|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/741 |
23.2.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2024/741 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Feabhra 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 maidir le foilsiú leictreonach Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 352 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 ón gComhairle (1), foráiltear go bhfuil ríomhshíniú cáilithe nó ríomhshéala cáilithe, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, le gabháil leis an Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (‘an Iris Oifigiúil’) a fhoilsítear i bhfoirm leictreonach (‘eagrán leictreonach den Iris Oifigiúil’) (2). Leagtar amach oibleagáid freisin le Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 na deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe nó ríomhshéala a fhoilsiú, chomh maith le haon athnuachan orthu, ar shuíomh gréasáin EUR-Lex chun é a chur ar chumas an phobail barántúlacht eagrán leictreonach den Iris Oifigiúil a fhíorú. |
|
(2) |
Is féidir barántúlacht, sláine agus neamh-inathraitheacht an eagráin leictreonaigh den Iris Oifigiúil a áirithiú trí mhodhanna éagsúla teicniúla. Is gá na modhanna sin ráthaíochtaí atá inchomparáide leo siúd a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe cáilithe, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, a thairiscint ar leibhéal teicniúil agus ar leibhéal eagraíochtúil. Ba cheart go seachnófaí an gá le Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 a leasú gach uair a bhíonn réiteach nó teicneolaíocht nua le húsáid nó nuair a athraíonn an creat dlíthiúil lena rialaítear réitigh nó teicneolaíochtaí den sórt sin. |
|
(3) |
Is gá rialacha soiléire a leagan síos lena dtabharfar chun réitigh ceanglas neamh-inathraitheacht na hIrise Oifigiúla agus na hoibleagáidí a eascraíonn as gníomhartha dlíthiúla an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta nó as cinntí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faisnéis áirithe a bhaint anuas. Ba cheart aistriú den sórt sin a dhéanamh trí leagan nua den eagrán leictreonach den Iris Oifigiúil lena mbaineann a chur ar fáil, mar aon le fógra maidir leis an méid sin. Ba cheart go gcoinneofar an leagan bunaidh den eagrán leictreonach den Iris Oifigiúil lena mbaineann i gcartlann Oifig na bhFoilseachán ar feadh tréimhse neamhtheoranta faoi choinníollacha teicniúla agus eagraíochtúla a chinntíonn nach féidir an leagan bunaidh a nochtadh ach amháin i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe na rialacha lena rialaítear an ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid agus cosaint sonraí pearsanta. |
|
(4) |
Tá bearta teagmhasacha curtha i bhfeidhm ag Oifig na bhFoilseachán, lena maolaítear an riosca nach mbeifear in ann an Iris Oifigiúil a fhoilsiú agus an t-eagrán leictreonach di a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin EUR-Lex. |
|
(5) |
I gcásanna eisceachtúla, más rud é, in ainneoin na mbeart teagmhasach a cuireadh i bhfeidhm, nach féidir an Iris Oifigiúil a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin EUR-Lex agus go ndéantar an foilsiú, i bhfoirm chlóite, ba cheart d’Oifig na bhFoilseachán faisnéis a chur ar fáil maidir le foilsechán den sórt sin a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin EUR-Lex a luaithe is féidir. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, is gá a áirithiú gurb é an t-eagrán leictreonach den Iris Oifigiúil a chuirfear ar fáil don phobal ina dhiaidh sin ar shuíomh gréasáin EUR-Lex an t-aon eagrán barántúil amháin agus go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla aige. |
|
(6) |
Chun go mbeadh an tairbhe is mó is féidir ann do shaoránaigh i dtaca le héascaíocht rochtana ar an Iris Oifigiúil, chomh maith leis an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is iomchuí freisin stádas barántúlachta eisiach a thabhairt do na leaganacha leictreonacha den líon beag eagrán priontáilte barántúil den Iris Oifigiúil a foilsíodh tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 216/2013. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 216/2013 mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: ‘Airteagal 3 1. I gcás nach féidir an t-eagrán leictreonach den Iris Oifigiúil a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin EUR-Lex de dheasca suaitheadh eisceachtúil gan choinne ar na córais faisnéise i gceist, foilseofar leagan na hIrise Oifigiúla lena mbaineann i bhfoirm chlóite. Beidh an t-eagrán sin barántúil agus beidh éifeachtaí dlíthiúla aige. 2. A luaithe a bheidh na córais faisnéise dá dtagraítear i mír 1 ag feidhmiú den athuair, cuirfear an t-eagrán leictreonach den Iris Oifigiúil, a chomhfhreagróidh don eagrán a foilsíodh i gcomhréir le mír 1, ar fáil ar shuíomh gréasáin EUR-Lex. Ón bpointe sin ar aghaidh, measfar gurb é sin an t-aon eagrán barántúil amháin agus beidh éifeachtaí dlíthiúla aige. 3. Maidir le gach eagrán leictreonach den Iris Oifigiúil a chomhfhreagraíonn do na heagráin chlóite bharántúla den Iris Oifigiúil a foilsíodh tar éis an 1 Iúil 2013, measfar gurb é an t-eagrán leictreonach an t-aon eagrán barántúil ón 14 Márta 2024.’ |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Feabhra 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
H. LAHBIB
(1) Rialachán (AE) Uimh. 216/2013 ón gComhairle an 7 Márta 2013 maidir le foilsiú leictreonach Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IO L 69, 13.3.2013, lch. 1)
(2) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/741/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)