![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/790 |
8.3.2024 |
TREOIR (AE) 2024/790 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Feabhra 2024
lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I dteachtaireacht uaidh an 24 Meán Fómhair 2020 dar teideal A Capital Markets Union for people and businesses – new action plan [Aontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí – plean gníomhaíochta nua] (‘Plean Gníomhaíochta CMU’), d’fhógair an Coimisiún go raibh sé ar intinn aige togra reachtach a chur síos chun sruth sonraí beo leictreonach leanúnach a chruthú a raibh sé mar aidhm leis léargas cuimsitheach a thabhairt ar phraghsanna agus ar mhéid an chothromais agus na n-ionstraimí airgeadais atá cosúil le cothromas a thrádáiltear ar fud an Aontais agus ar fud ionaid trádála (‘teilitéip chomhdhlúite’). I gconclúidí uaithi an 2 Nollaig 2020 maidir le Plean Gníomhaíochta CMU ón gCoimisiúin, mhol an Chomhairle don Choimisiún tuilleadh gníomhaíochta infheistíochta a spreagadh laistigh den Aontas trí fheabhas a chur ar infhaighteacht agus trédhearcacht sonraí trí mheasúnú breise a dhéanamh ar conas dul i ngleic leis na bacainní roimh theilitéip chomhdhlúite a bhunú san Aontas. |
(2) |
I dteachtaireacht uaidh an 19 Eanáir 2021 dar teideal The European economic and financial system: fostering openness, strength and resilience [Córas eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa: oscailteacht, neart agus athléimneacht a chothú], dheimhnigh an Coimisiún go raibh sé beartaithe aige creat thrédhearcacht na margaí urrús a fheabhsú, a shimpliú agus a chomhchuibhiú tuilleadh, mar chuid den athbhreithniú ar Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Mar chuid de na hiarrachtaí chun ról idirnáisiúnta an euro a láidriú, d’fhógair an Coimisiún freisin go n-áireofaí le hathchóiriú den sórt sin teilitéip chomhdhlúite a dhearadh agus a chur chun feidhme, go háirithe le haghaidh eisiúintí bannaí corparáide, chun trádáil thánaisteach in ionstraimí fiachais atá ainmnithe in euro a mhéadú. |
(3) |
I gcomhthráth leis an athbhreithniú ar Threoir 2014/65/AE, leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 le Rialachán (AE) 2024/791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lena mbaintear na príomhbhacainní a chuir cosc ar theacht chun cinn teilitéipe comhdhlúite. Tugtar isteach leis an Rialachán sin rannchuidithe éigeantacha sonraí leis an soláthraí teilitéipe comhdhlúite agus cuirtear feabhas ar cháilíocht na sonraí, inter alia, trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar shioncrónú clog gnó. Ina theannta sin, tugtar isteach leis feabhsuithe ar na hoibleagáidí trádála agus an toirmeasc ar an gcleachtas maidir le híocaíocht a fháil as orduithe a fhorghníomhú ó chliaint áirithe ar ionad forghníomhaithe ar leith nó as orduithe na gcliant sin a chur ar aghaidh chuig aon tríú páirtí lena bhforghníomhú ar ionad forghníomhaithe ar leith (‘íocaíocht i leith sreabhadh orduithe’). Ós rud é go bhfuil forálacha i dTreoir 2014/65/AE freisin maidir le teilitéip chomhdhlúite agus trédhearcacht, ba cheart na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a léiriú i dTreoir 2014/65/AE. |
(4) |
Le hAirteagal 1(7) de Threoir 2014/65/AE, maidir le córais agus saoráidí ina bhfuil iliomad leasanna ceannaigh agus díola tríú páirtithe in ionstraimí airgeadais in ann idirghníomhú (‘córais iltaobhacha’), ceanglaítear orthu oibriú i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann le margaí rialáilte, saoráidí trádála iltaobhacha (MTFanna) nó saoráidí trádála eagraithe (OTFanna). Mar sin féin, léirigh cleachtas margaidh, mar atá léirithe ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ESMA) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) i dtuarascáil deiridh uaidh an 23 Márta 2021 maidir le feidhmiú saoráidí trádála eagraithe, nár seasadh le prionsabal na gníomhaíochta trádála iltaobhaí a bhfuil údarú ag teastáil ina leith san Aontas, rud a fhágann nach bhfuil cothroime iomaíochta ann idir córais iltaobhacha atá údaraithe mar mhargadh rialáilte, MTF nó OTF agus córais