|
|
Ainm
|
Faisnéis aitheantais
|
Ráiteas ar Chúiseanna
|
Dáta an liostaithe
|
|
‘1647.
|
Evgeniy Vladimirovich BAIKIN
(Евгений Владимирович БАЙКИН)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar an gCuideachta Comhstoic ‘Globus’
Dáta breithe: 11.7.1982
Áit bhreithe: An Rúis
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 623007349998
|
Tá Evgeniy Baikin ina Stiúrthóir ar an JSC Globus ar fiontar speisialaithe é atá i mbun córais uathoibrithe a fhorbairt, a tháirgeadh agus a chur i bhfeidhm chun airm agus trealamh míleata a chothabháil agus a rialú. Déanann an fiontar coimpléisc a fhorbairt agus a mhonarú, a ceapadh chun ullmhú le haghaidh úsáid comhraic, agus chun faireachán a dhéanamh ar riocht teicniúil na n-arm treoraithe aerbheirthe agus na gcóras diúracán le haghaidh aerchosaint agus cosaint cabhlaigh.
Tá Globus mar chuid den Open Joint-Stock Company Tactical Missile Armament Corporation atá faoi úinéireacht stát na Rúise, a bhaineann leis an Federal Agency for State Property Management [an Ghníomhaireacht Chónaidhme um Bainistiú Maoine Stáit].
|
23.2.2024
|
|
|
|
|
Forbraíonn agus táirgeann Globus coimpléisc Oka agus Oka-E-1, a ceapadh chun ullmhú le haghaidh úsáid comhraic agus faireachán a dhéanamh ar riocht teicniúil na n-arm treoraithe aerbheirthe; stáisiúin rialaithe agus tástála uathoibrithe (ACIS) chun faireachán a dhéanamh ar riocht teicniúil chórais aerchosanta Buk-M1, Buk-M2 agus Buk-M1-2, córais aerchosanta cabhlaigh Kashmir, Shtil agus Shtil-1; agus faireachán ACIS ar riocht teicniúil chórais cosanta aeir S-300V, S-300VM agus córais uathoibrithe lena ndéantar faireachán ar riocht teicniúil tháirgí 3M-24 agus a gcuid modhnuithe ar choimpléasc Uran-E agus táirgí míleata eile. Úsáideann an Rúis na táirgí sin sa chogadh ar an Úcráin.
Dá bhrí sin, tá Evgeniy Baikin, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir ar an JSC Globus, ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá sé ag tacú go hábharach freisin le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an rialtas sin.
|
23.2.2024
|
|
1648.
|
Igor Vladimirovich KRYLOV
(Игорь Владимирович КРЫЛОВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar an gCuideachta Comhstoic ‘Region’
Dáta breithe: 22.7.1960
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
|
Is Ard-Stiúrthóir é Igor Krylov ar JSC Region, ar príomhfhorbróir agus soláthróir buamaí treoraithe de chuid na Rúise é don eitlíocht túslíne. Táirgeann JSC ‘Region’ armálacha cabhlaigh, eitlíochta agus eitlíochta cabhlaigh chomh maith le córais fhrithbheart mianach d’Aireacht Cosanta na Rúise. Thairis sin, is fochuideachta de chuid JSC ‘Tactical Missile Armament Corporation’ é JSC ‘Region’, a chuireann go mór le feabhas a chur ar chumais mhíleata chosanta na Rúise.
Dá bhrí sin, tá Igor Krylov, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir ar JSC ‘Region, ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tá sé ag tacú go hábharach freisin le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an rialtas sin.
|
23.2.2024
|
|
1649.
|
Vladimir Alekseevich SOROKIN
(Владимир Алексеевич СОРОКИН)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar ‘Iskra Engineering Design Bureau JSC a ainmníodh as I.I. Kartukov’
Dáta breithe: 31.3.1958
Áit bhreithe: Opytny, dúiche Tsivilsky, Chuvash ASSR, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 771516409307
|
Is Ard-Stiúrthóir é Vladimir Sorokin ar Iskra Engineering Design Bureau JSC a ainmníodh as I. I. Kartukov. Tá an chuideachta ar cheann de na príomhtháirgeoirí mótar roicéid breosla sholadaigh. D’fhorbair an chuideachta gineadóirí gáis tiomántáin sholadaigh éagsúla a úsáidtear sna meicníochtaí chun gnéithe diúracáin a imscaradh, chun scaoileadh fearas tuirlingthe éigeandála agus chun tús tapa inneall turba-scairde. Ó bunaíodh í, d’fhorbair agus sheachaid an chuideachta níos mó ná 200 inneall tiomántáin sholadaigh do chórais frith-aerárthaí, oirbheartaíochta, eitlíochta, cabhlaigh agus diúracán spáis le haghaidh Aireacht Cosanta na Rúise. Thairis sin, cinntíonn an chuideachta freisin go gcomhlíonann sí na ceanglais maidir le ceadúnú i réimse na n-arm agus an trealaimh mhíleata agus ordú cosanta stáit a fháil.
Dá bhrí sin, tá Vladimir Sorokin, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir Iskra Engineering Design Bureau JSC a ainmníodh as I. I. Kartukov, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1650.
|
Aleksey Aleksandrovich ROSHCHIN
(Алексей Александрович РОЩИН)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir OJSC ‘Krasnoe Znamya’
Áit bhreithe: An Rúis
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 525902365485
|
Is Ard-Stiúrthóir é Aleksey Roshchin ar OJSC Krasnoe Znamya. Soláthraíonn an chuideachta sin seirbhísí chun cláir ciorcad priontáilte a chóimeáil agus a shuiteáil. Tá OJSC Krasnoe Znamya ar cheann de na fiontair is mó de choimpléasc míleata-tionsclaíoch na Rúise i réimse na forbartha agus i dtáirgeadh sraitheach táirgí ardteicneolaíochta de chineál innealtóireachta raidió agus trealaimh leictreonaigh ardchruinnis.
Tá an chuideachta mar chuid den Almaz-Antey Air and Space Defence Corporation ó 2003. Ó 2007, tá an chuideachta ina lárionad corparáideach den Almaz-Antey concern agus í ag táirgeadh cláir ciorcad priontáilte dhéthaobhacha agus ilsraitheanna in 4-5 aicme chastachta. Tá cuntas teiste ar an gcuideachta maidir le horduithe ó Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme.
Dá bhrí sin, tá Aleksey Roshchin, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir ar OJSC Krasnoe Znamya, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1651.
|
Robert Rishatovich GALIMOV
(Роберт Ришатович ГАЛИМОB)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC Serov Mechanical Plant
Dáta breithe: 10.3.1975
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 27410781642
|
Is Ard-Stiúrthóir é Robert Galimov ar JSC Serov Mechanical Plant, a tháirgeann trealamh do tháirgeadh ola agus gáis, taiscéalaíocht gheolaíoch agus mianadóireacht. Tá JSC Serov Mechanical an-tábhachtach toisc go bhfuil sé ar na cinn is mó a sholáthraíonn trealamh druileála agus táirgeachta ola do mhórchuideachtaí ola na Rúise, mar shampla, Lukoil, Gazpormneft agus Rosneft. Chomh maith leis an ról tábhachtach atá aige i dtionscal breoslaí iontaise na Rúise, táirgeann JSC Serov Mechanical Plant táirgí speisialta faoi orduithe cosanta stáit na Rúise. Táirgeann an gléasra sin cásálacha diúracán 152 mm le haghaidh airtléire féinghluaiste Koalitsiya-SV a úsáideann an Rúis sa chogadh ar an Úcráin.
Ina cháil mar Ard-Stiúrthóir ar JSC Serov Mechanical, tá Robert Galimov ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an rialtas sin.
|
23.2.2024
|
|
1652.
|
Sergey Alekseevich PONOMAREV
(Сергей Алексеевич ПОНОМАРЁВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC ‘Corporation “MIT”; Leifteanant-Ghinearál
Dáta breithe: 12.5.1954
Áit bhreithe: Vologda, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 772972229544
|
Is Ard-Stiúrthóir é Sergey Ponomarev ar JSC ‘Corporation “MIT”. Is forbróir Rúiseach armálacha diúracáin é JSC ‘Corporation “MIT”. D’fhorbair JSC ‘Corporation ‘MIT’ córais shoghluaiste talamhbhunaithe diúracán le diúracáin bhalaistíocha threoraithe tiomántáin sholadaigh de chineál ‘Temp-S’, ‘Temp-2S’, ‘Pioneer’, ‘Topol’, ‘Topol-M’, ‘Yars’ agus tuilleadh nach iad. Baineann Fórsaí Armtha na Rúise úsáid as coimpléisc shoghluaiste talamhbhunaithe a d’fhorbair an chorparáid, ina bhfuil diúracáin bhalaistíocha. Ina theannta sin, reáchtáil JSC “Corporation “MIT” feachtas bailithe cabhrach dar teideal “MIT Helps!” chun cabhrú le saighdiúirí agus mílístí na ‘Donetsk and Lugansk People’s Republics’ mar a thugtar orthu agus nár aithníodh.
Agus é ina Ard-Stiúrthóir ar JSC ‘Corporation ‘MIT’, tá Sergey Ponomarev ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1653.
|
Oleksandr Yurievich FEDORKO
(Александр Юрьевич ФЕДОРКО)
|
Feidhm: Coirnéal
Dáta breithe: 18.12.1968
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 234703581777
|
Is é an Coirnéal Oleksandr Fedorko Ceann an 924th Unmanned Aerial Vehicle Center [an 924ú Lárionad Aerárthaí gan Foireann] (Aonad Míleata 20924), atá mar chuid d’Aireacht Cosanta na Rúise. Tá baill de na fórsaí armtha á n-oiliúint ag an Lárionad chun na complachtaí aerárthaí gan foireann atá á mbunú i nDúichí Míleata an Iarthair agus sna Dúichí Mhíleata Láir a chur i gcrích. An tráth céanna, tá an Lárionad i mbun tástálacha míleata ar choimpléisc a chríochnú le haerárthaí gan foireann (Zastava, Navodchik-2, Forpost agus Orlan-10), agus tráth a gcríochnaítear na tástálacha sin, aistrítear iad chuig pearsanra na gcomplachtaí aerárthaí gan foireann. Cuireann an 924ú Lárionad Aerárthaí gan Foireann oiliúint ar oibreoirí aerárthaí gan foireann d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise.
Ina cháil mar Ard-Stiúrthóir ar an 924ú Lárionad Aerárthaí gan Foireann (Aonad Míleata 20924), tá an Coirnéal Oleksandr Fedorko ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais agus ag cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí agus na mbeartas sin lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1654.
|
Pavel Anatolyevich MISHUNIN
(Павел Анатольевич МИШУНИН)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar an Federal State Enterprise Aleksin Chemical Plant, ball den United Russia Party agus teachta de chuid an Tula Regional Duma
Dáta breithe: 7.6.1975
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 711104611065
|
Is Ard-Stiúrthóir é Pavel Mishunin ar an Federal State Enterprise Aleksin Chemical Plant, ar fiontar Rúiseach é a tháirgeann réimse ceimiceán tionsclaíoch a úsáidtear chun púdar gunna agus lánáin arm a mhonarú. Soláthraíonn FSE Aleksin Chemical Plant gléasraí faoi úinéireacht stáit a tháirgeann púdar gunna, cartúis agus armlón d’fhórsaí armtha na Rúise. Is táirgeoir mór agus soláthróir mór ábhar ceimiceach a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo d’earnáil cosanta na Rúise é FSE Aleksin Chemical Plant.
Dá bhrí sin, tá Pavel Mishunin, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir ar FSE Aleksin Chemical Plant, ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1655.
|
Alexander Nikolaevich BELYAEV
(Александр Николаевич БЕЛЯЕВ)
|
Feidhm: Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, bunaitheoir LLC ‘SMT-iLogic’
Dáta breithe: 29.10.1966
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 782577611269
|
Is é Alexander Belyaev Príomhoifigeach Feidhmiúcháin agus bunaitheoir LLC ‘SMT-iLogic’. Is soláthróir seirbhísí éagsúla é LLC ‘SMT-iLogic’ i réimse na forbartha leictreonaice. Soláthraíonn an chuideachta seirbhísí d’fhorbairt leictreonaice agus monaraíonn sí táirgí sraitheacha, chomh maith le feistí chun faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil. Faigheann LLC STC – monaróir ladrainn Orlan-10 atá cleamhnaithe le harm na Rúise, comhpháirteanna ón iasacht trí LLC ‘SMT-iLogic’. Úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise ladrainn Orlan-10 sa chogadh foghach atá siad a fhearadh ar an Úcráin.
Agus é ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin agus ina bhunaitheoir de chuid LLC ‘SMT-iLogic’, tá Alexander Belyaev freagrach as gníomhaíochtaí na cuideachta agus, dá bhrí sin, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach agus de chobhsaíocht na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1656.
|
Aleksandr Borisovich LIVSHITS
(Александр Борисович ЛИВШИЦ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar an Federal State Enterprise Kazan State-Owned Gunpowder Plant
Dáta breithe: 21.5.1970
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
|
Is Ard-Stiúrthóir é Aleksandr Livshits ar an Federal State Enterprise Kazan State-Owned Gunpowder Plant (FKP KGKPZ), a tháirgeann réimse leathan púdair pyroxylin agus lanáin le haghaidh beagnach gach cineál arm. Monaraíonn FKP KGKPZ cartúis de chalabra 5.45–14.5 mm le haghaidh raidhfilí (raidhfilí ionsaithe Kalashnikov), lánáin teilgeoirí gránáidí, lánáin tiomántáin le haghaidh gunnaí móra cabhlaigh (AK-100, AK-130 agus AK-726) agus airtléire talún de chalabra 76 mm go 152 mm (moirtéir 2S9 agus 2S12, habhatsair D-20, D-30, ML-20, 2S1, 2S3 agus 2S19). Táirgeann an gléasra sin armlón tancanna de chalabra 115 mm, 122 mm agus, níos tábhachtaí fós, 125 mm, a úsáidtear i dtancanna T-64, T-72, T-80 agus T-90 Fhórsaí Armtha na Rúise. Soláthraíonn FKP KGKPZ armlón d’Fhórsaí Armtha na Rúise agus do na córais arm dá gcuid a úsáidtear sa chogadh san Úcráin.
Dá bhrí sin, tá Aleksandr Livshits, agus é ina Ard-Stiúrthóir ar FKP KGKPZ, ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1657.
|
Aleksey Gennadievich DUBONOSOV
(Алексей Геннадиевич ДУБОНОСОВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir an Federal State Enterprise Tambov Gunpowder Plant
Dáta breithe: 31.12.1976
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 344401214508
|
Is Ard-Stiúrthóir é Aleksey Dubonosov ar FSE Tambov Gunpowder Plant ina dtáirgtear púdair pyroxylin, a úsáidtear i gcineálacha éagsúla armlóin a úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise. Táirgeann an gléasra púdair pyroxylin le haghaidh réimse leathan armlóin, mar shampla, cartúis agus gránáidí 7.62 mm le haghaidh raidhfilí Kalashnikov, urchair tanc 125 mm le haghaidh phríomhthancanna comhraic T-90 agus sliogáin airtléire le haghaidh 2S3 Akatsiya, 2S19 Msta-S, Msta-B agus aonaid airtléire agus habhatsair 2S5 Hyacinth. Tá FSE Tambov Gunpowder Plant faoi úinéireacht na hilchuideachta cosanta Rúisí Rostec State Corporation. Oibríonn an gléasra in earnáil a bhfuil tábhacht straitéiseach léi sa tionscal míleata agus bhí sé in ann a acmhainneacht táirgeachta a mhéadú le linn chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
Dá bhrí sin, tá Aleksey Dubonosov, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir ar FSE Tambov Gunpowder Plant, ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1658.
|
Sergey Anatolyevich LUKIN
(Сергей Анатольевич ЛУКИН)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir an JSC Tula Cartridge Plant
Dáta breithe: 17.9.1983
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 710606343114
|
Is Ard-Stiúrthóir é Sergey Lukin ar JSC Tula Cartridge Plant, ar fiontar Rúiseach é a tháirgeann agus a dháileann cartúis do chineálacha éagsúla arm a úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise. Is é an gléasra sin an príomhsholáthróir armlóin do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí na Rúise, lena n-áirítear an Garda Náisiúnta agus an Aireacht Gnóthaí Baile. Cuireann JSC Tula Cartridge Plant réimse leathan cartús de chalabraí éagsúla a úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise ar fáil. Oibríonn an gléasra in earnáil thábhachtach straitéiseach den tionscal míleata agus tá a ghníomhaíochtaí ag cur feabhais ar chumais troda míleata na Rúise go díreach.
