![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/667 |
14.3.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 347/2021
an 10 Nollaig 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin Theicniúla, Caighdeáin, Tástáil agus Deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/667]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Treoir Tarmligthe (AE) 2021/1206 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trealamh muirí a mhéid a bhaineann leis an gcaighdeán is infheidhme maidir le saotharlanna a úsáideann comhlachtaí um measúnú comhréireachta le haghaidh trealamh muirí (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 2 (Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XXXII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
— |
32021 L 1206: Treoir Tarmligthe (AE) 2021/1206 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2021 (IO L 261, 22.7.2021, lch. 45).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir Tarmligthe (AE) 2021/1206 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 11 Nollaig 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Nollaig 2021.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Rolf Einar FIFE
(1) IO L 261, 22.7.2021, lch. 45.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/667/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)