iltaobhacha nach bhfuil údaraithe mar sin. Ina theannta sin, chruthaigh an staid sin éiginnteacht dhlíthiúil do rannpháirtithe áirithe sa mhargadh maidir leis na hionchais rialála le haghaidh na gcóras iltaobhach sin. Chun soiléireacht a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh, chun cothroime iomaíochta a chosaint, chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú agus chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an cheanglais a áirithiú nach ndéanann córais hibrideacha gníomhaíochtaí trádála iltaobhacha ach amháin i gcás ina bhfuil siad údaraithe mar mhargadh rialáilte, MTF nó OTF, ba cheart inneachar Airteagal 1(7) de Threoir 2014/65/AE a aistriú ó Threoir 2014/65/AE chuig Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. I bhfianaise córais iltaobhacha a bheith bainte de raon feidhme Airteagal 1(7) de Threoir 2014/65/AE agus iad a bheith áirithe faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, is iomchuí an sainmhíniú ‘córas iltaobhach’ a aistriú chuig an Rialachán sin freisin. |
(5) |
Le hAirteagal 2(1), pointe (d)(ii), de Threoir 2014/65/AE, díolmhaítear daoine atá ag déileáil ar a gcuntas féin ón gceanglas a bheith údaraithe mar ghnólacht infheistíochta nó mar institiúid creidmheasa, ach amháin má tá na daoine sin ina gcomhaltaí de mhargadh rialáilte nó MTF nó atá ina rannpháirtithe ann nó má tá rochtain leictreonach dhíreach acu ar ionad trádála. Eintitis neamhairgeadais atá ina gcomhaltaí de mhargadh rialáilte nó de MTF nó atá ina rannpháirtithe ann chun idirbhearta a dhéanamh maidir le bainistiú leachtachta nó chun rioscaí a laghdú a bhaineann go díreach leis an ngníomhaíocht tráchtála nó le gníomhaíocht um maoiniú cisteáin, níor cheart a cheangal orthu a bheith údaraithe mar ghnólacht infheistíochta, toisc go mbeadh ceanglas den sórt sin díréireach. Maidir le rochtain leictreonach dhíreach ar ionad trádála, ceanglaítear le hAirteagal 17(5) agus Airteagal 48(7) de Threoir 2014/65/AE gur gnólachtaí infheistíochta údaraithe nó institiúidí creidmheasa údaraithe iad soláthraithe na rochtana leictreonaí dírí. Tá gnólachtaí infheistíochta nó institiúidí creidmheasa a sholáthraíonn rochtain leictreonach dhíreach freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann a gcliaint na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 17(5) agus Airteagal 48(7) de Threoir 2014/65/AE. Tá feidhm an gheatóra éifeachtach agus fágann sí nach gá do chliaint sholáthraí na rochtana leictreonaí dírí, lena n-áirítear daoine atá ag déileáil ar a gcuntas féin, a bheith faoi réir Threoir 2014/65/AE. Ina theannta sin, dá gcuirfí deireadh leis an gceanglas sin, chuirfí le cothroime iomaíochta idir daoine atá bunaithe san Aontas, ar thaobh amháin, agus daoine atá bunaithe i dtríú tír a bhfuil rochtain acu ar ionaid de chuid an Aontais trí rochtain leictreonach dhíreach, nach bhfuil údarás ag teastáil ina leith de réir Threoir 2014/65/AE, ar an taobh eile. |
(6) |
Le hAirteagal 18(7) de Threoir 2014/65/AE, ceanglaítear ar MTFanna agus ar OTFanna triúr comhaltaí nó úsáideoirí ar a laghad atá gníomhach go hábhartha a bheith acu. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin i leith gach córais iltaobhaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an ceanglas sin a leathnú chuig margaí rialáilte. |
(7) |
Foráiltear le Treoir 2014/65/AE nach measfar gnólacht infheistíochta a bheith ina inmheánaitheoir córasach ach amháin i gcás ina meastar go ndéanann sé a chuid gníomhaíochtaí ar bhonn eagraithe, minic, córasach agus substaintiúil nó i gcás ina roghnaíonn sé a bheith páirteach faoi chóras na n-inmheánaitheoirí córasacha. Is trí chritéir cháilíochtúla a chinntear bonn minic, córasach agus substaintiúil. Mar thoradh air sin, tá ualach iomarcach ar na gnólachtaí infheistíochta a gceanglaítear orthu an measúnú a dhéanamh, agus ar ESMA, a gceanglaítear air sonraí a fhoilsiú chun críocha an mheasúnaithe. Dá bhrí sin, ba cheart measúnú cáilíochtúil a chur in ionad an mheasúnaithe ar bhonn na gcritéar sin. Ag cur san áireamh go leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 chun inmheánaitheoirí córasacha a eisiamh ó raon feidhme na gceanglas trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh ionstraimí neamhchothromais, níor cheart feidhm a bheith ag an measúnú cáilíochtúil ar inmheánaitheoirí córasacha ach amháin maidir le hionstraimí cothromais. Ba cheart, áfach, do ghnólacht infheistíochta a bheith in ann a roghnú a bheith ina inmheánaitheoir córasach le haghaidh ionstraimí neamhchothromais. |
