|
Ainmneacha Tras-scríobh an litrithe Bealarúisise Tras-scríobh an litrithe Rúisise
|
Ainmneacha (litriú Bealarúisise) (litriú Rúisise)
|
Faisnéis aitheantais
|
Cúiseanna lena liostú
|
Dáta an liostaithe
|
‘11.
|
Aliaksandr Valerievich BYKAU
Alexander (Alexandr) Valerievich BYKOV
|
Аляксандр Валер’евiч БЫКАЎ
Александр Валерьевич БЫКОВ
|
Post/poist: Céad Leas-Cheannasaí ar na Trúpaí Intíre, iar-Cheannasaí ar an Aonad Mearfhreagartha Speisialta, an Leifteanantchoirnéal
Inscne: fireann
|
Sa phost a bhí aige mar Cheannasaí ar an Aonad Mearfhreagartha Speisialta den Aireacht Gnóthaí Inmheánacha, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fórsaí an Aonaid Mhearfhreagartha Speisialta tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha agus drochíde léirsitheoirí síochánta, lena n-áirítear céasadh na léirsitheoirí sin.
Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Chéad Leas-Cheannasaí ar na Trúpaí Intíre.
|
2.10.2020
|
39.
|
Sviatlana Piatrouna KATSUBA
Svetlana Petrovna KATSUBO
|
Святлана Пятроўна КАЦУБА
Светлана Петровна КАЦУБО
|
Post/poist: Cathaoirleach na nDaonnachtaí Sóisialta agus na nDisciplíní Dlí ag Ollscoil Theicniúil Stáit Gomel/Homyel, iarchomhalta den Choimisiún Lárnach Toghchán (CLT)
Dáta breithe: 6.8.1959
Áit bhreithe: Podilsk, Réigiún Odessa, iarAPSS (an Úcráin anois)
Inscne: baineann
|
Sa phost a bhí aici mar chomhalta de choláiste CLT, ba í a bhí freagrach as an místiúradh a rinne CLT ar phróiseas toghchánach thoghchán uachtaránachta 2020, gan caighdeáin idirnáisiúnta bhunúsacha i dtaca le cothromaíocht agus trédhearcacht a bheith á gcomhlíonadh le linn an phróisis, agus as torthaí an toghcháin a fhalsú.
Is é CLT agus a choláiste, go háirithe, a d’fhág gur briseadh as a bpost, ar fhorais bhréige, iarrthóirí áirithe de chuid an fhreasúra agus gur cuireadh srianta díréireacha ar bhreathnóirí sna stáisiúin vótála. Ina theannta sin, d’áirithigh CLT go bhfuil coimisiúin na dtoghchán, atá faoina mhaoirseacht, comhdhéanta ar bhealach claonta.
Tá sí gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Chathaoirleach na nDaonnachtaí Sóisialta agus na nDisciplíní Dlí ag Ollscoil Theicniúil Stáit Gomel/Homyel.
|
2.10.2020
|
41.
|
Igar Anatolievich PLYSHEUSKI
Ihor Anatolievich PLYSHEVSKIY
|
Iгар Анатольевiч ПЛЫШЭЎСКI
Игорь Анатольевич ПЛЫШЕВСКИЙ
|
Post/poist: Stiúrthóir Bainistíochta OOO Bergia Group, iarchomhalta den Choimisiún Lárnach Toghchán (CLT)
Dáta breithe: 19.2.1979
Áit bhreithe: Lyuban, iarAPSS (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
|
Sa phost a bhí aige mar chomhalta de choláiste CLT, ba é a bhí freagrach as an místiúradh a rinne CLT ar an bpróiseas toghchánach uachtaránachta 2020, gan caighdeáin idirnáisiúnta bhunúsacha i dtaca le cothromaíocht agus trédhearcacht a bheith á gcomhlíonadh le linn an phróisis, agus as torthaí an toghcháin a fhalsú.
