|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/834 |
7.3.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/834 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Márta 2024
lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus 232(1) agus (3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(4) |
Go háirithe, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
|
(5) |
Thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi chúig ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i stáit Missouri (4) agus North Carolina (1), ráigeanna a deimhníodh idir an 20 Feabhra 2024 agus an 23 Feabhra 2024 le hanailís saotharlainne (ISP cúl-trascrioptáise). |
|
(6) |
Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach a tharla le déanaí, bhunaigh údarás tréidliachta na Stát Aontaithe criosanna srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú. |
|
(7) |
Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríoch agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. |
|
(8) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údarás tréidliachta na Stát Aontaithe, measann an Coimisiún gur cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim ó na limistéir sin a chur ar fionraí san Aontas, chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint. |
|
(9) |
Ina theannta sin, sholáthair Ceanada agus na Stáit Aontaithe faisnéis cothrom le dáta don Choimisiúin maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach ba chúis le teacht isteach roinnt táirgí san Aontas a chur ar fionraí, mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. |
|
(10) |
Chuir Ceanada isteach faisnéis cothrom le dáta maidir leis an staid eipidéimeolaíoch i ndáil le ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach i gcúige Québec, ráig a deimhníodh an 4 Nollaig 2023 le hanailís saotharlainne (ISP cúl-trascrioptáise). |
|
(11) |
Chuir na Stáit Aontaithe isteach faisnéis cothrom le dáta maidir leis an staid eipidéimeolaíoch i ndáil le 23 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i stáit Arkansas (1), California (2), Kansas (1), Maryland (1), Minnesota (12), Ohio (3), agus Wisconsin (3), ráigeanna a deimhníodh idir an 17 Deireadh Fómhair 2023 agus an 27 Nollaig 2023. |
|
(12) |
Chuir Ceanada agus na Stáit Aontaithe faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinne siad chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Go sonrach, tar éis na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme ag Ceanada agus ag na Stáit Aontaithe chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu freisin tar éis an beartas díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe a chur chun feidhme ar a gcríocha. |
|
(13) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada agus na Stáit Aontaithe isteach, agus measann sé go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha acu nach bagairt do shláinte ainmhithe ná don tsláinte phoiblí laistigh den Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí de tháirgí áirithe san Aontas ó na criosanna lena mbaineann sna tríú tíortha sin a chur ar fionraí mar a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus, dá bhrí sin, maidir le teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin san Aontas ó na criosanna lena mbaineann i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe óna raibh a dteacht isteach san Aontas curtha ar fionraí, ba cheart é a athúdarú. |
|
(14) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe. |
|
(15) |
Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair sna Stáit Aontaithe á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus chun cur isteach neamhriachtanach ar thrádáil le Ceanada agus leis na Stáit Aontaithe a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne. |
|
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe, de tháirgí geirmeacha áirithe agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis teacht isteach dóibh (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/834/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)