Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/765 |
29.2.2024 |
RIALACHÁN (AE, Euratom) 2024/765 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Feabhra 2024
lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 312 de,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Thíolaic an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) do na blianta 2021-2027 a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (2) tar éis a chéad bhlianta cur chun feidhme, lena n-áirítear measúnú ar inbhuanaitheacht na n-uasteorainneacha caiteachais. |
(2) |
Ó mhí na Nollag 2020 i leith, tá an tAontas ag dul i ngleic le sraith dúshlán gan fasach gan choinne. Ghníomhaigh an tAontas go tapa agus bhain sé leas as na hacmhainní uile atá ar fáil dó, ach tá an tsolúbthacht bhuiséadach theoranta atá leabaithe in CAI do na blianta 2021-2027 beagnach ídithe, rud a chuireann bac ar chumas bhuiséad an Aontais aghaidh a thabhairt fiú ar na dúshláin is práinní. |
(3) |
Baineadh úsáid fhorleathan as ionstraimí speisialta sna chéad bhlianta de chur chun feidhme CAI chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin iomadúla. Tá gá fós le tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh, cé gur teoranta na méideanna buiséadacha atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na chásanna sin dá bhfuil fágtha de thréimhse CAI . |
(4) |
Le buiséad an Aontais ba cheart a chur ar chumas an Aontais na freagairtí beartais is gá a sholáthar ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn agus na hoibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh nach féidir freastal orthu laistigh de na huasteorainneacha atá ann faoi láthair ná trí sholúbthacht ídithe. Ba cheart na huasteorainneacha caiteachais i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh Cheannteidil 1, 2, 3, 4, 5 agus 6 a mhodhnú do na blianta 2024, 2025, 2026, 2027. Mar thoradh air sin, cé gur féidir na huasteorainneacha caiteachais i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a choinneáil ag na leibhéil ag a bhfuil siad faoi láthair, ba cheart an chaidhp maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta don Ionstraim Chorrlach Aonair do 2026 a choigeartú chun an baol riaráistí a sheachaint. Ina theannta sin, ba cheart méid iomlán na leithdháiltí breise faoin gcoigeartú clárshonrach dá bhforáiltear in Airteagal 5 chomh maith leis an tábla gaolmhar in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán 2020/2093 (AE, Euratom) a mhodhnú. |
(5) |
Ba cheart na méideanna don Cúlchiste Coigeartaithe Brexit an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a mhodhnú freisin. |
(6) |
Tá cogadh ar siúl ar chríoch na hEorpa an athuair mar thoradh ar chogadh foghach neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin. Leanfaidh an tAontas de bheith ag tacú leis an Úcráin a fhad is gá agus cuideoidh sé go daingean leis an Úcráin agus í ar a conair Eorpach. Chuige sin, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) mar fhreagairt an Aontais chun tacú le cobhsaíocht macra-airgeadais, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine, agus tacaíocht á tabhairt ag an am céanna d’iarrachtaí athchóirithe na hÚcráine mar chuid dá conair aontachais leis an Aontas (‘an tSaoráid don Úcráin’). |
(7) |
I bhfianaise na n-éiginnteachtaí a bhaineann le cogadh foghach na Rúise, ba cheart an tSaoráid don Úcráin a bheith ina hionstraim sholúbtha chun an fhoirm agus an leibhéal leordhóthanach tacaíochta a sholáthar go dtí 2027. Ba cheart tacaíocht faoin tSaoráid don Úcráin a sholáthar i bhfoirm iasachtaí, tacaíocht neamh-inaisíoctha agus soláthar le haghaidh ráthaíochtaí buiséadacha. |
(8) |
