European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/767

28.2.2024

CINNEADH (AE) 2024/767 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Feabhra 2024

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le comhar riaracháin, comhrac na calaoise agus aisghabháil éileamh i réimse na cánach breisluacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá torthaí an-dearfacha ar an gcreat comhair faoin gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le comhar riaracháin, comhrac na calaoise agus aisghabháil éileamh i réimse na cánach breisluacha (1).

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle (2), arna leasú le Rialachán (AE) 2018/1541 ón gComhairle (3), tugadh isteach uirlisí nua comhair riaracháin i reachtaíocht an Aontais.

(3)

An 26 Aibreán 2022, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le comhar riaracháin, comhrac na calaoise agus aisghabháil éileamh i réimse na cánach breisluacha (‘an Comhaontú’).

(4)

An 26 Aibreán 2022, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le leasú ar an gComhaontú.

(5)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(6)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua maidir le comhar riaracháin, comhrac na calaoise agus aisghabháil éileamh i réimse na cánach breisluacha a shíniú, thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (5).

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Feabhra 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

H. LAHBIB


(1)   IO L 195, 1.8.2018, lch. 3.

(2)   IO L 268, 12.10.2010, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) 2018/1541 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 904/2010 agus (AE) 2017/2454 a mhéid a bhaineann le bearta chun comhar riaracháin i réimse na cánach breisluacha a neartú (IO L 259, 16.10.2018, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(5)  Foilseofar téacs an Chomhaontuithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/767/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)