European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/857

24.4.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/857 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Nollaig 2023

lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear modheolaíocht chaighdeánaithe agus modheolaíocht chaighdeánaithe shimplithe chun meastóireacht a dhéanamh ar rioscaí a eascraíonn as athruithe féideartha i rátaí úis a dhéanann difear do luach eacnamaíoch cothromais agus do ghlanioncam úis gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála institiúide araon

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (1), agus go háirithe Airteagal 84(5), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun comhchuibhiú cleachtas a chothú agus an mhodheolaíocht chaighdeánaithe le haghaidh ríomha meastachán iontaofa ar riosca an ráta úis sa leabhar neamhthrádála, is gá na príomheilimintí teicniúla a sholáthar d’institiúidí le haghaidh meastóireacht na rioscaí, lena n-áirítear rialacha maidir le sreabhadh airgid a shliotánú, ríomhanna le haghaidh roghanna uathoibríocha, ríomhanna le haghaidh ionstraimí arna luacháil ag cóirluach, agus na rialacha maidir le sreabhadh airgid a lascainiú agus a réamh-mheas.

(2)

D’fhonn leanúnachas agus comhlíontacht leis na caighdeánaithe idirnáisiúnta ábhartha a áirithiú, ba cheart do na sainmhínithe, na heilimintí, agus céimeanna na modheolaíochta caighdeánaithe tógáil orthu siúd a bunaíodh i dtreoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh ar bhainistíocht riosca an ráta úis a eascraíonn as gníomhaíochtaí leabhair neamhthrádála (2) agus orthu siúd a bunaíodh sa mhodheolaíocht chaighdeánaithe de Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht ó mhí Aibreáin 2016 (3).

(3)

Chun comhchuibhiú a áirithiú maidir le haitheantas, meastóireacht, bainistíocht, agus maolú ar riosca an ráta úis sa leabhar neamhthrádála, is iomchuí toimhdí caighdeánaithe a leagan síos, i gcás inar féidir, go háirithe maidir le roghanna uathoibríocha. Agus toimhdí den sórt sin á leagan síos, is gá a chur san áireamh go spreagann contrapháirtithe gairmiúla roghanna chun a leasa féin go ginearálta. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann nach féidir toimhdí saintreoracha a dhéanamh toisc gur féidir le measúnuithe riosca a bhfuil easpa cruinnis ag baint leo teacht as toimhdí den chineál sin, mar is amhlaidh i gcás iompar chliaint miondíola maidir le suaití ráta úis i gcomhthéacs ionstraimí sonracha. Le haghaidh na gcásanna sin, is gá a leagan síos, a mhéid is féidir na céimeanna, sainmhínithe agus srianta ar thoimhdí ar cheart d’institiúidí aird a thabhairt orthu.

(4)

Chun cur chun feidhme na modheolaíochta caighdeánaithe ag institiúidí a éascú agus ag féachaint don fhíoras gur cheart meastacháin ar luach eacnamaíoch cothromais agus ar ghlanioncam úis araon a bheith bunaithe ar shreabhadh airgid athphraghsála, ba cheart go mbeidh an dá chur chuige chun meastachán a dhéanamh ar an dá mhéadracht sin bunaithe ar na rialacha céanna maidir le sliotánú i dtráinsí aga. Mar sin féin, chun ranníocaíocht mheasta an ráta úis saor ó riosca leis an athinfheistíocht nó athmhaoiniú ar shreabhadh airgid athphraghsála a ríomh i gceart, éilítear leis an méadracht glanioncaim úis sliotánú breise de shreafaí airgid isteach sa tráinse aga téarma tagartha.

(5)

Ina theannta sin, i bhfianaise go bhfuil saintréithe difriúla ag na hionstraimí i raon feidhme an ríomha maidir le luach eacnamaíoch cothromais agus ar ghlanioncam úis, lena n-áirítear rátaí úis seasta nó comhlúthacha, agus toimhdí iompraíochta leabaithe, agus chun cur chun feidhme comhsheasmhach an ríomha sin a áirithiú, is gá na saintréithe sin a mheas agus na rialacha sonracha maidir le leithdháileadh a leagan síos le haghaidh gach cineál ionstraime.

(6)

Chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir, ar lámh amháin, inchomparáideacht na dtorthaí ríomha a áirithiú agus, ar an taobh eile, an tsolúbthacht is gá mar gheall ar an tréimhse fhadtéarmach agus an chastacht bhunúsach oibriúcháin, ba cheart corrlaigh thráchtála agus comhpháirteanna raoin difríochta eile a chur san áireamh i ríomh an ghlanioncaim úis. Mar sin féin, maidir le ríomh ar an luach eacnamaíoch cothromais, ba cheart d’institiúidí dul ar aghaidh i gcomhréir lena gcur chuige bainistíochta agus tomhais inmheánaigh do riosca an ráta úis sa leabhar neamhthrádála.

(7)

Chun íogaireacht riosca a fheabhsú agus dálaí maidir le sreafa airgid iompraíochta atá sainiúil d’institiúid a chur san áireamh, ba cheart go mbeidh na toimhdí faoi bhun sliotánaithe sreabhaidh airgid de thaiscí neamhaibíochta, na hiasachtaí faoi réir riosca réamhíocaíochta, agus na taiscí téarma faoi réir an riosca fuascailte luaithe a bheith bunaithe go príomha ar mheastacháin na hinstitiúide ar bhealach a chuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach le himeacht ama. Mar sin féin, chun cineál na modheolaíochta caighdeánaithe a chur i dtábhacht, ba cheart go ndéanfar an sreabhadh iompraíochta a fheabhsú trí iolrú trí scálacha seasta ag brath ar an gcás is infheidhme. Ina theannta sin, maidir le taiscí neamhaibíochta, ba cheart coimeádachas a áirithiú trí uasteorainneacha caighdeánaithe ar chion agus ar mheánaibíocht na príomhghnéithe a chur chun feidhme, ag brath ar chatagóir an chontrapháirtí.

(8)

Chun comhréireacht i sliotánú sreabhaidh airgid a áirithiú, i gcás ina dtiteann ábharthacht neamhchosaintí áirithe faoi bhun tairseacha réamhshainithe ba cheart d’institiúidí a bheith díolmhaithe ó mheastacháin áirithe i gcomhthéacs taiscí neamhaibíochta, iasachtaí faoi réir riosca réamhíocaíochta, taiscí téarma faoi réir an riosca fuascailte luaithe, risíochtaí neamhthuillmheacha, línte miondíola ar ráta seasta, agus riosca boinn.

(9)

Chun cur chun feidhme na modheolaíochta caighdeánaithe a éascú, ba cheart d’institiúidí an ráta ábhartha a chinneadh le haghaidh gach tráinse aga athphraghsála, nó le haghaidh teaglaim na hathphraghsála agus an tráinse aga téarma tagartha, seachas an ráta sin a chinneadh le haghaidh gach sreabhadh airgid athphraghsála.

(10)

Chun corrlaigh thráchtála a chinneadh maidir le réamh-mheastachán ar ghnó nua i ríomh glanioncaim úis agus chun meastacháin cothrom le dáta a ghiniúint, ba cheart d’institiúidí barúlacha in aghaidh chineál an táirge ábhartha, chatagóir contrapháirtí, agus suímh gheografaigh a rinneadh le déanaí a úsáid. Ba cheart dá bhrí sin go mbeidh na barúlacha sin bunaithe go ginearálta ar idirbhearta a breathnaíodh le bliain anuas, nó ar phraghsanna margaidh inbhraite le haghaidh na hionstraime ionstraim le luachaintí margaidh atá ar fáil.

(11)

Soláthraíonn torthaí na modheolaíochta caighdeánaithe maidir le glanioncam úis an luach faisnéise is airde i gcás ina socraítear eatramh ama an ghlanioncaim úis ag 1 bhliain amháin. Mar sin féin, is minic gur féidir le ríomh maidir le híogaireacht úis glanioncaim úis thar eatramh ama níos faide faisnéis úsáideach breise a sholáthar le haghaidh institiúidí a bhfuil comhchruinnithe móra aibíochtaí acu thart ar nó i ndiaidh eatramh ama de bhliain amháin. Ina fhianaise sin, agus chun luach eacnamaíoch den mhéadracht chothromais a chomhlánú, ba cheart an t-eatramh ama 1 bhliain amháin don ríomh ar an nglanioncam úis a bheith mar eatramh íosta.

(12)

Is féidir le riosca boinn tionchar a imirt ar ghlanioncam úis ar bhealach ábhartha. Ina fhianaise sin, agus ag cur le cleachtas bunaithe ag an Údarás Baincéireachta Eorpach atá ann cheana, is gá foráil a dhéanamh maidir le modheolaíocht le haghaidh institiúidí chun meastachán a dhéanamh ar thionchar an riosca boinn.

(13)

Agus an mhodheolaíocht chaighdeánaithe shimplithe á leagan síos, is gá comhréireacht agus coimeádachas araon a áirithiú. Chuige sin, ba cheart roinnt eilimintí a leagan amach sa mhodheolaíocht chaighdeánaithe shimplithe sin, lena n-áirítear simplithe áirithe, lena soláthraítear creat atá iomchuí do na hacmhainní níos ísle chun rioscaí a mheas a bhíonn ag institiúidí beaga agus neamhchasta, agus bearta coimeádacha a áirithíonn stóinseacht an chuir chuige. Ba cheart sliotánú saintreorach, líneach de shreabhadh airgid taiscí neamhaibíochta, lena n-áirítear scálacha cás-spleácha a chur i bhfeidhm ar an bpríomhghné, agus ríomh simplithe roghnaíochta uathoibríche bunaithe ar íocaíochtaí a áirithiú le simplithe agus bearta coimeádacha den sórt sin. Thairis sin, chun na críche céanna simplithe agus coimeádachais, ba cheart don bheart a bhaineann leis an nglanioncam úis a bhrath ar ríomh rátaí úis bunaithe ar mheántéarma tagartha in aghaidh chineál an táirge agus meánchorrlach tráchtála in aghaidh chineál an táirge, agus ar ráta úis suas go dtí dáta athphraghsála na n-ionstraimí, a ríomhadh le meastacháin ar mheánrátaí úis.

(14)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(15)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúchán poiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘sreabhadh airgid athphraghsála barúlach’ aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

an méid príomhshuime tráth a hathphraghsála, trína mheastar gur tharla athphraghsáil den sórt sin ar an dáta níos luaithe de na dátaí seo a leanas:

(i)

an dáta ar a bhfuil an institiúid nó a contrapháirtí i dteideal an ráta úis a athrú go haontaobhach;

(ii)

an dáta ar a athraíonn an ráta úis d’ionstraim ráta chomhlúthaigh go huathoibríoch mar fhreagra ar athrú i dtagarmharc ráta úis mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (22) de Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

(b)

in éagmais athphraghsála dá dtagraítear i bpointe (a), an méid príomhshuime tráth aisíocaíochta na príomhshuime nó cuid di;

(c)

íocaíocht úis ar an gcuid sin den phriomhshuim nár aisíocadh nó nár athphraghsáladh í fós;

(2)

ciallaíonn ‘dáta athphraghsála’ ar a dtarlaíonn sreabhadh airgid athphraghsála barúlach;

(3)

ciallaíonn ‘ráta úis saor ó riosca’, le haghaidh airgeadra ar leith, an ráta úis a chomhfhreagraíonn le haibíocht ar chuar toraidh nach n-áirítear leis raonta difríochta creidmheasa a bhaineann go sonrach le hionstraim nó le heintiteas nó raonta difríochta leachtachta;

(4)

ciallaíonn ‘ionstraim ráta sheasta’ ionstraim a ghineann sreabhadh airgid íocaíochtaí úis atá réamhchinntithe bunaithe ar ráta úis seasta ráta úis go dtí pointe a haibíochta conarthaí;

(5)

ciallaíonn ‘ionstraim ráta chomhlúthaigh’ ionstraim a athshocraítear a ráta úis ag dátaí réamhchinntithe, mar fhreagra ar athrú i dtagarmharc ráta úis mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (22) de Rialachán (AE) 2016/1011 nó in innéacs institiúide arna bhainistiú go hinmheánach;

