European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/784

29.2.2024

CINNEADH (AE) 2024/784 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2024

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip i leith tograí le haghaidh modhnuithe ar rialacháin Uimh. 10, 13, 37, 45, 46, 48, 53, 54, 55, 79, 106, 107, 128, 130, 140, 148, 149, 150, 158 agus 167 ó na Náisiúin Aontaithe, agus maidir le togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe i ndáil le córas cúnta rialaithe tiománaí (DCAS)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle (1), d’aontaigh an tAontas Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le glacadh saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha d’fheithiclí rothacha, do threalamh agus do pháirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus ar na coinníollacha maidir le ceadanna arna ndeonú ar bhonn na saintreoracha sin a aithint go frithpháirteach (‘Comhaontú Athbhreithnithe 1958’). Tháinig Comhaontú Athbhreithnithe 1958 i bhfeidhm an 24 Márta 1998.

(2)

Le Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle (2), d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunú d’fheithiclí rothacha, do threalamh agus do pháirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’). Tháinig an Comhaontú Comhthreomhar i bhfeidhm an 15 Feabhra 2000.

(3)

Le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil nua ar leithligh. Leis an Rialachán sin, ionchorpraítear rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (‘rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe’) i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar reachtaíocht an Aontais.

(4)

De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, féadfaidh Fóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí (WP.29) tograí a ghlacadh le haghaidh modhnuithe ar rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, rialacháin theicniúla dhomhanda (‘RTDanna’) ó na Náisiúin Aontaithe agus rúin ó na Náisiúin Aontaithe, agus tograí le haghaidh rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe agus rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le feithiclí a cheadú. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, féadfaidh WP.29 tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt nó chun RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus féadfaidh sé tograí a ghlacadh chun síntí a chur leis na sainorduithe le haghaidh RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe.

(5)

Ón 5 go dtí an 8 Márta 2024, le linn an 192ú seisiún dá chuid, féadfaidh WP.29 an méid seo a leanas a ghlacadh: tograí le haghaidh modhnuithe ar rialacháin Uimh. 10, 13, 37, 45, 46, 48, 53, 54, 55, 79, 106, 107, 128, 130, 140, 148, 149, 150, 158 agus 167 ó na Náisiúin Aontaithe; agus togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le córas cúnta rialaithe tiomanta (DCAS).

(6)

Na Rialacháin ó na Náisiún Aontaithe, beidh siad ina gceangal ar an Aontas agus beidh siad in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíocht an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithicle. Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in WP.29 a leagan síos maidir le glacadh na dtograí sin.

(7)

Chun forbairtí teicniúla agus taithí a chur san áireamh, na ceanglais maidir le gnéithe áirithe a chumhdaítear le Rialacháin Uimh. 10, 13, 37, 45, 46, 48, 53, 54, 55, 79, 106, 107, 128, 130, 140, 148, 149, 150, 158 agus 167 ó na Náisiúin Aontaithe, is gá iad a leasú nó a fhorlíonadh.

(8)

Chun dul chun cinn teicniúil a cheadú agus chun sábháilteacht a fheabhsú, ní mór rialachán de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le córas cúnta rialaithe tiománaí (DCAS) a ghlacadh.

(9)

Tá na tograí sin i gcomhréir le beartas margaidh inmheánaigh an Aontais maidir leis an tionscal mótarfheithiclí maidir le sábháilteacht, uathoibriú agus astaíochtaí, chomh maith lena bheartais iompair, aeráide agus fuinnimh, agus beidh tionchar an-dearfach acu ar iomaíochas earnáil mótarfheithiclí an Aontais agus ar thrádáil idirnáisiúnta.

(10)

I bhfianaise na dtairbhí sin, moltar vótáil i bhfabhar na dtograí sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i bhFóram Domhanda UNECE um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí, le linn an 192ú seisiún a thionólfar idir an 5 agus an 8 Márta 2024, is ea vótáil i bhfabhar na dtograí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha..

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Feabhra 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. CLARINVAL


(1)  Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n-aontóidh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le glacadh saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha d’fheithiclí rothacha, do threalamh agus do pháirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus ar na coinníollacha maidir le ceadanna arna ndeonú ar bhonn na saintreoracha sin a aithint go frithpháirteach (‘Comhaontú Athbhreithnithe 1958’) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78).