Is é CLT agus a choláiste, go háirithe, a d’fhág gur briseadh as a bpost, ar fhorais bhréige, iarrthóirí áirithe de chuid an fhreasúra agus gur cuireadh srianta díréireacha ar bhreathnóirí sna stáisiúin vótála. Ina theannta sin, d’áirithigh CLT go bhfuil coimisiúin na dtoghchán, atá faoina mhaoirseacht, comhdhéanta ar bhealach claonta.
Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Stiúrthóir Bainistíochta OOO Bergia Group.
|
2.10.2020
|
43.
|
Aleh Leanidavich SLIZHEUSKI
Oleg Leonidovich SLIZHEVSKI
|
Алег Леанiдавiч СЛIЖЭЎСКI
Олег Леонидович СЛИЖЕВСКИЙ
|
Post/poist: Ceann na Roinne Tacaíochta Dlí de Bhuanchoiste Aontas Stáit na Bealarúise agus na Rúise, iarchomhalta den Choimisiún Lárnach Toghchán (CLT)
Dáta breithe: 16.8.1972
Áit bhreithe: Grodno/Hrodna, iarAPSS (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
|
Sa phost a bhí aige mar chomhalta de choláiste CLT, ba é a bhí freagrach as an místiúradh a rinne CLT ar an bpróiseas toghchánach uachtaránachta 2020, gan caighdeáin idirnáisiúnta bhunúsacha i dtaca le cothromaíocht agus trédhearcacht a bheith á gcomhlíonadh le linn an phróisis, agus as torthaí an toghcháin a fhalsú.
Is é CLT agus a choláiste, go háirithe, a d’fhág gur briseadh as a bpost, ar fhorais bhréige, iarrthóirí áirithe de chuid an fhreasúra agus gur cuireadh srianta díréireacha ar bhreathnóirí sna stáisiúin vótála. Ina theannta sin, d’áirithigh CLT go bhfuil coimisiúin na dtoghchán, atá faoina mhaoirseacht, comhdhéanta ar bhealach claonta.
Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar ceann na Roinne Tacaíochta Dlí de Bhuanchoiste Aontas Stáit na Bealarúise agus na Rúise.
|
2.10.2020
|
44.
|
Irina Aliaksandrauna TSELIKAVETS
Irina Alexandrovna TSELIKOVEC
|
Iрына Аляксандраўна ЦЭЛIКАВЕЦ
Ирина Александровна ЦЕЛИКОВЕЦ
|
Post/Poist: Iarchomhalta den Choimisiún Lárnach Toghchán (CLT)
Dáta breithe: 2.11.1976
Áit bhreithe: Zhlobin, iarAPSS (an Bhealarúis anois)
Inscne: baineann
|
Sa phost a bhí aici mar chomhalta de choláiste CLT, ba í a bhí freagrach as an místiúradh a rinne CLT ar phróiseas toghchánach thoghchán uachtaránachta 2020, gan caighdeáin idirnáisiúnta bhunúsacha i dtaca le cothromaíocht agus trédhearcacht a bheith á gcomhlíonadh le linn an phróisis, agus as torthaí an toghcháin a fhalsú.
Is é CLT agus a choláiste, go háirithe, a d’fhág gur briseadh as a bpost, ar fhorais bhréige, iarrthóirí áirithe de chuid an fhreasúra agus gur cuireadh srianta díréireacha ar bhreathnóirí sna stáisiúin vótála. Ina theannta sin, d’áirithigh CLT go bhfuil coimisiúin na dtoghchán, atá faoina mhaoirseacht, comhdhéanta ar bhealach claonta.
|
2.10.2020
|
67.