Dá bhrí sin, tá Sergey Lukin, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir ar JSC Tula Cartridge Plant, ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1659.
|
Eduard Borisovich EPISHIN
(Эдуард Борисович ЕПИШИН)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC ‘Avangard’
Dáta breithe: 13.3.1971
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 591100011256
|
Is é Eduard Epishin Ard-Stiúrthóir ar JSC ‘Avangard’. Is monaróir Rúiseach é JSC ‘Avangard’a dhéanann táirgí snáithínghloine mórmhéide, chomh maith le táirgí plaisteacha agus rubair, agus tá sé mar chuid de cheann de na gabháltais tógála roicéad is mó sa Rúis — JSC MPO Mashinostroyenia, atá mar chuid den JSC Tactical Missile Armament Corporation. Tá baint ag JSC ‘Avangard’ le feithiclí armúrtha agus diúracáin a tháirgeadh, feithiclí a úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise sa chogadh foghach ar an Úcráin.
Agus é ina Ard-Stiúrthóir ar JSC ‘Avangard’, tá Eduard Epishin ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an rialtas sin.
|
23.2.2024
|
|
1660.
|
Elena Sergeevna IVANOVA
(Елена Сергеевна ИВАНОВА)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir, JSC ‘Central Research Institute of Materials’
a ainmníodh as D. I. Mendeleev
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
Uimhir Aitheantais Chánach: 781706429812
|
Is feidhmeannach sinsearach í Elena Ivanova ag cuideachta de chuid an choimpléasc tionsclaíoch míleata Rúiseach, JSC ‘Central Research Institute of Materials a ainmníodh as D. I. Mendeleev’, a dhéanann maoirseacht ar thaighde agus forbairt teicneolaíochtaí míleata agus ag a bhfuil roinnt saoráidí táirgthe a bhfuil ról tábhachtach acu in imscaradh teicneolaíochtaí den sórt sin, go háirithe in oibríochtaí comhraic ar chríoch na hÚcráine. D’oibrigh Elena Ivanova go pearsanta ar thionscadail, agus bhí sí i gceannas ar thionscadail, a chuir feabhas ar phíosaí éagsúla trealaimh mhíleata lena n-áirítear aerárthach troda SU-57, tanc T-14, armáil 2A46M phríomhthanc agus airtléire fhéinghluaiste 2S35.
Dá bhrí sin, tá Elena Ivanonva ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Ina theannta sin, ina ról, tá sí go tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sí tairbhe as.
|
23.2.2024
|
|
1661.
|
Rinat Munzirovich NIGMATDINOV
(Ринат Мунзирович НИГМАТДИНОВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC Saratov Radio Instrument Plant
Dáta breithe: 11.4.1979
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 580203237828
|
Is Ard-Stiúrthóir é Rinat Nigmatdinov ar JSC Saratov Radio Instrument Plant.
Tá JSC Saratov Radio Instrument Plant ar cheann de na fiontair is mó chun córais soilsithe dromchla nua-aimseartha agus córais aimsithe sprice a tháirgeadh do Chabhlach na Rúise. Tá an gléasra mar chuid de Granit-Electron Concern, a tháinig chun bheith mar chuid de Tactical Missile Armament Corporation in 2018.
Forbraíonn agus táirgeann an chuideachta radar cósta soghluaiste MYS-M1E agus radar cósta seasta MR-10M1E atá deartha chun na comhordanáidí agus náisiúntacht long dromchla agus spriocanna ardluais beaga a bhrath agus a chinneadh.
Dá bhrí sin, tá Rinat Nigmatdinov, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir ar JSC Saratov Radio Instrument Plant, ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Anuas air sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as.
|
23.2.2024
|
|
1662.
|
Nikolai Anatolievich GUSEV
(Николай Анатольевич ГУСЕВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC “State Design Bureau "Vympel" a ainmníodh as I.I. Toropov”
Dáta breithe: 13.12.1956
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 772647099114
|
Is Ard-Stiúrthóir é Nikolai Gusev ar JSC “State Design Bureau "Vympel" a ainmníodh as I.I. Toropov”, atá ina phríomh-mhonaróir diúracáin Rúiseach. Forbraíonn “State Design Bureau "Vympel" a ainmníodh as I.I. Toropov” diúracáin threoraithe ó aer go haer agus ó aer go dromchla, diúracáin threoraithe le haghaidh córais frith-aerárthaí talún agus mara, lainseálaithe, agus catapailt le haghaidh diúracáin threoraithe aerbheirthe, crochadáin bíomaí chun armáil aerbhuamála a chrochadh agus aonaid le haghaidh diúracáin aerárthaí neamhthreoraithe.
Dá bhrí sin, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir ar JSC “State Design Bureau "Vympel" a ainmníodh as I.I. Toropov”, tá Nikolai Gusev ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1663.
|
Vitaly Yurievich KUZMENKO
(Виталий Юрьевич КУЗЬМЕНКО)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC ‘163 Armor Repair Plant’
Dáta breithe: 22.1.1971
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 366510784303
|
Is Ard-Stiúrthóir é Vitaly Kuzmenko ar JSC 163 Armor Repair Plant. Is í príomhghníomhaíocht JSC 163 Armor Repair Plant príomhthancanna catha T-72 agus BMP-2 — feithiclí troda coisithe amfaibiacha — a chothabháil. Tá an gléasra mar chuid de chuideachta sealbhaíochta High Precision Systems, Rostec. Úsáideann arm na Rúise samhlacha éagsúla d’fheithiclí troda coisithe BMP-2 agus príomhthancanna catha T-72 sa chogadh foghach ar an Úcráin. Bhain JSC 163 Armor Repair Plant curiarracht amach maidir le cothabháil BMP-2 in 2023.
Dá bhrí sin, tá Vitaly Kuzmenko, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir OJSC JSC 163 Armor Repair Plant, ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1664.
|
Artem Vladimirovich ZHOGA
ar a dtugtar freisin
Artyom Vladimirovich ZHOGA
(Артём Владимирович ЖОГА)
|
Feidhm: Cathaoirleach ar ‘People’s Council of the Donetsk People’s Republic’, mar a ghairtear de
Iarcheannasaí Sparta Battalion
Dáta breithe: 18.1.1975
Áit bhreithe: Shirokiy, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Tá Artem Zhoga mar Chathaoirleach ar ‘People’s Council of the Donetsk People’s Republic’ [Daon-Chomhairle Dhaon-Phoblacht Donetsk], mar a ghairtear de, ón 20 Meán Fómhair 2023. Ó mhí na Bealtaine 2022 go mí na Nollag 2023 bhí sé ina Cheannasaí ar Sparta Battalion, grúpa scarúnaíoch armtha a thacaigh go gníomhach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus a dhíchobhsaíonn an Úcráin a thuilleadh.
Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1665.
|
Valentina Vasilyevna LAVRIK
(Rúisis: Валентина Васильевна ЛАВРИК
Úcráinis: Валентина Василiвна ЛАВРИК)
|
Feidhm: ‘Aire Oideachais, Eolaíochta agus Óige Phoblacht na Crimé’, mar a ghairtear de
Dáta breithe: 25.2.1969
Áit bhreithe: Khomenky, APSS (an Úcráin anois)
Náisiúntacht: Úcránach
Inscne: baineann
|
Is í Valentina Lavrik ‘Aire Oideachais, Eolaíochta agus Óige Phoblacht na Crimé’, mar a ghairtear de, ó mhí na Nollag 2019 i leith. Sa ról sin, den chuid is mó déanann sí maoirseacht ar chur chun feidhme chóras mhíleatú an oideachais do leanaí Úcránacha sa Chrimé, a ionghabhadh go neamhdhleathach, chomh maith le teanga agus cultúr na hÚcráine a chur faoi chois do na leanaí sin.
Le linn chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ó 2022 i leith, tá sí freagrach as comhordú agus maoirseacht a dhéanamh ar aistriú leanaí ó réigiúin Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporozhzhia, atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, chuig campaí sa Chrimé. Níor ceadaíodh do chuid de na leanaí a chuaigh chuig na campaí sin le toiliú a dtuismitheoirí filleadh ar an Úcráin mar gheall ar a dtuairimí ar son na hÚcráine.
Agus í ag glacadh na cáile sin chuici agus ag gníomhú di dá réir, tá sí ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sí chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1666.
|
Vladimir Vitalyevich BOBKOV
(Rúisis: Владимир Витальевич БОБКОВ
Úcráinis: Володимир Вiталiйович БОБКОВ)
|
Feidhm: Leas-Uachtarán ar ‘Chomhairle Stáit Phoblacht na Crimé’, mar a ghairtear di
Dáta breithe: 1.3.1980
Áit bhreithe: Krasnoznamenka, APSS (an Úcráin anois)
Náisiúntacht: Úcránach
Inscne: fireann
|
Tá Vladimir Bobkov ina Chomhalta de ‘Praesaidiam Chomhairle Pholaitiúil Réigiúnach Phoblacht na Crimé’, mar a ghairtear de, de Pháirtí na Rúise Aontaithe agus ina Leas-Uachtarán ar ‘Comhairle Stáit Phoblacht na Crimé’, mar a ghairtear de, ó mhí Mheán Fómhair 2019. Déanann sé maoirseacht agus tá sé ag tacú le beartais atá dírithe ar reachtaíocht Chónaidhm na Rúise a chur chun feidhme sa Chrimé, a ionghabhadh go neamhdhleathach, lena n-áirítear maidir le beartas teanga. Thug sé tacaíocht freisin do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú do dá réir, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1667.
|
Alexey Gennadyevich DYUMIN
(Алексей Геннадьевич ДЮМИН)
|
Feidhm: Gobharnóir Réigiún Tula
Dáta breithe: 28.8.1972
Áit bhreithe: Kursk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Tá Alexey Dyumin ina Ghobharnóir ar Réigiún Tula ó 2016. Ba é a bhí i gceannas ar Fhórsaí Oibríochtaí Speisialta míleata na Rúise roimhe sin, agus rinne sé maoirseacht ar ionghabháil na Crimé in 2014.
I gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, rinne sé maoirseacht go pearsanta ar shlógadh saighdiúirí i Réigiún Tula, bhí baint aige le scoil oiliúna ladrainn a chur ar bun d’oibrithe atá ag tabhairt faoi mhisin san Úcráin, agus tá bearta tacaíochta curtha i bhfeidhm aige chun aerárthaí gan foireann a tháirgeadh sa tionscal cosanta i Tula Oblast.
Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú do dá réir, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1668.
|
Arkady Yurievich ROMANOV
(Аркадий Юрьевич РОМАНОВ)
(Аркадiй Юрiйович РОМАНОВ)
|
Feidhm: Leas-Cheannasaí Chabhlach na Mara Duibhe de Chabhlach na Rúise;
Leas-Aimiréal
Dáta breithe: 8.4.1969
Áit bhreithe: Moscó, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Ó mhí Dheireadh Fómhair 2021, tá an Leas-Aimiréal Arkady Romanov ina Leas-Cheannasaí ar Chabhlach na Mara Duibhe de Chabhlach na Rúise, atá faoi cheannas Dhúiche Mhíleata an Deiscirt de chuid Fhórsaí Armtha na Rúise, agus a bhfuil baint aige le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1669.
|
Andrey Anatolievich ALEKSEYENKO
(Rúisis: Андрей Анатольевич АЛЕКСЕЕНКО
Úcráinis: Андрiй Анатолiйович АЛЕКСЕЄНКО)
|
Feidhm: ‘Cathaoirleach ar Rialtas Míleata agus Sibhialtachta Kherson’, mar a ghairtear de
Dáta breithe: 23.4.1978
Áit bhreithe: Novopokrovskaya, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Ón 25 Samhain 2022, tá Andrey Alekseyenko ina ‘Cathaoirleach ar Rialtas Míleata agus Sibhialtachta Kherson’, mar a ghairtear de. Tá an ról sin glactha aige gan toiliú ó údaráis na hÚcráine, i gcríocha Réigiún Kherson atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach agus tá beartais oifigiúla ó Chónaidhm na Rúise á gcur chun feidhme aige sa réigiún.
Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1670.
|
Alla Viktorovna BARKHATNOVA
(Rúisis: Алла Викторовна БАРХАТНОВА
Úcráinis: Алла Вiкторiвна БАРХАТНОВА)
|
Feidhm: ‘Aire Saothair agus Beartais Shóisialta’, mar a ghairtear di, i Réigiún Kherson.
Dáta breithe: 25.9.1973
Áit bhreithe: Kalinino, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
|
Is í Alla Barkhatnova ‘Aire Saothair agus Beartais Shóisialta’ Réigiún Kherson, mar a ghairtear di, ón 25 Deireadh Fómhair 2023. Tá sí freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhtháthú cheantair Kherson nach bhfuil faoi rialú na hÚcráine i dtreo Chónaidhm na Rúise, trí bhearta agus tionscnaimh na Rúise maidir le beartas sóisialta a chur chun feidhme iontu. Bhí baint aici freisin le díbirt neamhdhleathach agus athoideachas a chur ar leanaí Úcránacha, lena n-áirítear a ndíbirt chun na Rúise.
Agus í ag glacadh na cáile sin chuici agus ag gníomhú di dá réir, tá sí ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sí chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1671.
|
Artysh Mikhailovich SAT
(Rúisis: Артыш Михайлович CАТ
Úcráinis: Артиш Михайлович САТ)
|
Feidhm: ‘Aire Gníomhach Sláinte’ Réigiún Kherson, mar a ghairtear de
Dáta breithe: 9.2.1983
Áit bhreithe: Poblacht Shóisialach Shóivéadach Fhéinrialaitheach Tuvan, APSS (Poblacht Tuva, Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Artysh Sat ‘Aire Gníomhach Sláinte’, mar a ghairtear de, i Réigiún Kherson ón 28 Márta 2023. Tá an ról sin glactha aige gan toiliú ó údaráis na hÚcráine, i gcríocha Réigiún Kherson atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach agus tá beartais oifigiúla ó Chónaidhm na Rúise á gcur chun feidhme aige sa réigiún.
Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1672.
|
Alexey Sergeevich GALCHENKOV
(Rúisis: Алексей Сергеевич ГАЛЧЕНКОВ
Úcráinis: Олексiй Сергiйович ГАЛЧЕНКОВ)
|
Feidhm: ‘Aire Oideachais’ Réigiún Kherson, mar a ghairtear de
Dáta breithe: 18.4.1987
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Alexey Galchenkov ‘Aire Oideachais’ Réigiún Kherson, mar a ghairtear de, ón 8 Samhain 2023. Tá an ról sin glactha aige, gan toiliú ó údaráis na hÚcráine, i gcríocha Réigiún Kherson atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach agus tá beartais oifigiúla ó Chónaidhm na Rúise á gcur chun feidhme aige sa réigiún.
Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1673.
|
Yevhen Oleksandrovich BRYKOV
ar a dtugtar freisin
Yevgeny Alexandrovich BRYKOV
(Rúisis: Евгений Александрович БРЫКОВ
Úcráinis: Євген Олександрович БРИКОВ)
|
Feidhm: ‘Aire Beartais Faisnéise’ Réigiún Kherson, mar a ghairtear de
Dáta breithe: 21.5.1988
Áit bhreithe: Kherson, APSS (an Úcráin anois)
Náisiúntacht: Úcránach
Inscne: fireann
|
Is é Yevhen Brykov ‘Aire Beartais Faisnéise’ Réigiún Kherson, mar a ghairtear de, ón 22 Nollaig 2022. Tá an ról sin glactha aige gan toiliú ó údaráis na hÚcráine, i gcríocha Réigiún Kherson atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach agus tá beartais oifigiúla ó Chónaidhm na Rúise á gcur chun feidhme aige sa réigiún.
Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1674.
|
Semyon Alexeyevich MASHKAUTSAN
ar a dtugtar freisin
Salah MASHKAUTSAN
(Семен Алексеевич МАШКАУЦАН
ar a dtugtar freisin
Салах Алексеевич МАШКАУЦАН)
|
Feidhm: ‘Leascheann Rialtais agus ‘Aire Tionscail’ Réigiún Kherson, mar a ghairtear de
Dáta breithe: 2.3.1990
Áit bhreithe: Chelyabinsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Semyon Mashkautsan ‘Leascheann Rialtais’ agus ‘Aire Tionscail’ Réigiún Kherson, mar a ghairtear de, ón 18 Lúnasa 2022. Tá an ról sin glactha aige, gan toiliú ó údaráis na hÚcráine, i gcríocha Réigiún Kherson atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach agus tá beartais oifigiúla ó Chónaidhm na Rúise á gcur chun feidhme aige sa réigiún.
Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1675.
|
Igor Vladimirovich ASTRANIN
(Rúisis: Игорь Владимирович АСТРАНИН
Úcráinis: Iгор Володимирович АСТРАНIН)
|
Feidhm: ‘Aire bheartas na hóige’ réigiún Kherson, mar a ghairtear de
Dáta breithe: 15.6.1991
Áit bhreithe: Astrakhan, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Igor Astranin ‘Aire Bheartas na hÓige’, mar a ghairtear de, i Réigiún Kherson ón 9 Lúnasa 2023. Tá an ról sin glactha aige gan toiliú ó údaráis na hÚcráine, i gcríocha Réigiún Kherson atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach agus tá beartais oifigiúla ó Chónaidhm na Rúise á gcur chun feidhme aige sa réigiún.
Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1676.
|
Grigory Alexandrovich GUROV
(Григорий Александрович ГУРОВ)
|
Feidhm: Cathaoirleach ar Bhord ghluaiseacht stát poiblí na Leanaí agus na hÓige Uile-Rúiseach ‘Movement of the First’
Dáta breithe: 31.10.1985
Áit bhreithe: Stavropol, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is Cathaoirleach é Grigory Gurov ar Bhord Movement of the First’, eagraíocht óige faoi stiúir an stáit sa Rúis, ón 16 Nollaig 2022. Cruthaíodh an eagraíocht ar thionscnamh ón Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin chun gníomhaíochtaí oideachais a sholáthar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí de chineál míleataithe, do leanaí idir 6 bliana agus 18 mbliana d’aois, bunaithe ar ‘spriocanna traidisiúnta spioradálta agus morálta na Rúise’. Bíonn cruinnithe ag na leanaí, ar baill den ghluaiseacht iad, leis na saighdiúirí a throid i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, seolann siad cártaí agus litreacha tacaíochta chucu agus ullmhaíonn siad trealamh lena n-úsáid ar an láthair chatha, agus foghlaimíonn siad conas ladrainn a láimhseáil. Ina theannta sin, d’eagraigh an Ghluaisteacht cluichí cogaíochta, a dhéanann cásanna a thiteann amach i gcathanna a athchruthú agus a ionsamhlú.
Tugtar faoi na gníomhaíochtaí sin i réigiúin uile na Rúise agus sa Chrimé, a ionghabhadh go neamhdhleathach, agus i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach: Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia. Dá réir sin, trína cláir éagsúla cuireann an Ghluaiseacht oideachas ar leanaí na hÚcráine, lena n-áirítear leanaí a díbríodh go neamhdhleathach chun na Rúise.
Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1677.
|
Alexander Vladimirovich IVANOV
(Александр Владимирович ИВАНОВ)
|
Feidhm: Stiúrthóir JSC VMP Avitek (ar a dtugtar freisin Vyatka Machine-Building Enterprise Avitek)
Náisiúntacht: Rúiseach
Dáta breithe: 4.1.1959
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 773100938456
|
Is Stiúrthóir é Alexander Ivanov ar JSC VMP Avitek (ar a dtugtar freisin Vyatka Machine-Building Enterprise Avitek). Is fiontar stáit míleata-tionsclaíoch Rúiseach é JSC VMP Avitek a fhorbraíonn agus a tháirgeann diúracáin threoraithe ó dhromchla go haer frith-aerárthaía imscarann Fórsaí Armtha na Rúise. Ina theannta sin, forbraíonn agus táirgeann JSC VMP Avitek suíocháin eisteilgin le haghaidh scairdeitleáin trodaíochta atá in úsáid ag Fórsaí Armtha na Rúise. Thairis sin, tá JSC VMP Avitek ina chuid den ghnóthas Almaz-Antey, monaróir arm Rúiseach atá faoi úinéireacht stáit a fhorbraíonn córais cosanta frith-aerárthaí agus diúracáin cúrsála d’arm na Rúise.
Go háirithe, tá Alexander Ivanov, ina cháil mar Stiúrthóir JSC VMP Avitek, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin. Ina theannta sin, tá Alexander Ivanov bainteach leis an ngnóthas Almay-Antey, atá ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1678.
|
Vladimir Alexandrovich BOBROV
(Владимир Александрович БОБРОВ)
|
Feidhm: Stiúrthóir MG-Flot LLC
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 253902099914
|
Is Stiúrthóir é Vladimir Bobrov ar MG-Flot LLC (ar a dtugtaí TransMorFlot LLC roimhe seo). Is cuideachta loingseoireachta Rúiseach é MG-Flot LLC a sholáthraíonn tacaíocht lóistíochta d’Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise. Go háirithe, tá MG-Flot LLC bainteach le líonra iompair mhíleata de shoithí lastais na Rúise a bhfuil armálacha na Cóiré Thuaidh á seoladh acu ó Pyongyang chuig saoráidí míleata i gcalafort Dunai, sa Rúis. Ina dhiaidh sin, aistrítear muinisin de chuid na Cóiré Thuaidh arna n-iompar ag MG-Flot LLC chuig iostaí ar theorainn thiar na Rúise lena n-imscaradh i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Ina theannta sin, bhí soithí faoi úinéireacht MG-Flot LLC páirteach i lastais arm ón Iaráin chun cabhrú le hionradh iomlán na Rúise ar an Úcráin.
Dá bhrí sin, tá Vladimir Bobrov, ina cháil mar Stiúrthóir MG-Flot LLC, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1679.
|
Vladimir Egorovich ZAITSEV
ar a dtugtar freisin
Vladimir Yegorovich ZAYTSEV
(Владимир Егорович ЗАЙЦЕВ)
|
Feidhm: Stiúrthóir JSC VNIIRT (ar a dtugtar freisin All-Russian Research Institute ff Radio Engineering)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 504790126749
|
Is Stiúrthóir é Vladimir Zaitsev ar JSC VNIIRT (ar a dtugtar freisin All-Russian Research Institute Of Radio Engineering). Is fiontar stáit míleata-tionsclaíoch Rúiseach é JSC VNIIRT a fhorbraíonn córais radair arna n-imscaradh ag Fórsaí Armtha na Rúise, lena n-áirítear córais radair a úsáidtear le haghaidh chóras diúracán Pantsir-S1 na Rúise. Thairis sin, tá JSC VNIIRT ina chuid den ghnóthas Almaz-Antey, monaróir arm Rúiseach atá faoi úinéireacht stáit a fhorbraíonn córais cosanta frith-aerárthaí agus diúracáin cúrsála d’arm na Rúise.
Dá bhrí sin, tá Vladimir Zaitsev, ina cháil mar Stiúrthóir ar JSC VNIIRT, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.. Ina theannta sin, tá Vladimir Zaitsev bainteach leis an ngnóthas Almay-Antey, atá ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1680.
|
Vladimir Ivanovich SHASTIN
(Владимир Иванович ШАСТИН)
|
Feidhm: Stiúrthóir Azia Shipping Company LLC
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 253606386404
|
Is Stiúrthóir é Vladimir Shastin ar Azia Shipping Company LLC. Is cuideachta loingseoireachta Rúiseach í Azia Shipping Company LLC a sholáthraíonn tacaíocht lóistíochta d’Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise. Go háirithe, tá Azia Shipping Company LLC bainteach le líonra iompair mhíleata de shoithí lastais na Rúise a bhfuil armálacha na Cóiré Thuaidh á seoladh acu ó Pyongyang chuig saoráidí míleata i gcalafort Dunai, sa Rúis. Ina dhiaidh sin, aistrítear muinisin de chuid na Cóiré Thuaidh arna n-iompar ag Azia Shipping Company LLC chuig iostaí ar theorainn thiar na Rúise lena n-imscaradh i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
Dá bhrí sin, tá Vladimir Shastin, ina cháil mar Stiúrthóir arAzia Shipping Company LLC, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin..
|
23.2.2024
|
|
1681.
|
Sergei Sergeevich CHURIN
ar a dtugtar freisin
Sergey CHURIN
(Сергей Сергеевич ЧУРИН)
|
Feidhm: Stiúrthóir JSC UMZ
Náisiúntacht: Rúiseach
Dáta breithe: 12.4.1967
Inscne: Fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 602706229177
|
Is Stiúrthóir é Sergei Churin ar JSC UMZ (ar a dtugtar freisin Ulyansk Mechanical Plant). Is fiontar stáit míleata-tionsclaíoch Rúiseach é JSC UMZ a fhorbraíonn córais diúracán, lena n-áirítear córas diúracán Buk-M2, arna imscaradh ag Fórsaí Armtha na Rúise. Thairis sin, tá JSC UMZ ina chuid den ghnóthas Almaz-Antey, monaróir arm Rúiseach atá faoi úinéireacht stáit a fhorbraíonn córais cosanta frith-aerárthaí agus diúracáin cúrsála d’arm na Rúise.
Dá bhrí sin, tá Sergei Churin, ina cháil mar Stiúrthóir ar JSC UMZ, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin. Ina theannta sin, tá Sergei Churin bainteach leis an ngnóthas Almay-Antey, atá ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1682.
|
Sergei Valentinovich PETROV
ar a dtugtar freisin
Sergey Valentinovich PETROV
(Сергей Валентинович ПЕТРОВ)
|
Feidhm: Príomhoifigeach feidhmiúcháin agus úinéir PSV Technologies LLC
Náisiúntacht: Rúiseach
Dáta breithe: 26.4.1961
Áit bhreithe: An Rúis
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 771876721575
|
Is príomhoifigeach feidhmiúcháin é Sergei Petrov agus úinéir PSV Technologies LLC. Is eintiteas Rúiseach é PSV Technologies LLC a bhfuil baint aige le soláthar earraí ardteicneolaíochta thar ceann Rialtas Chónaidhm na Rúise. Feidhmíonn an t-eintiteas mar sholáthróir i ndeich gconradh ar a laghad le Rialtas na Rúise, lena n-áirítear conarthaí le príomh-mhonaróirí arm faoi úinéireacht stáit laistigh de choimpléasc míleata-tionsclaíoch na Rúise. Go háirithe, éascaíonn PSV Technologies LLC earraí dé-úsáide agus míleata atá faoi réir smachtbhannaí a fháil ón Aontas Eorpach thar ceann mhonaróirí arm na Rúise atá faoi úinéireacht stáit.
Dá bhrí sin, tá Sergei Petrov, ina cháil mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin agus úinéir PSV Technologies LLC, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin..
|
23.2.2024
|
|
1683.
|
Mikhail Alekseevich IVANCHIKHIN
(Михаил Алексеевич ИВАНЧИХИН)
|
Feidhm: Stiúrthóir JSC MNII Agat (ar a dtugtar freisin Moscow Research Institute Agat)
Náisiúntacht: Rúiseach
Uimhir Aitheantais Chánach: 501304253418
|
Is Stiúrthóir é Mikhail Ivanchikhin ar JSC MNII Agat (ar a dtugtar freisin Moscow Research Institute Agat). Is fiontar stáit míleata-tionsclaíoch Rúiseach é JSC MNII Agat a fhorbraíonn agus a tháirgeann trasghlacadóirí radair le haghaidh diúracáin threoraithe arna n-imscaradh ag fórsaí armtha na Rúise, lena n-áirítear ‘ceann frithinge gníomhach radair 9B-1103M-350’ a úsáidtear i ndiúracáin aer go haer agus dromchla go haer na Rúise. Thairis sin, tá JSC MNII Agat ina chuid den ghnóthas Almaz-Antey, monaróir arm Rúiseach atá faoi úinéireacht stáit a fhorbraíonn córais cosanta frith-aerárthaí agus diúracáin cúrsála d’arm na Rúise.
Dá bhrí sin, tá Mikhail Ivanchikhin, ina cháil mar Stiúrthóir ar JSC VNIIRT, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin. Ina theannta sin, tá Mikhail Ivanchikhin bainteach leis an ngnóthas Almay-Antey, atá ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1684.
|
Mikhail Valentinovich LUKYANOV
(Михаил Валентинович ЛУКЬЯНОВ)
|
Feidhm: Stiúrthóir Oboronlogistics LLC
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 773384195360
|
Is Stiúrthóir é Mikhail Lukyanov ar Oboronlogistics LLC. Is cuideachta loingseoireachta é Oboronlogistics LLC a bunaíodh faoi Aireacht Cosanta na Rúise. Tá tacaíocht lóistíochta á soláthar ag an gcuideachta d’Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise. Go háirithe, tá Oboronlogistics LLC bainteach le líonra iompair mhíleata de shoithí lastais na Rúise a bhfuil armálacha na Cóiré Thuaidh á seoladh acu ó Pyongyang chuig saoráidí míleata i gcalafort Dunai, sa Rúis. Ina dhiaidh sin, aistrítear muinisin de chuid na Cóiré Thuaidh arna n-iompar ag Oboronlogistics LLC chuig iostaí ar theorainn thiar na Rúise lena n-imscaradh i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
Dá bhrí sin, is duine nádúrtha é Mikhail Lukyanov, atá, ina cháil mar Stiúrthóir ar Oboronlogistics LLC, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1685.
|
Nadezhda Alexandrovna RESHETNEVA
(Надежда Александровна РЕШЕТНЕВА)
|
Feidhm: Stiúrthóir Sovfracht JSC
Dáta breithe: 18.9.1968
Áit bhreithe: Dnipropetrovsk, APSS
Inscne: baineann
Uimhir Aitheantais Chánach: 772200240825
|
Is Stiúrthóir í Nadezhda Reshetneva ar Sovfracht JSC. Is cuideachta loingseoireachta Rúiseach é Sovfracht JSC a sholáthraíonn tacaíocht lóistíochta d’Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise. Go háirithe, feidhmíonn Sovfracht JSC mar phríomhnód i líonraí iompair mhíleata de shoithí lastais na Rúise a bhfuil armálacha na Cóiré Thuaidh á seoladh acu ó Pyongyang chuig saoráidí míleata i gcalafort Dunai, sa Rúis. Ina dhiaidh sin, aistrítear muinisin de chuid na Cóiré Thuaidh arna n-iompar ag Sovfracht JSC chuig iostaí arm ar theorainn thiar na Rúise lena n-imscaradh i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
Dá bhrí sin, is í Nadezhda Reshetneva, atá, ina cáil mar Stiúrthóir ar Sovfracht JSC, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1686.
|
Nikolai Anatolievich PANKOV
(Николай Анатольевич ПАНЬКОВ)
|
Feidhm: Príomhoifigeach feidhmiúcháin Marine Trans Shipping LLC
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 301803080162
|
Is é Nikolai Pankov príomhoifigeach feidhmiúcháin Marine Trans Shipping LLC. Is cuideachta loingseoireachta Rúiseach é Marine Trans Shipping LLC a sholáthraíonn tacaíocht lóistíochta d’Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise. Go háirithe, tá Marine Trans Shipping LLC bainteach le líonra iompair mhíleata de shoithí lastais na Rúise a bhfuil armálacha na Cóiré Thuaidh á seoladh acu ó Pyongyang chuig saoráidí míleata i gcalafort Dunai, sa Rúis. Ina dhiaidh sin, aistrítear muinisin de chuid na Cóiré Thuaidh arna n-iompar ag Marine Trans Shipping LLC chuig iostaí ar theorainn thiar na Rúise lena n-imscaradh i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
Dá bhrí sin, tá Nikolai Pankov, ina cháil mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin Marine Trans Shipping LLC, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.
|
23.2.2024
|
|
1687.
|
Alexey Yurievich BRAGIN
(Алексей Юрьевич БРАГИН)
|
Feidhm: Stiúrthóir JSC RIRV (ar a dtugtar freisin Russian Institute of Radio Navigation and Time)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 780615807818
|
Is Stiúrthóir é Alexey Bragin ar JSC RIRV (ar a dtugtar freisin Russian Institute of Radio Navigation and Time). Is fiontar stáit míleata-tionsclaíoch Rúiseach é JSC RIRV a fhorbraíonn trealamh loingseoireachta do chóras GLONASS na Rúise arna imscaradh ag Fórsaí Armtha na Rúise chun stailceanna ardchruinnis a dhéanamh ar bhonneagar sibhialtach agus míleata san Úcráin. Thairis sin, tá JSC RIRV ina chuid den ghnóthas Almaz-Antey, monaróir arm Rúiseach atá faoi úinéireacht stáit a fhorbraíonn córais cosanta frith-aerárthaí agus diúracáin cúrsála d’arm na Rúise.