(2)  Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a bhunú d’fheithiclí rothacha, do threalamh agus do pháirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12).

(3)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Rialachán Uimh.

Teideal mhír an chláir oibre

Tagairt an doiciméid (1)

10

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhann le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 10 ó na Náisiúin Aontaithe

(Comhoiriúnacht leictreamaighnéadach) (ECE/TRANS/WP.29/GRE/89, mír 37, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/26)

ECE/TRANS/WP.29/2024/16

13

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 21 a ghabhann le sraith leasuithe 11 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú feithiclí troma)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/17, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2023/24)

ECE/TRANS/WP.29/2024/4

13

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhann le sraith leasuithe 12 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú feithiclí troma)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/17, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2023/24)

ECE/TRANS/WP.29/2024/5

13

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 13 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú feithiclí troma)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/17, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2023/24)

ECE/TRANS/WP.29/2024/6

37

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 49 a ghabhann le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 37 ó na Náisiúin Aontaithe (Foinsí solais filiméid)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/89, mír 14, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/24 agus ar an doiciméad neamhfhoirmiúil GRE-89-20)

ECE/TRANS/WP.29/2024/17

45

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 13 a ghabhann leis an tsraith bhunaidh leasuithe ar Rialachán Uimh. 45 ó na Náisiúin Aontaithe (Glantóirí ceannlampa)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/89, mír 38, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/22)

ECE/TRANS/WP.29/2024/18

46

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le Sraith Leasuithe 05 de Rialachán Uimh. 46 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis amhairc neamhdhírigh)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSG/105, mír 9, bunaithe ar GRSG-126-25-Rev.1 mar a atáirgtear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an tuarascáil)

ECE/TRANS/WP.29/2024/11

46

Togra le haghaidh sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 46 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis amhairc neamhdhírigh)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSG/105, mír 9, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2023/23, arna leasú le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an tuarascáil)

ECE/TRANS/WP.29/2024/14

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 20 a ghabhann le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil gaireas soilsiúcháin agus gaireas solaschomharthaíochta)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/89, míreanna. 8 agus 15, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/13 ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/19)

ECE/TRANS/WP.29/2024/19

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 7 a ghabhann le sraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiún Aontaithe (Suiteáil gaireas soilsiúcháin agus gaireas solaschomharthaíochta)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/89, míreanna. 8 agus 15, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/13 ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/19)

ECE/TRANS/WP.29/2024/20

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhann le sraith leasuithe 08 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiún Aontaithe (suiteáil gaireas soilsiúcháin agus gaireas solaschomharthaíochta)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/89, míreanna 8, 15 agus 16, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/13 ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/19 ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/20)

ECE/TRANS/WP.29/2024/21

48

Togra le haghaidh sraith leasuithe 09 nua ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil gaireas soilsiúcháin agus gaireas solaschomharthaíochta)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/89, mír 21, bunaithe ar GRE-89-02-Rev.3, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2020/08/Rev.3, Iarscríbhinn II a ghabhann le ECE/TRANS/WP.29/GRE/88, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/13, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/19, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/20, GRE-88-16-Rev.3, GRE-88-18, GRE-88-24, GRE-88-27, GRE-89-04 agus GRE-89-18)

ECE/TRANS/WP.29/2024/28

53

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhann le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 53 (Suiteáil gaireas soilsiúcháin agus gaireas solaschomharthaíochta le haghaidh feithiclí L3)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/89, mír 29, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/17 agus GRE-89-28)

ECE/TRANS/WP.29/2024/29

53

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 53 (Suiteáil gaireas soilsiúcháin agus gaireas solaschomharthaíochta le haghaidh feithiclí L3)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/89, mír 29, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/17 agus GRE-89-28)

ECE/TRANS/WP.29/2024/30

54

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 27 a ghabhann le Rialachán Uimh. 54 ó na Náisiúin Aontaithe (Boinn le haghaidh feithiclí tráchtála agus a leantóirí)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/76, mír 18, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2023/18)

ECE/TRANS/WP.29/2024/2

55

Togra le haghaidh shraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 55 ó na Náisiún Aontaithe (Cúplálacha meicniúla)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSG/105, mír 17, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2023/18 arna leasú le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an tuarascáil)

ECE/TRANS/WP.29/2024/15 agus

ECE/TRANS/WP.29/2024/15/Corr.1

79

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 10 a ghabhann le sraith leasuithe 3 ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (trealamh stiúrtha)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/17, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2023/27, agus ar an doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-18-15)