|
Genadz Andreevich BOGDAN
Gennady Andreievich BOGDAN
|
Генадзь Андрэевiч БОГДАН
Геннадий Андреевич БОГДАН
|
Post/Poist: IarLeas-Cheann ar an Stiúrthóireacht um Bainistiú Maoine Uachtarán na Bealarúise
Dáta breithe: 8.1.1977
Inscne: fireann
|
Sa phost a bhí aige mar Leas-Cheann ar an Stiúrthóireacht um Bainistiú Maoine Uachtarán na Bealarúise, déanann sé maoirseacht ar fheidhmiú roinnt mhaith fiontar. Tugann an comhlacht sin, faoina cheannaireacht, tacaíocht airgeadais, ábhair, theicniúil, shóisialta, teaghlaigh agus leighis d'fhearas an stáit agus do na húdaráis phoblachtacha. Tá dlúthbhaint aige leis an Uachtarán agus leanann sé de thacaíocht a thabhairt do réimeas Lukashenka.
|
17.12.2020
|
68.
|
Ihar Paulavich BURMISTRAU
Igor Pavlovich BURMISTROV
|
Iгар Паўлавiч БУРМIСТРАЎ
Игорь Павлович БУРМИСТРОВ
|
Post/poist: Iar-Cheann Foirne agus an Chéad Leas-Cheannasaí ar Thrúpaí Inmheánacha na hAireachta Gnóthaí Inmheánacha
Dáta breithe: 30.9.1968
Inscne: fireann
|
Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Chéad Leas-Cheannasaí ar Thrúpaí Inmheánacha na hAireachta Gnóthaí Inmheánacha, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir na Trúpaí Inmheánacha faoina cheannaireacht tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha agus drochíde léirsitheoirí síochánta, lena n-áirítear céasadh na léirsitheoirí sin, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.
Cuireadh chuig an gcúlchiste míleata é. Tá sé de cheart aige éide agus ionchomharthaí míleata a chaitheamh.
|
17.12.2020
|
69.
|
Arciom Kanstantinavich DUNKA
Artem Konstantinovich DUNKO
|
Арцём Канстанцiнавiч ДУНЬКА
Артем Константинович ДУНЬКО
|
Post/poist: Leas-Cheann ar Oifig na Roinne Imscrúduithe Airgeadais Réigiún Vitebsk/Viciebsk den Choiste um Rialú Stáit, Iar-Chigire Sinsearach um Ábhair Speisialta na Roinne Imscrúduithe Airgeadais den Choiste um Rialú Stáit
Dáta breithe: 8.6.1990
Inscne: fireann
|
Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Chigire Sinsearach um Ábhair Speisialta na Roinne Imscrúduithe Airgeadais den Choiste um Rialú Stáit, ba é a bhí freagrach as feachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fearas an Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe na himscrúduithe arna seoladh i gcoinne ceannairí agus gníomhaithe sa fhreasúra.
Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Leas-Cheann ar Oifig na Roinne Imscrúduithe Airgeadais Réigiún Vitebsk/Viciebsk den Choiste um Rialú Stáit.
|
17.12.2020
|
75.
|
Siarhei Leanidavich KALINNIK
Sergei Leonidovich KALINNIK
|
Сяргей Леанiдавiч КАЛИННИК
Сергей Леонидович КАЛИННИК
|
Post/poist: Leas-Cheann na bPóilíní Coiriúla sa Phríomh-Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Inmheánacha de Choiste Feidhmiúcháin Chathair Mhionsc, iarChoirnéal Póilíní, Ceann Roinn Póilíneachta Cheantar Sovetsky, Mionsc
Dáta breithe: 23.7.1979
Inscne: fireann
|
Sa phost a bhí aige mar Cheann Roinn Póilíneachta Cheantar Sovetsky, Mionsc, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fórsa póilíneachta áitiúil faoina cheannaireacht tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha agus drochíde léirsitheoirí síochánta, lena n-áirítear céasadh na léirsitheoirí sin, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.
De réir finnéithe, rinne sé féin maoirseacht agus ghlac sé páirt go pearsanta i gcéasadh agóideoirí a coinníodh go neamhdhleathach.