(6)

ciallaíonn ‘rogha uathoibríoch ar ráta úis’ rogha sainráite nó intuigthe dá dtagraítear in Airteagal 325e(2), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), lena n-áirítear rogha gur dócha go soláthróidh an institiúid íocaíocht dá contrapháirtí faoina bhun gan beann ar oibleagáid chonarthach, a chomhlíonann na nithe uile seo a leanas:

(a)

tá íocaíocht na rogha íogair do ráta úis;

(b)

tiomáintear feidhmiú na rogha le dreasachtaí airgeadaíochta den sealbhóir scair-roghanna amháin;

(7)

ciallaíonn ‘rogha ar ráta úis iompraíochta’ rogha dá dtagraítear in Airteagal 325e(2), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 lena n-áirítear rogha gur dócha go soláthróidh an institiúid íocaíocht dá contrapháirtí faoina bhun gan beann ar oibleagáid chonarthach, agus a chomhlíonann na nithe uile seo a leanas:

(a)

tá íocaíochtaí na roghanna íogair do ráta úis;

(b)

ní thiomáintear feidhmiú na rogha le dreasacht airgeadaíochta an chontrapháirtí amháin ach tá sé ag brath ar iompraíocht an chontrapháirtí sin;

(8)

ciallaíonn ‘taisce neamhaibíochta’ dliteanas gan dáta aibíochta, ina mbíonn sé de shaoirse ag an taisceoir an taisce a tharraingt siar tráth ar bith;

(9)

ciallaíonn ‘taisce miondíola’ taisce miondíola mar a shainítear in Airteagal 411, pointe (2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(10)

ciallaíonn ‘taisce miondíola idirbheartaíochta’ ceachtar díobh seo a leanas:

(a)

is cuntas é taisce miondíola neamhaibíochta i gcuntas idirbheartaíochta, ina gcuirtear tuarastail, ioncam nó caiteachais (‘idirbhearta’) go tráthrialta chun sochair agus chun dochair;

(b)

taisce miondíola neamhaibíochta nach saothraíonn aon ús, fiú i dtimpeallacht ráta úis aird;

(11)

ciallaíonn ‘taisce miondíola neamh-idirbheartaíochta’ taisce miondíola neamhaibíochta nach sealbhaítear i gcuntas idirbheartaíochta í nó a shaothraíonn ús;

(12)

ciallaíonn ‘taisce mórdhíola’ taisce nach taisce miondíola í;

(13)

ciallaíonn ‘taisce chobhsaí neamh-aibíochta’ an chuid sin den taisce neamhaibíochta gur dócha í a bheith fós neamhtharraingthe faoi na rátaí úis atá i réim tráth ina gcuirtear i bhfeidhm an mhodheolaíocht chaighdeánaithe chun an sreabhadh airgid athphraghsála barúlach a shliotánú;

(14)

ciallaíonn ‘ráta idirmheánach’ an céatadán den athrú sa ráta úis margaidh a shannann institiúid do thaisce chun an leibhéal céanna taiscí cobhsaí a choinneáil ar bun faoi na rátaí úis neamhtharraingthe faoi na rátaí úis atá i réim tráth ina gcuirtear i bhfeidhm an mhodheolaíocht chaighdeánaithe chun an sreabhadh airgid athphraghsála barúlach a shliotánú;

(15)

ciallaíonn ‘príomhghné’ an chuid de thaisce neamhaibíochta cobhsaí nach dócha go n-athphraghsálfar é fiú faoi athruithe móra sa timpeallacht ráta úis;

(16)

ciallaíonn ‘neamh-phríomhghné’ an chuid den taisce neamhaibíochta seachas a phríomhghné;

(17)

ciallaíonn ‘suíomh geografach’ tír chorpraithe na bhféichiúnaithe nó na dtaisceoirí sin ar daoine dlítheanacha iad, nó tír chónaithe na bhféichiúnaithe nó na dtaisceoirí sin ar daoine nádúrtha iad;

(18)

ciallaíonn ‘téarma tagartha’ an tréimhse a thagraítear nuair a dhéanann ionstraim athphraghsáil.

Airteagal 2

Suíomhanna leabhar neamhthrádála a áirítear sa mheastóireacht

1.   Déanfaidh institiúidí, chun críocha na modheolaíochta caighdeánaithe agus na modheolaíochta caighdeánaithe simplithe dá dtagraítear in Airteagal 84(1) de Threoir 2013/36/AE, le haghaidh gach airgeadra ina bhfuil suíomh atá ábhartha ag an institiúid dá dtagraítear in Airteagal 3, meastóireacht ar na suíomhanna leabhar neamhthrádála uile. Beidh na nithe seo a leanas san áireamh sna suíomhanna leabhar neamhthrádála:

(a)

suíomhanna leabhar neamhthrádála ar shócmhainní airgeadais;

(b)

suíomhanna leabhar neamhthrádála ar dhliteanais;

(c)

suíomhanna leabhar neamhthrádála ar ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe.

2.   Áireofar an méid uile seo a leanas sna suíomhanna leabhar neamhthrádála dá dtagraítear i mír 1:

(a)

díorthaigh ráta úis;

(b)

díorthaigh ráta neamh-úis a chinntítear an sreabhadh airgid dóibh san iomlán nó i bpáirt trí thagairt a dhéanamh do ráta úis;

(c)

oibleagáidí pinsin agus sócmhainní plean pinsin seachas i gcás ina ngabhtar a riosca ráta úis i mbeart riosca eile;

(d)

sócmhainní atá íogair ar ráta úis seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) agus nach n-asbhaintear iad ón gCaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

(e)

dliteanais atá íogair ar ráta úis seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) nach ionstraimí iad ón gCaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ná ionstraimí suthaine eile gan aon dátaí rogha;

(f)

ítimí atá íogair ar ráta úis lasmuigh den chlár comhardaithe seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c);

(g)

suíomhanna leabhar trádála beaga dá dtagraítear in Airteagal 94 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, seachas i gcás ina ngabhtar a riosca ráta úis i mbeart riosca eile.

Chun críocha pointe (e), áireofar taiscí nach n-íoctar aon íocaíocht ina leith le dliteanais atá íogair ar ráta úis.

Airteagal 3

Ábharthacht suíomhanna leabhar neamhthrádála

Breithneoidh institiúidí suíomh leabhar neamhthrádála a bheith ábharthacht i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)

bíonn luach cuntasaíochta sócmhainní nó dliteanas a ainmnítear in airgeadra cothrom le 5 % ar a laghad de na sócmhainní airgeadais nó dliteanais neamhthrádála iomlána;

(b)

bíonn luach cuntasaíochta sócmhainní nó dliteanas a ainmnítear in airgeadra cothrom le níos lú ná 5 % na sócmhainní airgeadais leabhar neamhthrádála nó dliteanais i gcás ina mbíonn suim na sócmhainní airgeadais nó dliteanas a áirítear sa ríomh níos ísle ná 90 % de na sócmhainní airgeadais neamhthrádála iomlána, gan sócmhainní inláimhsithe, nó dliteanais.

Airteagal 4

Aicmiú na gcásanna

Chun críocha sainaithint, meastóireacht, bainistíocht agus maolú a dhéanamh ar na rioscaí a eascraíonn as athruithe sna rátaí úis a d’fhéadfadh a bheith ann a dhéanann difear do luach eacnamaíoch cothromais agus do ghlanioncam úis gníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála institiúide, déanfaidh institiúidí na cásanna lena n-áirítear na cásanna maoirseachta suaite dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 ón gCoimisiún (7) a aicmiú isteach i gceann de na cineálacha seo a leanas bunaithe ar ghluaiseacht an ráta úis:

(a)

suaití comhuaineacha, a bheidh ceachtar den dá mhír seo a leanas:

(i)

suaitheadh de rátaí úis méadaithe i gcomhthráth thar gach aibíocht;

(ii)

suaitheadh de rátaí úis laghdaithe i gcomhthráth thar gach aibíocht;

(b)

suaití lena mbaineann uainíochtaí don struchtúr téarma, a bheidh ceachtar den dá mhír seo a leanas:

(i)

laghdú ar an ráta úis ag aibíochtaí fadtéarmacha agus méadú ar an ráta úis ag aibíochtaí gearrthéarmacha, as a dtagann cothromú ar an gcuar ráta úis;

(ii)

méadú ar an ráta úis ag aibíochtaí fadtéarmacha agus laghdú ar an ráta úis ag aibíochtaí gearrthéarmacha, as a dtagann géarú ar an gcuar ráta úis;

(c)

suaití míchothroma, a bheidh ceachtar den dá mhír seo a leanas:

(i)

suaitheadh rátaí úis méadaithe a bhíonn níos mó ag aibíochtaí gearrthéarmacha;

(ii)

suaitheadh rátaí úis laghdaithe a bhíonn níos mó ag aibíochtaí gearrthéarmacha.

CAIBIDIL II

MODHEOLAÍOCHT CHAIGHDEÁNAITHE CHUN MEASTÓIREACHT A DHÉANAMH AR NA RIOSCAÍ DO LUACH EACNAMAÍOCH COTHROMAIS GHNÍOMHAÍOCHTAÍ LEABHAIR NEAMHTHRÁDÁLA INSTITIÚIDE

Airteagal 5

Ceanglais ghinearálta le haghaidh sreabhadh airgid athphraghsála barúlach a leithdháileadh

1.   Agus an mhodheolaíocht chaighdeánaithe chun meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí arna n-eascairt as athruithe féideartha i rátaí úis lena ndéantar difear don luach eacnamaíoch cothromais óna suíomhanna leabhar neamhthrádála, leithdháilfidh institiúidí sreabhadh airgid athphraghsála barúlacha a suíomhanna leabhar neamhthrádála ar na tráinsí aga athphraghsála ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn, mar a leanas:

(a)

le haghaidh ionstraimí ráta sheasta, i gcomhréir le hAirteagal 6;

(b)

le haghaidh ionstraimí ráta chomhlúthaigh, i gcomhréir le hAirteagal 7;

(c)

le haghaidh taiscí neamhaibíochta, i gcomhréir le hAirteagal 8;

(d)

le haghaidh iasachtaí ar ráta seasta faoi réir an riosca aisíocaíochta luaithe, i gcomhréir le hAirteagal 9;

(e)

le haghaidh taiscí téarma ar ráta seasta faoi réir an riosca fuascailte luaithe, i gcomhréir le hAirteagal 10;

(f)

le haghaidh ionstraimí díorthach gan roghnaíocht i gcomhréir le hAirteagal 11;

(g)

le haghaidh ionstraimí seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (f), i gcomhréir le hAirteagal 12.

2.   Déanfaidh institiúidí a dhéileáil le corrlaigh thráchtála agus comhpháirteanna raoin difríochta eile in íocaíochtaí úis i dtéarmaí a n-eisiaimh ón sreabhadh airgid athphraghsála barúlach nó i dtéarmaí a gcuimsithe iontu, i gcomhréir le cur chuige inmheánach bainistíochta agus tomhais le haghaidh riosca ráta úis sa leabhar neamhthrádála.

Déanfaidh institiúidí a eisiann corrlaigh thráchtála agus comhpháirteanna leata eile ó an sreabhadh airgid athphraghsála barúlach an méid uile seo a leanas:

(a)

úsáid modheolaíochta trédhearcaí chun an ráta úis saor ó riosca a shainaithint ag tionscnamh gach ionstraim, agus an mhodheolaíocht sin a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach thar aonaid ghnó;

(b)

a áirithiú go mbeidh eisiamh na gcorrlach tráchtála agus na gcomhpháirteanna raoin difríochta eile ón sreabhadh airgid athphraghsála barúlach i gcomhréir leis an gcaoi a mbainistíonn agus a bhfálaíonn an institiúid riosca ráta úis sa leabhar neamhthrádála;

(c)

fógra a thabhairt maidir le heisiamh na gcorrlach tráchtála agus na gcomhpháirteanna raoin difríochta eile don údarás inniúil.