Maidir leis an gcuid den tacaíocht faoin tSaoráid don Úcráin a chuirtear ar fáil i bhfoirm iasachtaí, is iomchuí síneadh a chur, go dtí 2027, le ráthaíocht bhuiséadach an Aontais atá ann anois chun an cúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil don Úcráin a chumhdach. Mar thoradh air sin, ba cheart a bheith in ann na leithreasuithe is gá a shlógadh i mbuiséad an Aontais de bhreis ar uasteorainneacha CAI le haghaidh cúnamh airgeadais don Úcráin a bheidh ar fáil go dtí deireadh 2027. Chomh maith le faoiseamh airgeadais gearrthéarmach don Úcráin a chumhdach mar a fhoráiltear faoi láthair i Rialachán (AE) 2022/2463, ba cheart do ráthaíocht bhuiséadach an Aontais cúnamh airgeadais suas le €33 bhilliún a chumhdach mar a shonraítear i Rialachán (AE) 2024/792. |
(9) |
Maidir leis an gcuid sin den tacaíocht faoin tSaoráid don Úcráin a sholáthraítear i bhfoirm tacaíocht neamh-inaisíoctha agus soláthar le haghaidh ráthaíochtaí buiséadacha, ba cheart na leithreasuithe a sholáthar trí ionstraim speisialta théamach nua, ‘an Cúlchiste don Úcráine’. Ba cheart na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí a shlógadh go bliantúil faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh a leagtar amach in Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), de bhreis ar uasteorainneacha CAI. Chun go ndéanfar an caiteachas atá le clársceidealú faoi fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2024/792 a fhorbairt go rianúil agus go háirithe i bhfianaise na méideanna atá le leagan amach i bPlean na hÚcráine, is iomchuí uasmhéideanna foriomlána agus bliantúla a leagan amach ar féidir a chur ar fáil le haghaidh an Chúlchiste don Úcráin le linn na tréimhse 2024 go 2027. Chun cur chun feidhme iomlán agus solúbthacht a áirithiú idir na blianta, i gcomhréir leis an uasmhéid, ba cheart a bheith in ann an chuid den mhéid bliantúil nár slógadh in aon bhliain ar leith a úsáid sna blianta ina dhiaidh sin go dtí 2027, i dteannta na huasmhéide bliantúla don bhliain ábhartha. |
(10) |
Ó 2022 i leith, tá borradh tagtha ar rátaí úis san Aontas agus sa chuid is mó de na mórgheilleagair le haghaidh na n-eisitheoirí bannaí uile, lena n-áirítear an tAontas. Mar thoradh air sin, meastar go rachaidh na costais chistiúcháin le haghaidh iasachtaí Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh NextGenerationEU (EURI) atá le híoc as buiséad an Aontais faoi Airteagal 5(2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (4) thar na meastacháin a bhí beartaithe ar dtús faoi uasteorainneacha CAI tráth a ghlactha i mí na Nollag 2020, arb iad €2 332 mhilliún in 2025 (i bpraghsanna 2018), €3 196 mhilliún in 2026 (i bpraghsanna 2018) agus €4 168 milliún in 2027 (i bpraghsanna 2018) faoi seach. |
(11) |
I bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann leis na rátaí úis amach anseo in imthosca margaidh atá ag athrú chomh maith leis na riachtanais fhoriomlána iasachtaíochta chun cláir an Aontais atá ar bun faoi láthair agus atá á maoiniú le EURI a chistiú, is iomchuí, mar chuid de na forálacha is gá chun go bhfeidhmeoidh an nós imeachta buiséadach bliantúil go réidh agus chun a áirithiú go gcuirfear na hacmhainní airgeadais ar fáil chun go mbeidh an tAontas in ann a oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh, ionstraim eisceachtúil shealadach a bhunú, í teoranta d’fhad an CAI reatha, chun na costais chistiúcháin le haghaidh iasachtaíocht EURI ar mó iad ná na méideanna a cláraíodh ar dtús a chumhdach. Ba cheart ionstraim speisialta théamach nua - ‘Ionstraim EURI’ - a chruthú agus é mar an t-aon aidhm amháin aici an róchaiteachas gan íoc a chumhdach. Ba cheart an ionstraim seo a bheith eisceachtúil agus níor cheart í a bheith ina fasach d'aon shocruithe a dhéanfar do CAIanna tar éis 2027, go háirithe chun costais íocaíochtaí úis na gcistí a fhaightear ar iasacht ar na margaí a chumhdach chun EURI a mhaoiniú. |
(12) |