Dá bhrí sin, tá Alexey Bragin, ina cháil mar Stiúrthóir ar JSC RIRV, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.. Ina theannta sin, tá Alexey Bragin bainteach leis an ngnóthas Almay-Antey, atá ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1688.
|
Nikolay Borisovich MEDUNITSIN
ar a dtugtar freisin
Nikolai Borisovich MEDUNITSIN
(Николай Борисович МЕДУНИЦИН)
|
Feidhm: Stiúrthóir JSC NIIP (ar a dtugtar freisin Tikhomirov Scientific Research Institute of Instrument Design)
Náisiúntacht: Rúiseach
Dáta breithe: 31.10.1961
Áit bhreithe: Ukhta, Poblacht Komi, Cónaidhm na Rúise
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 501303228112
|
Is Stiúrthóir é Nikolai Medunitsin ar JSC NIIP (ar a dtugtar freisinTikhomirov Scientific Research Institute of Instrument Design). Is fiontar stáit míleata-tionsclaíoch Rúiseach é JSC NIIP. Táirgeann JSC NIIP córais diúracán frith-aerárthaí meánraoin d’fhórsaí talún na Rúise, lena n-áirítear córais diúracán Buk-M1-2, chomh maith le córais rialaithe arm agus córais radair eitlíochta le haghaidh aerárthaí trodaíochta, lena n-áirítear aerárthaí MiG-31, Su-27, Su-33, Su-30MKKK, Su-30MK2, Su-30MKI, Su-27SM, agus Su-35, arna n-imscaradh ag Fórsaí Armtha na Rúise. Thairis sin, tá JSC NIIP ina chuid den ghnóthas Almaz-Antey, monaróir arm Rúiseach atá faoi úinéireacht stáit a fhorbraíonn córais cosanta frith-aerárthaí agus diúracáin cúrsála d’arm na Rúise.
Dá bhrí sin, tá Nikolai Medunitsin, ina cháil mar Stiúrthóir ar JSC NIIP, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin. Ina theannta sin, tá Nikolai Medunitsin bainteach leis an ngnóthas Almay-Antey, atá ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1689.
|
Gennady Valentinovich SVETLOV
(Геннадий Валентинович СВЕТЛОВ)
|
Feidhm: Stiúrthóir JSC RPTP Granit (ar a dtugtar freisin Ryazan Production and Technical Enterprise Granit)
Náisiúntacht: Rúiseach
Dáta breithe: 12.1.1958
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 503613509290
|
Is Stiúrthóir é Gennady Svetlov ar JSC RPTP Granit (ar a dtugtar freisin Ryazan Production and Technical Enterprise Granit). Is fiontar stáit míleata-tionsclaíoch Rúiseach é JSC RPTP Granit a dhéanann cothabháil agus tástáil ar chórais arm, lena n-áirítear córais diúracán S-400 Triumf agus S-300, arna n-imscaradh ag Fórsaí Armtha na Rúise. Thairis sin, tá JSC RPTP Granit ina chuid den ghnóthas Almaz-Antey, monaróir arm Rúiseach atá faoi úinéireacht stáit a fhorbraíonn córais cosanta frith-aerárthaí agus diúracáin cúrsála d’arm na Rúise.
Dá bhrí sin, tá Gennady Svetlov, ina cháil mar Stiúrthóir ar JSC RPTP Granit, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin. Ina theannta sin, tá Gennady Valentinovich Svetlov bainteach leis an ngnóthas Almay-Antey, atá ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1690.
|
Igor Yurievich MAKUSHEV
(Игорь Юрьевич МАКУШЕВ)
|
Feidhm: Stiúrthóir JSC MAK Vympel; Leifteanant-Ghinearál Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise; Leas-Cheann Foirne Ginearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise; Cathaoirleach ar Choiste Míleata-Eolaíochta na Príomh-Stiúrthóireachta Míochaine Míleata in Aireacht Chosanta Chónaidhm na Rúise
Náisiúntacht: Rúiseach
Dáta breithe: 6.8.1964
Áit bhreithe: Petropavlovsk-Kamchatsky, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 690706813266
|
Is oifigeach ardchéime é Igor Makushev in arm na Rúise agus is é Stiúrthóir ar MAK Vympel é. Is fiontar stáit míleata-tionsclaíoch Rúiseach é JSC MAK Vympel (ar a dtugtar freisin Cuideachta Comhstoic Chorparáid Idirstáit Vympel) a fhorbraíonn córais diúracán frith-bhalaistíoch agus córais rialaithe spáis atá in úsáid ag Fórsaí Armtha na Rúise. Thairis sin, tá JSC MAK Vympel ina chuid den ghnóthas Almaz-Antey, monaróir arm Rúiseach atá faoi úinéireacht stáit a fhorbraíonn córais cosanta frith-aerárthaí agus diúracáin cúrsála d’arm na Rúise.
Dá bhrí sin, tá Igor Makushev, ina cháil mar Stiúrthóir ar JSC MAK Vympel agus ina cháil mar oifigeach ardchéime i bhFórsaí Armtha na Rúise araon, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.. Ina theannta sin, tá Igor Makushev bainteach leis an ngnóthas Almay-Antey, atá ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1691.
|
Svetlana Vladimirovna SAVELYEVA
(Светлана Владимировна САВЕЛЬЕВА)
|
Feidhm: Príomhoifigeach feidhmiúcháin M Leasing LLC
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
Uimhir Aitheantais Chánach: 771552332201
|
Is í Svetlana Savelyeva príomhoifigeach feidhmiúcháin M Leasing LLC. Is cuideachta loingseoireachta Rúiseach é M Leasing LLC a sholáthraíonn tacaíocht lóistíochta d’Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise. Go háirithe, tá M Leasing LLC bainteach le líonra iompair mhíleata de shoithí lastais na Rúise a bhfuil armálacha na Cóiré Thuaidh á seoladh acu ó Pyongyang chuig saoráidí míleata i gcalafort Dunai, sa Rúis. Ina dhiaidh sin, aistrítear muinisin de chuid na Cóiré Thuaidh arna n-iompar ag M Leasing LLC chuig iostaí ar theorainn thiar na Rúise lena n-imscaradh i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
Dá bhrí sin, tá Svetlana Savelyeva, ina cáil mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin M Leasing LLC, ag tacú go hábharach, agus ag baint tairbhe as Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.
|
23.2.2024
|
|
1692.
|
Vasily Nikolaevich SHUPRANOV
ar a dtugtar freisin
Vasiliy Nikolayevich SHUPRANOV
(Василий Николаевич ШУПРАНОВ)
|
Feidhm: Stiúrthóir JSC NMZ (ar a dtugtar freisin Nizhny Novgorod Machine-Building Plant)
Dáta breithe: 30.3.1957
Áit bhreithe: Sráidbhaile Mezhenin, ceantar Klimovichi, réigiún Mogilev Oblast, Poblacht na Bealarúise
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 525608742548
|
Is Stiúrthóir é Vasily Shupranov ar JSC NMZ (ar a dtugtar freisin Nizhny Novgorod Machine-Building Plant). Is fiontar stáit míleata-tionsclaíoch Rúiseach é JSC NMZ a fhorbraíonn córais airtléire agus córais diúracán, lena n-áirítear córas diúracán frith-aerárthaí S-300, arna n-imscaradh ag Fórsaí Armtha na Rúise. Thairis sin, tá JSC NMZ ina chuid den ghnóthas Almaz-Antey, monaróir arm Rúiseach atá faoi úinéireacht stáit a fhorbraíonn córais cosanta frith-aerárthaí agus diúracáin cúrsála d’arm na Rúise.
Dá bhrí sin, tá Vasily Shupranov, ina cháil mar Stiúrthóir ar JSC NMZ, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.. Ina theannta sin, tá Vasily Shupranov bainteach leis an ngnóthas Almay-Antey, atá ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1693.
|
Alexander Georgievich LEONOV
(Александр Георгиевич ЛЕОНОВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC Mashinostroyeniya
Dáta breithe: 26.2.1952
Áit bhreithe: Morshansk, Russia APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais chánach: 504101219706
|
Is Ard-Stiúrthóir é Alexander Leonov ar JSC Mashinostroyeniya, a tháirgeann diúracáin P-800 Oniks (Onyx), a úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise sa chogadh foghach ar an Úcráin.
Ina ról, tá Alexander Leonov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. Tá baint aige freisin le JSC Mashinostroyeniya.
|
23.2.2024
|
|
1694.
|
Alexander Evgenievich REZNIK
(Александр Евгеньевич РЕЗНИК)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC Petrovsky Electromechanical Plant ‘Molot’
Dáta breithe: 1976
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais chánach: 645303859610
|
Is Ard-Stiúrthóir é Alexander Reznik ar JSC Petrovsky Electromechanical Plant ‘Molot’, ar cuideachta tionscail mhíleata é a tháirgeann comhpháirteanna agus ionstraimí éagsúla le haghaidh airm a úsáidtear sa cogadh foghach ar an Úcráine. Is fochuideachta de JSC Concern Granit-Electron é JSC Petrovsky Electromechanical Plant ‘Molot’, atá mar chuid de JSC Tactical Missiles Corporation.
Ina ról, tá Alexander Reznik ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. Tá baint aige freisin le JSC Petrovsky Electromechanical Plant ‘Molot’, JSC Concern Granit-Electron agus JSC Tactical Missiles Corporation.
|
23.2.2024
|
|
1695.
|
Alexander Yurievich ZVEREV
(Александр Юрьевич ЗВЕРЕВ)
|
Feidhm: Príomhoifigeach feidhmiúcháin JSC Zavod Dagdizel
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 121519603488
|
Is é Alexander Zverev príomhoifigeach feidhmiúcháin JSC Zavod Dagdizel, ar cuideachta tionscail mhíleata é a bhfuil baint aici le hairm faoi uisce a fhorbairt agus a tháirgeadh do Chabhlach na Rúise a úsáidtear sa chogadh foghach ar an Úcráin. Is fochuideachta de MPO-Gidropribor é JSC Zavod Dagdizel, atá mar chuid de JSC Tactical Missiles Corporation.
Ina ról, tá Alexander Zverev ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. Tá baint aige freisin le JSC Zavod Dagdizel, MPO-Gidropribor agus JSC Tactical Missiles Corporation.
|
23.2.2024
|
|
1696.
|
Andrei Nikolaevich IVASHKIN
(Андрей Николаевич ИВАШКИН)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC Central Design Bureau of Automatics
Dáta breithe: 17.8.1966
Áit bhreithe: Feirm stáit ‘Severo-Lubinsky’, ceantar Lyubinsky, réigiún Omsk, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais chánach: 550102218033
|
Is Ard-Stiúrthóir é Andrei Ivashkin ar JSC Central Design Bureau of Automatics (TsKBA), a dhearann agus a tháirgeann comhpháirteanna do dhiúracáin Kh-31P, a úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise sa chogadh foghach ar an Úcráin.
Ina ról, tá Andrey Ivashkin ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. Tá baint aige freisin le JSC Central Design Bureau of Automatics.
|
23.2.2024
|
|
1697..
|
Igor Borisovich PONOMAREV
(Игорь Борисович ПОНОМАРЕВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC Concern Granit-Electron
Dáta breithe: 30.10.1964
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 772631515680
|
Is Ard-Stiúrthóir é Igor Ponomarev ar JSC Concern Granit-Electron, a tháirgeann córais uathoibríocha rialaithe le haghaidh dhiúracáin P-800 Oniks (Yakhont), a úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise sa chogadh foghach ar an Úcráin.
Dá bhrí sin, tá Igor Ponomarev ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sí chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin. Tá baint aige freisin le JSC Concern Granit-Electron.
|
23.2.2024
|
|
1698.
|
Vladimir Georgievich PETRUSHENKO
(Владимир Георгиевич ПЕТРУШЕНКО)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC Design Bureau of Mechanical Engineering
Dáta breithe: 4.4.1950
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais chánach: 290201375179
|
Is Ard-Stiúrthóir é Vladimir Petrushenko ar JSC Design Bureau of Mechanical Engineering, ar cuideachta tionscail mhíleata é a bhfuil baint aige le hairm a fhorbairt d’Fhórsaí Armtha na Rúise. Is é JSC Design Bureau of Mechanical Engineering an príomhfhorbróir don chóras diúracán Bal, a úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise sa chogadh foghach ar an Úcráin.
Ina ról, tá Vladimir Petrushenko ag tacú le gníomhaíochtaí, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin. Tá baint aige freisin le JSC Design Bureau of Mechanical Engineering agus le JSC Tactical Missil.
|
23.2.2024
|
|
1699.
|
Igor Yurievich AFANASYEV
(Игорь Юрьевич АФАНАСЬЕВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC NPO Elektromashina
Dáta breithe: 7.9.1968
Áit bhreithe: Moscó APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
|
Is Ard-Stiúrthóir é Igor Afanasyev ar JSC NPO Elektromashina.
Soláthraíonn NPO Elektromashina trealamh leictreach do chineálacha éagsúla arm Rúiseach a úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise le linn chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, amhail KamAZ Typhoon, T-72, T-90, BMP-3 agus tionscadal ‘Gibka’. Ós rud é gur Ard-Stiúrthóir ar JSC NPO Elektromashina é Igor Yurievich Afanasyev comhlíonann sé orduithe ó Aireacht Cosanta na Rúise.
Dá bhrí sin, tá Igor Afanasyev ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin. Dá bhrí sin, sa cháil sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1700.
|
Yuri Konstantinovich ISAEV
(Юрий Константинович ИСАЕВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC 'Arzamas Scientific Production Enterprise ‘TEMP-AVIA’
Dáta breithe: 1975
Áit bhreithe: Arzams
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
|
Is Ard-Stiúrthóir é Yuri Isaev i gcuideachta tionscail mhíleata Rúiseach Temp-Avia. Tá an chuideachta speisialaithe i gcórais loingseoireachta agus córais uathrialúcháin, córais rialaithe táimhe, aonaid tomhais thámhúla, cobhsaitheoirí gíreascóip, braiteoirí faisnéise príomhúla, táscairí sainstiúrach, agus córais chomhtháite ionstraimí cúltaca um loingseoireacht eitilte a tháirgeadh. Is cuideachtaí tionscail mhíleata eile de chuid na Rúise iad na páirtithe conarthacha agus Rialtas na Rúise é féin. Go háirithe, táirgeann Temp-Avia táscaire dearcadh bunúsach AGB-96, táscaire a úsáidtear ar héileacaptair Mi-8 de chuid Fhórsaí Armtha na Rúise arna n-imscaradh sa chogadh foghach ar an Úcráin.
Dá bhrí sin, ina ról, tá Yuri Isaev ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1701.
|
Eduard Georgievich BAZHENOV
(Эдуард Георгиевич БАЖЕНОВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC Special Design Bureau Turbina
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais chánach: 450113145320
|
Is Ard-Stiúrthóir Eduard Bazhenov éar chuideachta tionscail mhíleata Rúiseach JSC SDB Turbina. Táirgeann an chuideachta réitigh chumhachta a úsáideann cuideachtaí tionscail mhíleata eile na Rúise ina dhiaidh sin chun orduithe cosanta stáit a chomhlíonadh. Táirgeann JSC SDB Turbina gástuirbíní do habhatsair MSTA-S, a mbaineann Fórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise úsáid astu le linn chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
Dá bhrí sin, sa cháil sin, tá Eduard Bazhenov ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1702.
|
Dmitry Alexandrovich SKOROPUPOV
(Дмитрий Александрович СКОРОПУПОВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC Uralcryomash; Ionadaí Duma Chathair Nizhny Tagil
Dáta breithe: 24.12.1972
Áit bhreithe: Nizhny Tagil Sverdlovsk Oblast, APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúisis
@achilia0408/Inscne: fireann
|
Is Ard-Stiúrthóir é Dmitry Skoropupov ar JSC Uralcryomash. Soláthraíonn Uralcryomash earraí d’Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise faoi ordú cosanta stáit na Rúise. Soláthraíonn an chuideachta réitigh iompair naftailéine agus ocsaigine do Roscosmos’ Vostochny Cosmodrome. In Vostochny, seoltar satailítí Cosmodrome chun gur féidir le hArm na Rúise spriocanna a shainaithint i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Thairis sin, mar Ionadaí fadtéarmach Duma Chathair Nizhny Tagil, tá sé ag tacú le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin trí chúnamh daonnúil a sholáthar do Daon-Phoblachtaí Donetsk agus Lugansk mar a ghairtear díobh.
Dá bhrí sin, ina ról, tá Dmitry Skoropupov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1703.
|
Andrey Leonidovich TERLIKOV
(Андрей Леонидович ТЕРЛИКОВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC ‘UKBTM’
Dáta breithe: 22.2.1962
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
|
Is Ard-Stiúrthóir é Andrey Terlikov ar JSC ‘UKBTM’. Déanann an chuideachta tancanna T-72 agus T-90 a fhorbairt agus a nuachóiriú d’arm na Rúise, a úsáideann Fórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
Dá bhrí sin, ina ról, tá Andrey Terlikov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1704.
|
Boris Yakovlevich VOLOGDIN
(Борис Яковлевич ВОЛОГДИН)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC Tomsk Electrotechnical Plant
Dáta breithe: 22.7.1955
Áit bhreithe: Aliya village, Chita réigiún APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: fireann
|
Is Ard-Stiúrthóir é Boris Vologdin ar JSC Tomsk Electrotechnical Plant. Is soláthróir d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise í an chuideachta. Déanann JSC Tomsk Electrotechnical Plant T-90 a nuachóiriú leis an gcomhar agus faoi bhainistíocht a mháthairchuideachta Uralvagonzavod.