(8) |
In Airteagal 27(3) agus (6) de Threoir 2014/65/AE, tá an ceanglas ar ionaid forghníomhaithe tuarascálacha a fhoilsiú ina bhfuil liosta sonraí a bhaineann leis an oibleagáid orduithe a fhorghníomhú ar na téarmaí is fabhraí don chliant (‘an forghníomhú is fearr’). Le fianaise agus aiseolas ó gheallsealbhóirí, léiríodh gurb annamh a léitear na tuarascálacha sin agus nach gcuireann siad ar chumas infheisteoirí ná úsáideoirí eile na dtuarascálacha sin comparáidí fóinteacha a dhéanamh bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar iontu. Mar iarmhairt air sin, le Treoir (AE) 2021/338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), cuireadh an ceanglas um thuairisciú faoi Airteagal 27(3) de Threoir 2014/65/AE ar fionraí ar feadh 2 bhliain ionas go bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar an gceanglas sin. Le Rialachán (AE) 2024/791, leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 chun na bacainní lenar cuireadh cosc ar theacht chun cinn teilitéipe comhdhlúite a bhaint. Is iad na sonraí a mheastar a scaipfear leis an teilitéip chomhdhlúite ná an scothphraghas Eorpach tairisceana agus ofrála, faisnéis iarthrádála maidir le hidirbhearta i scaireanna agus cistí arna dtrádáil ar an malartán (ETFanna) agus faisnéis iarthrádála maidir le hidirbhearta i mbannaí agus díorthaigh thar an gcuntar. Is féidir an fhaisnéis sin a úsáid chun cruthúnas a thabhairt ar an bhforghníomhú is fearr. Dá bhrí sin, ní bheidh an ceanglas um thuairisciú a leagtar síos in Airteagal 27(3) de Threoir 2014/65/AE ábhartha a thuilleadh agus ba cheart é a bhaint. |
(9) |
Tá tuilleadh forálacha ginearálta a bhaineann leis an bhforghníomhú is fearr in Airteagal 27 de Threoir 2014/65/AE freisin. Mar sin féin, mar thoradh ar léirmhínithe éagsúla ar an Airteagal sin ag údaráis inniúla náisiúnta, tá éagsúlachtaí sa chur chuige i leith chur i bhfeidhm na gceanglas maidir leis an bhforghníomhú is fearr agus maoirseacht ar chleachtais mhargaidh. Is léir an éagsúlacht sin go háirithe sna bealaí éagsúla ina ndéantar rialáil ar fud an Aontais ar chleachtais a bhaineann le híocaíocht a fháil i leith sreabhadh orduithe. Le Rialachán (AE) 2024/791 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, cuirtear toirmeasc ar ghnólachtaí infheistíochta íocaíochtaí den sórt sin a fháil ar fud an Aontais. Mar sin féin, le haiseolas ó rialálaithe agus ó gheallsealbhóirí, léiríodh go bhféadfadh na ceanglais maidir leis an bhforghníomhú is fearr do chliaint ghairmiúla leas a bhaint as soiléiriú breise freisin. Ba cheart do ESMA, dá bhrí sin, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt maidir leis na critéir atá le cur san áireamh chun éifeachtacht an bheartais forghníomhúcháin orduithe a shuí agus chun measúnú a dhéanamh uirthi de bhun Airteagal 27(5) agus (7) de Threoir 2014/65/AE, agus an difríocht idir cliaint mhiondíola agus cliaint ghairmiúla á cur san áireamh. |
(10) |
Braitheann feidhmiú ceart teilitéipe comhdhlúite ar cháilíocht na sonraí a fhaigheann an soláthraí teilitéipe comhdhlúite. Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 na ceanglais maidir le cáilíocht sonraí ar cheart do rannchuiditheoirí leis an teilitéip chomhdhlúite cloí leo. Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh gnólachtaí infheistíochta agus oibreoirí margaidh a bhfuil MTF nó OTF á oibriú acu, agus margaí rialáilte, na ceanglais sin go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit a cheangal go mbeidh na socruithe is gá i bhfeidhm ag gnólachtaí infheistíochta, oibreoirí margaidh agus margaí rialáilte den sórt sin chun an méid sin a dhéanamh. |
(11) |