Ba cheart don údarás buiséadach an ionstraim EURI a shlógadh le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, i gcás inar gá. Gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh, níor cheart í a shlógadh ach amháin tar éis deiseanna maoiniúcháin eile a lorg i dtús, lena n-áirítear trí spás arna chruthú le cur chun feidhme buiséadach na gclár agus le hathbheartú tosaíochtaí chomh maith le hionstraimí speisialta neamhthéamacha, chun cuid shubstaintiúil de na méideanna is gá a chumhdach ar mó iad ná na méideanna a inscríobhadh i dtosach báire sa líne bhuiséid a bhí ann cheana féin do EURI faoi Cheannteideal 2b, a mhéid is féidir, d’fhonn suim a shlógadh atá coibhéiseach le thart ar 50 % den róchaiteachas ar íocaíochtaí úis EURI mar thagarmharc. Déanfar é sin i gcomhréir leis na rialacha earnála is infheidhme agus le hoibleagáidí dlíthiúla eile agus na tosaíochtaí, an stuamacht buiséadaithe agus an bhainistíocht fhónta airgeadais á gcur san áireamh, dá dteastaíonn go háirithe corrlaigh iomchuí le haghaidh caiteachas gan choinne. Clúdaigh náisiúnta na mBallstát ar gealladh go dlíthiúil cheana féin iad, go háirithe iad siúd faoin gComhbheartas Talmhaíochta agus faoin mbeartas comhtháthaithe, ní dhéanfar aon difear dóibh. Ba cheart na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas is gá agus na leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí a bhaineann le hIonstraim EURI i mbuiséad an Aontais a chur ar fáil de bhreis ar uasteorainneacha CAI. Faoin Ionstraim EURI, ba cheart tarraingt ar dtús ar mhéid atá coibhéiseach leis na leithreasuithe nach ioncam sannta seachtrach iad a rinneadh a shaoradh ó thús an CAI reatha. Méideanna a saoradh agus a chuirtear ar fáil arís i gcomhréir leis na forálacha ábhartha reatha, níor cheart iad a chur san áireamh. Ba cheart an méid a saoradh agus atá ar fáil le haghaidh na hIonstraime EURI a ríomh gach bliain mar chuid den choigeartú teicniúil ar an CAI, agus na méideanna foriomlána atá ar fáil agus na méideanna a áiríodh cheana nuair a bhí cistí á slógadh don Ionstraim EURI á gcur i láthair go soiléir. Sa chás gan choinne ina mbeadh róchaiteachas fós gan íoc, ba cheart an méid breise is gá chun na costais a lánmhaoiniú a shlógadh faoin Ionstraim EURI mar chúlstop mar rogha dheiridh. Má mheasann Ballstát amháin nó níos mó, go heisceachtúil, go bhfuil ábhair thromchúiseacha imní ag baint le slógadh an chúlstop, d’fhéadfaidís a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí an t-ábhar a chur faoi bhráid na chéad Chomhairle Eorpaí eile. Níor cheart an próiseas sin a thógáil níos faide ná mí amháin de ghnáth agus ba cheart don phróiseas lánúrraim a thabhairt do shainchumais na n-institiúidí mar a leagtar síos sna Conarthaí. |
(13) |
I bhfianaise na dtubaistí nádúrtha a tharla sna Ballstáit agus sna tíortha atá páirteach i gcaibidlíocht aontachais leis an Aontas, agus tubaistí nádúrtha agus géarchéimeanna daonnúla i dtríú tíortha agus chun maoiniú leordhóthanach a áirithiú don dá chás, ba cheart an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála a threisiú agus a roinnt ina dhá ionstraim ar leith: an ‘Cúlchiste Eorpach Dlúthpháirtíochta’ chun tacaíocht a sholáthar do na tíortha agus do na réigiúin sin atá buailte faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle (5) agus faoin ‘Cúlchiste um Chabhair Éigeandála’ chun treisiúcháin bhuiséadacha a sholáthar do chláir ábhartha de chuid an Aontais mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna agus ar éigeandálaí laistigh agus lasmuigh den Aontas. |
(14) |
Ba cheart an Ionstraim Sholúbthachta a threisiú chun acmhainneacht leordhóthanach a choinneáil ar bun chun go mbeidh an tAontas in ann freagairt ar imthosca gan choinne go dtí 2027. Ba cheart méideanna atá dulta i léig ón gCúlchiste Eorpach Dlúthpháirtíochta agus ón gCúlchiste um Chabhair Éigeandála a sholáthar don Ionstraim Sholúbthachta ó 2024. |
(15) |
I bhfianaise na dteagmhas gan choinne sin agus na ndúshlán nua sin, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI agus ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 a leasú dá réir. |
(16) |
Beidh na leasuithe ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 gan dochar don oibleagáid uasteorainneacha na n-acmhainní dílse a leagtar síos in Airteagal 3(1) agus Airteagal 6 de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 a urramú. |
