Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/757 |
27.2.2024 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/757 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Feabhra 2024
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(5) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44. |
(2) |
An 31 Eanáir 2024, chinn Coiste na Comhairle Slándála, de bhun rún 1970 (2011) a bhaineann leis an Libia, nár cheart duine amháin a bheith faoi réir an bhirt toirmisc taistil a forchuireadh de bhun mhír 15 de rún 1970 (2011) a thuilleadh. Leanann an duine sin de bheith faoi réir reo sócmhainní a forchuireadh de bhun mhír 19 de rún 1973 (2011). |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Feabhra 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
D. CLARINVAL
(1) IO L 012, 19.1.2016, lch. 1., ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/44/2023-07-12.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 (Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1)), Cuid A (Daoine), cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 19:
‘19. |
Ainm: 1: SAFIA 2: FARKASH 3: AL-BARASSI 4: níl sé ar fáil
Teideal: níl sé ar fáil Ainmniúchán: níl sé ar fáil Dáta breithe: Timpeall ar 1952 Áit Bhreithe: Al Bayda, an Libia Ainm bréige láidir: Safia Farkash Mohammed Al-Hadad, a rugadh an 1 Eanáir 1953 (Pas Óman uimh. 03825239, dáta eisiúna an 4 Bealtaine 2014, dáta éaga an 3 Bealtaine 2024.) Ainm bréige lag: níl sé ar fáil Náisiúntacht: níl sí ar fáil Uimh. an phas: 03825239 Uimh. aitheantais náisiúnta: 98606491 Seoladh: (a) Sabhdánacht Óman (b) (an suíomh a chreidtear a bhfuil sé — an Éigipt) Liostaithe: an 24 Meitheamh 2011 (leasaithe an 31 Eanáir 2024, an 1 Aibreán 2016, an 26 Márta 2015, an 26 Meán Fómhair 2014, an 4 Meán Fómhair 2013, an 2 Aibreán 2012, an 13 Feabhra 2012) Eolas eile: Liostaithe de bhun mhír 19 de rún 1973 (Reo Sócmhainní). Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: link: https://www.interpol.int/en/How-we-work/Notices/View-UN-Notices-Individuals.’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/757/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)