European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/836

13.3.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/836 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Márta 2024

lena bhformheastar an tsubstaint bhunata hiodrocsaíd mhaignéisiam E528 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 23(5) i gcomhar le hAirteagal 13(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Eanáir 2021 fuair an Coimisiún iarratas ó Roullier ar fhormheas hiodrocsaíde maignéisiam E528 mar shubstaint bhunata lena húsáid i gcosaint plandaí mar fhuingicíd ar fhíniúnacha, ológa, banana, coirce, seagal, triteacál, cruithneacht, trátaí, ubhthoradh, piobar, sillí, Physalis sp. agus cúcamar milis, prátaí, rósóg, plandaí ornáideacha, péitseog, aibreog, silín, pluma, neachtairín, miribéal agus barra ríse.

(2)

Tar éis na seiceálacha inghlacthachta, fuarthas iarratais athbhreithnithe i mí na Bealtaine 2021, mí Aibreáin 2022 agus mí Eanáir 2023. Bhí an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 23(3), an dara fomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ag gabháil leis an iarratas, mar a athbhreithníodh é i mí Eanáir 2023.

(3)

D’iarr an Coimisiún cúnamh eolaíoch ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) de bhun Airteagal 23(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. An 6 Márta 2023 chuir an tÚdarás tuarascáil theicniúil ar fáil don Choimisiún maidir le hiodrocsaíd mhaignéisiam E528 (2).

(4)

Chuir an Coimisiún an tuarascáil athbhreithniúcháin (3) agus dréacht den Rialachán seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 12 Deireadh Fómhair 2023 agus an 11 Nollaig 2023, faoi seach.

(5)

San fhaisnéis a chuir an t-iarratasóir ar fáil, léirítear go n-úsáidtear hiodrocsaíd mhaignéisiam E528 mar bhreiseán bia agus beatha, mar phurgóid osmóiseach agus frithaigéad le haghaidh an ghoile sa leigheas, mar dhíbholaíoch coirp i réimse na dtáirgí cosmaideacha, mar leasachán sa talmhaíocht agus i roinnt úsáidí tionsclaíocha. Thairis sin, ní úsáidtear í chun críoch cosanta plandaí den chuid is mó ach tá an tsubstaint úsáideach i gcosaint plandaí i dtáirge ina bhfuil an tsubstaint. Ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh san iarratas agus sa Tuarascáil Theicniúil ón Údarás, is féidir teacht ar an gconclúid nach substaint ar údar imní í; nach bhfuil sé de chumas intreach aici bheith ina cúis le héifeachtaí suaiteora inchrínigh, éifeachtaí néarthocsaineacha nó éifeachtaí imdhíon-thocsaineacha; agus nach gcuirtear ar an margadh mar tháirge cosanta plandaí í. Dá réir sin, comhlíonann hiodrocsaíd mhaignéisiam E528 na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 23(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(6)

Bhí Rialachán ón gCoimisiún lena leagtar síos na sonraíochtaí le haghaidh hiodrocsaíd mhaignéisiam E528 mar bhreiseán bia formheasta (4) ar fáil. Chuir an tÚdarás agus an Coimisiún araon an fhaisnéis sin san áireamh faoi chuimsiú Airteagal 23(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(7)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha féin a chur isteach i leith Thuarascáil Theicniúil an Údaráis agus i leith dhréacht-tuarascáil athbhreithniúcháin an Choimisiúin. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(8)

Tar éis scrúdú a dhéanamh ar an iarratas agus ar na doiciméid ghaolmhara uile, d’fhéadfadh coinne a bheith leis go gcomhlíonann hiodrocsaíd mhaignéisiam E528, go ginearálta, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, go háirithe maidir leis na húsáidí a scrúdaíodh agus a mionsonraíodh i dtuarascáil athbhreithniúcháin an Choimisiúin. Dá bhrí sin, is iomchuí hiodrocsaíd mhaignéisiam E528 a fhormheas mar shubstaint bhunata.