Tá sé gníomhach i gcónaí i réimeas Lukashenka mar Leas-Cheann na bPóilíní Coiriúla sa Phríomh-Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Inmheánacha de Choiste Feidhmiúcháin Chathair Mhionsc.
|
17.12.2020
|
87.
|
Aliaksandr Vasilevich SHAKUTSIN
Aleksandr Vasilevich SHAKUTIN
|
Аляксандр Васiльевiч ШАКУЦIН
Александр Васильевич ШАКУТИН
|
Post/Poist: Fear gnó, cathaoirleach bhord stiúrthóirí Amkodor holding, scairshealbhóir in SV Maschinen GmbH, UAB EM System, Anulatrans SIA, Amkodor-Tsentr, OOO Iskamed, OOO PMI Inzhiniring
Dáta breithe: 12.1.1959
Áit bhreithe: Bolshoe Babino, Orsha Rayon, Vitebsk/Viciebsk Region/Oblast, iarUSSR (Belarus anois)
Inscne: fireann
|
Tá sé ar cheann de na fir ghnó cheannródaíocha a oibríonn sa Bhealarúis, agus tá leasanna gnó aige san earnáil tógála, tógála innealra, talmhaíochta agus in earnálacha eile.
Tuairiscítear gurb é duine de na daoine is mó a thairbhigh as príobháidiú le linn sheal Lukashenka mar Uachtarán. Tá sé ina iarchomhalta de phraesaidiam an chomhlachais phoiblí atá ar son Lukashenka ‘Belaya Rus’ agus ina iarchomhalta den Council for the Development of Entrepreneurship in the Republic of Belarus.
I mí Iúil 2020, cháin sé go poiblí agóidí an fhreasúra sa Bhealarúis, agus ar an gcaoi sin thacaigh sé le beartas cos ar bolg de chuid réimeas Lukashenka i leith agóideoirí síochánta, an fhreasúra dhaonlathaigh agus na sochaí sibhialta.
Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an gceangal atá aige le réimeas Lukashenka agus as an tacaíocht a thugann sé don réimeas.
Tá leasanna gnó i gcónaí aige sa Bhealarúis.
|
17.12.2020
|
117.
|
Aliaksandr Henadzevich BAKHANOVICH
Aleksandr Gennadevich BAKHANOVICH
|
Аляĸсандр Генадзевiч БАХАНОВIЧ
Алеĸсандр Геннадьевич БАХАНОВИЧ
|
Post/poist: An Chéad Leas-Aire Oideachais, iar-reachtaire Ollscoil Theicniúil Stát Brest
Dáta breithe: 1972
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Sa phost a bhí aige mar reachtaire Ollscoil Theicniúil Stát Brest, ar fhormheas Alexander Lukashenka a cheapachán, ba é Aliaksandr Bakhanovich a bhí freagrach as an gcinneadh a rinne lucht riaracháin na hollscoile mic léinn a chur as an ollscoil mar gur ghlac siad páirt in agóidí síochánta. Eisíodh orduithe díbeartha tar éis do Lukashenka a iarraidh an 27 Deireadh Fómhair 2020 go gcuirfí mic léinn amach as an ollscoil as páirt a ghlacadh in agóidí agus i stailceanna. I mí Eanáir 2023, ceapadh Aliaksandr Bakhanovich mar Chéad Leas-Aire Oideachais Phoblacht na Bealarúise.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as an tsochaí shibhialta a chur faoi chois agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.
|
21.6.2021
|
147.