ECE/TRANS/WP.29/2024/7 agus

ECE/TRANS/WP.29/2024/35

79

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhann le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (trealamh stiúrtha)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/17, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2023/26, agus ar an doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-18-15)

ECE/TRANS/WP.29/2024/8 agus

ECE/TRANS/WP.29/2024/36

106

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 21 a ghabhann le Rialachán Uimh. 106 ó na Náisiún Aontaithe (Boinn le haghaidh feithiclí talmhaíochta agus a leantóirí)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/76, mír 19, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2023/19)

ECE/TRANS/WP.29/2024/3

107

Togra le haghaidh Cheartúchán 2 ar Shraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 107 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí M2 agus M3)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSG/105, mír 6, bunaithe ar GRSG-126-36, mar a atáirgtear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an tuarascáil)

ECE/TRANS/WP.29/2024/31

128

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 12 a ghabhann le sraith leasuithe 00 ar Rialachán Uimh. 128 ó na Náisiúin Aontaithe (Foinsí solais LED)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/89, mír 14, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/25)

ECE/TRANS/WP.29/2024/22

130

Togra le haghaidh shraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 130 ó na Náisiúin Aontaithe (Córas rabhaidh imeachta ó lána (LDWS))

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/17, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2023/25, arna leasú le linn an tseisiúin (mar a léirítear sa tuarascáil))

ECE/TRANS/WP.29/2024/10

140

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhann leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 140 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais rialaithe cobhsaíochta leictreonaigh (ESC))

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/17, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2023/23)

ECE/TRANS/WP.29/2024/9

148

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 148 ó na Náisiúin Aontaithe (gairis solaschomharthaíochta)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/89, míreanna 9 agus 16, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/14 ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/20)

ECE/TRANS/WP.29/2024/23

149

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 8 a ghabhann le sraith leasuithe 00 ar Rialachán Uimh. 149 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis soilsiúcháin bóthair)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/89, mír 10, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/15)

ECE/TRANS/WP.29/2024/24

149

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 149 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis soilsiúcháin bóthair)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/89, míreanna 10, 29, 30 agus 31, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/15, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/18, ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/23, GRE-89-28)

ECE/TRANS/WP.29/2024/25

150

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhann le sraith leasuithe 00 ar Rialachán Uimh. 150 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis ais-fhrithchaiteacha)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/89, mír 9, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/16)

ECE/TRANS/WP.29/2024/26

150

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhann le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 150 ó na Náisiúin Aontaithe (gairis ais-fhrithchaiteacha)

(ECE/TRANS/WP.29/GRE/89, míreanna 9 agus 32, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/16 agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/2023/21)

ECE/TRANS/WP.29/2024/27

158

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhann leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 158 ó na Náisiúin Aontaithe (Gluaiseacht chúlaithe)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSG/105, mír 10, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2023/20 nár leasaíodh)

ECE/TRANS/WP.29/2024/12

167

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 167 ó na Náisiúin Aontaithe (Radharc díreach úsáideoirí leochaileacha bóithre)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSG/105, mír 13, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2023/21, arna leasú le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an tuarascáil)

ECE/TRANS/WP.29/2024/13

Rialachán nua

Togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le Córas Cúnta Rialaithe Tiománaí (DCAS)

(ECE/TRANS/WP.29/GRVA/18, bunaithe ar an doiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-18-07/Rev.2)

ECE/TRANS/WP.29/2024/37


Nithe ilghnéitheacha

Teideal mhír an chláir oibre

Tagairt an doiciméid

Creat-doiciméad

Togra le haghaidh leasuithe ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCreat-Doiciméad maidir le Feithiclí Uathoibríocha

ECE/TRANS/WP.29/2024/33

Údarú

Togra le haghaidh iarraidh ar údarú ar leasuithe ar RTDanna Uimh. 6, 7 agus 14 ó na Náisiúin Aontaithe chun an tagairt do mheaisín Hphointe Tríthoiseach a bhaint

(ECE/TRANS/WP.29/GRSP/74, bunaithe ar GRSP-74-37)

ECE/TRANS/WP.29/2024/32


(1)  Tá na doiciméid uile dá dtagraítear sa tábla ar fáil ag: (WP.29) An Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí (192ú seisiún) |UNECE


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/784/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)