Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/726 |
14.3.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 325/2021
an 10 Nollaig 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/726]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán (AE) 2021/1247 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar mhandastróibin i bhfíonchaora agus i sútha talún (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha agus le hearraí bia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha agus le hearraí bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I agus sa réamhrá i gCaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 40 (Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘- |
32021 R 1247: Rialachán (AE) 2021/1247 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2021 (IO L 272, 30.7.2021, lch. 33).’ |
Airteagal 2
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 54zzy (Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘- |
32021 R 1247: Rialachán (AE) 2021/1247 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2021 (IO L 272, 30.7.2021, lch. 33).’ |
Airteagal 3
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2021/1247 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 11 Nollaig 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 5
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Nollaig 2021.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Rolf Einar FIFE
(1) IO L 272, 30.7.2021, lch. 33.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/726/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)