European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/789

8.3.2024

CINNEADH (AE) 2024/789 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Márta 2024

maidir le rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2023/2844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le digitiú an chomhair bhreithiúnaigh agus rochtain ar an gceartas in ábhair thrasteorann shibhialta, thráchtála agus choiriúla a dheimhniú

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 4 agus Airteagal 4a(1) de,

Ag féachaint don fhógra ó Éire gur mian léi glacadh le Rialachán (AE) 2023/2844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le digitiú an chomhair bhreithiúnaigh agus rochtain ar an gceartas in ábhair thrasteorann shibhialta, thráchtála agus choiriúla, agus lena leasaítear gníomhartha áirithe i réimse an chomhair bhreithiúnaigh, agus gur mian léi a bheith faoi cheangal aige (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I litir chuig an gCoimisiún dar dáta an 11 Nollaig 2023, thug Éire fógra gur mian léi, i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21, glacadh le Rialachán (AE) 2023/2844 agus gur mian léi a bheith faoi cheangal aige.

(2)

Maidir le mian na hÉireann glacadh le Rialachán (AE) 2023/2844 agus a bheith faoi cheangal aige, ní fhéadfaidh feidhm a bheith aige sin ach amháin maidir leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2844, Rialachán ina bhfuil Éire rannpháirteach agus atá ina cheangal uirthi. Níl feidhm aige sin maidir leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2844, ar gníomhartha dlí iad nár roghnaigh Éire a bheith páirteach iontu, is é sin Treoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), Rialachán (AE) 2018/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), Rialachán (AE) 2016/1103 ón gComhairle (6) agus Rialachán (AE) 2016/1104 ón gComhairle (7).

(3)

Níl aon choinníoll sonrach i gceist le rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2023/2844 agus níl aon ghá le bearta idirthréimhseacha.

(4)

Ba cheart rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2023/2844 a dheimhniú.

(5)

Chun go bhféadfaidh Éire Rialachán (AE) 2023/2844 a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2023/2844 deimhnithe.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2023/2844, 27.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2844/oj.

(2)  Treoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir leis an Ordú Cosanta Eorpach (IO L 338, 21.12.2011, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/99/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú (IO L 201, 27.7.2012, lch. 107), ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/650/oj).

(4)  Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/41/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’orduithe calctha agus d’orduithe coigistíochta (IO L 303, 28.11.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1805/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2016/1103 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2016 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe i réimse na dlínse, an dlí is infheidhme agus aithint agus forghníomhú cinntí in ábhair a bhaineann le réimis maoine pósta (IO L 183, 8.7.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1103/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2016/1104 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2016 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe i réimse na dlínse, an dlí is infheidhme agus aithint agus forghníomhú cinntí in ábhair a bhaineann le hiarmhairtí maoine páirtnéireachtaí cláraithe (IO L 183, 8.7.2016, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1104/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/789/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)