3.   Agus sreabhadh airgid athphraghsála barúlach á leithdháileadh as a suíomhanna leabhar neamhthrádála dá dtagraítear i mhír 1, déanfaidh institiúidí an méid seo a leanas:

(a)

ní chuirfidh siad sa áireamh tionchar roghnaíochta leabaithe de rogha uathoibríoch ráta úis maidir le sreabhadh airgid athphraghsála barúlach;

(b)

tionchar roghnaíochta leabaithe de rogha ar ráta úis iompraíochta maidir le sreabhadh airgid athphraghsála barúlach a chur san áireamh.

Airteagal 6

Ionstraimí ráta sheasta

1.   Déanfaidh institiúidí an sreabhadh airgid athphraghsála barúlach a eascraíonn as íocaíochtaí úis ó shuíomhanna leabhar neamhthrádála in ionstraimí ráta sheasta a leithdháileadh ar na tráinsí aga athphraghsála ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn faoin dáta athphraghsála, agus ar an gcaoi sin ag cur aon de na heisiaimh dá dtagraítear in Airteagal 5(2), an dara fomhír.

2.   Déanfaidh institiúidí an sreabhadh airgid athphraghsála a eascraíonn as íocaíochtaí idirmheánacha agus deiridh na príomhshuime de na suíomhanna leabhar neamhthrádála in ionstraimí ráta sheasta a leithdháileadh ar na tráinsí aga athphraghsála ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn faoin dáta athphraghsála.

Airteagal 7

Ionstraimí ráta chomhlúthaigh

Déanfaidh institiúidí an sreabhadh airgid athphraghsála barúlach a eascraíonn as suíomhanna leabhar neamhthrádála in ionstraimí ráta chomhlúthaigh a leithdháileadh ar na tráinsí aga athphraghsála ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn faoin dáta athphraghsála, mar a leanas:

(a)

sreabhadh airgid a eascraíonn as íocaíochtaí úis seachas íocaíochtaí as an gcomhpháirt raoin difríochta suas leis an gcéad dáta athphraghsála eile, de réir an chomhaontaithe chonarthaigh;

(b)

méid na príomhshuime atá fágtha, de réir an chomhaontaithe chonarthaigh;

(c)

comhpháirteanna raoin difríochta suas go dtí aibíocht deiridh chonarthach, gan beann ar aon athphraghsáil ar an bpríomhshuim neamhamúchta, seachas i gcás ina eisiatar na comhpháirteanna raoin difríochta i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an dara fomhír.

Airteagal 8

Taiscí neamhaibíochta

1.   Déanfaidh institiúidí taiscí neamhaibíochta a aicmiú, ag brath ar chineál an chontrapháirtí, isteach sna catagóirí seo a leanas:

(a)

taiscí miondíola neamhaibíochta, a aicmítear a thuilleadh ina n-aicmí seo a leanas:

(i)

taiscí miondíola idirbheartaíochta;

(ii)

taiscí miondíola neamh-idirbheartaíochta;

(b)

taiscí mórdhíola neamhaibíochta, a aicmítear a thuilleadh ina n-aicmí seo a leanas:

(i)

taiscí mórdhíola custaiméirí airgeadais;

(ii)

taiscí mórdhíola neamhairgeadais.

2.   Déanfaidh institiúidí idirdhealú:

(a)

idir an chuid chobhsaí agus an chuid neamhchobhsaí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a)(i), (a)(ii), agus (b)(ii) ag úsáid athruithe breathnaithe ar mhéid na dtaiscí mar gheall ar ghluaiseachtaí suas agus síos den ráta úis saor ó riosca ar feadh tréimhse na 10 mbliana roimhe sin ar a laghad;

(b)

idir an phríomhghné agus an neamh-phríomhghné den chuid chobhsaí na dtaiscí neamhaibíochta dá dtagraítear i mír 1.

Chun méid neamh-phríomhghné de chuid chobhsaí na dtaiscí neamhaibíochta dá dtagraítear i bpointe (b) a chinneadh, déanfaidh institiúidí méid na dtaiscí neamhaibíochta cobhsaí uile a iolrú faoin ráta idirmheánach.

3.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an ráta idirmheánach dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír, breithneoidh institiúidí na heilimintí seo a leanas, ag féachaint freisin do na suíomhanna leabhar neamhthrádála a bhfuil saintréithe cosúla acu:

(a)

leibhéal reatha rátaí úis;

(b)

raon difríochta idir ráta tairgthe na hinstitiúide agus ráta margaidh;

(c)

iomaíocht ó ghnóthais eile;

(d)

suíomh geografach na hinstitiúide;

(e)

saintréithe déimeagrafacha agus saintréithe ábhartha eile bhonn custaiméirí na hinstitiúide;

(f)

athphraghsáil neamhdhóchúil na príomhghné de chuid chobhsaí na dtaiscí neamhaibíochta, fiú faoi athruithe móra sa timpeallacht ráta úis.

4.   I gcásanna suaite ina bhforordaítear go méadófar na rátaí úis gearrthéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 4, pointí (a)(i), (b)(i), agus (c)(i), déanfaidh institiúidí príomhghné de chuid chobhsaí na dtaiscí neamhaibíochta a iolrú faoi 0,8, arna ríomh i gcomhréir le míreanna 2 agus 3, agus an neamh-phríomhghné a mhéadú dá réir.

5.   I gcásanna suaite ina bhforordaítear go laghdófar na rátaí úis gearrthéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 4, pointí (a)(ii), (b)(ii), agus (c)(ii), déanfaidh institiúidí príomhghné de chuid chobhsaí na dtaiscí neamhaibíochta a iolrú faoi 1,2, arna ríomh i gcomhréir le míreanna 2 agus 3, agus an neamh-phríomhghné a laghdú dá réir.

6.   Agus míreanna 2 go 5 á chur i bhfeidhm, déanfaidh institiúidí na caidhpeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm ar an gcion príomhghné de chuid chobhsaí na dtaiscí neamhaibíochta arna ríomh i gcomhréir le míreanna 2 agus 3:

(a)

90 % le haghaidh taiscí miondíola idirbheartaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(i);

(b)

70 % le haghaidh taiscí miondíola idirbheartaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(ii);

(c)

50 % le haghaidh taiscí mórdhíola neamhairgeadais dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(ii).

7.   Déanfaidh institiúidí taiscí mórdhíola uile custaiméirí airgeadais, dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(i), a láimhseáil mar taiscí neamhlárnacha neamhaibíochta.

8.   Déanfaidh institiúidí an neamh-phríomhghné de na taiscí neamhaibíochta a leithdháileadh ar an tráinse aga athphraghsála dá dtagraítear i bpointe 1(a) den Iarscríbhinn.

9.   Déanfaidh institiúidí na neamh-phríomhghnéithe de na taiscí neamhaibíochta a leithdháileadh go comhsheasmhach le himeacht ama ar an tráinse aga athphraghsála ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn, bunaithe ar shonraí inmheánacha a bhreithnítear agus faoi réir na srianta aibíochta seo a leanas arna ríomh ar bhonn meánualaithe:

(a)

5 bliana le haghaidh na dtaiscí neamhaibíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(i);

(b)

4,5 bliana le haghaidh na dtaiscí neamhaibíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(ii);

(c)

4 bliana le haghaidh na dtaiscí neamhaibíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (b)(ii).

10.   Déanfaidh institiúidí taiscí neamhaibíochta a shainaithint mar taiscí neamhaibíochta i gcás ina bhfuil iomlán na dtaiscí neamhaibíochta níos lú ná 2 % de na suíomhanna leabhair neamhthrádála a dtugtar cuntas orthu mar dhliteanais i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme.

Airteagal 9

Iasachtaí ar ráta seasta atá faoi réir an riosca aisíocaíochta luaithe

1.   Breithneoidh institiúidí iasachtaí ar ráta seasta do chustaiméirí miondíola bheith faoi réir íocaíochta luaithe i gcás ina bhfuil an t-iasachtaí in ann cuid den phríomhshuim gan íoc nó í uile a aisíoc roimh an dáta aisíocaíochta a chomhaontaítear sa chonradh nó dáta aibíochta conarthaí na príomhshuime ach oiread:

(a)

gan a bheith freagrach as costais eacnamaíocha le haghaidh aisíocaíocht den sórt sin; nó

(b)

na costais eacnamaíocha a iompar thar an tairseach réamhíocaíochta agus sin amháin.

2.   Déanfaidh institiúidí meastachán, le haghaidh na suíomhanna leabhar neamhthrádála dá dtagraítear i míreanna 1 agus 7, ar bhunlíne an ráta choinníollaigh bhliantúil réamhíocaíochta in aghaidh an airgeadra, ar bhealach a bheidh comhsheasmhach le himeacht ama agus a bheidh oiriúnach do mheánráta réamhíocaíochta. Déanfaidh institiúidí meastachán ar an meánráta réamhíocaíochta ar leithligh le haghaidh gach punann de shuíomhanna leabhar aonfhoirmeacha neamhthrádála agus faoi struchtúr an téarma rátaí úis atá i réim, bunaithe ar na barúlacha inmheánacha uile a bheidh ar fáil.

Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfaidh institiúidí ráta réamhíocaíochta a shocrú ag 0 i gcás ina bhfuil iomlán na n-iasachtaí ar ráta seasta dá dtagraítear i mír 1 agus na sócmhainní ar ráta seasta dá dtagraítear i mír 7 araon níos lú ná 5 % de na suíomhanna leabhar neamhthrádála a chuirtear san áireamh mar shócmhainní i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme.

3.   Déanfaidh institiúidí an ráta coinníollach réamhíocaíochta a choigeartú a mheastar i gcomhréir le mír 2 mar a leanas:

(a)

i gcásanna ina bhforordaítear go méadófar na rátaí úis dá dtagraítear in Airteagal 4, pointí (a)(i), (b)(ii), agus (c)(i), déanfaidh institiúidí an ráta coinníollach réamhíocaíochta a iolrú faoi 0,8;

(b)

i gcásanna ina bhforordaítear go laghdófar na rátaí úis dá dtagraítear in Airteagal 4, pointí (a)(ii), (b)(i), agus (c)(ii), déanfaidh institiúidí an ráta coinníollach réamhíocaíochta a iolrú faoi 1,2.

4.   Le haghaidh gach tráinse aga dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn, déanfaidh institiúidí meastachán ar an méid iasachtaí réamhíoctha a bhfuil coinne leo in aghaidh an tráinse aga athphraghsála mar an toradh ar:

(a)

an méid gan íoc d’iasachtaí ráta seasta dá dtagraítear i mír 1 de chineál táirge aonfhoirmeach a ainmnítear in airgeadra áirithe;

(b)

an ráta coinníollach aisíocaíochta ráta a chinntear i gcomhréir le mír 2, arna iolrú faoi fhad an tráinse aga athphraghsála is infheidhme dá dtagraítear i bpointe 2 den Iarscríbhinn agus coigeartaithe i gcomhréir le mír 3.

Chun críocha phointe (a), ní mheasfaidh institiúidí méideanna aibithe nó réamhíoctha tráth níos luaithe ná teorainn íosta an tráinse aga athphraghsála mar mhéideanna gan íoc.

5.   Déanfaidh institiúidí an méid réamhíoctha d’iasachtaí ar ráta seasta dá dtagraítear i mír 1 a leithdháileadh, lena n-áirítear táillí pionóis ar an méid réamhíoctha a íocann custaiméirí miondíola sa chás is infheidhme ar na tráinsí aga athphraghsála ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn. Déanfaidh institiúidí aon pháirt den sreabhadh airgid athphraghsála barúlach na n-iasachtaí ar ráta seasta sin nach bhfuil coinne leo go n-aisíocfar iad a leithdháileadh ar na tráinsí aga athphraghsála ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn ar bhonn an sceidil aisíocaíochta chonarthaigh ar feadh fhad aibíochta conarthaí na n-iasachtaí sin.

6.   Déanfaidh institiúidí iasachtaí ar ráta seasta do chustaiméirí mórdhíola, i gcás ina bhfuil an t-iasachtaí in ann cuid den phríomhshuim gan íoc nó í uile a réamhíoc roimh an dáta aisíocaíochta a chomhaontaítear sa chonradh nó dáta aibíochta conarthach na príomhshuime, a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 13.

