Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/732 |
1.3.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/732 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Feabhra 2024
lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfíd alúmanaim lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 14 agus 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Áiríodh foisfíd alúmanaim in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 14 agus 18. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, meastar í a bheith formheasta faoin Rialachán sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE. |
(2) |
An 26 Feabhra 2020 cuireadh isteach iarratais i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le foisfíd alúmanaim lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 14 agus 18 (‘na hiarratais’). |
(3) |
An 25 Bealtaine 2020 chuir údarás inniúil meastóireachta na Gearmáine an Coimisiún ar an eolas gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur ghá meastóireacht iomlán a dhéanamh ar na hiarratais. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe. |
(4) |
Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirfear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá údar maith le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla. |
(5) |
Laistigh de 270 lá tar éis di moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, tá an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) le tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
(6) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1284 ón gCoimisiún (3) cuireadh ar atráth go dtí an 31 Iúil 2024 dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfíd alúmanaim lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 14 agus 18 chun go mbeadh go leor ama ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. |
(7) |
An 20 Meán Fómhair 2023 chuir an t-údarás inniúil meastóireachta an Coimisiún ar an eolas go bhfuil gá le síneadh breise ar an bhformheas maidir le foisfíd alúmanaim lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 14 agus 18 chun an mheastóireacht uirthi a thabhairt chun críche. Tá coinne ag an údarás inniúil meastóireachta leis go gcuirfidh sé na tuarascálacha maidir le measúnú ar athnuachan faoi bhráid na Gníomhaireachta sa dara ráithe de 2024. |
(8) |
Dá réir sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dóigh go rachaidh an formheas in éag sula nglacfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth arís go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir scrúdú na n-iarratas a thabhairt chun críche. Agus na teorainneacha ama á gcur san áireamh maidir leis an meastóireacht ag an údarás inniúil meastóireachta agus maidir leis na tuairimí ón nGníomhaireacht a ullmhú agus a chur isteach, agus an t-am a thógfaidh sé don Choimisiún cinneadh a dhéanamh an ndéanfar athnuachan ar an bhformheas maidir le foisfíd alúmanaim lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 14 agus 18 á chur san áireamh freisin, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 31 Eanáir 2026. |
(9) |
Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth arís, beidh foisfíd alúmanaim formheasta lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 14 agus 18 go fóill faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfíd alúmanaim lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 14 agus 18 a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1284, cuirtear ar atráth é go dtí an 31 Eanáir 2026.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Feabhra 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/2022-04-15
(2) Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/8/2013-08-20).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1284 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2021 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfíd alúmanaim a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 14 agus 18 (IO L 279, 3.8.2021, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1284/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/732/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)