European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/805

8.3.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/805 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Márta 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm Airteagal 11(1) den Rialachán sin.

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (1), agus go háirithe Airteagal 30(8) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun a shuíomh an bhfuil bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí in-athnuaite iompair gásacha agus leachtacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte ag comhlíonadh cheanglais Threoir (AE) 2018/2001, tá a ndeimhniú ceart agus comhchuibhithe trí scéimeanna deonacha fíor-riachtanach. Dá bhrí sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún (2) bunaítear rialacha comhchuibhithe is infheidhme maidir leis an bpróiseas deimhniúcháin ar fad, rud lena dtugtar an deimhneacht dhlíthiúil is gá i ndáil leis na rialacha is infheidhme maidir le hoibreoirí eacnamaíocha agus scéimeanna deonacha.

(2)

Tháinig Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 i bhfeidhm an 30 Meitheamh 2022 agus beidh feidhm ag a rialacha ó 18 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm, is é sin ón 30 Nollaig 2023.

(3)

Le linn chur chun feidhme na gceanglas ar na Ballstáit maidir le creidiúnú nó aitheantas i ndáil le maoirseacht ar chomhlachtaí deimhniúcháin a leagtar amach in Airteagal 11(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996, thángthas ar an gconclúid go mbeadh gá ag na Ballstáit le tréimhse ullmhúcháin i bhfad níos faide chun cláir chreidiúnúcháin nó córas aitheantais a ullmhú go cuí agus nach mbeadh sé indéanta sin a chur chun feidhme faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin.

(4)

Mura mbeadh na Ballstáit in ann rochtain a thabhairt ar chláir chreidiúnúcháin nó ar chóras aitheantais do na comhlachtaí deimhniúcháin atá ann cheana ar dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996, ní bheadh aon cheann de na comhlachtaí deimhniúcháin atá ann cheana in ann forálacha Airteagal 11(1) den Rialachán sin a chomhlíonadh agus, dá bhrí sin, leanúint dá gcuid oibre deimhniúcháin i gcomhréir le forálacha Threoir (AE) 2018/2001 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 is infheidhme maidir le comhlachtaí deimhniúcháin. Leis sin chuirfí isteach go mór ar mhargadh na mbreoslaí in-athnuaite ó thús 2024 ar aghaidh.

(5)

Dá bhrí sin, ionas gur féidir Airteagal 11(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 a chur i bhfeidhm, is gá a chur i bhfeidhm a chur siar, mar atá an ceanglas ar dá réir atá comhlachtaí deimhniúcháin le creidiúnú ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) nó le haithint ag údarás inniúil chun raon feidhme Threoir (AE) 2018/2001 nó raon feidhme sonrach na scéime deonaí a chumhdach. Tréimhse iomchuí, riachtanach agus chomhréireach is ea tréimhse bliana féilire amháin chun go mbeifear in ann tuilleadh ullmhúcháin a dhéanamh.

(6)

Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 a leasú dá réir sin.

(7)

Ba cheart an Rialachán Cur Chun Feidhme leasaitheach seo a chur i bhfeidhm ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin Cur Chun Feidhme, is é sin an 30 Nollaig 2023, chun bailíocht na ndeimhnithe uile a d’eiseodh na comhlachtaí deimhniúcháin ón 30 Nollaig 2023 go dtí teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a áirithiú.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Inbhuanaitheacht Bithbhreoslaí, Bithleachtanna agus Breoslaí Bithmhaise a bunaíodh le hAirteagal 34(2) de Threoir (AE) 2018/2001.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 28 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘Is ón 1 Eanáir 2025 a bheidh feidhm ag Airteagal 11(1) den Rialachán seo, áfach.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 30 Nollaig 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/dir/2018/2001/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 i ndáil le rialacha chun critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus critéir maidir le riosca íseal i ndáil le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a fhíorú (IO L 168, 27.6.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/996/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/765/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/805/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)