7.   I gcás ina mbíonn an institiúid neamhchosanta ar shócmhainní i bhfoirm urrús le hionstraimí foluiteacha i bhfoirm iasachtaí ar ráta seasta dá dtagraítear i mír 1 (sócmhainní ar ráta seasta’), agus nach mbíonn oibleagáid ar eisitheoir na sócmhainní ar ráta seasta sin na hiasachtaí ar ráta seasta a chur in ionad i gcás go n-aisíocfar go luath iad, déanfaidh an institiúid sin cur chuige na trédhearcachta a chur i bhfeidhm agus meastóireacht a dhéanamh ar na suíomhanna leabhar neamhthrádála sna sócmhainní sin i gcomhréir le mír 1 gan beann ar cé acu gur custaiméir mórdhíola nó miondíola contrapháirtí na hinstitiúide sin.

Airteagal 10

Taiscí téarma ar ráta seasta atá faoi réir an riosca fuascailte luaithe

1.   Breithneoidh institiúidí taiscí téarma ar ráta seasta mar taiscí téarma ar ráta seasta atá faoi réir an riosca fuascailte luaithe i gcás ina bhfuil feidhm ag an dá rud seo a leanas:

(a)

taiscí miondíola atá sna taiscí téarma ar ráta seasta sin;

(b)

tá an rogha i seilbh an taisceora aon mhéid gan íoc de na taiscí téarma ar ráta seasta a fhuascailt roimh dháta aibíochta conarthaí na taisce.

2.   De mhaolú ar mír 1, féadfaidh institiúidí taiscí téarma ar ráta seasta a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 6 i gcás ina mbeadh pionós don taisceoir an toradh ar aistarraingt luath na taiscí sin ag cúiteamh do chaillteanas úis idir dáta fuascailte na taisce agus dáta a haibíochta conarthaí agus do chostas eacnamaíoch an taisce a fhuascailt.

3.   Déanfaidh institiúidí taiscí téarma ar ráta seasta ar taiscí mórdhíola iad a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 6.

I gcás ina bhfuil an rogha i seilbh an taisceora aon mhéid gan íoc den taisce a fhuascailt roimh a dáta aibíochta conarthaí agus nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, déanfaidh institiúidí an rogha sin a láimhseáil mar rogha uathoibríoch leabaithe i gcomhréir le hAirteagal 13.

4.   Déanfaidh institiúidí meastachán ar ráta fuascailte bunlíne na dtaiscí téarma carnacha le haghaidh na dtaiscí téarma atá ar ráta seasta dá dtagraítear i mír°1 ar bhealach a bheidh comhsheasmhach le himeacht ama agus a bheidh oiriúnach do ráta fuascailte luath meánach. Déanfaidh institiúidí meastachán ar leithligh ar ráta fuascailte bunlíne na dtaiscí téarma carnacha sin le haghaidh gach punann de tháirgí aonfhoirmeacha a ainmnítear in airgeadra, bunaithe ar na barúlacha inmheánacha uile a bheidh le fáil agus faoi chuar toraidh na rátaí úis atá i réim.

Chun críocha na chéad fhomhíre, féadfaidh institiúidí ráta fuascailte bunlíne na dtaiscí téarma carnacha a shocrú ag 0 i gcás ina bhfuil iomlán na dtaiscí téarma seasta dá dtagraítear i mír 1 níos lú ná 5 % de na suíomhanna leabhar neamhthrádála a dtugtar cuntas orthu mar dhliteanais i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme.

5.   Déanfaidh institiúidí ráta fuascailte bunlíne na dtaiscí téarma carnacha a choigeartú do na taiscí téarma seasta a mheasfar i gcomhréir le mír°4 de na cásanna is infheidhme mar a leanas:

(a)

i gcásanna ina bhforordaítear go laghdófar na rátaí úis gearrthéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 4, pointí (a)(ii), (b)(ii), agus (c)(ii), déanfaidh institiúidí an ráta fuascailte a iolrú faoi 0,8;

(b)

i gcásanna ina bhforordaítear go méadófar na rátaí úis gearrthéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 4, pointí (a)(i), (b)(i), agus (c)(i), déanfaidh institiúidí an ráta fuascailte a iolrú faoi 1,2.

6.   Maidir le gach tráinse aga athphraghsála dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn, tiocfaidh institiúidí ar an méid de thaiscí téarma fuascailte luaithe ag rátaí seasta lena bhfuil coinne trí na taiscí téarma ag ráta seasta dá dtagraítear i mír 1 de chineál táirge aonfhoirmeach áirithe arna ainmniú in airgeadra áirithe a iolrú faoi ráta fuascailte bunlíne na dtaiscí téarma carnacha is infheidhme le haghaidh na dtaiscí téarma ag ráta seasta arna gcoigeartú i gcomhréir le mír 5.

7.   Maidir leis na tráinsí aga athphraghsála agus na foirne de chineálacha táirge aonfhoirmeacha uile, tiocfaidh institiúidí ar mhéid iomlán na dtaiscí téarma fuascailte luaithe ag rátaí seasta trí na méideanna fuascailte luaithe dá dtagraítear in mír 6 a chomhiomlánú. Déanfaidh institiúidí na méideanna fuascailte luaithe comhiomlánaithe sa tráinse aga dá dtagraítear i bpointe 1(a) den Iarscríbhinn a leithdháileadh. Déanfaidh institiúidí na páirteanna de shreabhadh airgid athphraghsála barúlach na dtaiscí téarma ráta seasta dá dtagraítear i mír 1 a leithdháileadh ar na tráinsí aga athphraghsála ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn de réir a n-aibíocht conarthaí, ar páirteanna iad nach mbeidh coinne ag na hinstitiúidí leis go ndéanfar iad a fhuascailt go luath.

Airteagal 11

Ionstraimí díorthacha gan roghnaíocht

1.   Déanfaidh institiúidí ionstraimí díorthacha gan roghnaíocht a dheighilt ina gcéimeanna íocaíochta agus fáltais ar leithligh.

2.   Caithfidh institiúidí leis an gcéim fáltais d’ionstraim dhíorthach gan roghnaíocht mar insreabhadh airgid agus caithfidh siad leis an gcéim íocaíochta mar eisíocaíocht sreabhaidh airgid.

Déanfaidh institiúidí an sreabhadh airgid athphraghsála barúlach a leithdháileadh ar na tráinsí aga athphraghsála ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn.

3.   Malartuithe ráta úis trasairgeadra a mbaineann malartú bunairgid nó úis in airgeadraí éagsúla leo, maidir le gach céim i ngach airgeadra, caithfidh institiúidí léi go leithleach.

4.   Ioncam úis agus costais ioncaim i ndáil le hionstraimí díorthacha a úsáidtear le haghaidh fálaithe, maidir le hioncam agus costais arna ndíorthú ón seasamh fálaithe, caithfidh institiúidí leo ar leithligh.

Airteagal 12

Rísíochtaí neamhthuillmheacha agus gealltanais iasachta ag ráta seasta arna dtabhairt do chontrapháirtithe miondíola

1.   Institiúidí a bhfuil cóimheas risíochtaí neamhthuillmheach de 2 % nó níos mó acu, déanfaidh siad sreabhadh airgid athphraghsála barúlach a gcuid risíochtaí neamhthuillmheacha a leithdháileadh ar na tráinsí aga athphraghsála ábhartha dá dtagraítear i bpointe°1 den Iarscríbhinn. Déanfaidh siad an sreabhadh airgid sin a bhfuil coinne leis a leithdháileadh glan ó fhorálacha, agus uainiú an tsreabhaidh airgid á chur i bhfeidhm acu le himeacht ama ar bhealach comhsheasmhach.

Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh institiúidí cóimheas risíochtaí neamhthuillmheacha a ríomh trí mhéid iomlán na n-urrús fiachais neamhthuillmheacha, na n-iasachtaí agus na réamhíocaíochtaí a roinnt le méid na risíochtaí neamhthuillmheacha dá dtagraítear in Airteagal 47a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

2.   I gcás inar mó ná 2 % de na suíomhanna leabhar neamhthrádála, a dtugtar cuntas orthu mar shócmhainní i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme suim na méideanna barúlacha de ghealltanais iasachta rátaí seasta do chontrapháirtithe miondíola, déanfaidh institiúidí meastachán ar an méid tarraingthe, sa chás bunlíne agus sna cásanna araon is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 4, bunaithe ar:

(a)

barúlacha inmheánacha stairiúla maidir le tarraingtí ar ghealltanais iasachtaí ag ráta seasta de réir chineál an chontrapháirtí faoi choinníollacha comhchosúla;

(b)

luach an chonartha don chontrapháirtí sa chás bunlíne;

(c)

luach an chonartha don chontrapháirtí sa chás suaite.

Déanfaidh institiúidí na méideanna tarraingthe measta a leithdháileadh ar na tráinsí aga athphraghsála ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn i gcomhréir le ham measta na tarraingthe.

Airteagal 13

Luach eacnamaíoch cothromais fhorlíontaigh le haghaidh roghanna uathoibríocha ráta úis

1.   Déanfaidh institiúidí luach eacnamaíoch cothromais fhorlíontaigh a ríomh le haghaidh roghanna uathoibríocha ráta úis a gcuid suíomhanna leabhair neamhthrádála dá dtagraítear in Airteagal 5(3), pointe (a).

2.   I gcás rogha uathoibríoch ráta úis a ceannaíodh, ríomhfaidh institiúidí an t-athrú idir luach na rogha sin agus a luach sa chás is infheidhme agus a luach sa chás bunlíne, agus méadú coibhneasta de 25 % i luaineacht intuigthe an ráta úis á cur san áireamh acu.

3.   I gcás rogha uathoibríoch ráta úis a díoladh, ríomhfaidh institiúidí an difríocht idir luach na rogha sin agus a luach sa chás is infheidhme agus a luach sa chás bunlíne.

Chun críocha na chéad fhomhíre, is í an difríocht idir na pointí (a) agus (b) seo a leanas a bheidh san athrú ar an luach:

(a)

meastachán ar luach na rogha do shealbhóir na rogha, más ann do:

(i)

cuar toraidh saor ó riosca san airgeadra is infheidhme sa chás is infheidhme;

(ii)

méadú coibhneasta de 25 % i luaineacht intuigthe an ráta úis;

(b)

luach na rogha ráta úis do shealbhóir na rogha, arna ríomh tríd an gcuar toraidh neamh-shuaite agus an luaineacht intuigthe ráta úis san airgeadra is infheidhme ar dháta na luachála a úsáid.

4.   Ríomhfaidh institiúidí luach eacnamaíoch cothromais fhorlíontaigh le haghaidh riosca rogha uathoibríche ráta úis mar an difríocht idir luachanna na roghanna ceannaithe uile arna ríomh i gcomhréir le mír 2 agus luachanna na roghanna díolta uile a arna ríomh i gcomhréir le mír 3, tar éis dóibh an cás a chur i bhfeidhm in airgeadra.

5.   Maidir leis an ríomh dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, úsáidfidh institiúidí a modhanna luachála inmheánacha is infheidhme.

CAIBIDIL III

AN MHODHEOLAÍOCHT CHAIGHDEÁNAITHE CHUN LUACHÁIL A DHÉANAMH AR NA RIOSCAÍ DO GHLANIONCAM ÚIS Ó GHNÍOMHAÍOCHTAÍ LEABHAR NEAMHTHRÁDÁLA INSTITIÚIDE

Airteagal 14

Ceanglais le haghaidh sreabhadh airgid athphraghsála barúlach a leithdháileadh

1.   Agus an mhodheolaíocht chaighdeánaithe chun luacháil a dhéanamh ar na rioscaí arna n-eascairt as athruithe féideartha i rátaí úis lena ndéantar difear do ghlanioncam óna ngníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála á húsáid acu, leithdháilfidh institiúidí sreabhadh airgid athphraghsála barúlach a suíomhanna leabhar neamhthrádala ar na tráinsí aga athphraghsála ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn.