Dá bhrí sin, ina ról, tá Boris Vologdin ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1705.
|
Igor Akhmedovich BEKBULATOV
(Игорь Ахмедович БЕКБУЛАТОВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar Corporation ‘Proekt-technika’
Inscne: fireann
|
Is Ard-Stiúrthóir é Igor Bekbulatov ar Corporation ‘Proekt-technika’, cuideachta tionscail mhíleata Rúiseach. Táirgeann an chuideachta feithiclí sainchuspóireacha, amhail MTP-A2.7 agus MTP-A2.1, a úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise sa chogadh foghach ar an Úcráin.
Dá bhrí sin, tá Igor Bekbulatov ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1706.
|
Valentina Frantsevna KAMYNINA
(Úcráinis: Валентина Францiвна КАМИНIНА;
Rúisis: Валентина Францевна КАМЫНИНА)
|
Feidhm: Breitheamh de Chúirt Dúiche Chív Simferopol
Dáta breithe: 16.4.1980
Náisiúntacht: Rúiseach, Úcráineach
Inscne: baineann
Uimhir aitheantais chánach: 2932611866
|
Is breitheamh é Valentina Kamynina de Chúirt Dúiche Chív i gcathair Simferopol, an Chrimé. Cheap Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin í. Déanann sí saoránaigh na hÚcráine a ionchúiseamh go córasach ar chúiseanna polaitiúla, agus í ag baint mí-úsáid as reachtaíocht fhrith-antoisceach agus fhrithsceimhlitheoireachta. Tá sí tar éis gabháil Thataraigh na Crimé a dheimhniú agus síneadh a chur leis an ngabháil sin arís agus arís eile maidir le cúisimh gur bhain siad le heagraíochtaí a bhfuil toirmeasc orthu i gCónaidhm na Rúise.
Chuir Kamynina síneadh le gabháil Tatarach na Crimé, iriseoir agus comhordaitheoir na meán ar an gcomhlachas um chearta an duine, ‘Crimean Solidarity’, Nariman Memedeminov, chomh maith le pinsinéir míleata agus iarchaptaen long na hÚcráine ‘Slavutich’ Alexey Kiselyov. Tugadh aitheantas arís agus arís eile dóibh siúd a gabhadh agus ar ghearr Kamynina pianbhreith orthu mar phríosúnaigh pholaitiúla.
Dá bhrí sin, tá Valentina Kamynina ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sí chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1707.
|
Andrey Vladimirovich KOZLOV
(Андрей Владимирович КОЗЛОВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar Joint Stock Company NPO Elektromechaniki
Inscne: fireann
|
Is Ard-Stiúrthóir é Andrey Kozlov ar Joint Stock Company NPO Elektromechaniki, cuideachta tionscail mhíleata Rúiseach a tháirgeann codanna do dhiúracáin Iskander a úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise sa chogadh foghach ar an Úcráin.
Dá bhrí sin, ina ról, tá Andrey Kozlov ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1708.
|
Olga Pavlovna KUZNETSOVA
(Úcráinis: Ольга Павлiвна КУЗНЄЦОВА;
Rúisis: Ольга Павловна КУЗНЕЦОВА)
|
Feidhm: Breitheamh de Chúirt Dúiche Chív Simferopol
Dáta breithe: 12.11.1949
Náisiúntacht: Rúisis
Inscne: baineann
|
Is breitheamh í Olga Kuznetsova de Chúirt Dúiche Chív i gcathair Simferopol, an Chrimé. Cheap Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin í. Déanann sí saoránaigh na hÚcráine a ionchúiseamh go córasach ar chúiseanna polaitiúla, agus í ag baint mí-úsáid as reachtaíocht fhrith-antoisceach agus fhrithsceimhlitheoireachta. Ghabh sí Tataraigh na Crimé arís agus arís eile agus chuir sí síneadh leis an ngabháil sin maidir le cúisimh gur bhain siad le heagraíochtaí a bhfuil toirmeasc orthu sa Rúis. Ghearr Kuznetsova pianbhreith ar Thataraigh na Crimé, Ruslan Abdurakhmanov agus Rustem Gugurik, in ainneoin easpa fianaise á nascadh le grúpa paraimíleata. Chuir sí síneadh le gabháil altra agus gníomhaí sibhialta na Crimé, Irina Danilovich, agus d’éiligh na Náisiúin Aontaithe go scaoilfí saor í. Aithníodh arís agus arís eile mar phríosúnaigh pholaitiúla iad siúd a gabhadh agus ar ghearr Kuznetsova pianbhreith orthu.
Dá bhrí sin, tá Olga Kuznetsova ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sí chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1709.
|
Alexander Nikolaevich USTINOV
(Александр Николаевич УСТИНОВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC Machine-Building Plant Arsenal
Inscne: fireann
|
Is Ard-Stiúrthóir é Alexander Ustinov ar chuideachta tionscail mhíleata Rúiseach JSC Machine-Building Plant Arsenal. Tá an chuideachta faoi réir orduithe cosanta stáit na Rúise agus tá sé ag gabháil do tháirgeadh satailítí taiscéalaíochta Lotos agus gunna cabhlaigh AK-176M. Úsáideann Fórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise Lotos le linn chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin chun spriocanna a shainaithint agus tá gunna cabhlaigh AK-176M suiteáilte i longa Chabhlach na Rúise a ionsaíonn trúpaí na hÚcráine le sliogáin.
Dá bhrí sin, tá Alexander Ustinov ag tacú go hábharach le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1710.
|
Sergey Victorovich PITIKOV
(Сергей Викторович ПИТИКОВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar JSC RPC ‘KBM’
Dáta breithe: 23.2.1963
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais chánach: 502208215010
|
Is é Sergey Pitikov Ard-Stiúrthóir ar JSC RPC ‘KBM’. Soláthraíonn an chuideachta Fórsaí Armtha na Rúise faoi orduithe cosanta stáit na Rúise. Táirgeann JSC RPC ‘KBM’ córais diúracán Khrizantema (Chrysanthemum), Tochka-U, Iskander, agus Kinzhal agus soláthraíonn sé d’Fhórsaí Armtha na Rúise iad. Tá na hairm sin á n-úsáid faoi láthair ag Fórsaí Armtha na Rúise i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin.
Dá bhrí sin, ina ról, tá Sergey Pitikov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. Anuas air sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as.
|
23.2.2024
|
|
1711
|
Nail Shavketovich LATYPOV
(Наиль Шавкетович ЛАТЫПОВ)
|
Feidhm: Stiúrthóir JSC Kazan Experimental Design Bureau Soyuz
Dáta breithe: 10.1.1953
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
An áit a meastar ina bhfuil sé: Cónaidhm na Rúise
Uimhir Aitheantais Chánach: 165701053096
|
Is é Nail Latypov Stiúrthóir ar JSC Kazan Experimental Design Bureau Soyuz. Is fiontar stáit míleata-tionsclaíoch Rúiseach é JSC Kazan Experimental Design Bureau Soyuz a fhorbraíonn roicéadinnill tiomántáin sholadaigh le haghaidh córais diúracán arna n-imscaradh ag Fórsaí Armtha na Rúise. Thairis sin, tá JSC Kazan Experimental Design Bureau Soyuz ina chuid de Joint Stock Company Almaz-Antey air and space defence corporation, monaróir arm Rúiseach atá faoi úinéireacht stáit a fhorbraíonn córais cosanta frith-aerárthaí agus diúracáin cúrsála d’arm na Rúise.
Dá bhrí sin, ina cháil mar Stiúrthóir ar JSC Kazan Experimental Design Bureau Soyuz, tá Nail Latypov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin. Anuas air sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as. Ina theannta sin, tá Nail Latypov bainteach le Joint Stock Company Almaz-Antey air and space defence corporation.
|
23.2.2024
|
|
1712
|
Nikolay Alekseyevich OVCHINNIKOV
(Николай Алексеевич ОВЧИННИКОВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir Zavod no°9
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir chánach Rúiseach: 666307544542
|
Is Ard-Stiúrthóir Nikolay Ovchinnikov é ar chuideachta tionscail mhíleata Rúiseach Zavod no 9. Monaraíonn an chuideachta gunnaí tarraingthe, lena n-áirítear habhatsar D-30A, agus gunnaí tanc do thancanna T-62, T-72, agus T-90. Baineann Fórsaí Armtha na Rúise úsáid as habhatsair D-30 agus as tancanna T-62, T-72, T-90 i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Ina theannta sin, is soláthróir í an chuideachta d’Fhórsaí Armtha na Rúise é.
Dá bhrí sin, ina ról, tá Nikolay Ovchinnikov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. Anuas air sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as.
|
23.2.2024
|
|
1713.
|
Alexander Matveevich MARKMAN
(Александр Матвеевич МАРКМАН)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir JSC PA Strela; Comhalta de Chomhairle Láir SoyuzMash Russia LLC
Dáta breithe: 16.7.1948
Áit bhreithe: Orenburg, an Rúis
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais chánach : 561103307661
|
Is Ard-Stiúrthóir é Alexander Markman ar JSC Production Association Strela. Soláthraíonn an chuideachta airm d’Fhórsaí Armtha na Rúise faoi orduithe cosanta stáit na Rúise. Táirgeann JSC Strela roicéid Oniks (Onyx) agus crochadáin bíomaí do Su-30. Baineann Fórsaí Armtha na Rúise úsáid as Oniks agus Su-30 araon i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Tá Alexander Markman gníomhach i gComhairle Lárnach SoiuzMash LLC, a thacaíonn go hoscailte le polaitíocht Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus a iarratas ar uachtaránacht.
Dá bhrí sin, tá Alexander Markman ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin. Anuas air sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as.
|
23.2.2024
|
|
1714.
|
Alexei Yuryevich KRIVORUCHKO
(Алексéй Юрьевич КРИВОРУЧКО)
|
Feidhm: Pearsa Mhíleata, leas-aire
Dáta breithe: 17.7.1975
Áit bhreithe: Stavropol, an Rúis
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Seoladh: Kolymazhnyy Pereulok, Moscó, Cónaidhm na Rúise
|
Is pearsa mhíleata agus bainisteoir é Alexei Krivoruchko. Is é Leas-Aire Cosanta Chónaidhm na Rúise é atá freagrach as lóistíocht, tacaíocht theicniúil agus ceannach arm d'Fhórsaí Armtha na Rúise. Dá réir sin, tá sé freagrach as cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Ina theannta sin, is comhalta é de bhord Tactical Missiles Corporation, soláthróir arm d’Aireacht Cosanta Chónaidhm na Rúise faoi ordú cosanta stáit. Is comhalta é freisin de Bhord Maoirseachta Promsvyazbank PJSC, banc faoi úinéireacht stáit a fheidhmíonn sa Chrimé.
Dá bhrí sin, tá Alexei Krivoruchko ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin. Anuas air sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as.
|
23.2.2024
|
|
1715.
|
Andrey Petrovich KAZAZAEV
(Андрей Петрович КАЗАЗАЕВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir OJSC ‘Plant a ainmníodh as V.A. Degtyarev’
Dáta breithe: 19.11.1964
Áit bhreithe: Uglich, Cónaidhm na Rúise
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais chánach: 330515309950
|
Is Ard-Stiúrthóir é Andrey Kazazaev ar OJSC Plant a ainmníodh as V.A. Degtyarev. Tá sé freagrach as orduithe cosanta stáit na Rúise a chomhlíonadh maidir le Fórsaí Armtha na Rúise le linn chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Ina cháil mar Ard-Stiúrthóir na cuideachta, tá sé ag tacú go poiblí le fogha leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
Dá bhrí sin, ina ról, tá Andrey Kazazaev ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin. Anuas air sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as.
|
23.2.2024
|
|
1716.
|
Galina Alexandrovna KHULAPOVA (KASHIRSKAYA)
(Rúisis: Галина Александровна ХУЛАПОВА (КАШИРСКАЯ);
Úcráinis: Галина Олександрiвна ХУЛАПОВА (КАШИРСЬКА))
|
Feidhm: Breitheamh de Chúirt Dúiche Chív Simferopol
Dáta breithe: 11.3.1980
Náisiúntacht: Rúiseach, Úcránach
Inscne: baineann
Uimhir aitheantais chánach an Úcráin: 2929001847
|
Is breitheamh í Galina Khulapova de Chúirt Dúiche Chív i gcathair Simferopol, an Chrimé. Cheap Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin í. Déanann sí géarleanúint chórasach ar shaoránaigh na hÚcráine ar chúiseanna polaitiúla, agus í ag baint mí-úsáid as reachtaíocht fhrith-antoisceach agus fhrithsceimhlitheoireachta. Ghabh sí Tataraigh na Crimé arís is arís eile maidir le cúisimh gur bhain siad le heagraíochtaí a bhfuil toirmeasc orthu sa Rúis nach bhfuil toirmeasc orthu san Úcráin. Ghearr Khulapova fíneáil ar an iriseoir Rolan Osmanov as a chuid gníomhaíochtaí gairmiúla, agus ar rannpháirtithe i gcruinnithe gan choinne de chuid Thataraigh na Crimé agus agóid á déanamh acu i gcoinne an chos ar bolg atá á déanamh ag seirbhísí slándála na Rúise. Tugadh aitheantas arís agus arís eile dóibh siúd a gabhadh agus ar ghearr sí pianbhreith orthu mar phríosúnaigh pholaitiúla.
Dá bhrí sin, tá Galina Khulapova ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sí chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1717.
|
Anton Sergeyevich TSYKURENKO
(Rúisis: Антон Сергеевич ЦИКУРЕНКО
Úcráinis: Антон Сергiйович ЦИКУРЕНКО)
|
Feidhm: Breitheamh de Chúirt Dúiche Chív Simferopol
Dáta breithe: 12.11.1972
Náisiúntacht: Úcránach,
Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir aitheantais chánach (an Úcráin): 2661419830
|
Is breitheamh é Anton Tsykurenko de Chúirt Dúiche Chív i gcathair Simferopol, an Chrimé. Cheap Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin é. Déanann Anton Tsykurenko cinntí cúirte a mbaineann cuspóirí polaitiúla leo maidir le cúisimh i gcoinne shaoránaigh na hÚcráine, mar shampla Oleg Prikhodko, a bhí i gcoinne ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol agus bheartais dhiansmachtúla na n-údarás forghabhála i leith Thataraigh na Crimé. Ghabh sé an dlíodóir Emil Kurbedinov, a chosain Tataraigh na Crimé agus gníomhaithe Úcránacha a ndearna údaráis na Rúise géarleanúint orthu ar chúiseanna polaitiúla.
Ina theannta sin, ghabh Anton Tsykurenko Tatarach na Crimé, Mumine Salieva, bean chéile an phríosúnaigh pholaitiúil Seyran Saliev, as poist ar líonraí sóisialta, agus ghabh sé mná eile ar Tataraigh na Crimé iad as comhthionóil shíochánta le linn do chomhthírigh leo a bheith á gcoinneáil.
Rinne Anton Tsykurenko géarleanúint chórasach ar shaoránaigh na hÚcráine ar chúiseanna polaitiúla, agus bhain sé mí-úsáid as reachtaíocht fhrith-antoisceach agus fhrithsceimhlitheoireachta. Tugadh aitheantas arís agus arís eile dóibh siúd a gabhadh agus ar ghearr sé pianbhreith orthu mar phríosúnaigh pholaitiúla.
Dá bhrí sin, tá Anton Tsykurenko ag tacú, le gníomhaíochtaí agus beartais agus á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1718.
|
Boris Ivanovich EFREMOV
Борис Иванович ЕФРЕМОВ
|
Feidhm: Stiúrthóir JSC MMZ (Mariyskiy Machine-Building Plant)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
An áit a meastar ina bhfuil sé: Cónaidhm na Rúise
Uimhir Aitheantais Chánach: 121509344587
|
Is Stiúrthóir é Boris Efremov ar JSC MMZ (ar a dtugtar freisin Mariyskiy Machine-Building Plant). Is fiontar stáit míleata-tionsclaíoch Rúiseach é JSC MMZ a fhorbraíonn córais rialúcháin cosanta aeir, lena n-áirítear an córas diúracán frith-aerárthaí S-300V, arna n-imscaradh ag Fórsaí Armtha na Rúise. Thairis sin, tá JSC MMZ ina chuid de Joint Stock Company Almaz-Antey air and space defence corporation, monaróir arm Rúiseach atá faoi úinéireacht stáit a fhorbraíonn córais cosanta frith-aerárthaí agus diúracáin cúrsála d’arm na Rúise.
