European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/707

14.3.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 358/2021

an 10 Nollaig 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn XXII (Dlí na gCuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/707]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2021/25 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 39 agus Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 4, 7, 9 agus 16 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 10ba (Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32021 R 0025: Rialachán (AE) 2021/25 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2021 (IO L 11, 14.1.2021, lch. 7).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2021/25 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 11 Nollaig 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Nollaig 2021.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Rolf Einar FIFE


(1)   IO L 11, 14.1.2021, lch. 7.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/707/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)