(17) |
I bhfianaise na staide san Úcráin, ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2024, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(2) |
in Airteagal 4(1), cuirtear isteach na pointí seo a leanas:
|
(3) |
in Airteagal 5(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Is é EUR 10 155 milliún (i bpraghsanna 2018) méid iomlán na leithdháiltí breise don tréimhse 2022 go 2027 le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoi seach. I gcás gach ceann de na blianta ó 2022 go 2026, EUR 1 500 milliún ar a laghad (i bpraghsanna 2018) a bheidh i méid bliantúil na leithdháiltí breise le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta faoi seach agus ní rachaidh sé thar EUR 2 000 milliún (i bpraghsanna 2018).’; |
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 8 agus 9: ‘Airteagal 8 An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú 1. Ní rachaidh an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, a leagtar amach na cuspóirí agus an raon feidhme atá leis i Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), thar uasmhéid bliantúil EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018). 2. Déanfar na leithreasuithe don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a chur isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais mar sholáthar. Airteagal 9 Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála 1. Beidh an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála comhdhéanta de dhá ionstraim a fhéadfar a úsáid chun an méid seo a leanas, faoi seach, a mhaoiniú:
2. Ní rachaidh Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh thar uasmhéid bliantúil EUR 1 016 mhilliún (i bpraghsanna 2018). Féadfar aon chuid den mhéid bliantúil nach n-úsáidfear i mbliain n a úsáid suas go bliain n+1. Tarraingeofar ar an gcuid den mhéid bliantúil a eascróidh as an mbliain roimhe sin ar dtús. Aon chuid den mhéid bliantúil ó bhliain n nach mbainfear úsáid as i mbliain n+1, rachaidh sí in éag. An 1 Deireadh Fómhair gach bliain, beidh ar a laghad an ceathrú cuid de mhéid iomlán Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh fós ar fáil chun na riachtanais a thiocfaidh chun cinn i míonna deiridh na bliana sin a chumhdach. I gcásanna eisceachtúla agus mura leor na hacmhainní airgeadais a bheidh fágtha chun na méideanna a mheastar gur gá leo a chumhdach sa bhliain ina dtarlóidh tubaiste dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, féadfaidh an Coimisiún a mholadh go ndéanfar an difríocht a mhaoiniú tríd an méid bliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a bheidh ar fáil an bhliain ina dhiaidh sin, suas le huasmhéid de EUR 400 milliún (i bpraghsanna 2018). 3. Ní rachaidh an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála thar uasmhéid bliantúil EUR 508 milliún (i bpraghsanna 2018). Féadfar aon chuid den mhéid bliantúil nach n-úsáidfear i mbliain n a úsáid suas go bliain n+1. Tarraingeofar ar an gcuid den mhéid bliantúil a eascróidh as an mbliain roimhe sin ar dtús. Aon chuid den mhéid bliantúil ó bhliain n nach mbainfear úsáid as i mbliain n+1, rachaidh sí in éag. 4. Déanfar na leithreasuithe don Chúlchiste Eorpach Dlúthpháirtíochta agus don Chúlchiste um Chabhair Éigeandála a iontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais mar sholáthar. (*2) Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 48)." (*3) Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch. 3).’;" |
(5) |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Ní rachaidh Cúlchiste Coigeartaithe Brexit thar EUR 4 491 mhilliún (i bpraghsanna 2018).’ |
(6) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 10a An Ionstraim EURI 1. Ó 2025, féadfar Ionstraim EURI a úsáid, le haghaidh bliain ar leith, chun cuid de chostais an úis agus na n-íocaíochtaí cúpóin a mhaoiniú atá dlite i leith na gcistí a fuarthas ar iasacht ar na margaí caipitil i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (*4). Ní fhéadfar an Ionstraim EURI a shlógadh ach i mbliain ar leith, a mhéid a shonraítear sna míreanna seo a leanas, chun méid na gcostas sin a chumhdach ar mó iad ná na méideanna seo a leanas (i bpraghsanna 2018):