Dá bhrí sin, ina cháil mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin JSC MMZ, tá Boris Efremov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin. Anuas air sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as. Ina theannta sin, tá Boris Efremov bainteach le Joint Stock Company Almaz-Antey air and space defence corporation.
|
23.2.2024
|
|
1719.
|
Igor Anatolievich MIROSHNICHENKO
(Игорь Анатолиевич МИРОШНИЧЕНКО)
|
Feidhm: Stiúrthóir JSC Saturn
Náisiúntacht: Rúiseach
Dáta breithe: 10.11.1973
Áit bhreithe: Omsk, réigiún Omsk, Cónaidhm na Rúise
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
An áit a meastar ina bhfuil sé: Cónaidhm na Rúise
Pasuimhir: 755761186
Uimhir Aitheantais Chánach: 550301678726
|
Is Stiúrthóir é Igor Miroshnichenko ar JSC Saturn. Is fiontar stáit míleata-tionsclaíoch Rúiseach é JSC Saturn a fhorbraíonn trealamh raidió-leictreonach le haghaidh córais diúracán frith-aerárthaí arna n-imscaradh ag Fórsaí Armtha na Rúise. Thairis sin, tá JSC Saturn ina chuid de Joint Stock Company Almaz-Antey air and space defence corporation, monaróir arm Rúiseach atá faoi úinéireacht stáit a fhorbraíonn córais cosanta frith-aerárthaí agus diúracáin cúrsála d’arm na Rúise.
Dá bhrí sin, ina cháil mar Stiúrthóir ar JSC Saturn, tá Igor Miroshnichenko ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin. Anuas air sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as. Ina theannta sin, tá Igor Miroshnichenko bainteach le Joint Stock Company Almaz-Antey air and space defence corporation.
|
23.2.2024
|
|
1720
|
Nikolai Vladimirovich KLEIN
ar a dtugtar freisin
Nikolai Vladimirovich KLEYN
(Николай Владимирович КЛЕЙН)
|
Feidhm nó Gairm: Stiúrthóir JSC Kalinin Machine-Building Plant
Náisiúntacht: Rúiseach
Dáta breithe: 15.1.1955
Áit bhreithe: Sráidbhaile Prigorodnoye, ceantar Shortandinsky, réigiún Tselinograd, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Casacstáine (an Chasacstáin anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
An áit a meastar ina bhfuil sé: Cónaidhm na Rúise
Uimhir Aitheantais Chánach: 666202526313
|
Is Stiúrthóir é Nikolai Klein ar JSC MZIK (ar a dtugtar freisin Kalinin Machine-Building Plant). Is fiontar stáit míleata-tionsclaíoch Rúiseach é JSC MZIK a fhorbraíonn trealamh comhraic le haghaidh chóras diúracán frith-aerárthaí S-300V agus chóras diúracán frith-aerárthaí BUK-M1 arna n-imscaradh ag Fórsaí Armtha na Rúise. Thairis sin, tá JSC MZIK ina chuid de Joint Stock Company Almaz-Antey air and space defence corporation, monaróir arm Rúiseach atá faoi úinéireacht stáit a fhorbraíonn córais cosanta frith-aerárthaí agus diúracáin cúrsála d’arm na Rúise.
Dá bhrí sin, ina cháil mar Stiúrthóir ar JSC MZIK, tá Nikolai Klein ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin. Anuas air sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as. Ina theannta sin, tá Nikolai Klein bainteach le Joint Stock Company Almaz-Antey air and space defence corporation.
|
23.2.2024
|
|
1721
|
Sergey Ivanovich ASTAFUROV
(Сергей Иванович АСТАФУРОВ)
|
Feidhm: Stiúrthóir JSC STC Promtekhaero (ar a dtugtar freisin Scientific and Technical Center for Industrial Technologies and Air Navigation Systems)
Dáta breithe: 25.1.1953
Áit bhreithe: Mionsc, an Bhealarúis
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
An áit a meastar ina bhfuil sé: Cónaidhm na Rúise
Uimhir Aitheantais Chánach: 770970715859
|
Is Stiúrthóir é Sergey Astafurov ar JSC STC Promtekhaero (ar a dtugtar freisin Scientific and Technical Center for Industrial Technologies and Air Navigation Systems). Is fiontar stáit míleata-tionsclaíoch Rúiseach é JSC STC Promtekhaero a fhorbraíonn trealamh loingseoireachta agus tarchurtha raidió arna imscaradh ag Fórsaí Armtha na Rúise. Thairis sin, tá JSC STC Promtekhaero ina chuid de Joint Stock Company Almaz-Antey air and space defence corporation, monaróir arm Rúiseach atá faoi úinéireacht stáit a fhorbraíonn córais cosanta frith-aerárthaí agus diúracáin cúrsála d’arm na Rúise.
Dá bhrí sin, ina cháil mar Stiúrthóir ar JSC STC Promtekhaero, tá Sergey Ivanovich Astafurov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin. Anuas air sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as. Ina theannta sin, tá Sergey Astafurov bainteach le Joint Stock Company Almaz-Antey air and space defence corporation.
|
23.2.2024
|
|
1722
|
Vladimir Mikhailovich MEDVEDEV
(Владимир Михайлович МЕДВЕДЕВ)
|
Feidhm: Stiúrthóir JSC GosNIIP (ar a dtugtar freisin Tikhomirov Scientific Research Institute of Instrument Design)
Dáta breithe: 30.3.1956
Áit bhreithe: Sraidbhaile Yalta, réigiún Donetsk, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hÚcráine (an Úcráin anois)
Náisiúntacht: Ucráineach agus/nó Rúiseach
Inscne: fireann
An áit a meastar ina bhfuil sé: Cónaidhm na Rúise
Uimhir Aitheantais Chánach: 773501928102
|
Is Stiúrthóir é Vladimir Medvedev ar JSC GosNIIP (ar a dtugtar freisin State Scientific Research Institute Of Instrument Making). Is fiontar stáit míleata-tionsclaíoch Rúiseach é JSC GosNIIP a fhorbraíonn, inter alia, córais rialaithe le haghaidh diúracáin frith-fhomhuireáin agus diúracáin cúrsála arna n-imscaradh ag Fórsaí Armtha na Rúise. Thairis sin, tá JSC GosNIIP ina fhochuideachta de Joint Stock Company Almaz-Antey air and space defence corporation, monaróir arm Rúiseach atá faoi úinéireacht stáit a fhorbraíonn córais armra frith-aerárthaí agus diúracáin cúrsála d’arm na Rúise.
Dá bhrí sin, ina cháil mar Stiúrthóir JSC GosNIIP, tá Vladimir Medvedev ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin. Anuas air sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as.
Ina theannta sin, tá Vladimir Medvedev bainteach le Joint Stock Company Almaz-Antey air and space defence corporation.
|
23.2.2024
|
|
1723
|
Grigoriy Igorevich GRIGORIEV
(Григорий Игоревич ГРИГОРЬЕВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir agus príomhoifigeach feidhmiúcháin LLC ‘NOVELCO’;
Dáta breithe: 19.6.1977
Áit bhreithe: Istra, Cónaidhm na Rúise
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir: 721493424
|
Is Ard-Stiúrthóir é Grigoriy Grigoriev agus príomhoifigeach feidhmiúcháin na cuideachta lóistíochta LLC NOVELCO a bhfuil baint aici le hearraí a thagann faoi bhearta sriantacha an Aontais a ‘allmhairiú go comhthreomhar’ chuig an Rúis.
Dá bhrí sin, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir agus príomhoifigeach feidhmiúcháin ar LLC NOVELCO, tá sé ag cur bac suntasach ar fhorálacha Chinneadh 2014/512/CBES agus Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.
|
23.2.2024
|
|
1724
|
Ruslan Rustemovich BULATOV
(Руслан Рустемович БУЛАТОВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar LLC Testkomplekt
Dáta breithe: 4.4.1986
Áit bhreithe: Cónaidhm na Rúise, Tatarstan
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 165506143613
|
Is é Ard-Stiúrthóir Ruslan Bulatov ar LLC Testkomplekt. Soláthraíonn LLC Testkomplekt earraí a thagann faoi bhearta sriantacha an Aontais chuig Cónaidhm na Rúise. Go háirithe, cuireann LLC Testkomplekt raon leathan comhpháirteanna ó analógach go digiteach, micririalaitheoirí, dé-óidí agus braiteoirí nach féidir a onnmhairiú chuig Cónaidhm na Rúise. Ina theannta sin, is soláthróir de chuid Radiopriborsnab é LLC Testkomplekt, fochuideachta de Concern Radioelectronic Technologies (KRET), príomhfhorbróir agus monaróir táirgí raidió-leictreonacha míleata na Rúise.
Dá bhrí sin, ina cháil mar Ard--Stiúrthóir ar LLC Testkomplekt, tá Ruslan Bulatov ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine. Anuas air sin, tá sé ag cur bac suntasach ar fhorálacha Chinneadh 2014/512/CBES agus Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.
|
23.2.2024
|
|
1725.
|
Pavel Aleksandrovich SLUCHAK
(Rúisis: Павел Александрович СЛУЧАК;
Úcráinis: Павел Аляксандравiч СЛУЧАК
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir OJSC ‘Orsha Aircraft Repair Plant’
Dáta breithe: 1963
Áit bhreithe: Mozyr, réigiún Gomel, an Bhealarúis
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
|
Is Ard-Stiúrthóir é Pavel Sluchak ar OJSC ‘Orsha Aircraft Repair Plant’. Is fiontar Bealarúiseach faoi úinéireacht stáit é ‘Orsha Aircraft Repair Plant’ a dheisíonn agus a nuachóiríonn aerárthaí. Déanann OJSC, ‘Orsha Aircraft Repair Plant’, athchóiriú agus nuachóiriú ar héileacaptair (Mi-24 agus Mi-35), a úsáideann Fórsaí Armtha na Rúise sa chogadh foghach ar an Úcráin.
Ina cháil mar Ard-Stiúrthóir ar OJSC ‘Orsha Aircraft Repair Plant’, tá Pavel Sluchak ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.
|
23.2.2024
|
|
1726.
|
Denis Aleksandrovich DIDENKO
(Денис Александрович ДИДЕНКО)
|
Feidhm: Breitheamh de Chúirt Dúiche Chív Simferopol
Dáta breithe: 14.6.1978
Áit bhreithe: Komsomolsk, ceantar Sverdlovsk, réigiún Luhansk, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hÚcráine (an Úcráin anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is breitheamh é Denis Didenko de Chúirt Dúiche Chív i gcathair Simferopol, an Chrimé. Cheap Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin é. Rinne Didenko cinntí cúirte a raibh cúis pholaitiúil leo maidir le cúisimh i gcoinne shaoránaigh na hÚcráine, Oleg Prikhodko, mar shampla, a bhí i gcoinne ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol agus beartais diansmachta na n-údarás forghabhála i leith Thataraigh na Crimé, agus iriseoirí, ar nós Gulsum Khalilova, a bhí ag clúdach agóidí de chuid ghníomhaithe Úcránacha agus Thataraigh na Crimé i réigiún Kherson. Ghabh sé Tataraigh de chuid na Crimé arís agus arís eile, Riza Reshetov, mar shampla, as páirt a ghlacadh i gcruinnithe a bhí tiomnaithe do na daoine atá faoi choinneáil.
Rinne Denis Didenko géarleanúint chórasach ar shaoránaigh na hÚcráine ar chúiseanna polaitiúla, agus bhain sé mí-úsáid as reachtaíocht fhrith-antoisceach agus fhrithsceimhlitheoireachta. Tugadh aitheantas arís agus arís eile dóibh siúd a gabhadh agus ar ghearr sé pianbhreith orthu mar phríosúnaigh pholaitiúla.
Dá bhrí sin, tá Denis Didenko ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1727.
|
Ruslan Rinatovich SHAMBAZOV
(Руслан Ринатович ШАМБАЗОВ)
|
Feidhm: Ceann Roinn an Lárionaid um Chur i gCoinne an Antoisceachais san Aireacht Gnóthaí Baile do Phoblacht na Crimé, Leifteanant Coirnéal sna Póilíní
Dáta breithe: 19.5.1984
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Seoladh: AR Krim, ceantar Simferopol, sráidbhaile Mirnoe, sráid Evpatoriyaskaya 37
Uimhir aitheantais chánach Úcránach (an Úcráin): 3082021993
|
Is oifigeach póilíneachta é Ruslan Shambazov sa Lárionad um Chur i gCoinne an Antoisceachais san Aireacht Gnóthaí Baile don Chrimé. Ghlac Shambazov páirt i ngéarleanúintí ar shaoránaigh Úcránacha sa Chrimé arb í an pholaitíocht ba chúis leo agus bhí sé i gceannas ar na géarleanúintí sin, lena n-áirítear iad siúd ar de chineál cearta an duine iad, eadhon dlíodóirí, iriseoirí agus gníomhaithe ar son chearta an duine. Is eisean a chuir sé tús le gabháil na ndlíodóirí Emil Kurbedinov agus Edem Semedlyaev agus is é rinne maoirseacht orthu. Is é Ruslan Shambazov a d’eagraigh an ghéarleanúint ar ghníomhaithe chearta an duine agus ar iriseoirí sibhialta as a ngníomhaíochtaí gairmiúla agus as a ráitis frithchogaidh. Is eisean a chur túis le hionchúiseamh riaracháin Abdureshit Dzhepparov, Remzi Bekirov agus Rolan Osmanov ar fhorais a raibh bunús polaitiúil áiféiseach leo. Chuir Shambazov tús arís agus arís eile le hollchoinneáil gan bhunús agus neamhdhleathach Thataraigh na Crimé, a tháinig le chéile gar do na cúirteanna chun tacú lena gcomhthírigh a gabhadh.
Dá bhrí sin, tá Ruslan Shambazov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1728.
|
Valeriy Petrovich SHATILO
ar a dtugtar freisin
Valery Petrovich SHATILO
(Rúisis:
Валерий Петрович ШАТИЛО;
Úcráinis: Валерiй Петрович ШАТIЛО)
|
Feidhm: Stiúrthóir OJSC ‘2566 Plant for the Repair of Radio-Electronic Weapons’ (UNP 600012284)
Dáta breithe: 21.3.1959
Áit bhreithe: Mionsc, an Bhealarúis
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
|
Is Stiúrthóir é Valeriy Shatilo ar OJSC ‘2566 Plant for the Repair of Radio-Electronic Weapons’. Is fiontar é sin a bhfuil speisialtóireacht á déanamh aige i ndeisiú agus nuachóiriú na n-arm agus an trealaimh aerchosanta, chomh maith le trealamh casta raidió-leictreonach eile agus táirgí míleata eile. Tá OJSC 2566 Radioelectronic Armament Repair Plant ag soláthar seirbhísí cothabhála agus deisiúcháin d’Fhórsaí Armtha na Rúise.
Ina cháil mar Stiúrthóir ar OJSC ‘2566 Plant for the Repair of Radio-Electronic Weapons’, tá Valeriy Shatilo ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1729.
|
Vladimir Vladimirovich ARTYAKOV
(Владимир Владимирович АРТЯКОВ)
|
Feidhm: Céad Leas-Ard-Stiúrthóir Rostec State Corporation
Dáta breithe: 30.6.1959
Áit bhreithe: Moscó APSS (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Seoladh: 3 Chobotovskaya Apt. 148, 119634 Moscó
Pasuimhir: 511528697
|
Is bainisteoir Rúiseach é Vladimir Artyakov. Is Céad Leas-Ard-Stiúrthóir ar Rostec State Corporation é agus tá sé freagrach as orduithe cosanta stáit a chur chun feidhme d’Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise. Oibríonn sé i gcomhar le Rialtas na Rúise freisin, rud a chuireann ar chumas Rostec réitigh mhíleata nua ó Rostec a thástáil le linn fhogha na Rúise faoin Úcráin.