Tá sé ríthábhachtach sonraí ardcháilíochta a fháil i gcomhair fheidhmiú na teilitéipe comhdhlúite agus an mhargaidh inmheánaigh agus, le fáil sonraí den sórt sin, éilítear ar na rannchuiditheoirí sonraí uile agus ar an soláthraí teilitéipe comhdhlúite stampa ama a chur lena gcuid sonraí ar bhealach sioncrónaithe agus ar an gcaoi sin a gcloig ghnó a shioncrónú. Dá bhrí sin, le Rialachán (AE) 2024/791, leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 chun an ceanglas sin a leathnú chuig inmheánaitheoirí córasacha, chuig eintitis foilsitheoireachta ainmnithe, chuig socruithe formheasta maidir le foilsiú agus chuig soláthraithe teilitéipe comhdhlúite, ar ceanglas é nach bhfuil feidhm aige ach maidir le hionaid trádála agus a gcomhaltaí, rannpháirtithe nó úsáideoirí faoi Threoir 2014/65/AE. Ós rud é go leagtar síos an ceanglas sin i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 anois, is féidir é a bhaint de Threoir 2014/65/AE. |
(12) |
Laistigh den chreat lena rialáiltear margaí ionstraimí airgeadais an Aontais, déantar maoirseacht ar go leor ceanglais shubstainteacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, agus forchuirtear smachtbhannaí agus bearta, ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagail 69 agus 70 de Threoir 2014/65/AE. Le Rialachán (AE) 2024/791, leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 chun rialacha nua a chuimsiú maidir leis an sásra caidhpeála méide, maidir le rannchuidithe éigeantacha sonraí leis an soláthraí teilitéipe comhdhlúite, maidir le caighdeáin cáilíochta sonraí a bhfuil rannchuiditheoirí faoina réir agus maidir leis an toirmeasc ar íocaíocht a fháil i leith sreabhadh orduithe. Ós rud é gurb iad na húdaráis náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis ábhartha, ba cheart na ceanglais shubstainteacha nua sin a chur leis an liosta d’fhorálacha i dTreoir 2014/65/AE a bhfuil na Ballstáit le foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí ina leith ar an leibhéal náisiúnta. |
(13) |
Tá rialacha i dTreoir 2014/65/AE lena gceanglaítear ar ionaid trádála sásraí a chur chun feidhme atá ceaptha chun teorainn a chur le luaineacht iomarcach sna margaí, go háirithe stopanna trádála agus coiléir praghsanna. Mar sin féin, mar gheall ar na cúinsí foircneacha ina raibh margaí do dhíorthaigh fuinnimh agus do dhíorthaigh tráchtearraí le linn ghéarchéim fuinnimh 2022, rinneadh grinnscrúdú breise ar na sásraí sin agus léiríodh go bhfuil easpa trédhearcachta ann maidir le gníomhachtú na sásraí sin ag na hionaid trádála ábhartha san Aontas, mar a tugadh chun suntais i bhfreagra ESMA an 22 Meán Fómhair 2022 ar iarraidh an Choimisiúin ar chomhairle chun aghaidh a thabhairt ar an luaineacht iomarcach i margaí do dhíorthaigh fuinnimh. Bhainfeadh rannpháirtithe sa mhargadh tairbhe as tuilleadh faisnéise agus as tuilleadh trédhearcachta maidir leis na cúinsí as a dtagann stop nó srian le trádáil agus maidir leis na prionsabail atá le breithniú ag margaí rialáilte chun na príomhpharaiméadair theicniúla a bhunú maidir le stop nó srian a chur le trádáil. Ba cheart do ESMA, trí bhíthin dréachtchaighdeáin theicniúla rialála, na prionsabail a bhunú atá le breithniú ag margaí rialáilte chun na príomhpharaiméadair theicniúla a bhunú maidir le stop nó srian a chur le trádáil. De bharr a thábhachtaí atá sé trádáil ordúil a áirithiú, ba cheart do mhargaí rialáilte lánrogha leathan a choinneáil a mhéid a bhaineann leis na sásraí atá le húsáid agus leis na paraiméadair atá le socrú do na sásraí sin. Ina theannta sin, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta faireachán cúramach a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann ionaid trádála as na sásraí sin agus ba cheart dóibh úsáid a bhaint as a gcumhachtaí maoirseachta i gcás inarb iomchuí. |
(14) |