2. Ní fhéadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Ionstraim EURI a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE, ach amháin tar éis modhanna maoiniúcháin eile a lorg, d’fhonn cuid shubstaintiúil de na méideanna ar mó iad ná na méideanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chumhdach, i gcomhréir leis na rialacha earnálacha is infheidhme agus oibleagáidí dlíthiúla eile, agus na tosaíochtaí, an stuamacht buiséadaithe agus an bhainistíocht fhónta airgeadais á gcur san áireamh an tráth céanna. Cuirfear leithreasuithe le haghaidh na hIonstraime EURI ar fáil de bhreis ar uasteorainneacha CAI. 3. Beidh an Ionstraim EURI comhdhéanta den mhéid seo a leanas:
Airteagal 10b Cúlchiste don Úcráin 1. Féadfar an Cúlchiste don Úcráin a shlógadh chun caiteachas a mhaoiniú faoi Rialachán (AE) 2024/792 agus chun na críche sin amháin. 2. Ní rachaidh an Cúlchiste don Úcráin thar EUR 17 000 milliún i bpraghsanna reatha le haghaidh na tréimhse 2024 go 2027. 3. Ní rachaidh an méid bliantúil a shlógfar faoin gCúlchiste don Úcráin in aon bhliain ar leith thar EUR 5 000 milliún i bpraghsanna reatha. Gan dochar don mhéid foriomlán a leagtar amach i mír 2, féadfar an chuid den mhéid bliantúil nár úsáideadh i mbliain ar leith a úsáid sna blianta ina dhiaidh sin, go dtí 2027. 4. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Cúlchiste don Úcráin a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh dá bhforáiltear in Airteagal 314 CFAE. (*4) Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).’;" |
(7) |
cuirtear isteach an mhír seo a leanas in Airteagal 11: ‘3a. Déanfar an t-uasmhéid don choigeartú bliantúil dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo don bhliain 2026, arna mhéadú leis an méid dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 5(2), a choigeartú de réir an mhéid atá cobhéiseach leis an gcuid den uasmhéid nár úsáideadh don bhliain 2025.’ |
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12: ‘Airteagal 12 An Ionstraim Sholúbthachta 1. Féadfar an Ionstraim Sholúbthachta a úsáid chun maoiniú a dhéanamh, d’aon bhliain airgeadais ar leith, ar chaiteachas sonrach gan choinne i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair íocaíochtaí nach féidir a mhaoiniú laistigh de theorainneacha na n-uasteorainneacha atá ar fáil le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na ceannteidil eile. Sna blianta 2021 go 2023, beidh uasteorainn EUR 915 mhilliún (i bpraghsanna 2018) ar an tsuim bhliantúil a bheidh ar fáil le haghaidh na hIonstraime Solúbthachta. Sna blianta 2024 go 2027, beidh uasteorainn EUR 1 346 mhilliún (i bpraghsanna 2018) ar an méid bliantúil a bheidh ar fáil le haghaidh na hIonstraime Solúbthachta. Gach bliain, déanfar an méid bliantúil a bheidh ar fáil le haghaidh na hIonstraime Solúbthachta a mhéadú le méid atá coibhéiseach leis na codanna de na méideanna bliantúla don Chúlchiste Dlúthpháirtíochta Eorpach agus don Chúlchiste um Chabhair Éigeandála a chuaigh i léig an bhliain roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 9. 2. Féadfar an chuid nach mbainfear úsáid as den mhéid bliantúil den Ionstraim Sholúbthachta a úsáid suas go bliain n+2. Déanfar aon chuid den mhéid bliantúil a eascraíonn ó na blianta roimhe sin a úsáid ar dtús, de réir aoise. Aon chuid den mhéid bliantúil ó bhliain n nach mbainfear úsáid as faoi bhliain n+2, rachaidh sí in éag.’ |
(9) |
cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinní I agus II. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Feabhra 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) Toiliú an 27 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
(3) Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj).
