European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/806

8.3.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/806 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Márta 2024

maidir le tintiúr péine ó Pinus sylvestris L a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin déantar foráil maidir le hathmheastóireacht ar bhreiseáin a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2).

(2)

Rinneadh an tsubstaint tintiúr péine ó Pinus sylvestris L. a údarú gan teorainn ama, i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE, mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Cuireadh an tsubstaint sin isteach i gClár na mBreiseán Beathaithe ina dhiaidh sin mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas chun athmheastóireacht a dhéanamh ar thintiúr péine ó Pinus sylvestris L. mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. D’iarr an t-iarratasóir go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’ agus go n-údarófaí é le húsáid in uisce óil freisin. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(4)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 4 Iúil 2023 (3) go bhfuil tintiúr péine ó Pinus sylvestris L. sábháilte do gach cineál ainmhí, do thomhaltóirí agus don chomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Ina theannta sin, dúirt an tÚdarás nach bhfuil gá le léiriú breise ar éifeachtúlacht mar go n-úsáidtear craobhóga Pinus sylvestris L. mar bhlastáin bhia, rud a mheastar a bhfuil a g comhshuíomh/ comhdhéanamh comhchosúil leis an ábhar bunaidh chun tintiúr péine a tháirgeadh. Tháinig sé ar an gconclúid gur cheart a mheas gur ghreannaitheoir craicinn agus súl é Pinus sylvestris L. agus gur íogróir deirmeach agus riospráide é. D’fhíoraigh an tÚdarás freisin an tuarascáil ar an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe arna cur isteach ag an Saotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(5)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann tintiúr péine ó Pinus sylvestris L. na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú. Measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc.

(6)

Ina theannta sin, chun rialú níos fearr a leagan síos, ba cheart go n-ionchorprófar na blastáin sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin. Measann an Coimisiún nach gá uasleibhéil a shocrú le haghaidh tintiúr péine ó Pinus sylvestris L. ar chúiseanna sábháilteachta. Chun rialú níos fearr a leagan síos, ba cheart an t-uaschion molta a shonrú ar lipéad an bhreiseáin. I gcás ina sárófar na cionta sin, ba cheart faisnéis áirithe a shonrú ar lipéad na réamh-mheascán lena mbaineann.

(7)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ní cheadaítear ‘comhdhúile blaistithe’ a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, níor cheart úsáid an bhreiseáin sin in uisce óil a cheadú.

(8)

Ós rud é nach gá na modhnuithe ar na coinníollacha maidir le húdarú tintiúr péine ó Pinus sylvestris L. a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do pháirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

Tá an tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’ údaraithe mar bhreiseán beathaithe i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Bearta idirthréimhseacha

1.   An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin a bhfuil an tsubstaint sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 28 Meán Fómhair 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 28 Márta 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 28 Márta 2025 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 28 Márta 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.

3.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 28 Márta 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 28 Márta 2024, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj

(2)  Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1). ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1970/524/oj

(3)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2023;21(7):8181.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse.

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

 

mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: comhdhúile blaistithe

2b2816792-t

Tintiúr péine

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Tintiúr péine ó bhachlóga Pinus sylvestris L.

Foirm leachtach

Tréithriú na substainte gníomhaí

Cion ábhair thirim: 1,9-2,5 %

Tintiúr péine ó bhachlóga Pinus sylvestris L. trí eastóscadh le meascán uisce/eatanól mar atá sainithe ag An Chomhairle Eorpach (1).

Uimhir CE: 281-679-2 (2)

Sonraíochtaí

Polaifeanóil. 0,070–0,102 %

Aigéid fheanólacha: 0–0,038 %

Rúitin: 0-0,001 %

Aigéad fearaileach: 0,0003–0,0006 %

α-Teirpiníól: 0,00013-0,00025 %

Modh anailíse  (3)

Maidir le tréithriú an bhreiseán beathaithe: speictreafótaiméadracht chun cion iomlán polaifeanól a chinneadh: crómatagrafaíocht caolchisil ardfheidhmíochta (HPTLC) chun cion iomlán na n-aigéad feanólach a chinneadh.

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Ionchorprófar an breiseán sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

3.

Ar lipéad an bhreiseáin, déanfar an méid seo a leanas a shonrú:

‘Uaschion a mholtar de shubstaint ghníomhach in aghaidh an kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %: 50 mg.’

4.

I gcás ina sárófaí an leibhéal dá dtagraítear i bpointe 3 mar thoradh ar an leibhéal úsáide atá ar lipéad an réamh-mheascáin, sonrófar ar an lipéad sin na nithe seo a leanas: an feidhmghrúpa, an uimhir aitheantais, an t-ainm agus cion na substainte gníomhaí a cuireadh leis.

5.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachta beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh a eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú le nósanna imeachta agus bearta den chineál sin, is le trealamh cosanta pearsanta don análú, do na súile agus don chraiceann a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

an 28 Márta 2034


(1)   Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán — Tuarascáil Uimh. 2] (2007).

(2)  Uimhir CE lena gcumhdaítear Eastóscáin agus a ndíorthaigh a ndearnadh modhnú fisiciúil orthu amhail tintiúr, concréití, absalóidí, blátholaí, olaroisíní, teirpéiní, codáin saor ó theirpéin, codáin saor ó theirpéin, driogáití, iarmhair, etc., a fuarthas ó Pinus sylvestris, Pinaceae. Foinse: Bunachar sonraí ECHA.

(3)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/806/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)