2.   Beidh feidhm ag Airteagail 5 go 12 maidir le leithdháileadh an tsreabhaidh airgid athphraghsála bharúlaigh dá dtagraítear i mír 1, faoi réir na maoluithe a leagtar amach i míreanna 3 go 6 den Airteagal seo.

3.   De mhaolú ar Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, áireoidh institiúidí na corrlaigh thráchtála agus comhpháirteanna leata eile in íocaíochtaí úis sa sreabhadh airgid athphraghsála bharúlaigh.

4.   Chomh maith leis an sreabhadh airgid athphraghsála barúlach dá dtagraítear in Airteagal 6, Airteagal 9(5), Airteagal 10(7) agus Airteagal (12) a leithdháileadh ar na tráinsí aga athphraghsála ábhartha dá dtagraítear i bpointe 1 den Iarscríbhinn, déanfaidh institiúidí an sreabhadh airgid athphraghsála barúlach sin a leithdháileadh ar na tráinsí aga téarma tagartha dá dtagraítear i bpointe 3 den Iarscríbhinn. Sreabhadh airgid athphraghsála bharúlaigh arb íocaíochtaí úis é, glacfar leis gurb iad téarma tagartha na hionstraime a ghin iad.

5.   Chomh maith leis an sreabhadh airgid athphraghsála barúlach dá dtagraítear in Airteagal 7 agus Airteagal 8 a leithdháileadh ar na tráinsí aga athphraghsála ábhartha dá dtagraítear i bpointe°1 den Iarscríbhinn, déanfaidh institiúidí an sreabhadh airgid athphraghsála barúlach sin a leithdháileadh ar an tráinse aga téarma tagartha dá dtagraítear i bpointe 3(a) den Iarscríbhinn.

6.   Caithfidh institiúidí le céimeanna seasta na n-ionstraimí díorthacha dá dtagraítear in Airteagal 11 i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo.

Caithfidh institiúidí le céimeanna comhlúthacha na n-ionstraimí díorthacha dá dtagraítear in Airteagal 11 i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.

Airteagal 15

Glanioncam úis forlíontach le haghaidh roghanna uathoibríocha ráta úis suas go dtí tréimhse ama an ghlanioncaim úis

1.   Déanfaidh institiúidí an glanioncam úis forlíontach a ríomh le haghaidh roghanna uathoibríocha ráta úis a gcuid suíomhanna leabhar neamhthrádála dá dtagraítear in Airteagal 5(3), pointe (a), suas le heatramh ama an ghlanioncaim úis.

2.   Chun críocha mhír 1, beidh feidhm ag Airteagal 13 mutatis mutandis, faoi réir na maoluithe a leagtar amach i míreanna 3 go 6 den Airteagal seo.

3.   Déanfaidh institiúidí roghanna uathoibríocha ráta úis nach féidir a fheidhmiú ach amháin i ndiaidh thréimhse ama an ghlanioncaim úis a eisiamh ó ríomh an eatraimh ama ghlanioncaim úis fhorlíontaigh dá dtagraítear i mír 1.

4.   Agus an glanioncam úis forlíontach dá dtagraítear i mír 1 á ríomh acu, tabharfaidh institiúidí neamhaird ar an méadú coibhneasta sa luaineacht intuigthe.

5.   Déanfaidh institiúidí an luach dá dtagraítear in Airteagal 13(2) agus (3) a ríomh ar bhonn íocaíochtaí amach a bhfuil coinne leo sa chás bunlíne agus sna cásanna is infheidhme.

6.   Glacfaidh institiúidí leis go bhfuil na hionstraimí a bhfuil a roghnaíocht nó a neamhlíneacht gníomhaithe go huathoibríoch tar-rollta le saintréithe inchomparáide suas go dtí deireadh an eatraimh ama glanioncaim úis.

Airteagal 16

Athruithe ar luach margaidh le haghaidh roghanna uathoibríocha ráta úis arna sealbhú ar luach cóir agus arna n-aibiú i ndiaidh thréimhse an ghlanioncaim úis

Ríomhfaidh institiúidí na hathruithe ar luach margaidh le haghaidh roghanna uathoibríocha ráta úis arna sealbhú ar luach cóir agus arna n-aibiú i ndiaidh eatramh ama an ghlanioncaim úis, i gcomhréir le hAirteagal 13.

CAIBIDIL IV

AN LUACH EACNAMAÍOCH CAIGHDEÁNAITHE AR BHEART RIOSCA COTHROMAIS A RÍOMH

Airteagal 17

Luach eacnamaíoch cothromais agus athruithe i luach eacnamaíoch cothromais a ríomh

1.   Ríomhfaidh institiúidí luach eacnamaíoch cothromais don chás bunlíne agus do na cásanna maoirseachta suaite is infheidhme i ngach airgeadra i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4. Ríomhfaidh institiúidí athruithe i luach eacnamaíoch cothromais i gcomhréir le míreanna 5 agus 6.

2.   Déanfaidh institiúidí an sreabhadh airgid athphraghsála barúlach dá dtagraítear in Airteagail 6, 7 agus 8, Airteagal 9(5), Airteagal 10(7), Airteagal 11(2) agus Airteagal 12 a leithdháileadh ar na tráinsí aga athphraghsála dá dtagraítear sna hAirteagail sin ar an mbealach seo a leanas:

(a)

déanfar an sreabhadh airgid athphraghsála barúlach uile laistigh de thráinse aga athphraghsála, idir dearfach agus diúltach a ghlanluacháil, agus glansuíomh fada nó glansuíomh gearr á dhéanamh le haghaidh gach tráinse aga athphraghsála;

(b)

beidh comhartha dearfach ar shreabhadh airgid isteach agus beidh comhartha diúltach ar shreabhadh airgid amach.

3.   Déanfaidh institiúidí sreabhadh airgid athphraghsála bharúlaigh glan a lascainiú i leith luach láithreach trí fhachtóir lascaine a úsáid. Déanfaidh institiúidí an fachtóir lascaine sin a ríomh

Formula
ón spotráta úis nialais
Formula
ag lárphointe an eatraimh ama don chás i agus airgeadra c faoi seach, iolraithe faoi lárphointe an eatraimh ama t k mar a leanas:

Formula

4.   Maidir le gach airgeadra, déanfaidh institiúidí an sreabhadh airgid athphraghsála glan lascainithe sna tráinsí aga athphraghsála uile a shuimiú chun luach eacnamaíoch cothromais le haghaidh an cháis bhunlíne agus na gcásanna is infheidhme a chinneadh.

5.   Ríomhfaidh institiúidí an t-athrú ar an luach eacnamaíoch cothromais tríd an luach eacnamaíoch cothromais sa chás bunlíne a dhealú ón luach eacnamaíoch cothromais sa chás is infheidhme, agus tríd an athrú ar luach na rogha oibríche ráta úis a shuimiú, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 13.

6.   Agus an t-athrú comhiomlán do gach cás á ríomh, suimeoidh institiúidí le chéile aon athrú diúltach agus deimhneach a tharlaíonn i ngach airgeadra. Agus an ríomh sin á dhéanamh acu, tiontóidh na hinstitiúidí airgeadraí, seachas an t-airgeadra tuairiscithe, go dtí an t-airgeadra tuairiscithe ag an spotráta FX de chuid BCE atá i bhfeidhm ar an dáta tagartha. Déanfar athruithe deimhneacha a ualú faoi fhachtóir 50 % nó faoi fhachtóir 80 % i gcás Sásra Ráta Malairte - airgeadraí Sásra Ráta Malairte (‘ERM II’) a bhfuil banda luaineachta acu atá comhaontaithe go foirmiúil agus atá níos cúinge ná an banda caighdeánach +/- 15 %.

Tabharfaidh institiúidí aitheantas do ghnóthachain ualaithe suas go dtí an ceann is mó de cheachtar de na luachanna seo a leanas:

(a)

dearbhluach na n-athruithe diúltacha in airgeadraí EUR nó ERM II;

(b)

an toradh ar fhachtóir 50 % a chur i bhfeidhm ar na hathruithe dearfacha ar airgeadraí ERM II nó EUR.

CAIBIDIL V

AN BEART UM AN RIOSCA GLANIONCAIM ÚIS CAIGHDEÁNAITHE A RÍOMH

Airteagal 18

Eatramh ama

Déanfaidh institiúidí glanioncam úis a ngníomhaíochtaí leabhar neamhthrádála a ríomh i gcaitheamh eatramh ama íosta 1 bhliain amháin (‘eatramh ama glanioncaim úis’).

Is éard a bheidh i gceist leis an am a bheidh fágtha go dtí deireadh an eatraimh ama glanioncaim úis, eatramh ama an ráta úis ghlain lúide pointí lárnacha athphraghsála na dtráinsí aga lena mbaineann dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I (‘an t-am atá fágtha’).

Airteagal 19

Ríomh ranníocaíocht an ráta úis réamh-mheasta, saor ó riosca, maidir le hathinfheistíocht nó athmhaoiniú sreabhaidh airgid athphraghsála bharúlaigh

1.   Chun ranníocaíocht an toraidh réamh-mheasta saor ó riosca a ríomh maidir le hathinfheistíocht nó athmhaoiniú sreabhaidh airgid praghsála barúlach chuig an nglanioncam úis dá dtagraítear i mír 4, maidir le gach airgeadra agus gach cás déanfaidh institiúidí rátaí réamh-mheasta a ríomh ina léireofar an chomhpháirt saor ó riosca de rátaí úis a bhfuil coinne leis go gcuirfear i bhfeidhm í ar iasachtaí saor ó riosca at tosú ag lárphointí athphraghsála na dtráinsí aga athphraghsála dá dtagraítear i bpointe 4 den Iarscríbhinn agus le haibíochtaí atá comhréireach le lárphointí na dtráinsí aga téarma tagartha dá dtagraítear i bpointe 3 den Iarscríbhinn.

2.   Ríomhfaidh institiúidí na réamhrátaí dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Formula

i gcás inarb amhlaidh:

is é t k lárphointe tráinse aga athphraghsála k;

is é REF j lárphointe tráinse aga téarma tagartha j;

is é

Formula
an réamhráta don chás faoi seach iagus d’airgeadra cle haghaidh iasacht saor ó riosca ag tosú ag lárphointe an tráinse aga athphraghsála kagus ag aibiú ag lárphointe an tráinse aga téarma tagartha j;

is é

Formula
an fachtóir lascaine don chás faoi seach iagus d’airgeadra cagus d’am t k dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

3.   Déanfaidh institiúidí an ráta úis saor ó riosca is infheidhme a ríomh, le haghaidh gach cumas de lárphointe tráinse aga athphraghsála le lárphointe tráinse aga téarma tagartha, trí na réamhrátaí dá dtagraítear i mír 1 a iolrú faoin eatramh ama atá fágtha dá dtagraítear in Airteagal 18, an dara fomhír.

4.   Ríomhfaidh institiúidí ranníocaíocht an ráta úis réamh-mheasta saor ó riosca maidir le hathinfheistíocht nó athmhaoiniú sreabhadh airgid athphraghsála bharúlaigh chuig an nglanioncaim úis mar thoradh na bpointí (a) agus (b) seo a leanas:

(a)

an sreabhadh airgid athphraghsála bharúlaigh dá dtagraítear in Airteagail 6, 7 agus 8, Airteagal 9(5), Airteagal 10(7), Airteagal 11(2), an dara fomhír, agus Airteagal 12, arna leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagail 14(4) agus (5);

(b)

ranníocaíocht an ráta úis saor ó riosca ar comhfhreagrach agus infheidhme é, arna ríomh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 20

Ríomh ranníocaíocht an chorrlaigh thráchtála réamh-mheasta maidir le hathinfheistíocht nó athmhaoiniú sreabhaidh airgid athphraghsála bharúlaigh

1.   Ríomhfaidh institiúidí ranníocaíocht réamh-mheasta an chorrlaigh thráchtála maidir le hathinfheistíocht nó athmhaoiniú sreabhaidh airgid athphraghsála bharúlaigh chuig an nglanioncam úis tríd an sreabhadh airgid athphraghsála bharúlaigh arna ríomh i gcomhréir le mír 2 a iolrú faoi thoradh an chorrlaigh thráchtála is infheidhme dá dtagraítear i mír 4.