|
Siarhei Uladzimiravich USHAKOU
Sergei Vladimirovich USHAKOV
|
Сяргей Уладзiмiравiч УШАКОЎ
Сергей Владимирович УШАКОВ
|
Post/poist: Ceann, agus iarLeas-Cheann ar Riarachán an Uachtaráin Roinn Póilíneachta Cheantar Frunzensky, Mionsc
Dáta breithe: 22.8.1980
Áit bhreithe: Mionsc, iarAPSS (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Sa phost a bhí aige mar Leas-Cheann Roinn Póilíneachta Cheantar Frunzensky, Mionsc, ina rinne sé maoirseacht ar na póilíní coiriúla, bhí Siarhei Ushakou freagrach as gníomhaíochtaí na ndaoine faoina cheannas, go háirithe an íde mhídhaonna tháireach, lena n-áirítear céasadh, a tugadh ar shaoránaigh a coinníodh i gCúige Frunzensky i ndiaidh thoghchán uachtaránachta 2020 agus as an gcniogbheartaíocht bhrúidiúil ghinearálta a rinneadh ar agóideoirí síochánta. Rinne oifigigh a bhí faoi mhaoirseacht dhíreach Ushakou úsáid céasadh ar dhaoine a bhí á gcoinneáil.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.
Is é ceann reatha Roinn Póilíneachta Cheantar Frunzensky, Mionsc é.
|
21.6.2021
|
161.
|
Ihar Uladzimiravich HOLUB
Igor Vladimirovich GOLUB
|
Iгар Уладзiмiравiч ГОЛУБ
Игорь Владимирович ГОЛУБ
|
Post/poist: Stiúrthóir Roinn Eitlíochta na hAireachta Iompair agus Cumarsáide, iar-Cheannasaí Aerfhórsa agus Aerchosanta na bhFórsaí Armtha
Dáta breithe: 19.11.1967
Áit bhreithe: Chernigov, réigiún Chernigovskaya, iarAPSS (an Úcráin anois)
Inscne: Fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Grád: Maorghinearál
Pasuimhir BY: KH2187962
Aitheantas pearsanta: 3191167E003PB1
|
Sa phost a bhí aige mar Cheannasaí an Aerfhórsa agus na bhFórsaí Aerchosanta d’Fhórsaí Armtha Phoblacht na Bealarúise, ba é Ihar Holub a bhí freagrach as an gcinneadh a rinne Ceannasaíocht na nAerfhórsaí agus na bhFórsaí Aerchosanta, ar threoracha Lukashenka, aerárthaí míleata a sheoladh an 23 Bealtaine 2021 chun an tuirlingt éigeantais ar eitilt paisinéirí FR4978 in aerfort Mhionsc a thionlacan gan údar cuí a bheith leis.
Ba é an aidhm a bhí leis an gcinneadh polaitiúil sin go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra Raman Pratasevich agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil; is brú faoi chois an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh sa Bhealarúis.
Tar éis na heachtra, rinne Ihar Holub preasráitis in éineacht le Artem Sikorsky, Stiúrthóir na Roinne Eitlíochta Iompair in Aireacht Iompair na Bealarúise, agus thug sé údar le gníomhartha údaráis eitlíochta na Bealarúise.
Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois sa Bhealarúis, agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.
Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Stiúrthóir Roinn Eitlíochta Aireacht Iompair agus Cumarsáide na Bealarúise.
|
21.6.2021
|
163.
|
Leanid Mikalaevich CHURO
Leonid Nikolaevich CHURO
|
Леанiд Мiкалаевiч ЧУРО
Леонид Николаевич ЧУРО
|
Post/Poist: cathaoirleach Chónaidhm Fichille na Poblachta — an comhlachas poiblí dar teideal ‘Cónaidhm Fichille na Bealarúise’, iar-Ard-Stiúrthóir BELAERONAVIGATSIA, Fiontar atá faoi Úinéireacht an Stáit
Dáta breithe: 8.7.1956
Inscne: Fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Pasuimhir BY: P4289481
Aitheantas pearsanta: 3080756A068PB5
|
Sa phost a bhí aige mar iar-Ard-Stiúrthóir BELAERONAVIGATSIA, fiontar atá faoi úinéireacht an Stáit, bhí Leanid Churo freagrach as rialú aerthráchta na Bealarúise. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tuirlingt éigeantais a dhéanamh an 23 Bealtaine 2021 ar eitilt paisinéirí FR4978 go haerfort Mhionsc gan údar cuí a bheith leis. Ba é an aidhm a bhí leis an gcinneadh polaitiúil sin go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra Raman Pratasevich agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil; is brú faoi chois an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh sa Bhealarúis.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.