(4) Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 311, 14.11.2002, lch. 3).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN I
AN CREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL (AE-27)
(EUR milliún – praghsanna 2018) |
||||||||||
LEITHREASAÍ FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
2025 |
2026 |
2027 |
IOMLÁN 2021-2027 |
||
|
19 712 |
20 211 |
19 678 |
19 178 |
18 173 |
18 120 |
17 565 |
132 637 |
||
|
5 996 |
62 642 |
63 525 |
65 079 |
65 184 |
56 675 |
58 680 |
377 781 |
||
|
1 666 |
56 673 |
57 005 |
57 436 |
57 772 |
48 302 |
48 937 |
327 791 |
||
|
4 330 |
5 969 |
6 520 |
7 643 |
7 412 |
8 373 |
9 743 |
49 990 |
||
|
53 562 |
52 626 |
51 893 |
51 013 |
49 914 |
48 734 |
47 960 |
355 702 |
||
Lena n-áirítear: Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha |
38 040 |
37 544 |
36 857 |
36 054 |
35 283 |
34 602 |
33 886 |
252 266 |
||
|
1 687 |
3 104 |
3 454 |
3 569 |
4 083 |
4 145 |
4 701 |
24 743 |
||
|
1 598 |
1 750 |
1 762 |
2 112 |
2 277 |
2 398 |
2 576 |
14 473 |
||
|
15 309 |
15 522 |
14 789 |
14 500 |
14 192 |
13 326 |
13 447 |
101 085 |
||
|
10 021 |
10 215 |
10 342 |
10 454 |
10 554 |
10 673 |
10 843 |
73 102 |
||
Lena n-áirítear: caiteachas riaracháin na n-institiúidí |
7 742 |
7 878 |
7 945 |
7 997 |
8 025 |
8 077 |
8 188 |
55 852 |
||
IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS |
107 885 |
166 070 |
165 443 |
165 905 |
164 377 |
154 071 |
155 772 |
1 079 523 |
||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||
IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR ÍOCAÍOCHTA |
154 065 |
153 850 |
152 682 |
151 436 |
151 175 |
151 175 |
151 175 |
1 065 558 |
IARSCRÍBHINN II
COIGEARTÚ CLÁRSHONRACH – LIOSTA NA gCLÁR, EOCHAIR LEITHDHÁILTE AGUS LEITHDHÁILEADH BREISE IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS
(i EUR milliún, praghsanna 2018) |
|||||
|
Eochair leithdháilte |
Leithdháileadh breise iomlán na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas faoi Airteagal 5 |
|||
|
2022-2024 |
2025-2027 |
|
||
|
36,36 % |
41,79 % |
4 000 |
||
Fís Eorpach |
27,27 % |
31,34 % |
3 000 |
||
Ciste InvestEU |
9,09 % |
10,45 % |
1 000 |
||
|
54,55 % |
47,76 % |
5 155 |
||
EU4Health |
26,37 % |
15,37 % |
2 055 |
||
Erasmus+ |
15,46 % |
17,77 % |
1 700 |
||
Eoraip na Cruthaitheachta |
5,45 % |
6,26 % |
600 |
||
Cearta agus Luachanna |
7,27 % |
8,36 % |
800 |
||
|
9,09 % |
10,45 % |
1 000 |
||
An Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha |
9,09 % |
10,45 % |
1 000 |
||
IOMLÁN |
100,00 % |
100,00 % |
10 155 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)