2.   Chun críocha an ríomha dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh institiúidí mar seo a leanas:

(a)

leithdháilfidh siad, nuair a athshocraítear corrlaigh thráchtála, sreabhadh airgid athphraghsála barúlach na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagail 6 go 12 chuig na tráinsí aga athphraghsála dá dtagraítear i bpointe 4 den Iarscríbhinn;

(b)

meastachán:

(i)

ar an ráta corrlaigh thráchtála is infheidhme, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo;

(ii)

ar an am atá fágtha dá dtagraítear in Airteagal 18, an dara fomhír.

Chun críocha phointe (a), beidh feidhm ag Airteagail 6 go 12 mutatis mutandis. I gcás ionstraimí ráta chomhlúthaigh, áfach, leithdháilfidh institiúidí an chuid den sreabhadh airgid athphraghsála bharúlaigh arb é atá inti méid príomhshuime i gcomhréir le dáta deiridh aibíochta conarthaí na n-ionstraimí comhlúthacha sin.

3.   Chun críocha mhír 1, leithdháilfidh institiúidí na suíomhanna leabhar neamhthrádála chuig na cineálacha táirge sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais, arna roinnt de réir suíomh geografach agus ainmniú airgeadra.

Is iad seo a leanas na cineálacha táirge sócmhainní airgeadais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheidh i gceist:

(a)

urrúis fiachais;

(b)

iasachtaí agus airleacain – corparáidí neamhairgeadais;

(c)

iasachtaí agus airleacain – teaghlaigh-morgáistí;

(d)

iasachtaí agus airleacain – teaghlaigh-creidmheas (nach morgáiste é);

(e)

iasachtaí agus airleacain – contrapháirtithe eile;

(f)

táirgí eile sa leabhar neamhthrádála.

Is iad seo a leanas na cineálacha táirge de dhliteanais airgeadais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheidh i gceist:

(a)

taiscí – corparáidí neamhairgeadais;

(b)

taiscí – teaghlaigh;

(c)

taiscí – contrapháirtithe eile;

(d)

urrúis fiachais;

(e)

dliteanais eile sa leabhar neamhthrádála.

4.   Ó thaobh ionstraimí a bhíonn á dtrádáil i margaí leachtacha doimhne agus gníomhacha, i gcás inar féidir luach na n-ionstraimí sin a chinneadh ar bhonn praghsanna margaidh a scaiptear go forleathan agus atá le fáil go héasca, measfaidh institiúidí an ráta corrlaigh thráchtála is infheidhme dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), ar bhonn an phraghais margaidh, íocaíochtaí úis na n-ionstraimí sin agus laghdú an ráta úis saor ó riosca.

I gcás ionstraimí eile seachas iad siúd dá dtagraítear sa chéad fhomhír, measfaidh institiúidí an ráta corrlaigh thráchtála is infheidhme dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), ar bhonn mheán ualaithe na gcorrlach tráchtála a fuarthas nó a íocadh in idirbhearta le linn na 360 lá roimhe sin, ag féachaint do chineál an táirge, don suíomh geografach agus don ainmniú airgeadra, dá dtagraítear i mír 2. In éagmais idirbhearta den sórt sin, measfaidh institiúidí an ráta corrlaigh thráchtála is infheidhme ar bhonn toimhdí a bhíonn ag brath ar chorrlaigh a fuarthas nó a íocadh i bpunanna inchomparáide.

5.   Maidir leis an ráta corrlaigh thráchtála sa chás bunlíne, arna mheas i gcomhréir le mír 3, beidh feidhm aige sa chás is infheidhme freisin.

6.   Chun an t-am atá fágtha dá dtagraítear in Airteagal 18, an dara fomhír, a chur san áireamh, déanfaidh institiúidí an céatadán de thoradh an chorrlaigh tráchtála a ríomh tríd an ráta corrlaigh thráchtála is infheidhme a iolrú, arna mheas i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, faoin am sin atá fágtha.

Airteagal 21

Íocaíochtaí úis nó cuid d’íocaíochtaí úis a dhéantar suas go dtí a ndáta athshocraithe agus ar an dáta sin

1.   Déanfaidh institiúidí ranníocaíocht íocaíochtaí úis leis an nglanioncam úis a ríomh a rinneadh suas leis an dáta athphraghsála, agus ar an dáta sin, trí íocaíochtaí úis na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagail 6 go 12, chomh maith leis an leithdháileadh dá dtagraítear in Airteagail 19 agus 20 a leithdháileadh ar na tráinsí aga athphraghsála dá dtagraítear i bpointe 4 den Iarscríbhinn, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na híocaíochtaí úis sin na coinníollacha seo a leanas:

(a)

táthar ar an eolas faoi mhéid na híocaíochta úis agus tá an méid sin seasta, ní ann d’aon fhéidearthacht go n-athróidh an íocaíocht mar gheall ar ghluaiseacht sna rátaí úis;

(b)

tá coinne leis go n-íocfar an íocaíocht úis laistigh d’eatramh ama an ghlanioncaim úis dá dtagraítear in Airteagal 18, an chéad fhomhír.

2.   Maidir le hionstraimí ráta comhlúthaigh, i gcás ina ndéanfar an íocaíocht úis i ndiaidh dháta an athphraghsála, ní chuirfidh institiúidí mír 1 den Airteagal seo i bhfeidhm ach amháin maidir leis an gcuid den íocaíocht úis arb ionann í agus an corrlach trádála.

Airteagal 22

Athruithe ar luach margaidh le haghaidh ionstraimí arna sealbhú ar luach cóir agus arna n-aibiú i ndiaidh thréimhse ama an ghlanioncaim úis

1.   Ríomhfaidh institiúidí na hathruithe ar luach margaidh i ndiaidh eatramh ama an ghlanioncaim úis le haghaidh ionstraimí arna sealbhú ar luach cóir trí Airteagal 17(3), (4) agus (5) a chur i bhfeidhm mutatis mutandis ar an leithdháileadh a rinneadh i gcomhréir le mír 2.

2.   Maidir leis an leithdháileadh dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh institiúidí Airteagal 17(2) i bhfeidhm mutatis mutandis, agus áireoidh siad na corrlaigh thráchtála agus na comhpháirteanna leata eile in íocaíochtaí úis sa sreabhadh airgid athphraghsála bharúlaigh, agus beidh na maoluithe seo a leanas ag gabháil leo:

(a)

déanfaidh institiúidí sreabhadh airgid athphraghsála bharúlaigh a eisiaimh a bhaineann le hionstraimí nach sealbhaítear ar luach cóir;

(b)

déanfaidh institiúidí an sreabhadh airgid athphraghsála barúlach le linn an eatraimh ama glanioncaim a eisiamh tríd an sreabhadh airgid sin a shocrú ag nialas sna tráinsí aga athphraghsála dá dtagraítear i bpointe°4 den Iarscríbhinn.

Airteagal 23

Glanioncam forlíontach le haghaidh riosca boinn

1.   Chomh maith leis an leithdháileadh dá dtagraítear in Airteagal°7, déanfaidh institiúidí an sreabhadh airgid athphraghsála barúlach d’ionstraimí ráta chomhlúthaigh a leithdháileadh, maidir le gach airgeadra de réir a ndátaí athphraghsála, ar na tráinsí aga athphraghsála dá dtagraítear i bpointe°4 den Iarscríbhinn, i gcás inar mó suim na n-ionstraimí ráta chomhlúthaigh sin, seachas iad siúd atá sa téarma tagartha ‘thar oíche’ dá dtagraítear i mír°2, pointe°(a), den Airteagal seo, ná°5°% de na suíomhanna leabhar neamhthrádála a ndéantar cuntas orthu mar shócmhainn i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme.

Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh institiúidí na roghanna leabaithe ráta úis a eisiaimh agus caithfidh siad leis na roghanna sin i gcomhréir le mír°8.

2.   Agus an sreabhadh airgid athphraghsála bharúlaigh dá dtagraítear i mír 1 á leithdháileadh acu, déanfaidh institiúidí an sreabhadh airgid sin a shannadh do na téarmaí tagartha seo a leanas, a dtagraíonn an ionstraim ráta chomhlúthaigh dóibh:

(a)

thar oíche;

(b)

1 mhí;

(c)

3 mhí;

(d)

6 mhí;

(e)

12 mhí.

3.   In éagmais téarma tagartha chomhfhreagraigh, déanfaidh institiúidí an sreabhadh airgid athphraghsála bharúlaigh a shannadh do cheachtar de na catagóirí seo a leanas:

(a)

‘ráta beartais’, i gcás ina dtagraíonn an ionstraim ráta comhlúthaigh do ráta beartais de chuid bainc ceannais;

(b)

‘eile’, i gcás ina dtagraíonn an ionstraim ráta comhlúthaigh d’aon tagarmharc eile.

Déanfaidh institiúidí comhartha dearfach a shannadh do shreabhadh airgid athphraghsála bharúlaigh isteach agus comhartha diúltach a shannadh do shreabhadh airgid athphraghsála bharúlaigh amach.

4.   Suaitheadh géaraithe agus suaitheadh leathnaithe, i ndáil le hairgeadra ar leith, ar bhonn breathnuithe stairiúla a rinneadh ar ghluaiseachtaí i ráta úis na n-ionstraimí agus i ndáil le gach téarma tagartha dá dtagraítear i mír 2 agus gach catagóir dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh institiúidí an suaitheadh sin a mheas ar bhealach lena gcuirfear i bhfeidhm go comhsheasmhach le himeacht ama é.

5.   Déanfaidh institiúidí an suaitheadh géaraithe agus an suaitheadh leathnaithe dá dtagraítear i mír 4 a mheas trí chomparáid a dhéanamh idir rátaí úis sa téarma tagartha ‘thar oíche’ dá dtagraítear i mír 2, pointe (a) agus na téarmaí tagartha eile dá dtagraítear i mír 2, pointí (b) go (e), agus catagóirí dá dtagraítear i mír 3.

6.   Maidir le gach airgeadra, déanfaidh institiúidí an suaitheadh géaraithe agus an suaitheadh leathnaithe dá dtagraítear i mír 4, iolraithe faoin am atá fágtha dá dtagraítear in Airteagal 18, an dara fomhír, a chur i bhfeidhm ar an sreabhadh airgid athphraghsála bharúlaigh.

7.   Déanfaidh institiúidí torthaí na ríomhanna dá dtagraítear i mír 6 a chomhiomlánú, ach déanfaidh siad ar leithligh iad le haghaidh an tsuaite ghéaraithe agus an tsuaite leathnaithe dá dtagraítear i mír 4.

8.   Déanfaidh institiúidí na híocaíochtaí amach ó roghanna uathoibríocha ráta úis in ionstraimí ráta comhlúthaigh a ríomh, le haghaidh an tsuaite ghéaraithe agus an tsuaite leathnaithe dá dtagraítear i mír 4 araon, agus déanfaidh siad comparáid idir na híocaíochtaí amach sin agus na híocaíochtaí amach arna ríomh sa chás bunlíne.

Déanfaidh institiúidí an difríocht sna híocaíochtaí amach a leanann as an gcomparáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shuimiú leis an toradh comhiomlánaithe dá dtagraítear i mír 7, ach déanfaidh siad go leithleach iad le haghaidh an tsuaite ghéaraithe agus an tsuaite leathnaithe. Sannfaidh siad comhartha dearfach d’íocaíochtaí isteach agus comhartha diúltach d’íocaíochtaí amach. Ní dhéanfaidh institiúidí íocaíochtaí amach a lascainiú ná ní dhéanfaidh siad aon toimhdiú maidir le hathruithe i luaineacht.

9.   Is é an toradh níos ísle arna ríomh i gcomhréir le míreanna 1 go 8 le haghaidh suaitheadh géaraithe agus suaitheadh leathnaithe a bheidh ina ghlanioncam forlíontach le haghaidh riosca boinn.

