|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/709 |
14.3.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 361/2021
an 10 Nollaig 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/709]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/963 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2021 lena leagtar síos rialacha chun Rialacháin (AE) 2016/429, (AE) 2016/1012 agus (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le hainmhithe eachaí a shainaithint agus a chlárú agus lena mbunaítear múnla de dhoiciméid aitheantais le haghaidh na n-ainmhithe sin (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le hainmhithe beo cé is moite d’éisc agus ainmhithe dobharshaothraithe. An reachtaíocht a bhaineann leis na hábhair sin, ní bheidh feidhm aici maidir leis an Íoslainn, mar a shonraítear i mír 2 den Chuid Réamhráiteach de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir leis an Íoslainn. |
|
(3) |
Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí tréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 3a (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/659 ón gCoimisiún) i gCuid 4.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘3b. |
32021 R 0963: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/963 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2021 lena leagtar síos rialacha chun Rialacháin (AE) 2016/429, (AE) 2016/1012 agus (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le hainmhithe eachaí a shainaithint agus a chlárú agus lena mbunaítear múnla de dhoiciméid aitheantais le haghaidh na n-ainmhithe sin (IO L 213, 16.6.2021, lch. 3). Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:
Ní bheidh feidhm ag an ngníomh seo maidir leis an Íoslainn.’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/963 san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 11 Nollaig 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Nollaig 2021.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Rolf Einar FIFE
(1) IO L 213, 16.6.2021, lch. 3.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/709/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)