Dá bhrí sin, tá Vladimir Artyakov ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Anuas air sin, tá sé ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as.
|
23.2.2024
|
|
1730.
|
Yanina Valeryevna OKHOTA (KOZHEMYAKO)
ar a dtugtar freisin
Yanina Valeriivna Okhota (KOZHEMYAKO)
(Rúisis: Янина Валерьевна ОХОТА (КОЖЕМЯКО);
Úcráinis: Янiна Валерiївна ОХОТА (КОЖЕМЯКО))
|
Feidhm: Breitheamh de Chúirt Dúiche Chív Simferopol
Dáta breithe: 16.7.1983
Áit bhreithe: Sráidbhaile Petrovo, ceantar Simferopol i bPoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
|
Is breitheamh í Yanina Okhota (Kozhemyako) de Chúirt Dúiche Chív i gcathair Simferopol, an Chrimé,. Cheap Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin í. Rinne Okhota cinntí cúirte a raibh údar polaitiúil leo maidir le cúisimh i gcoinne shaoránaigh na hÚcráine a bhí i gcoinne ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol, chomh maith le beartais dhiansmachta na n-údarás forghabhála i leith Tataraigh de chuid na Crimé. Ghabh sí gníomhaí as Sevastopol, Alexei Shestokovich, mar gheall ar ghníomhaíocht dlúthpháirtíochta le príosúnaigh pholaitiúla, agus ghabh sí triúr saineolaithe ó ionad anailíseach Nomos, faoi choinneáil ag Seirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise. Ghabh Okhota Tataraigh de chuid na Crimé as rannpháirtíocht líomhnaithe leis an bpáirtí Ioslamach Hizb ut-Tahrir, agus bhain sí mí-úsáid as reachtaíocht fhrith-antoisceach agus fhrithsceimhlitheoireachta. Rinne sí ionchúiseamh freisin ar Tataraigh de chuid na Crimé a bhí ina gcomhaltaí den ghluaiseacht um chearta an duine ‘Dlúthpháirtíocht na Crimé’ as a gcuid gníomhaíochtaí iriseoireachta. Tar éis thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, rinne Okhota ionchúiseamh ar dhaoine as an gCrimé as ráitis frithchogaidh ar líonraí sóisialta.
Dá bhrí sin, tá Yanina Okhota ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sí chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1731.
|
Oleg Borisovich SEMENOVYKH
(Олег Борисович СЕМЕНОВЫХ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir LLC ‘Favorit’ Research and Production Company
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 772379165175
|
Is Ard-Stiúrthóir é Oleg Semenovykh ar LLC ‘Favorit’ Research and Production Company (LLC NPK ‘Favorit’). Cruthaíonn LLC ‘Favorit’ córais uathoibríocha faisnéise agus rialaithe chun faireachán a dhéanamh ar staid dromchla agus talún na nithe a dháiltear go geografach, ag feidhmiú ar bhonn bogearraí speisialta. Táirgeann LLC NPK ‘Favorit’ córais um feasacht staide, coimpléisc shoghluaiste, coimpléisc uathoibrithe suite, trealamh optaileictreonach, stáisiúin radair, trealamh soilsithe, córas loingseoireachta ilfheidhmeach (Azimuth-F) chomh maith le coimpléasc cothabhála soghluaiste (Arsenal) agus bogearraí speisialta atá deartha chun gníomhaíochtaí comhlachtaí rialaithe a uathoibriú. Thairis sin, úsáideann údaráis na Rúise roinnt táirgí LLC NPK ‘Favorit’ (‘Ratnik’, ‘Helios’, agus ‘Helios-B’) sa réimse míleata chomh maith leis an bpatról teorann.
Tá Oleg Semenovykhna, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir ar LLC NPK ‘Favorit’, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1732.
|
Georgiy Vladimirovich ANTSEV
(Георгий Владимирович АНЦЕВ)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir/Ard-Dearthóir JSC NPP Radar MMS
Dáta breithe: 29.1.1961
Áit bhreithe: Cónaidhm na Rúise, Gorky. Leningrad (Cathair Pheadair feasta) (Cónaidhm na Rúise anois)
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: Fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 780105167705
|
Is Ard-Stiúrthóir agus Ard-Dearthóir é Georgiy Antsev ar Joint Stock Company Research and Production Enterprise ‘Radar MMS’ (JSC ‘NPP ‘Radar MMS’). Is fiontar tionscal cosanta é JSC NPP ‘Radar MMS’ a dhearann agus a tháirgeann córais frithingithe le haghaidh airm ardchruinnis, eitleonaic mhíleata agus shibhialta, córais monatóireachta agus loingseoireachta.
Déanann JSC ‘NPP ‘Radar MMS’ cinn frithinge ghníomhacha radair ARGS-14E, ARGS-35E agus ARGS-54E a dhearadh chun diúracáin chúrsála a threorú go cruinn ag sprioc dromchla sa chuid deiridh den ruthag eitilte. Áirítear 3M-14E nó diúracáin eile de theaghlach Kalibr ceann frithing ARGS-14E nó ARGS-54E níos forbartha, áirítear Kh-35/35U Uran/3M-24 ceann frithing ARGS-35E nó athraitheach nuachóirithe Gran-KE. Tá ceann frithinge ARGS-35E san áireamh i gcoimpléasc diúracán cósta Bal a bhaineann úsáid as diúracáin Kh-35/Kh-35E. Téann JSC ‘NPP ‘Radar MMS’ i mbun taighde agus forbairt ar chórais aerárthaí gan foireann a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh oibríochtaí míleata.
|
23.2.2024
|
|
|
|
|
Úsáidtear roicéid diúracáin de theaghlach Kalibr agus i modhnuithe Kh-35 sa chogadh foghach ar an Úcráin.
Dá bhrí sin, tá Georgiy Antsev, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir JSC NPP Radar MMS, ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
|
|
1733.
|
Stanislav Petrovich SHEVCHUK
(Станислав Петрович ШЕВЧУК)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir an Federal State Enterprise ‘Avangard’ (FKP ‘Avangard’)
Dáta breithe: 26.1.1972
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 143400493354
|
Is Ard-Stiúrthóir é Stanislav Shevchuk ar Fhiontar Stáit Chónaidhme ‘Avangard’ (FKP ‘Avangard’). Is fiontar cosanta Rúiseach é FKP ‘Avangard’ a chomhlíonann orduithe cosanta stáit chun trealamh míleata agus airm a dhiúscairt. Déanann FKP ‘Avangard’ obair taighde agus forbartha freisin maidir le cruthú agus nuachóiriú armlóin. Tá an fiontar faoi úinéireacht stáit trí Chorparáid Stáit Rostec agus an Ghníomhaireacht Chónaidhme um Bainistiú Maoine Stáit. Cumhdaíodh nuachóiriú an fhiontair le clár spriocdhírithe feidearálach agus le riarachán críochach na Gníomhaireachta Cónaidhme um Bainistíocht Maoine Stáit i mBaiscíria a sholáthair talamh do FKP ‘Avangard’ chun a acmhainneacht táirgeachta a leathnú.
Tá Stanislav Shevchuk, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir ar FKP ‘Avangard’, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1734.
|
Gleb Yurievich VARENITSA
Глеб Юрьевич Вареница
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir an Joint Stock Company Novosibirsk Plant of Artificial Fiber
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Uimhir Aitheantais Chánach: 550618603328
|
Is Ard-Stiúrthóir é Gleb Varenitsa ar Joint Stock Company Novosibirsk Plant of Artificial Fiber (JSC NZIV), ar fiontar é de choimpléasc míleata-tionsclaíoch na Rúise a tháirgeann pléascáin thionsclaíocha lena n-úsáid i gcórais roicéad illainseála Fórsaí Armtha na Rúise. Úsáidtear na pléascáin thionsclaíocha a tháirgeann JSC NZIV i gcórais roicéad illainseála Uragan, Smerch agus Topol-S, a úsáideann arm na Rúise go forleathan i gcogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Is é JSC SPLAV, fiontar eile den choimpléasc míleata-tionsclaíoch Rúiseach a fhorbraíonn agus a chóimeálann córais roicéad lainseála iolracha d’Fhórsaí Armtha na Rúise, príomh-chomhpháirtí JSC NZIV.
Dá bhrí sin, ina cháil mar Ard-Stiúrthóir ar JSC NZIV, tá Gleb Varenitsa ag tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1735.
|
Olga Vladimirovna NIKISHINA
(Ольга Владимировна НИКИШИНА)
|
Feidhm: Leas-Cheann na Roinne chun Tacú le Gníomhaíochtaí Choimisinéir Uachtaránachta na Rúise um Chearta Leanaí
Dáta breithe: 24.3.1989
Áit bhreithe: An Rúis
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
Uimhir Aitheantais Chánach: 402403008600,
Pasuimhir: 2908332215
|
Is leas-Cheannaire í Olga Nikishina ar an Roinn chun Tacú le Gníomhaíochtaí Choimisinéir Uachtaránachta na Rúise um Chearta Leanaí. Tá baint ag Cónaidhm na Rúise le leanaí Úcránacha a bheith á n-iompar go neamhdhleathach chuig an Rúis agus a bheith á n-uchtú ag teaghlaigh Rúiseacha. Sáraíonn na gníomhaíochtaí sin cearta leanaí Úcránacha agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine.
Ina cáil mar Leas-Cheann na Roinne um Thacaíocht do Ghníomhaíochtaí Choimisinéir Uachtaránachta na Rúise um Chearta Leanaí, tá sí ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sí chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin. Ina theannta sin, tá baint aici le Maria Lvova-Belova.
|
23.2.2024
|
|
1736.
|
Marina Leonidovna PESCHANSKAYA
(Марина Леонидовна ПЕСЧАНСКАЯ)
|
Feidhm: An tOmbudsman um Chearta Leanaí in Sevastopol
Dáta breithe: 23.5.1967
Áit bhreithe: An Úcráin, Donetsk
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
Uimhir Aitheantais Chánach: 920155250265,
Pasuimhir: 00ВС521743
|
Is í Marina Peschanskaya an tOmbudsman um Chearta Leanaí in Sevastopol sa Chrimé, atá faoi fhorghabháil na Rúise. Tá baint phearsanta aici ina ról féin le leanaí a bheith á n-iompar go neamhdhleathach chuig an Rúis agus a bheith á n-uchtú ag teaghlaigh Rúiseacha. Maidir le hiompar neamhdhleathach leanaí na hÚcráine, tá bonn cirt tugtha aici le poist Maria Lvova-Belova, Coimisinéir Uachtaránachta na Rúise um chearta leanaí. Tá baint ag Cónaidhm na Rúise le leanaí Úcránacha a bheith á n-iompar go neamhdhleathach chuig an Rúis agus a bheith á n-uchtú ag teaghlaigh Rúiseacha. Sáraíonn na gníomhaíochtaí sin cearta leanaí Úcránacha agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine.
Mar Ombudsman um Chearta Leanaí in Sevastopol sa Chrimé, atá faoi fhorghabháil na Rúise, tá Peschanskaya ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1737.
|
Inna Gennadyevna VARLAMOVA
(Инна Геннадьевна ВАРЛАМОВА)
|
Dáta breithe: 1.1.1968
Áit bhreithe: An Rúis
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
Uimhir Aitheantais Chánach: 772705293530
Pasuimhir: 4512826961
|
Is í Inna Varlamova bean chéile Sergei Mironov, atá ina bhall den Stát Rúiseach Duma agus atá ina cheannaire ar an gcodán páirtí ‘Just Russia — For Truth’ in Duma. Rinne Varlamova, in éineacht lena fear céile, leanbh a fuadaíodh ó dhílleachtlann in Kherson a uchtú (is cathair san Úcráin í Kherson atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach na Rúise). Chuaigh Varlamova go dtí réigiún Kherson go pearsanta agus d’iompair sí léi beirt leanaí go neamhdhleathach go Cónaidhm na Rúise. I gcás duine de na leanaí, athraíodh a sloinne go Mironova agus athraíodh a háit bhreithe go Podolsk Cónaidhm na Rúise, in áit Kherson na hÚcráine. Tá baint ag Cónaidhm na Rúise le leanaí Úcránacha a bheith á n-iompar go neamhdhleathach chuig an Rúis agus a bheith á n-uchtú ag teaghlaigh Rúiseacha. Sáraíonn na gníomhaíochtaí sin cearta leanaí Úcránacha agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine. Dá bhrí sin, tá Inna Varlamova freagrach as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
Tá baint ag Inna Varlamova lena fear céile, Sergei Mikhailovich Mironov.
|
23.2.2024
|
|
1738.
|
Kang Sun NAM
|
Feidhm: Aire Cosanta DPDC
Áit bhreithe: Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré
Náisiúntacht: An Chóiré Thuaidh
Inscne: fireann
|
Is é Kang Sun Nam Aire Cosanta Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré. Déanann sé maoirseacht ina phost ar fhorbairt chlár diúracán balaistíoch neamhdhleathach Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus tá baint dhíreach aige leis an gcomhar míleata idir Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus Cónaidhm na Rúise, a raibh mar thoradh air gur sholáthair Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré armlón don Rúis chun leanúint dá cogadh foghach ar an Úcráin. Tá diúracáin bhalaistíocha arna ndearadh, arna bhforbairt agus arna dtáirgeadh ag an gCoiré Thuaidh á n-úsáid ag Fórsaí Armtha na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Thacaigh Kang Sun Nam go poiblí le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus thug sé bonn cirt leis. Tá sé, dá bhrí sin, ag tacú le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1739.
|
Ruslan Gennadievich TARASOV
(Руслан Геннадьевич ТАРАСОВ)
|
Feidhm: Stiúrthóir JSC NPP Iskra Plant (dá ngairtear freisin Research and Production Enterprise ‘Iskra Plant’)
Dáta breithe: 22.6.1965
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
An áit a meastar ina bhfuil sé: Cónaidhm na Rúise
Uimhir Aitheantais Chánach: 732718781987
|
Is Stiúrthóir é Ruslan Tarasov ar JSC NPP Iskra Plant (Research and Production Enterprise ‘Iskra Plant’). Is fiontar stáit míleata-tionsclaíoch Rúiseach é JSC NPP Iskra Plant a fhorbraíonn dé-óidí, trasraitheoirí agus feistí leathsheoltóra eile d’earnáil cosanta na Rúise. Thairis sin, tá JSC NPP Iskra Plant ina chuid de Joint Stock Company Almaz-Antey air and space defence corporation, monaróir arm Rúiseach atá faoi úinéireacht stáit a fhorbraíonn córais cosanta frith-aerárthaí agus diúracáin cúrsála d’arm na Rúise.
Dá bhrí sin, tá Ruslan Tarasov, ina cháil mar Stiúrthóir ar JSC NPP Iskra Plant, ag tacú go hábharach le Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine, agus baineann sé tairbhe as an méid sin. Ina theannta sin, tá baint ag Ruslan Tarasov le Joint Stock Company Almaz-Antey air and space defence corporation.
|
23.2.2024
|
|
1740.
|
Olga VOLKOVA
(Ольга ВОЛКОВА)
|
Feidhm: Ceann na heagraíochta neamhrialtasacha ‘Delfini’
Inscne: baineann
|
Is Ceann í Olga Volkova ar an eagraíocht neamhrialtasach ‘Delfini’. Sa ról sin, bhí sí freagrach as leanaí Úcránacha a dhíbirt go neamhdhleathach ó chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil chuig Poblacht na Bealarúise. Tá Olga Volkova ar dhuine de na daoine is mó a bhfuil baint acu le leanaí a dhíbirt le forneart go dtí an Bhealarúis ionas go ndéanfadh teaghlaigh Rúiseacha agus Bhealarúiseacha iad a uchtú go neamhdhleathach ina dhiaidh sin. D’eagraigh agus d’éascaigh Olga Volkova gluaiseacht leanaí Úcránacha go dtí an Bhealarúis agus chomhordaigh sí le baill de réimeas na Bealarúise chun gluaiseacht leanaí ón Úcráin go dtí an Rúis a éascú sular tugadh go dtí an Bhealarúis iad. Faoi cheannaireacht Olga Volkova, déantar dianteagasc idé-eolaíoch a chur ar leanaí Úcránacha . Tugtar ar na leanaí freastal ar chláir oideachais atá ag tacú go gníomhach le bolscaireacht stáit na Rúise agus a chuireann chun cinn an tuairim gur cheart don Úcráin a bheith mar dhlúthchuid den Rúis. Sáraíonn a cuid gníomhaíochtaí cearta leanaí Úcránacha agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine.