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha agus an eolais theicniúil reatha, is gá, áfach, coinníollacha áirithe le haghaidh an fhormheasa a chur san áireamh.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (5) a leasú dá réir.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas substainte bunata

Formheastar an tsubstaint hiodrocsaíd mhaignéisiam E528, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, mar shubstaint bhunata faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.

(2)  EFSA (European Food Safety Authority [An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia]), 2023. Outcome of the consultation with Member States and EFSA on the basic substance application for approval of magnesium hydroxide E 528 to be used in plant protection as a fungicide on grapevines, olives, banana, oat, rye, triticale, wheat, tomatoes, aubergine, sweet pepper, chili, Physalis sp. and pepino, potatoes, rosebush, ornamental plants, peach, apricot, cherry, plum, nectarine, mirabelle and rice crops (‘Toradh an chomhairliúcháin leis na Ballstáit agus EFSA maidir leis an iarratas ar fhormheas hiodrocsaíde maignéisiam E528 mar shubstaint bhunata lena húsáid i gcosaint plandaí mar fhuingicíd ar fhíniúnacha, ológa, banana, coirce, seagal, triteacál, cruithneacht, trátaí, ubhthoradh, piobar, sillí, Physalis sp. agus cúcamar milis, prátaí, rósóg, plandaí ornáideacha, péitseog, aibreog, silín, pluma, neachtairín, miribéal agus barra ríse’]. Foilseachán tacaíochta EFSA 2023:EN-7902. 106 lch. doi:10.2903/sp.efsa.2023.EN-7902.

(3)   Final Review report for the basic substance magnesium hydroxide finalised by the Standing Committee on Plants, Animals, Food and Feed on 31 January 2024 in view of the approval of magnesium hydroxide as basic substance in accordance with Regulation (EC) No 1107/2009 (‘Tuarascáil athbhreithniúcháin chríochnaitheach maidir leis an tsubstaint bhunata hiodrocsaíd mhaignéisiam arna tabhairt chun críche ag cruinniú an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 31 Eanáir 2024 d’fhonn hiodrocsaíd mhaignéisiam a fhormheas mar shubstaint bhunata i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009’].

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos na sonraíochtaí maidir le breiseáin bhia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/231/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Forálacha sonracha

hiodrocsaíd mhaignéisiam E528

Uimh. CAS: 1309-42-8

Uimh. CIPAC: Níl sí ar fáil

dehiodrocsaíd mhaignéisiam

95 %

Eisíontais ábhartha: Luaidhe < 2 mg/kg

Arsanaic < 3 mg/kg

an 2 Aibreán 2024

Úsáidfear hiodrocsaíd mhaignéisiam i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a áirítear i gconclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le hiodrocsaíd mhaignéisiam (PLAN/2023/2331 RR Rev2) agus go háirithe Foscríbhinní I agus II di.


(1)  Sa tuarascáil athbhreithniúcháin soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas, sonraíocht agus modh úsáide na substainte bunata.


IARSCRÍBHINN II

I gCuid C den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 540/2011, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

Uimhir

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Forálacha sonracha

‘25

hiodrocsaíd mhaignéisiam E528

Uimh. CAS: 1309-42-8

Uimh. CIPAC: Níl sí ar fáil

dehiodrocsaíd mhaignéisiam

95 %

Eisíontais ábhartha:

Luaidhe < 2 mg/kg

Arsanaic < 3 mg/kg

an 2 Aibreán 2024

Úsáidfear hiodrocsaíd mhaignéisiam i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a áirítear i gconclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le hiodrocsaíd mhaignéisiam (PLAN/2023/2331 RR Rev2) agus go háirithe Foscríbhinní I agus II di.’


(1)  Sa tuarascáil athbhreithniúcháin soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas, sonraíocht agus modh úsáide na substainte bunata.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/836/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)