Tar éis ghéarchéim fuinnimh 2022 agus na nglaonna níos airde agus níos minice ar éarlais agus na luaineachta foircní a tháinig aisti, tá údar le hathbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar a iomchuí atá creat foriomlán na margaí do dhíorthaigh tráchtearraí, na margaí do lamháltais astaíochtaí agus na margaí do dhíorthaigh lamháltas astaíochtaí. Ba cheart béim straitéiseach a bheith ag measúnú den sórt sin agus ba cheart leachtacht agus feidhmiú cuí na margaí do dhíorthaigh tráchtearraí, do lamháltais astaíochtaí agus do dhíorthaigh lamháltas astaíochtaí san Aontas a chur san áireamh ann chun a áirithiú go bhfuil an creat lena rialaítear na margaí sin oiriúnach don fheidhm chun an t-aistriú fuinnimh a éascú agus chun an tslándáil bia agus cumas na margaí dul i ngleic le suaití seachtracha a áirithiú. Agus a anailís á déanamh aige, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh freisin go bhfuil ról tábhachtach ag margaí do dhíorthaigh tráchtearraí chun a áirithiú gur féidir le rannpháirtithe sa mhargadh bainistiú cuí a dhéanamh ar na rioscaí a eascraíonn as a ngníomhaíochtaí gnó, agus go bhfuil sé an-tábhachtach na paraiméadair chearta a shocrú chun a áirithiú go bhfuil margaí iomaíocha leachtacha do dhíorthaigh tráchtearraí ag an Aontas lena n-áirithítear neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais agus lena n-áirithítear go ndéanfar an Comhaontú Glas don Eoraip a sholáthar. Agus na cuspóirí sin á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún, ar an gcéad dul síos, measúnú a dhéanamh i dtaobh an raibh na córais le haghaidh na dteorainneacha suímh agus na rialuithe ar bhainistiú suímh fabhrach do dhrochúsáid mhargaidh a chosc agus don tacaíocht do choinníollacha praghsála agus socraíochta ordúla. Ba cheart a shuí sa mheasúnú sin freisin a mhéid a bhí margaí nuaghinte do dhíorthaigh fuinnimh in ann forbairt san Aontas. Ar an dara dul síos, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na critéir lena gcinntear cathain a mheasfar gníomhaíocht a bheith coimhdeach leis an bpríomhghnó ar leibhéal grúpa, agus leachtacht fhoriomlán sna margaí do dhíorthaigh tráchtearraí, do lamháltais astaíochtaí agus do dhíorthaigh lamháltas astaíochtaí, agus feidhmiú ordúil na margaí sin, á gcur san áireamh. Tá méadú ag teacht ar ról na gcuideachtaí fuinnimh mar chruthaitheoirí margaidh sna margaí do dhíorthaigh fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún iarmhairt fhoriomlán na díolúine ó ghníomhaíochtaí coimhdeacha a chur san áireamh trí fhéachaint ní hamháin ar an údarú ach freisin ar iarmhairt na gceanglas stuamachta mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus oibleagáidí maidir le himréiteach, éarlaisiú agus soláthar urrúis chomhthaobhaigh mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Ar an tríú dul síos, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfaí sonraí idirbhirt i margaí do dhíorthaigh tráchtearraí nó do dhíorthaigh lamháltas astaíochtaí a bhailiú in eintiteas bailithe aonair agus a chomhchuibhiú thar Rialacháin (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 648/2012 maidir le líon na réimsí sonraí, an fhormáid, na teicneolaíochtaí tíolactha, na próisis admhála teicniúla agus na faighteoirí sonraí. D’fhéadfadh sé gurb é an t-eintiteas bailithe aonair an soláthraí teilitéipe comhdhlúite do dhíorthaigh. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh i dtaobh cad iad na sonraí idirbhirt a bheadh ábhartha don phobal agus na caoi is fearr a scaipfí na sonraí idirbhirt sin. |
(15) |
Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ESMA a ghlacadh maidir leis an méid seo a leanas: na critéir atá le cur san áireamh chun éifeachtacht an bheartais forghníomhúcháin orduithe a shuí agus chun measúnú a dhéanamh uirthi; na prionsabail atá le breithniú ag margaí rialáilte agus a sásraí á mbunú chun stop nó srian a chur le trádáil; agus an fhaisnéis atá le nochtadh ag margaí rialáilte maidir leis na cúinsí is siocair le stop nó srian a chur le trádáil, lena n-áirítear na paraiméadair maidir le stop a chur le trádáil a bhfuil margaí rialáilte le tuairisciú do na húdaráis inniúla. Ba cheart don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. |
(16) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon feabhas a chur ar thrédhearcacht ar mhargaí in ionstraimí airgeadais agus cur le hiomaíochas idirnáisiúnta mhargaí caipitil an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
