|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/807 |
29.2.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/807 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Feabhra 2024
lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na Polainne sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 328(1) agus 331(1) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (1),
Ag féachaint don fhógra a thug an Pholainn go raibh sé ar intinn aici a bheith rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú OIPE i litir dar dáta an 5 Eanáir 2024, arna forlíonadh le litir an 6 Feabhra 2024,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 3 Aibreán 2017, thug an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Liotuáin, Lucsamburg, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Spáinn fógra do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún gur mhian leo comhar feabhsaithe a bhunú maidir le OIPE a chur ar bun. Ina theannta sin, i litreacha an 19 Aibreán 2017, an 1 Meitheamh 2017, an 9 Meitheamh 2017 agus an 22 Meitheamh 2017 faoi seach, chuir an Laitvia, an Eastóin, an Ostair agus an Iodáil in iúl gur mhian leo a bheith rannpháirteach i mbunú an chomhair fheabhsaithe sin. |
|
(2) |
An 3 Aibreán 2017, measadh gur tugadh an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus in Airteagal 329(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 86(1) CFAE. |
|
(3) |
An 12 Deireadh Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/1939 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú OIPE. |
|
(4) |
An 20 Samhain 2017, tháinig Rialachán (AE) 2017/1939 i bhfeidhm. |
|
(5) |
Le Cinneadh (AE) 2018/1094 (2) ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2018, deimhníodh rannpháirtíocht na hÍsiltíre sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú OIPE. |
|
(6) |
Le Cinneadh (AE) 2018/1103 (3) ón gCoimisiún an 7 Lúnasa 2018, deimhníodh rannpháirtíocht Mhálta sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú OIPE. |
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/856 (4) ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2021, ghlac OIPE ar láimh a chúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh an 1 Meitheamh 2021. |
|
(8) |
An 5 Eanáir 2024, thug an Pholainn fógra don Choimisiún go raibh sé ar intinn aici a bheith rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú OIPE. |
|
(9) |
Le Rialachán (AE) 2017/1939, ní dhéantar aon fhoráil maidir le haon choinníoll sonrach le haghaidh rannpháirtíocht sa chomhar feabhsaithe i ndáil le bunú OIPE. |
|
(10) |
I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, feidhmeoidh OIPE a inniúlacht maidir le haon chion a thagann faoina inniúlacht a rinneadh tar éis an dáta a tháinig Rialachán (AE) 2017/1939 i bhfeidhm. I gcomhréir leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939, i gcás na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhua cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir leis an dara fomhír nó leis an tríú fomhír d’Airteagal 331(1) CFAE, beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2017/1939 ón dáta a shonraítear sa chinneadh lena mbaineann. |
|
(11) |
I gcomhréir le hAirteagal 331 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart don Choimisiún, agus rannpháirtíocht Ballstáit i gcomhar feabhsaithe á deimhniú aige, aon bheart idirthréimhseach is gá a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm na ngníomhartha arna nglacadh cheana faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe sin. |
|
(12) |
An 6 Feabhra 2024, rinne an Pholainn forlíonadh ar a litir an 5 Eanáir 2024 trí iarraidh a dhéanamh ionas go mbeidh feidhm ag Rialachán (AE) 2017/1939 sa Pholainn ón 20 Samhain 2017, an dáta a tháinig Rialachán (AE) 2017/1939 i bhfeidhm. Mheas an Pholainn go mbainfí amach leis an gcur i bhfeidhm sin na spriocanna ar bhealach níos fearr maidir le coireanna a ionchúiseamh go héifeachtach agus go neamhchlaonta, ar coireanna iad a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Shoiléirigh an Pholainn freisin nach bhfuil an chuid is mó de na cionta a thiocfadh faoi inniúlacht OIPE faoi urchosc go fóill. |
|
(13) |
Mar a cuireadh i bhfios go láidir i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais, cé go gcuireann prionsabal na deimhneachta dlíthiúla cosc, go ginearálta, ar bheart de chuid an Aontais a theacht i bhfeidhm ó phointe ama sula bhfoilseofar é, d’fhéadfadh sé a bheith difriúil ar bhealach eile i gcás ina n-éilítear amhlaidh leis an gcuspóir atá le baint amach agus ina n-urramaítear mar is cuí ionchais dhlisteanacha na bpáirtithe lena mbaineann. |
|
(14) |
Is fearr a bhainfear amach cosaint éifeachtach leasanna airgeadais an Aontais de bhun Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus an comhrac a fheabhsú in aghaidh cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, arb é príomhchuspóir Rialachán (AE) 2017/1939 é, má tá feidhm ag Rialachán (AE) 2017/1939 sa Pholainn ón 1 Meitheamh 2021, an dáta a ghlac OIPE ar láimh a chúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh. |
|
(15) |
Le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/1939 sa Pholainn ón 20 Samhain 2017, cheanglófaí ar OIPE a inniúlacht a fheidhmiú i leith cionta coiriúla a rinneadh roinnt blianta sular cuireadh tús leis na hoibríochtaí sa Pholainn. Bheadh breisluach teoranta ag baint leis sin ó thaobh éifeachtachta de, ós rud é gur féidir go mbeidh coinne leis go mbeidh na himscrúduithe agus na himeachtaí ábhartha dúnta nó go mbeidh dul chun cinn maith déanta ina leith. |
|
(16) |
