|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/800 |
21.3.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 179/2023
an 5 Iúil 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/800]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/183 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais i ndáil le comhlíonadh dea-chleachtais saotharlainne maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta, ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 22 (Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XIII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘— |
32023 R 0183: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/183 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 (IO L 26, 30.1.2023, lch. 7).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/183 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Iúil 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Iúil 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 26, 30.1.2023, lch. 7.
(*1) Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/800/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)