(17) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/65/AE a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE
Leasaítear Treoir 2014/65/AE mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 1, scriostar mír 7; |
(2) |
in Airteagal 2(1), pointe (d), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):
|
(3) |
in Airteagal 4, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
(4) |
leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:
|
(5) |
in Airteagal 31(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: ‘Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta agus ar oibreoirí margaidh a bhfuil MTF nó OTF á oibriú acu socruithe a bheith i bhfeidhm acu chun a áirithiú go gcomhlíonann siad caighdeáin cáilíochta sonraí de bhun Airteagal 22b de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.’; |
(6) |
in Airteagal 47(1), cuirtear na pointí seo a leanas leis:
|
(7) |
leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:
|
(8) |
in Airteagal 49(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: ‘I leith scaireanna a bhfuil Uimhir Aitheantais Urrús Idirnáisiúnta (ISIN) arna heisiúint lasmuigh den Limistéir Eorpach Eacnamaíoch (LEE) acu, nó scaireanna a bhfuil ISIN LEE acu agus a thrádáiltear ar ionad tríú tír san airgeadra áitiúil nó in airgeadra neamh-LEE, amhail dá dtagraítear in Airteagal 23(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, dá bhfuil an t-ionad arb é an margadh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta é i dtríú tír, féadfaidh margaí rialáilte foráil don mhéid tic chéanna a bhfuil feidhm aici ar an ionad sin.’; |
(9) |
scriostar Airteagal 50; |
(10) |
leasaítear Airteagal 57 mar a leanas:
|
(11) |
leasaítear Airteagal 58 mar a leanas:
|
(12) |
leasaítear Airteagal 70(3) mar a leanas:
|
(13) |
in Airteagal 90, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘5. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ESMA, ÚBE agus ACER, tuarascálacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh measúnú cuimsitheach ar na margaí do dhíorthaigh tráchtearraí, do lamháltais astaíochtaí agus do dhíorthaigh lamháltas astaíochtaí. Déanfar measúnú sna tuarascálacha sin, i gcás gach ceann de na gnéithe seo a leanas ar a laghad, ar a rannchuidiú le leachtacht agus feidhmiú cuí mhargaí an Aontais do dhíorthaigh tráchtearraí, do lamháltais astaíochtaí nó do dhíorthaigh lamháltas astaíochtaí:
(*1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1833 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí shonrú a dhéanamh ar na critéir lena gcinntear cathain a mheasfar gníomhaíocht a bheith coimhdeach leis an bpríomhghnó ar leibhéal an ghrúpa (IO L 372, 20.10.2021, lch. 1).’." |
Airteagal 2
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 29 Meán Fómhair 2025. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh in Strasbourg, an 28 Feabhra 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MICHEL
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Feabhra 2024.
(2) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
(4) Rialachán (AE) 2024/791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a mhéid a bhaineann le trédhearcacht sonraí a fheabhsú, le deireadh a chur le bacainní atá ar theacht chun cinn teilitéipeanna comhdhlúite, na hoibleagáidí trádála a bharrfheabhsú agus toirmeasc a chur ar íocaíocht a fháil i leith sreabhadh orduithe (IO L, 2024/791, 8.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/791/oj).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(6) Treoir (AE) 2021/338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2021 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise, rialachas táirgí agus teorainneacha suímh, agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/878 a mhéid a bhaineann lena gcur i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta, chun cabhrú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 14).
(7) Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/790/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)