Bainfidh cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/1939 sa Pholainn ón 1 Meitheamh 2021 leis na cásanna is déanaí a d’fhéadfadh OIPE a easghairm, má chomhlíontar na coinníollacha chun déanamh amhlaidh. Ina theannta sin, áiritheoidh sé go gcuirfear tús le hoibríochtaí OIPE sa Pholainn ar bhealach níos éifeachtaí, ós rud é go mbeidh OIPE in ann cionta a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a rinneadh sa Pholainn i ndiaidh an 1 Meitheamh 2021 a imscrúdú agus a ionchúiseamh freisin agus, dá bhrí sin, beidh sé oibríochtúil ón tús. |
|
(17) |
Maidir leis na cionta dá dtagraítear in Airteagail 22 agus 23 de Rialachán (AE) 2017/1939 nach bhfuil faoi réir inniúlacht OIPE cheana féin ó tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm ar dtús, ba cheart do OIPE, dá bhrí sin, a inniúlacht a fheidhmiú, a mhéid a bhaineann le críoch nó le náisiúnaigh na Polainne, ar choinníoll go ndearnadh na cionta sin tar éis an 1 Meitheamh 2021. Is soiléir agus is iomchuí an túsphointe an dáta sin chun inniúlacht OIPE a fheidhmiú sa Pholainn agus áirithítear leis deimhneacht dhlíthiúil. |
|
(18) |
Tá feidhmiú inniúlacht OIPE sa Pholainn maidir le cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a rinneadh tar éis an 1 Meitheamh 2021 faoi réir fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2017/1939, lena n-áirítear Airteagal 26 maidir le himscrúduithe a thionscnamh agus Airteagal 27 maidir leis an gceart easghairme. |
|
(19) |
I bprionsabal, níor cheart difear a dhéanamh leis an inniúlacht sin do chinntí breithiúnacha a bhfuil feidhm res judicata faighte acu, lena n-áirítear iad siúd a glacadh de bharr dhul in eag na dtréimhsí teorann, ach amháin má cheadaítear leis an dlí náisiúnta is infheidhme, in imthosca áirithe, cásanna agus imscrúduithe dúnta a athoscailt. |
|
(20) |
Leis an gCinneadh seo urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear le hAirteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 49 de. Mar a cuireadh i dtábhacht i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais, ceanglaítear leis an bprionsabal nach mór cionta agus pionóis a shainmhíniú ó thaobh an dlí de le forálacha an dlí choiriúil chun inrochtaineacht agus intuarthacht a áirithiú a mhéid a bhaineann le sainmhíniú an chiona ná le cinneadh an phionóis araon. Ina theannta sin, ba cheart na cionta agus na pionóis a ghearrtar ina leith a shainmhíniú leis an dlí go soiléir. Mar sin féin, is rialacha de chineál nós imeachta iad na rialacha ar dá réir a dhéanann na seirbhísí ionchúisimh cásanna a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais, ar rialacha iad a bhaineann le heagrú na gcomhlachtaí sin agus leis na himeachtaí ábhartha, agus ní bhaineann siad le cionta agus pionóis a shainmhíniú. Dá bhrí sin, ní thagann siad faoi raon feidhme Airteagal 49 den Chairt. Níl aon athrú ar rialacha substainteacha ábhartha an dlí choiriúil, atá i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil, mar a thrasuitear i ndlí na Polainne iad, agus ní dhéantar difear dóibh leis an gCinneadh seo. |
|
(21) |
Ba cheart a ndóthain ama a bheith ag údaráis na Polainne, ag an gComhairle agus ag OIPE chun an obair ullmhúcháin a chur i gcrích atá fíor-riachtanach chun a chur ar a chumas do OIPE oibriú go héifeachtach sa Pholainn. Go háirithe, ba cheart do OIPE a bheith in ann tús a chur go pras lena ghníomhaíochtaí oibríochtúla sa Pholainn, lena n-áirítear i gcomhthéacs imscrúduithe trasteorann, go háirithe trí imscrúduithe a thionscnamh, más gá i ndiaidh tuairiscí a fháil ó institiúidí, ó chomhlachtaí, ó oifigí agus ó ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus ó údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2017/1939, nó trína cheart easghairme a fheidhmiú. Chuige sin, ní mór ar a laghad an tIonchúisitheoir Eorpach ón bPolainn a cheapadh, ionchúisitheoir a d’fhéadfadh, i gcásanna eisceachtúla, cinneadh réasúnaithe a dhéanamh an t-imscrúdú a dhéanamh go pearsanta, i gcomhréir le hAirteagal 28(4) de Rialachán (AE) 2017/1939. Ionas nach dtabharfar fógraí do OIPE nuair nach mbeidh sé in ann déileáil leo nó go mbeidh na teorainneacha ama sin caite, ba cheart feidhm a bheith ag Airteagail 24 go 27 agus Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2017/1939 sa Pholainn ón bhfichiú lá tar éis an tIonchúisitheoir Eorpach ón bPolainn a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán sin. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Deimhnítear rannpháirtíocht na Polainne sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú OIPE.
Airteagal 2
|
(1) |
Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2017/1939 sa Pholainn maidir le haon chion a thagann faoi inniúlacht OIPE a rinneadh tar éis an 1 Meitheamh 2021. |
|
(2) |
Beidh feidhm ag Airteagail 24 go 27 agus ag Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2017/1939 sa Pholainn ón bhfichiú lá tar éis an tIonchúisitheoir Eorpach ón bPolainn a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán sin. |
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Feabhra 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.
(2) IO L 196, 2.8.2018, lch. 1.
(3) IO L 201, 8.8.2018, lch. 2.
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/856 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2021 lena gcinntear an dáta a ghlacfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ar láimh a cúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh (IO L 188, 28.5.2021, lch. 100).
(5) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/807/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)