Dá bhrí sin, tá Olga Volkova ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sí chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1741.
|
Aleksey Konstantinovich TALAY
ar a dtugtar freisin
Aleksey TALAI
(Rúisis: Алексей Константинович ТАЛАЙ;
Bealarúisis: Аляксей
Канстанцiнавiч ТАЛАЙ)
|
Feidhm: Bunaitheoir agus Ceann Charitable Foundation Aleksey Talay
Dáta breithe: 22.1.1983
Áit bhreithe: Orsha, Poblacht na Bealarúise
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Aleksy Talay Bunaitheoir agus Ceann Aleksey Talai Charitable Foundation. Sa ról sin, bhí sé freagrach as leanaí Úcránacha a dhíbirt go neamhdhleathach chuig Poblacht na Bealarúise. Tá Aleksey Talay ar dhuine de na daoine is mó a bhfuil baint acu le leanaí Úcránacha a dhíbirt le forneart go dtí an Bhealarúis ionas go ndéanfadh teaghlaigh Rúiseacha agus Bhealarúiseacha iad a uchtú go neamhdhleathach ina dhiaidh sin. D’eagraigh agus d’éascaigh Aleksy Talay gluaiseacht leanaí ón Úcráin go dtí an Bhealarúis agus rinne sé comhordú le comhaltaí de réimeas na Bealarúise chun gluaiseacht leanaí ón Úcráin go dtí an Rúis a éascú sular tugadh go dtí an Bhealarúis iad. Faoi cheannaireacht Aleksy Talay, déantar dianteagasc idé-eolaíoch a chur ar leanaí Úcránacha. Tugtar ar na leanaí freastal ar chláir oideachais atá ag tacú go gníomhach le bolscaireacht stáit na Rúise, ina séantar go poiblí ceart na hÚcráine chun státachta agus ina n-iarrtar ‘dínaitsiú’ na tíre, agus ina n-iarrtar freisin go ndéanfaí an tír a ‘dhí-Úcránú’ agus ina gcuirtear chun cinn an tuairim gur cheart don Úcráin a bheith mar dhlúthchuid den Rúis. Sáraíonn a chuid gníomhaíochtaí cearta leanaí Úcránacha agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine.
Dá bhrí sin, tá Aleksey Talay freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais a chur chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1742.
|
Dmitriy Vladimirovich DEMIDOV
(Rúisis: Дмитрий Володимирович ДЕМИДОВ;
Bealarúisis: Дзмiтрый Уладзiмiравiч ДЗЯМIДАЎ)
|
Feidhm: Cathaoirleach ar Choiste Feidhmiúcháin Cathrach Novopolotsk
Comhalta den Chomhairle i gCoiste réigiún Vitebsk
Ball de Thionól Náisiúnta Phoblacht na Bealarúise
Dáta breithe: 11.12.1975
Áit bhreithe: Polotsk, an Bhealarúis
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
|
Is Cathaoirleach é Dmitriy Demidov ar Choiste Feidhmiúcháin Cathrach Novopolotsk. Sa ról sin, bhí sé freagrach as leanaí Úcránacha a dhíbirt go neamhdhleathach chuig Poblacht na Bealarúise. Tá Dmitriy Demidov ar dhuine de na daoine is mó a bhfuil baint acu le leanaí Úcránacha a dhíbirt le forneart go dtí an Bhealarúis ionas go ndéanfadh teaghlaigh Rúiseacha agus Bhealarúiseacha iad a uchtú go neamhdhleathach ina dhiaidh sin. Sáraíonn a chuid gníomhaíochtaí cearta leanaí Úcránacha agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine.
Dá bhrí sin, tá Dmitriy Demidov freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais a chur chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1743.
|
Svetlana Anatolievna MAYBORODA
(Rúisis: Светлана Анатольевна МАЙБОРОДА;
Úcráinis: Свiтлана Анатолiївна МАЙБОРОДА)
|
Feidhm: Ceann na Seirbhíse Stáit do Ghnóthaí Teaghlaigh agus Leanaí, mar a ghairtear di, i nDaon-Phoblacht Donetsk, mar a ghairtear di
Dáta breithe: 21.2.1970
Áit bhreithe: Makiivka, an Úcráin
Náisiúntacht: Úcránach
Inscne: baineann
|
Is í Svetlana Mayboroda Ceann na Seirbhíse Stáit do Ghnóthaí Teaghlaigh agus Leanaí, mar a ghairtear di, i nDaon-Phoblacht Donetsk, mar a ghairtear di. Sa ról sin, bhí sí freagrach as leanaí Úcránacha a dhíbirt go neamhdhleathach chuig an Rúis. Tá Svetlana Mayboroda ar dhuine de na daoine is mó a bhfuil baint acu le leanaí a dhíbirt le forneart go dtí an Rúis ionas go ndéanfadh teaghlaigh Rúiseacha iad a uchtú go neamhdhleathach ina dhiaidh sin. Sáraíonn a cuid gníomhaíochtaí cearta leanaí Úcránacha agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine.
Dá bhrí sin, tá Svetlana Mayboroda freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais a chur chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus de chobhsaíocht nó shlándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1744.
|
Dzmitry Yaŭhienavič SHAUTSOU
ar a dtugtar freisin
Dzmitry Yaŭhienavič ŠAŬCOŬ
ar a dtugtar freisin
Dmitry Yevgenyevich SHEVTSOV
(Rúisis: Дмитрий Евгеньевич ШЕВЦОВ;
Bealarúisis: Дзмiтрый Яўгенавiч ШАЎЦОЎ)
|
Feidhm: Ardrúnaí Chrois Dhearg na Bealarúise
Dáta breithe: 3.11.1973
Áit bhreithe: Poblacht na Bealarúise
Náisiúntacht: Bealarúiseach
Inscne: fireann
|
Is Ardrúnaí Chrois Dhearg na Bealarúise é Dzmitry Shautsou. Sa ról sin, bhí sé freagrach as leanaí Úcránacha a dhíbirt go neamhdhleathach chuig Poblacht na Bealarúise. Tá Dzmitry Shautsou ar dhuine de na daoine is mó a bhfuil baint acu le leanaí Úcránacha a dhíbirt le forneart go dtí an Bhealarúis ionas go ndéanfadh teaghlaigh Rúiseacha agus Bhealarúiseacha iad a uchtú go neamhdhleathach ina dhiaidh sin. Thug sé cuairt ar leanaí ón Úcráin sa Bhealarúis agus sna codanna den Úcráin atá faoi fhorghabháil ag an Rúis agus chaith sé éadaí míleata ar son na Rúise ar a raibh an ‘Z’. Baineann Dzmitry Shautsou leas as Cros Dhearg na Bealarúise chun gluaiseacht leanaí Úcránacha chun na Bealarúise a eagrú agus a éascú. Sáraíonn a chuid gníomhaíochtaí cearta leanaí Úcránacha agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine.
Dá bhrí sin, tá Dzmitry Shautsou freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais a chur chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1745.
|
Elena Mikhailovna DEMIDOVA
(Rúisis: Елена Михайловна ДЕМИДОВА;
Bealarúisis: Алена Мiхайлаўна ДЗЯМIДАВА)
|
Feidhm: Ceann Riarachán Cathrach Yevpatoria
Dáta breithe: 12.9.1975
Áit bhreithe: Yevpatoriya, an Úcráin
Náisiúntacht: Úcránach
Inscne: baineann
Seoladh:
297408, , Yevpatoria, Lenin ave., 2 an Chrimé, an Úcráin
|
Is í Elena Demidova Ceann Riaracháin Cathrach Yevpatoria. Sa ról sin, bhí sí freagrach as leanaí Úcránacha a dhíbirt go neamhdhleathach chuig an Rúis ionas go ndéanfadh teaghlaigh Rúiseacha iad a uchtú go neamhdhleathach ina dhiaidh sin. Sáraíonn a cuid gníomhaíochtaí cearta leanaí Úcránacha agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine.
Dá bhrí sin, tá Elena Demidova ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1746.
|
Inna Volodymyrovna SHVENK
ar a dtugtar freisin
Inna Volodymyrovna MISHCHENKO
(Rúisis: Инна Владимировна ШВЕНК
ar a dtugtar freisin
Инна Владимировна МИЩЕНКО;
Úcráinis: Iнна Володимирiвна ШВЕНК
ar a dtugtar freisin
Iнна Володимирiвна МIЩЕНКО)
|
Feidhm: An Coimisinéir um Chearta Leanaí i nDaon-Phoblacht Luhansk, mar a ghairtear di
Dáta breithe: 25.10.1991
Áit bhreithe: Alchevsk, an Úcráin
Náisiúntacht: Úcránach
Inscne: baineann
|
Is í Inna Schvenk an Coimisinéir um Chearta Leanaí i nDaon-Phoblacht Luhansk, mar a ghairtear di. Sa ról sin, tá sí ar dhuine de na daoine is mó a bhfuil baint acu le díbirt neamhdhleathach leanaí Úcránacha go dtí an Rúis ionas go ndéanfadh teaghlaigh Rúiseacha iad a uchtú ina dhiaidh sin. Sáraíonn gníomhaíochtaí Inna Schvenk cearta leanaí Úcránacha agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine.
Dá bhrí sin, tá Inna Schvenk ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1747.
|
Irina Dmitrievna KLYUEVA
(Rúisis: Ирина Дмитриевна КЛЮЕВА;
Úcráinis: Iрина Дмитрiвна КЛЮЄВА)
|
Feidhm: An Coimisinéir um Chearta Leanaí i bPoblacht na Crimé, mar a ghairtear di
Dáta breithe: 13.8.1966
Áit bhreithe: Shepetivka, an Úcráin
Inscne: baineann
|
Is í Irina Klyueva an Coimisinéir um Chearta Leanaí i bPoblacht na Crimé, mar a ghairtear di. Sa ról sin, tá sí ar dhuine de na daoine is mó a bhfuil baint acu le leanaí Úcránacha a bheith á n-iompar go neamhdhleathach go dtí an Rúis ionas go ndéanfadh teaghlaigh Rúiseacha iad a uchtú ina dhiaidh sin. Sáraíonn gníomhaíochtaí Irina Klyueva cearta leanaí Úcránacha agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine.
Dá bhrí sin, tá Irina Klyueva ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus de chobhsaíocht agus de shlándáil san Úcráin.
|
23.2.2024
|
|
1748.
|
Natalya Vladimirovna KOMAROVA
(Наталия Владимировна КОМАРОВА)
|
Feidhm: Gobharnóir réigiún Khanty-Mansi Autonomous Okrug –Yugra
Dáta breithe: 21.10.1955
Áit bhreithe: Yazvo, ceantar Lyadsky, réigiún Pskov, Cónaidhm na Rúise
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: baineann
Seoladh: 5 Mira str., Khanty-Mansiysk, 628006, Cónaidhm na Rúise
|
Is í Natalya Komarova Gobharnóir réigiún Khanty-Mansi Autonomous Okrug – Yugra, agus is é Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin a cheap í. Ina ról mar ghobharnóir, bainistíonn Natalya Komarova comhlacht stáit réigiúnach de chuid Chónaidhm na Rúise agus is í atá freagrach as beartais stáit a chur chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach.
Mar Ghobharnóir, tá Natalya Komarova tar éis tairbhe a bhaint as leasuithe a rinne an tUachtarán Vladimir Putin ar dhlí riaracháin na Rúise, rud a fhágann go bhfuil de rogha aici fanacht i gcumhacht ar feadh blianta breise.
Tá baint ag Natalya Komarova freisin le leanaí Úcránacha a bheith á n-iompar go neamhdhleathach chuig an Rúis ionas go ndéanfadh teaghlaigh Rúiseacha iad a uchtú ina dhiaidh sin. Sáraíonn gníomhaíochtaí Natalya Komarova cearta leanaí Úcránacha agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine.
Dá bhrí sin, tá Natalya Komarova ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1749.
|
Oleg Vladimirovich MELNICHENKO
(Олег Владимирович МЕЛЬНИЧЕНКО)
|
Feidhm: Gobharnóir réigiún Penza, Rúnaí bhrainse réigiúnach Penza de Pháirtí na Rúise Aontaithe
Dáta breithe: 21.5.1973
Áit bhreithe: Penza, Cónaidhm na Rúise
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Oleg Melnichenko Gobharnóir réigiún Penza, arna cheapadh ag Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Ina ról mar ghobharnóir, bainistíonn Oleg Melnichenko comhlacht stáit réigiúnach de chuid Chónaidhm na Rúise agus is é atá freagrach as beartais stáit a chur chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach.
Mar Ghobharnóir, tá Oleg Melnichenko tar éis leas a bhaint as leasuithe an Uachtaráin Vladimir Putin ar dhlí riaracháin na Rúise, rud a fhágann go bhfuil de rogha aige leanúint i gcumhacht ar feadh blianta breise.
Tá baint ag Oleg Melnichenko freisin le leanaí Úcránacha a bheith á n-iompar go neamhdhleathach chuig an Rúis agus a bheith á n-uchtú ag teaghlaigh Rúiseacha. Sáraíonn gníomhaíochtaí Oleg Melnichenko cearta leanaí na hÚcráine agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine.
Dá bhrí sin, tá Oleg Melnichenko ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1750.
|
Pavel Viktorovich MALKOV
(Павел Викторович МАЛКОВ)
|
Feidhm: Gobharnóir réigiún Ryazan,
Rúnaí Bhrainse Réigiúnach Ryazan den Pháirtí ‘United Russia’
Dáta breithe: 20.1.1980
Áit bhreithe: Saratov, Cónaidhm na Rúise
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is é Pavel Malkov Gobharnóir réigiún Ryazan, arna cheapadh ag Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin. Ina ról mar Ghobharnóir, bainistíonn Pavel Malkov comhlacht stáit réigiúnach de chuid Chónaidhm na Rúise agus is é atá freagrach as beartais stáit a chur chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach.
Mar Ghobharnóir, tá Pavel Malkov tar éis leas a bhaint as leasuithe an Uachtaráin Vladimir Putin ar dhlí riaracháin na Rúise, rud a fhágann go bhfuil de rogha aige leanúint i gcumhacht ar feadh blianta breise.
Tá baint ag Pavel Malkov freisin le leanaí Úcránacha a bheith á n-iompar go neamhdhleathach chuig an Rúis agus a bheith á n-uchtú ag teaghlaigh Rúiseacha. D’eagraigh Pavel Malkov, clárú leanaí Úcránacha in institiúidí oideachais tírghrá Rúiseacha.
Sáraíonn gníomhaíochtaí Pavel Malkov cearta leanaí na hÚcráine agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine. Tá sé ag tacú, dá bhrí sin, le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1751.
|
Vyacheslav Vladimirovich GLADKOV
(Rúisis: Вячеслав Владимирович ГЛАДКОВ;
Bealarúiseach: Вячаслаў Уладзiмiравiч ГЛАДКОЎ)
|
Feidhm: Comhalta de Chomhairle Stáit Chónaidhm na Rúise,
Gobharnóir réigiún Belgorod
Dáta breithe: 15.1.1969
Áit bhreithe: Kuchki, Kamensky district, Penza oblast, Cónaidhm na Rúise
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
Pasuimhir: 5602771258
|
Is Gobharnóir é Vyacheslav Gladkov ar réigiún Belgorod agus ina Chomhalta de Chomhairle Stáit Chónaidhm na Rúise. Ina ról mar ghobharnóir, bainistíonn sé comhlacht stáit réigiúnach de chuid Chónaidhm na Rúise agus is é atá freagrach as beartais stáit a chur chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach.
Mar Ghobharnóir, tá Vyacheslav Gladkov tar éis leas a bhaint as leasuithe an Uachtaráin Vladimir Putin ar dhlí riaracháin na Rúise, rud a fhágann go bhfuil de rogha aige leanúint i gcumhacht ar feadh blianta breise.
Tá baint ag Vyacheslav Gladkov freisin le díbirt neamhdhleathach leanaí na hÚcráine chuig réigiún Belgorod. Ó thosaigh sí an cogadh foghach ar an Úcráin, tá go leor sibhialtach Úcránach aistrithe ag an Rúis chuig réigiún Belgorod. Tá Vyacheslav Gladkov ar dhuine de na daoine is mó a bhfuil baint acu le leanaí a dhíbirt le forneart go dtí an Rúis agus lena n-uchtú chuig teaghlaigh Rúiseacha ina dhiaidh sin. Sáraíonn a chuid gníomhaíochtaí cearta leanaí Úcránacha agus sáraíonn siad dlí agus ord riaracháin na hÚcráine.
Dá bhrí sin, tá Vyacheslav Gladkov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024
|
|
1752.
|
Vladimir Vladimirovich MIKHEYCHIK
(Владимир Владимирович МИХЕЙЧИК)
|
Feidhm: Ard-Stiúrthóir ar Open Joint Stock Company ‘State Airline 224th Flight Detachment’
Dáta breithe: 16.5.1970
Náisiúntacht: Rúiseach
Inscne: fireann
|
Is Ard-Stiúrthóir é Vladimir Mikheychik ar Open Joint Stock Company ‘State Airline ‘224th Flight Detachment’ ó 2018. Is fiontar Rúiseach faoi úinéireacht stáit é, a oibríonn faoi Aireacht Cosanta na Rúise chun seirbhísí aeriompair iompair tráchtála a sholáthar, lena n-áirítear lastas míleata. Iompraíonn sé teicneolaíocht agus trealamh míleata faoin Aireacht Cosanta agus dá bhrí sin tá sé ag tacú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
Agus é ag glacadh na cáile sin chuige agus ag gníomhú dó dá réir, tá sé ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais, agus cuireann sé chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus ar bagairt iad ar an méid sin.
|
23.2.2024’;
|