Airteagal 24

An glanioncam úis agus athruithe sa ghlanioncam úis a ríomh

1.   Déanfaidh institiúidí an glanioncam úis a ríomh tríd an méid seo a leanas uile a shuimiú, ach amháin roghanna uathoibríocha ráta úis, suas le heatramh ama an ghlanioncaim úis:

(a)

na torthaí réamh-mheasta, saor ó riosca, ó athinfheistíocht nó athmhaoiniú sreabhaidh airgid athphraghsála bharúlaigh, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 19;

(b)

an corrlach tráchtála réamh-mheasta ar athinfheistíocht nó athmhaoiniú sreabhaidh airgid athphraghsála bharúlaigh na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagail 6 go 12, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 20;

(c)

suim na n-íocaíochtaí úis arna ndéanamh suas go dtí an dáta athphraghsála, an dáta sin san áireamh, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 21, arna laghdú de réir aon ús fabhraithe ábhartha ag t = 0.

2.   Chun críocha an ríomha dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh institiúidí comhartha dearfach a shannadh do shreabhadh airgid isteach agus comhartha diúltach a shannadh do shreabhadh airgid amach.

3.   Déanfaidh institiúidí tionchar ag cás ar ghlanioncam úis a ríomh tríd an méid seo a leanas uile a shuimiú:

(a)

an difríocht idir:

(i)

an ríomh dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann leis an gcás bunlíne is infheidhme;

(ii)

an ríomh dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann leis an gcás bunlíne.

(b)

an glanioncam úis forlíontach le haghaidh roghanna uathoibríocha laistigh d’eatramh ama an ghlanioncaim úis, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 15.

(c)

an glanioncam úis forlíontach le haghaidh riosca boinn dá dtagraítear in Airteagal 23.

Chun críocha na chéad fhomhíre pointí (a) agus (b), úsáidfidh institiúidí na cásanna céanna.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), déanfaidh institiúidí an glanioncam úis forlíontach le haghaidh riosca boinn don suaitheadh géaraithe nó don suaitheadh leathnaithe a ríomh, dá dtagraítear in Airteagal 23(9) a bhfuil an tionchar diúltach is mó ar an ús glan aige.

4.   Agus an t-athrú comhiomlán do gach cás á ríomh, suimeoidh institiúidí le chéile aon athrú diúltach agus deimhneach a tharlaíonn i ngach airgeadra. Agus an ríomh sin á dhéanamh acu, tiontóidh na hinstitiúidí airgeadraí, seachas an t-airgeadra tuairiscithe, go dtí an t-airgeadra tuairiscithe ag an spotráta FX de chuid BCE atá i bhfeidhm ar an dáta tagartha. Déanfar athruithe deimhneacha a ualú faoi fhachtóir 50 % nó faoi fhachtóir 80 % i gcás airgeadraí ERM II (Sásra Ráta Malairte) a bhfuil banda luaineachta acu atá comhaontaithe go foirmiúil agus atá níos cúinge ná an banda caighdeánach +/– 15 %.

Tabharfaidh institiúidí aitheantas do ghnóthachain ualaithe suas go dtí an ceann is mó de cheachtar de na luachanna seo a leanas:

(a)

dearbhluach na n-athruithe diúltacha in airgeadraí EUR nó ERM II;

(b)

an toradh ar fhachtóir 50 % a chur i bhfeidhm ar na hathruithe dearfacha ar airgeadraí ERM II nó EUR.

CAIBIDIL VI

AN MHODHEOLAÍOCHT CHAIGHDEÁNAITHE SHIMPLITHE CHUN AN LUACH EACNAMAÍOCH COTHROMAIS AGUS AN GLANIONCAM ÚIS A RÍOMH

Airteagal 25

An mhodheolaíocht chaighdeánaithe shimplithe chun an luach eacnamaíoch cothromais agus athruithe sa luach eacnamaíoch cothromais a ríomh

1.   Chun an luach eacnamaíoch cothromais agus na hathruithe ar luach eacnamaíoch cothromais a ríomh faoin mhodheolaíocht chaighdeánaithe shimplithe, cuirfidh institiúidí Airteagail 5 go 13 i bhfeidhm, faoi réir na maoluithe a leagtar amach i míreanna 2 go 5 den Airteagal seo.

2.   Maidir leis an gcás bunlíne, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

de mhaolú ar Airteagal 8(2) go (6), socróidh institiúidí méid na príomhghné de thaiscí neamhaibíochta, ag cur na gcionmhaireachtaí seo a leanas san áireamh:

(i)

69.23 %, maidir leis na taiscí idirbheartaíochta miondíola neamhaibíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (a)(i);

(ii)

53.85 %, maidir leis na taiscí neamh-idirbheartaíochta miondíola neamhaibíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (a)(ii);

(iii)

38.46 %, maidir leis na taiscí mórdhíola neamhairgeadais neamhaibíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (b)(ii);

(b)

de mhaolú ar Airteagal 8(9), leithdháilfidh institiúidí príomhghné na dtaiscí neamhaibíochta go cothrom le himeacht ama mar a leagtar amach i bpointe (5)(a) den Iarscríbhinn.

3.   I gcásanna ina bhforordaítear go laghdófar na rátaí úis gearrthéarmacha, dá dtagraítear in Airteagal°4, pointí (a)(ii), (b)(ii) agus (c)(ii), beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

de mhaolú ar Airteagal 8(2) go (6), socróidh institiúidí méid na príomhghné de thaiscí neamhaibíochta, ag cur na gcionmhaireachtaí seo a leanas san áireamh:

(i)

90 %, maidir leis na taiscí idirbheartaíochta miondíola neamhaibíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (a)(i);

(ii)

70 %, maidir leis na taiscí neamh-idirbheartaíochta miondíola neamhaibíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (a)(ii);

(iii)

50 %, maidir leis na taiscí mórdhíola neamhairgeadais neamhaibíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (b)(ii);

(b)

de mhaolú ar Airteagal 8(9), leithdháilfidh institiúidí príomhghné na dtaiscí neamhaibíochta go cothrom le himeacht ama mar a leagtar amach i bpointe (5)(b) den Iarscríbhinn.

4.   I gcásanna ina bhforordaítear go méadófar na rátaí úis gearrthéarmacha, dá dtagraítear in Airteagal 4, pointí (a)(i), (b)(i) agus (c)(i), beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

de mhaolú ar Airteagal 8(2) go (6), socróidh institiúidí méid na príomhghné de thaiscí neamhaibíochta, ag cur na gcionmhaireachtaí seo a leanas san áireamh:

(i)

48,46 %, maidir leis na taiscí idirbheartaíochta miondíola neamhaibíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (a)(i);

(ii)

37,69 %, maidir leis na taiscí neamh-idirbheartaíochta miondíola neamhaibíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (a)(ii);

(iii)

26,92 %, maidir leis na taiscí mórdhíola neamhairgeadais neamhaibíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (b)(ii);

(b)

de mhaolú ar Airteagal 8(9), leithdháilfidh institiúidí príomhghné taiscí neamhaibíochta go cothrom le himeacht ama mar a leagtar amach i bpointe (5)(c) den Iarscríbhinn.

5.   Déanfaidh institiúidí an t-athrú sa luach dá dtagraítear in Airteagal 13(2) agus (3) a ríomh mar an difríocht idir suim na n-íocaíochtaí amach sa chás bunlíne agus suim na n-íocaíochtaí amach sa chás is infheidhme, arna lascainiú ag na rátaí úis saor ó riosca is infheidhme. Tabharfaidh institiúidí neamhaird ar aon éifeacht a bheidh ag luaineacht mhéadaithe agus iolróidh siad íocaíochtaí amach na roghanna uathoibríocha sa chás is infheidhme faoi 1,10.

Airteagal 26

An mhodheolaíocht chaighdeánaithe shimplithe chun an glanioncam úis agus athruithe sa ghlanioncam úis a ríomh

1.   Chun an glanioncam úis agus na hathruithe sa ghlanioncam úis a ríomh faoin mhodheolaíocht chaighdeánaithe shimplithe, cuirfidh institiúidí Airteagail 14 go 16 i bhfeidhm, faoi réir na maoluithe a leagtar amach i míreanna 2 go 7 den Airteagal seo.

2.   Beidh feidhm ag Airteagal 25 freisin maidir leis an ríomh dá dtagraítear i mír°1.

3.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal°14(4) maidir leis an ríomh dá dtagraítear i mír°1. Maidir le gach cineál táirge dá dtagraítear in Airteagal 20(3), ríomhfaidh institiúidí an méid seo a leanas:

(a)

téarma tagartha meánach le haghaidh na sócmhainní leabhar neamhthrádála ráta seasta uile atá íogair ó thaobh an ráta úis de;

(b)

téarma tagartha meánach le haghaidh na ndliteanas leabhar neamhthrádála ráta seasta uile atá íogair ó thaobh an ráta úis de.

4.   De mhaolú ar Airteagal 19, cuirfidh institiúidí na téarmaí tagartha meánacha ríofa i bhfeidhm in ionad lárphointí na dtráinsí aga téarma tagartha a leagtar síos i bpointe°3 den Iarscríbhinn.

5.   De mhaolú ar Airteagal 20(2), nuair a bheidh Airteagal 20(3), an tríú fomhír á chur i bhfeidhm acu, déanfaidh institiúidí na suíomhanna leabhar neamhthrádála dá dtagraítear in Airteagal 20(2) a dheighilt de réir cineálacha táirge amháin agus ní de réir suíomh geografach.

6.   De mhaolú ar Airteagal 21, déanfaidh institiúidí íocaíochtaí úis nó cuid d’íocaíochtaí úis a dhéantar suas go dtí an dáta athphraghsála, an dáta sin san áireamh, a ríomh tríd an méid seo a leanas a iolrú:

(a)

méid phríomhshuim na n-ionstraimí uile atá gan íoc;

(b)

na meastacháin ó na hinstitiúidí maidir leis na rátaí úis ar ionstraimí ar thaobh na sócmhainní nó ar thaobh na ndliteanas, de réir mar is infheidhme;

(c)

eatramh ama an ghlanioncaim úis, nó, i gcás ina bhfuil ionstraim ag athphraghsáil roimh eatramh ama an ghlanioncaim úis, lárphointe an tráinse aga is infheidhme a leagtar síos i bpointe 1 den Iarscríbhinn, ar infheidhme é maidir leis an ionstraim atá gan íoc.

7.   Déanfaidh institiúidí an t-athrú sa luach dá dtagraítear in Airteagal 15 a ríomh mar an difríocht idir suim na n-íocaíochtaí amach sa chás bunlíne agus suim na n-íocaíochtaí amach sa chás is infheidhme, arna lascainiú ag na rátaí úis saor ó riosca is infheidhme. Tabharfaidh institiúidí neamhaird ar aon éifeacht a bheidh ag luaineacht mhéadaithe agus iolróidh siad na híocaíochtaí amach sa chás is infheidhme faoi 1,10.

CAIBIDIL VII

FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH

Airteagal 27

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 338.

(2)  ÚBE/GL/2018/02 an 19 Iúil 2018.

(3)  Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht ‘riosca an ráta úis sa leabhar baincéireachta’ i mí Aibreáin 2016.

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseacht Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(5)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2023 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na cásanna maoirseachta suaite, na toimhdí coiteanna samhaltaithe agus paraiméadracha agus cad is meath mór ann (IO L, 2024/856, 24.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/856/oj).


IARSCRÍBHINN

1.   