Tá sé gníomhach i gcónaí i réimeas Lukashenka mar chathaoirleach Chónaidhm Fhichille na Poblachtacha — an comhlachas poiblí dar teideal ‘Cónaidhm Fichille na Bealarúise’.
|
21.6.2021
|
165.
|
Artsiom Igaravich SIKORSKI
Artem Igorevich SIKORSKIY
|
Арцём Iгаравiч СIКОРСКI
Артем Игоревич СИКОРСКИЙ
|
Post/poist: Ard-Stiúrthóir an BELAERONAVIGATSIA, Fiontar atá faoi Úinéireacht an Stáit, iar-Stiúrthóir na Roinne Eitlíochta san Aireacht Iompair agus Chumarsáide
Dáta breithe: 1983
Áit bhreithe: Soligorsk, Réigiún Mhionsc, iar-APSS (an Bhealarúis anois)
Inscne: Fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Pasuimhir BY: MP3785448
Aitheantas pearsanta: 3240483A023PB7
|
Sa phost a bhí aige mar iar-Stiúrthóir na Roinne Eitlíochta in Aireacht Iompair agus Cumarsáide na Bealarúise, bhí Artsiom Sikorski freagrach as bainistiú stáit i réimse na heitlíochta sibhialta agus as maoirseacht a dhéanamh ar rialú aerthráchta. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tuirlingt éigeantais a dhéanamh an 23 Bealtaine 2021 ar eitilt paisinéirí FR4978 go Mionsc gan údar cuí a bheith leis. Ba é an aidhm a bhí leis an gcinneadh polaitiúil sin go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra Raman Pratasevich agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil; is brú faoi chois an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus i gcoinne fhreasúra dhaonlathaigh na Bealarúise.
Tar éis na heachtra, rinne sé preasráitis in éineacht le Ceannasaí an Aerfhórsa agus Fórsaí Aerchosanta fhórsaí armtha Phoblacht na Bealarúise, Ihar Holub, inar thug sé údar le gníomhartha údaráis eitlíochta na Bealarúise.
Dá bhrí sin, tá sé freagrach as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois, agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.
Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Ard-Stiúrthóir BELAERONAVIGATSIA, fiontar atá faoi úinéireacht an stáit.
|
21.6.2021
|
168.
|
Anatol Piatrovich LAPO
Anatoliy Petrovich LAPPO
|
Анатоль Пятровiч ЛАПО/ЛАППО
Анатолии Петрович ЛАППО
|
Post/Poist: Iar-Leifteanant-Ghinearál, Cathaoirleach ar Choiste Teorann Stáit Phoblacht na Bealarúise (a ceapadh an 29 Nollaig 2016), Príomh-Thoscaire na Teorann Stáit
Dáta breithe: 24.5.1963
Áit bhreithe: Kulakovka, Réigiún Mogilev, iar-APSS (an Bhealarúis anois)
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Pasuimhir: MP4098888
Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3240563K033PB5
|
Sa phost a bhí aige mar Chathaoirleach an Choiste Teorann Stáit , bhí Anatol Lapo freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann faoina cheannas, ar doiciméadaíodh ina leith go raibh siad ag stiúradh, ag treorú nó ag brú daoine chun an teorainn idir an Bhealarúis agus Ballstáit an Aontais a thrasnú, agus go n-éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn sin a thrasnú de bharr a dteip d’aon ghnó a ndualgais a chomhlíonadh.
Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a eagrú a éascaíonn trasnú neamhdhleathach teorainneacha seachtracha an Aontais.
Cuireadh chuig an gcúlchiste míleata é i mí na Bealtaine 2023.
|
2.12.2021
|
169.
|
Kanstantsin Henadzevich MOLASTAU
Konstantin Gennadevich MOLOSTOV
|
Канстанцiн Генадзьевiч МОЛАСТАЎ
Константин Геннадьевич МОЛОСТОВ
|
Post/poist: Coirnéal, Cathaoirleach an Choiste Teorann Stáit, iarCheann Ghrúpa Teorann Grodno (a ceapadh an 1 Deireadh Fómhair 2014), Aonad Míleata 2141, Toscaire don Teorainn Stáit
Dáta breithe: 30.5.1970
Áit bhreithe: Krasnoarmeysk, Réigiún Saratov, Cónaidhm na Rúise
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Pasuimhir: KH2479999
Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3300570K025PB3
|
Sa phost a bhí aige mar Cheann Ghrúpa Teorann Grodno, bhí Kanstantsin Molastau freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann atá faoina cheannas. Le teip d’aon ghnó ar Ghrúpa Teorann Grodno a dhualgais a chomhlíonadh i gceart, éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn le Ballstáit an Aontais a thrasnú.
Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.
Cheap Lukashenka é mar Chathaoirleach Choiste na Teorann Stáit.
|
2.12.2021
|
171.
|
Ihar Mikalaevich GUTNIK
Igor Nikolaevich GUTNIK
|
Iгар Мiкалаевiч ГУТНIК
Игорь Николаевич ГУТНИК
|
Post/poist: Coirnéal, Leas-Chathaoirleach Choiste Teorann an Stáit, iar-Cheann Ghrúpa Teorann Brest
Dáta breithe: 17.12.1974
Áit bhreithe: Sráidbhaile Zabolotye, Ceantar Smolevichi, Réigiún Mhionsc, iar-APSS (an Bhealarúis anois)
Seoladh: 90 Heroes of Defense of the Brest Fortress St., 224018, Brest, an Bhealarúis
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Pasuimhir: BM1962867
|
Sa phost a bhí aige mar Cheann Ghrúpa Teorann Brest, bhí Ihar Gutnik, a ndearnadh feisire ar Chomhairle Réigiúnach Brest dó in 2018 mar dhuine de na hiarrthóirí a bhí dílis do Lukashenka, bhí sé freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann faoina cheannas. Le teip d’aon ghnó ar Ghrúpa Teorann Brest a dhualgais a chomhlíonadh i gceart, éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn le Ballstáit an Aontais a thrasnú.
Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.
Cheap Lukashenka é mar Leas-Chathaoirleach Choiste Teorann an Stáit.
|
2.12.2021
|
173.
|
Maksim Viktaravich BUTRANETS
Maxim Viktorovich BUTRANETS
|
Максiм Вiктаравiч БУТРАНЕЦ
Максим Викторович БУТРАНЕЦ
|
Post/poist: Ceann Ghrúpa Teorann Brest, Ceann Ghrúpa Teorann Smorgon, Aonad Míleata 2044 (a ceapadh i mí an Mhárta 2018), Toscaire don Teorainn Stáit
Dáta breithe: 12.12.1978
Áit bhreithe: Sverdlovsk, iar-APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Sa phost a bhí aige mar Cheann Ghrúpa Teorainn Smorgon, bhí Maksim Butranets freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann faoina cheannas. Le teip d’aon ghnó ar Ghrúpa Teorann Smorgon a dhualgais a chomhlíonadh i gceart, éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn le Ballstáit an Aontais a thrasnú. Dúirt Maksim Butranets freisin gur fhan líon na n-imirceach ag an teorainn idir an Bhealarúis agus an Liotuáin ag an ngnáthleibhéal, in ainneoin an mhéadaithe mhóir a chonacthas ar thaobh na Liotuáine. Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.
