|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/850 |
11.3.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/850 ÓN gCOMHAIRLE
an 7 Márta 2024
lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Ríocht na Danmhairge, de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 302 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/853 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don togra ó rialtas na Danmhairge,
Tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(2) den Chonradh, tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa le bheith comhdhéanta d’ionadaithe d’eagraíochtaí fostóirí, fostaithe agus páirtithe eile atá ionadaíoch don tsochaí shibhialta, go háirithe i réimsí socheacnamaíocha, sibhialta, gairmiúla agus cultúrtha. |
|
(2) |
An 2 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/1392 (2) lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tagtha chun bheith folamh tar éis do Bente SORGENFREY éirí as oifig. |
|
(4) |
Mhol Rialtas na Danmhairge Kristina AALTONEN, EU-konsulent hos Danmarks Lærerforening (DLF) og leder af Danske Lærerorganisationer Internationals kontor (DLI), Fagbevægelsens Hovedorganisation (FH) (Comhairleoir de chuid an Aontais Eorpaigh in Aontas Mhúinteoirí na Danmhairge agus ceann oifige Cheardchumainn Múinteoirí na Danmhairge (DLI), Cónaidhm Cheardchumann na Danmhairge (FH)), mar chomhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 20 Meán Fómhair 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Kristina AALTONEN, EU-konsulent hos Danmarks Lærerforening (DLF) og leder af Danske Lærerorganisationer Internationals kontor (DLI), Fagbevægelsens Hovedorganisation (FH) (Comhairleoir de chuid an Aontais Eorpaigh in Aontas Mhúinteoirí na Danmhairge agus ceann oifige Cheardchumainn Múinteoirí na Danmhairge (DLI), Cónaidhm Cheardchumann na Danmhairge (FH)), mar chomhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 20 Meán Fómhair 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Márta 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
D. CLARINVAL
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 15.
(2) Cinneadh (AE) 2020/1392 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2020 lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025, agus lena n-aisghairtear agus lena n-ionadaítear an Cinneadh ón gComhairle lena gceaptar comhaltaí de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025 a glacadh an 18 Meán Fómhair 2020 (IO L 322, 5.10.2020, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/850/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)