Tráinsí aga athphraghsála:

(a)

tráinse aga thar oíche, agus an lárphointe 1 lá amháin, nó tuairim is 0,0028 bliain;

(b)

tráinse aga ar mó ná 1 lá é agus é suas le 1 mhí amháin, í sin san áireamh, agus an lárphointe 15 lá;

(c)

tráinse aga ar mó ná 1 mhí amháin é agus é suas le 3 mhí, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 60 lá;

(d)

tráinse aga ar mó ná 3 mhí é agus é suas le 6 mhí, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 135 lá;

(e)

tráinse aga ar mó ná 6 mhí é agus é suas le 9 mí, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 225 lá;

(f)

tráinse aga ar mó ná 9 mhí é agus é suas le 12 mí, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 315 lá;

(g)

tráinse aga ar mó ná 1 bhliain é agus é suas le 1,5 bhliain, é sin san áireamh, agus an lárphointe 1 bhliain amháin agus 90 lá;

(h)

tráinse aga ar mó ná 1,5 bhliain é agus é suas le 2 bhliain, é sin san áireamh, agus an lárphointe 1 bhliain amháin agus 270 lá;

(i)

tráinse aga ar mó ná 2 bhliain é agus é suas le 3 bliana, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 2 bhliain agus 180 lá;

(j)

tráinse aga ar mó ná 3 bliana é agus é suas le 4 bliana, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 3 bliana agus 180 lá;

(k)

tráinse aga ar mó ná 4 bliana é agus é suas le 5 bliana, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 4 bliana agus 180 lá;

(l)

tráinse aga ar mó ná 5 bliana é agus é suas le 6 bliana, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 5 bliana agus 180 lá;

(m)

tráinse aga ar mó ná 6 bliana é agus é suas le 7 mbliana, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 6 bliana agus 180 lá;

(n)

tráinse aga ar mó ná 7 mbliana é agus é suas le 8 mbliana, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 7 mbliana agus 180 lá;

(o)

tráinse aga ar mó ná 8 mbliana é agus é suas le 9 mbliana, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 8 mbliana agus 180 lá;

(p)

tráinse aga ar mó ná 9 mbliana é agus é suas le 10 mbliana, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 9 mbliana agus 180 lá;

(q)

tráinse aga ar mó ná 10 mbliana é agus é suas le 15 bliana, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 12 bhliain agus 180 lá;

(r)

tráinse aga ar mó ná 15 bliana é agus é suas le 20 bliain, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 17 mbliana agus 180 lá;

(s)

tráinse aga ar mó ná 20 bliain é, agus an lárphointe 25 bliana.

2.   

Fad na dtráinsí aga athphraghsála dá dtagraítear in Airteagal 9(4), pointe (b):

(a)

0 bhliain;

(b)

1/12 bhliain;

(c)

2/12 bhliain;

(d)

3/12 bhliain;

(e)

3/12 bhliain;

(f)

3/12 bhliain;

(g)

6/12 bhliain;

(h)

6/12 bhliain;

(i)

1 bhliain amháin;

(j)

1 bhliain amháin;

(k)

1 bhliain amháin;

(l)

1 bhliain amháin;

(m)

1 bhliain amháin;

(n)

1 bhliain amháin;

(o)

1 bhliain amháin;

(p)

1 bhliain amháin;

(q)

5 bliana;

(r)

5 bliana;

(s)

10 mbliana.

3.   

Tráinsí aga téarma tagartha:

(a)

tráinse aga a mhéadaíonn thar oíche suas le 12 mhí agus iad sin san áireamh, agus an lárphointe 12 mhí;

(b)

tráinse aga ar mó ná 1 bhliain é agus é suas le 1,5 bhliain, é sin san áireamh, agus an lárphointe 1 bhliain amháin agus 90 lá;

(c)

tráinse aga ar mó ná 1,5 bhliain é agus é suas le 2 bhliain, é sin san áireamh, agus an lárphointe 1 bhliain amháin agus 270 lá;

(d)

tráinse aga ar mó ná 2 bhliain é agus é suas le 3 bliana, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 2 bhliain agus 180 lá;

(e)

tráinse aga ar mó ná 3 bliana é agus é suas le 4 bliana, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 3 bliana agus 180 lá;

(f)

tráinse aga ar mó ná 4 bliana é agus é suas le 5 bliana, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 4 bliana agus 180 lá;

(g)

tráinse aga ar mó ná 5 bliana é agus é suas le 6 bliana, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 5 bliana agus 180 lá;

(h)

tráinse aga ar mó ná 6 bliana é agus é suas le 7 mbliana, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 6 bliana agus 180 lá;

(i)

tráinse aga ar mó ná 7 mbliana é agus é suas le 8 mbliana, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 7 mbliana agus 180 lá;

(j)

tráinse aga ar mó ná 8 mbliana é agus é suas le 9 mbliana, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 8 mbliana agus 180 lá;

(k)

tráinse aga ar mó ná 9 mbliana é agus é suas le 10 mbliana, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 9 mbliana agus 180 lá;

(l)

tráinse aga ar mó ná 10 mbliana é agus é suas le 15 bliana, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 12 bhliain agus 180 lá;

(m)

tráinse aga ar mó ná 15 bliana é agus é suas le 20 bliain, iad sin san áireamh, agus an lárphointe 17 mbliana agus 180 lá;

(n)

tráinse aga ar mó ná 20 bliain é, agus an lárphointe 25 bliana.

4.   

Tráinsí aga athphraghsála dá dtagraítear in Airteagal 19(1), 20(2), 21(1), 22(2) agus 23(1):

(a)

tráinsí (a) go (f) de phointe 1 den Iarscríbhinn seo i gcás eatramh ama glanioncaim úis de 1 bhliain amháin;

(b)

tráinsí (a) go (g) de phointe 1 den Iarscríbhinn seo i gcás eatramh ama glanioncaim úis de 1.5 bliain;

(c)

tráinsí (a) go (h) de phointe 1 den Iarscríbhinn seo i gcás eatramh ama glanioncaim úis de 2 bhliain;

(d)

tráinsí (a) go (i) de phointe 1 den Iarscríbhinn seo i gcás eatramh ama glanioncaim úis de 3 bliana;

(e)

tráinsí (a) go (j) de phointe 1 den Iarscríbhinn seo i gcás eatramh ama glanioncaim úis de 4 bliana;

(f)

tráinsí (a) go (k) de phointe 1 den Iarscríbhinn seo i gcás eatramh ama glanioncaim úis de 5 bliana;

(g)

tráinsí (a) go (l) de phointe 1 den Iarscríbhinn seo i gcás eatramh ama glanioncaim úis de 6 bliana;

(h)

tráinsí (a) go (m) de phointe 1 den Iarscríbhinn seo i gcás eatramh ama glanioncaim úis de 7 mbliana;

(i)

tráinsí (a) go (n) de phointe 1 den Iarscríbhinn seo i gcás eatramh ama glanioncaim úis de 8 mbliana;

(j)

tráinsí (a) go (o) de phointe 1 den Iarscríbhinn seo i gcás eatramh ama glanioncaim úis de 9 mbliana;

(k)

tráinsí (a) go (p) de phointe 1 den Iarscríbhinn seo i gcás eatramh ama glanioncaim úis de 10 mbliana;

(l)

tráinsí (a) go (q) de phointe 1 den Iarscríbhinn seo i gcás eatramh ama glanioncaim úis de 15 bliana;

(m)

tráinsí (a) go (r) de phointe 1 den Iarscríbhinn seo i gcás eatramh ama glanioncaim úis de 20 bliain;

(n)

tráinsí (a) go (s) de phointe 1 den Iarscríbhinn seo i gcás eatramh ama glanioncaim úis de 25 bhliain.’.

5.   

Cásanna dá dtagraítear in Airteagal 25(2), (3) agus (4):

(a)

an cás bunlíne:

(i)

suas le 5 bliana, don chatagóir de thaiscí neamhaibíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (a)(i), agus an toradh air sin 30,77 %, 1,15 %, 2,31 %, 3,46 %, 3,46 %, 3,46 %, 6,92 %, 6,92 %, 13,85 %, 13,85 % agus 13,85 % de thaiscí neamhaibíochta den chatagóir sin a bheith á gcur isteach i dtráinsí aga a, b, c, d, e, f, g, h, i, j, agus k de phointe 1 den Iarscríbhinn seo faoi seach;

(ii)

suas le 4,5 bliana, don chatagóir de thaiscí neamhaibíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (a)(ii), agus an toradh air sin 46,15 %, 1,00 %, 2,00 %, 2,99 %, 2,99 %, 2,99 %, 5,98 %, 5,98 %, 11,97 %, 11,97 % agus 5,98 % de thaiscí neamhaibíochta den chatagóir sin a bheith á gcur isteach i dtráinsí aga a, b, c, d, e, f, g, h, i, j, agus k de phointe 1 den Iarscríbhinn seo faoi seach;

(iii)

suas le 4 bliana, don chatagóir de thaiscí neamhaibíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (b)(ii), agus an toradh air sin 61,54 %, 0,80 %, 1,60 %, 2,40 %, 2,40 %, 2,40 %, 4,81 %, 4,81 %, 9,62 %, agus 9,62 % de thaiscí neamhaibíochta den chatagóir sin a bheith á gcur isteach i dtráinsí aga a, b, c, d, e, f, g, h, i agus j, de phointe 1 den Iarscríbhinn seo faoi seach.

(b)

an cás ina bhforordaítear laghdú ar rátaí úis gearrthéarmacha:

(i)

suas le 5 bliana, don chatagóir de thaiscí neamhaibíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (a)(i), agus an toradh air sin 10,00 %, 1,50 %, 3,00 %, 4,50 %, 4,50 %, 4,50 %, 9,00 %, 9,00 %, 18,00 %, 18,00 % agus 18,00 % de thaiscí neamhaibíochta den chatagóir sin a bheith á gcur isteach i dtráinsí aga a, b, c, d, e, f, g, h, i, j, agus k de phointe 1 den Iarscríbhinn seo faoi seach;

(ii)

suas le 4,5 bliana, don chatagóir de thaiscí neamhaibíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (a)(ii), agus an toradh air sin 30,00 %, 1,30 %, 2,59 %, 3,89 %, 3,89 %, 3,89 %, 7,78 %, 7,78 %, 15,55 %, 15,55 % agus 7,78 % de thaiscí neamhaibíochta den chatagóir sin a bheith á gcur isteach i dtráinsí aga a, b, c, d, e, f, g, h, i, j, agus k de phointe 1 den Iarscríbhinn seo faoi seach;

(iii)

suas le 4 bliana, don chatagóir de thaiscí neamhaibíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (b)(ii), agus an toradh air sin 50,00 %, 1,04 %, 2,08 %, 3,12 %, 3,12 %, 3,12 %, 6,25 %, 6,25 %, 12,51 %, agus 12,51 % de thaiscí neamhaibíochta den chatagóir sin a bheith á gcur isteach i dtráinsí aga a, b, c, d, e, f, g, h, i agus j, de phointe 1 den Iarscríbhinn seo faoi seach.

(c)

cás ina bhforordaítear méadú ar rátaí úis gearrthéarmacha:

(i)

suas le 5 bliana, don chatagóir de thaiscí neamhaibíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (a)(i), agus an toradh air sin 51,54 %, 0,81 %, 1,62 %, 2,42 %, 2,42 %, 2,42 %, 4,85 %, 4,85 %, 9,69 %, 9,69 % agus 9.69 % de thaiscí neamhaibíochta den chatagóir sin a bheith á gcur isteach i dtráinsí aga a, b, c, d, e, f, g, h, i, j, agus k de phointe 1 den Iarscríbhinn seo faoi seach;

(ii)

suas le 4,5 bliana, don chatagóir de thaiscí neamhaibíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (a)(ii), agus an toradh air sin 62,31 %, 0,70 %, 1,39 %, 2,09 %, 2,09 %, 2,09 %, 4,19 %, 4,19 %, 8,38 %, 8,38 % agus 4,19 % de thaiscí neamhaibíochta den chatagóir sin a bheith á gcur isteach i dtráinsí aga a, b, c, d, e, f, g, h, i, j, agus k de phointe 1 den Iarscríbhinn seo faoi seach;

(iii)

suas le 4 bliana, don chatagóir de thaiscí neamhaibíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(1), pointe (b)(ii), agus an toradh air sin 73,08 %, 0,56 %, 1,12 %, 1,68 %, 1,68 %, 1,68 %, 3,37 %, 3,37 %, 6,73 % agus 6,73 % de thaiscí neamhaibíochta den chatagóir sin a bheith á gcur isteach i dtráinsí aga a, b, c, d, e, f, g, h, i agus j, de phointe 1 den Iarscríbhinn seo faoi seach.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/857/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)