Ceapadh é ina Cheann ar Ghrúpa Teorann Brest.
|
2.12.2021
|
195.
|
Ivan Ivanavich GALAVATYI
Ivan Ivanovich GOLOVATY
|
Iван Iванавiч ГАЛАВАТЫ
Иван Иванович ГОЛОВАТЫЙ
|
Post/poist: Ard-Stiúrthóir na Cuideachta Comhstoic Oscailte ‘Belaruskali’, Cathaoirleach bhord maoirseachta JSC Belarussian Potash Company.
Comhalta de Buanchoiste Comhairle na Poblachta de Thionól Náisiúnta Phoblacht na Bealarúise le haghaidh Gnóthaí Eachtracha agus an tSlándáil Náisiúnta
Dáta breithe: 15.6.1976
Áit bhreithe: Lonnaíocht Pogost, ceantar Soligorsk, Cúige Mhionsc, an Bhealarúisis
Inscne: fireann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Is é Ivan Galavatyi Ard-stiúrthóir Belaruskali, fiontar atá faoi úinéireacht an stáit, ar foinse mhór ioncaim agus airgeadra eachtraigh é do réimeas Lukashenka. Is comhalta é de Chomhairle na Poblachta agus den Tionól Náisiúnta. Tá poist arda eile aige freisin sa Bhealarúis agus fuair sé an iliomad gradam stáit, lena n-áirítear gradaim ó Lukashenka, le linn a ghairme. Bhí dlúthbhaint aige le Lukashenka agus le baill dá theaghlach. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis.
Tá baint dhíreach ag Ivan Galavatyi, mar ard-stiúrthóir ar Belaruskali, le hathlonnú leanaí Úcránacha ó chríocha faoi fhorghabháil ag réimeas Lukashenka i gcomhar leis an Rúis. Dá bhrí sin, tá Ivan Galavatyi ag tacú le réimeas Lukashenka.
Baineadh préimheanna d’fhostaithe OJSC ‘Belaruskali’ a ghlac páirt i stailceanna agus agóidí síochánta i ndiaidh thoghcháin chalaoiseacha uachtaránachta Lúnasa 2020 agus ligeadh chun bealaí iad. Bhagair Alexander Lukashenka féin go pearsanta go gcuirfí mianadóirí ón Úcráin in ionad na bhfostaithe a chuaigh ar stailc. Dá bhrí sin, mar cheann Belaruskali, tá Ivan Galavatyi freagrach as an tsochaí shibhialta a chur faoi chois.
|
3.6.2022
|
205.
|
Sviatlana Aliaksandrauna BANDARENKA
Svetlana Aleksandrovna BONDARENKO
|
Святлана Аляксандраўна БАНДАРЭНКА
Светлана Александровна БОНДАРЕНКО
|
Post/poist: Breitheamh de Chúirt Uachtarach na Bealarúise, iarBhreitheamh den chúirt i ndúiche Moskovsky i Mionsc
Inscne: baineann
Náisiúntacht: Bealarúiseach
|
Sa phost a bhí aici mar bhreitheamh i ndúiche Moskovsky i Mionsc, bhí Sviatlana Bandarenka freagrach as an iliomad rialuithe dar siocair an pholaitíocht. Tá pianbhreith gearrtha aici ar roinnt saoránach de chuid na Bealarúise as páirt a ghlacadh in agóidí agus as barúlacha frithrialtais a fhoilsiú ar Telegram. Ghearr sí pianbhreith freisin ar an iriseoir Ekaterina Borisevich agus ar an dochtúir éigeandála san ospidéal Artyom Sorokin as rúin leighis a nochtadh faoi Roman Bondarenko, ar bhuail na fórsaí slándála chun báis é.
Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis.
Cheap Lukashenka í mar bhreitheamh de Cúirt Uachtarach na Bealarúise.
|
3.8.2023’
|