dhath agus cur i láthair lipéadú an neasphacáistithe nó an fhorphacáistithe; |
|
(e) |
ní dhéanfaidh siad difear diúltach don chuid eile den fhaisnéis ar lipéadú an neasphacáistithe nó an fhorphacáistithe mar gheall ar a suíomh. |
Airteagal 3
Táirgí íocshláinte tréidliachta a údaraítear roimh an 11 Bealtaine 2024, nó atá faoi réir iarratas atá ar bun ar údarú margaíochta an 11 Bealtaine 2024, a luaithe a údarófar iad, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí an 11 Aibreán 2029 fiú mura gcomhlíonann na picteagraim agus na giorrúcháin a úsáidtear ina lipéadú an Rialachán seo.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 11 Bealtaine 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 4, 7.1.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/oj.
IARSCRÍBHINN I
GIORRÚCHÁIN
Nuair a úsáidfear giorrúcháin i gcomhréir le hAirteagal 1 den Rialachán seo, úsáidfear na giorrúcháin seo a leanas in ionad na mbealaí tabhartha seo a leanas ar lipéadú an neasphacáistithe nó ar an bhforphacáistiú ar tháirgí íocshláinte tréidliachta:
|
Bealach tabhartha |
Giorrúchán |
|
Ionmhatánach |
i.m. |
|
Infhéitheach |
i.v. |
|
Fo-chraicneach |
s.c. |
IARSCRÍBHINN II
PICTEAGRAIM
Nuair a úsáidfear picteagraim i gcomhréir le hAirteagal 1 den Rialachán seo, úsáidfear na picteagraim a áirítear san iarscríbhinn seo in ionad na sonraí seo a leanas ar lipéadú an neasphacáistithe nó ar an bhforphacáistiú ar tháirgí íocshláinte tréidliachta:
ROINN 1
Spriocspeicis
|
Spriocspeiceas |
Picteagram |
|
Muc |
|
|
Capall |
|
|
Lacha |
|
|
Eallach |
|
|
Gabhar |
|
|
Iasc |
|
|
Caora |
|
|
Madra |
|
|
Sicín |
|
|
Coinín |
|
|
Turcaí |
|
|
Gé |
|
|
Cat |
|
|
Sionnach |
|
|
Camall |
|
|
Colúr |
|
|
Eilifint |
|
|
Muc ghuine |
|
|
Nathair |
|
|
Pearóid |
|
|
Piasún |
|
|
Beach |
|
|
Éan ornáideach |
|
ROINN 2
Dálaí stórála
|
Réamhchúraimí stórála |
Picteagram |
|
Stóráil i gcuisneoir |
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/875/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)