![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/829 |
8.3.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/829 ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Márta 2024
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Angóla
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2023/2209 (2) ón gComhairle, síníodh an Comhaontú um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Angóla (‘an Comhaontú’) an 17 Samhain 2023, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta is déanaí. |
(2) |
Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo, i gcomhréir le hAirteagal 55 de, mar ní a thugann cearta do dhaoine nó a fhorchuireann oibleagáidí ar dhaoine, laistigh den Aontas, seachas iad siúd arna gcruthú idir na Páirtithe faoin dlí idirnáisiúnta phoiblí. |
(3) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Angóla (‘an Comhaontú’) (3) a fhormheas thar ceann an Aontais.
Airteagal 2
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 57(2) den Chomhaontú (4).
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Marta 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. VERLINDEN
(1) Toiliú an 7 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh (AE) 2023/2209 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Angóla (IO L, 2023/2209, 17.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2209/oj.).
(3) Foilsítear téacs an Chomhaontuithe in OJ L, 2024/830, 8.3.2024, ELI:http://data.europa.eu/eli/agree/2024/830/oj.
(4) Foilseofar dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ag Ardrúnaíocht na Comhairle.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/829/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)