|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/649 |
19.2.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/649 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Samhain 2023
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an deichiú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún EDS maidir le Rialú Tobac
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus Airteagal 168(5), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas Creat-Choinbhinsiún EDS maidir le Rialú Tobac (‘FCTC EDS’) (1), arna gcaibidil faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Sláinte, i gcrích de bhun Chinneadh 2004/513/CE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 27 Feabhra 2005. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 23(5) de FCTC EDS, tá Comhdháil na bPáirtithe (‘CP’) leis na cinntí is gá a dhéanamh chun cur chun feidhme éifeachtach FCTC EDS a chur chun cinn. |
|
(3) |
Is é cuspóir Threoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát maidir le monarú, cur i láthair agus díol tobac agus táirgí gaolmhara chun a áirithiú, inter alia, go gcomhlíonfaidh an tAontas a oibleagáidí faoi FCTC EDS. Is é cuspóir Threoir 2003/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le fógraíocht agus cur chun cinn táirgí tobac. |
|
(4) |
Ag an deichiú seisiún de CP, meastar go nglacfaidh CP gníomhartha áirithe a bhféadfadh éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu, lena n-áirítear gníomh a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais a bhaineann le rialú tobac. Go háirithe, an cinneadh atá beartaithe maidir le fógraíocht, cur chun cinn agus urraíocht tobac, lena n-áirítear treoirlínte forlíontacha sonracha a ghlacadh chun Airteagal 13 FCTC EDS a chur chun feidhme, agus na cinntí atá beartaithe a bhaineann le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Rialacha Nós Imeachta CP, lena n-áirítear leasú a dhéanamh ar an nós imeachta chun Ceann Rúnaíocht FCTC EDS a cheapadh, is gníomhartha iad a bhféadfadh éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu nó a bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith acu ar ábhar na reachtaíochta arna glacadh ag an Aontas. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an deichiú seisiún de CP a bhunú. Baineann codanna áirithe den seasamh sin le réimsí ina gcomhroinneann an tAontas inniúlacht lena Bhallstáit. I ndáil leis sin, níor cheart a thuiscint leis an gCinneadh seo go n-athraítear roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit. |
|
(6) |
I gcomhréir le seasamh an Aontais a cuireadh in iúl ag an ochtú seisiún de CP, ba cheart don Aontas tacú le glacadh na dtreoirlínte nua atá beartaithe chun Airteagal 13 de FCTC EDS a chur chun feidhme maidir le fógraíocht, cur chun cinn agus urraíocht tobac agus leis an léiriú ar thobac sna meáin shiamsaíochta, i gcomhréir le cuspóir foriomlán an Aontais caitheamh táirgí tobac agus nicitín a laghdú. |
|
(7) |
Chun gur féidir ullmhúchán agus ionadaíocht iomchuí a dhéanamh maidir le seasaimh an Aontais ag seisiúin de chuid CP, ba cheart don Aontas leasú ar Rialacha Nós Imeachta CP a mholadh lena gceanglaítear ar Rúnaíocht FCTC EDS doiciméid oifigiúla na comhdhála a dháileadh 120 lá ar a laghad roimh gach COP. |
|
(8) |
Chun an obair a dhéantar ag CP a shimpliú agus chun gur féidir seisiúin fhíorúla CP a thionól, agus chun foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht Ceann Rúnaíochta FCTC EDS gníomhach a ainmniú, ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe atá beartaithe ar Rialacha Nós Imeachta CP a shaothraíonn aidhmeanna den sórt sin. |
|
(9) |
Ba cheart don Aontas tacú le feabhas a chur ar an bpróiseas chun Ceann Rúnaíocht FCTC EDS a roghnú agus a cheapadh freisin, go háirithe chun nós imeachta athnuachain aonair ar an téarma oifige a shimpliú, agus na critéir feidhmíochta oibiachtúla á n-urramú ag an am céanna, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an deichiú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe (‘CP’) i gCreat-Choinbhinsiún EDS maidir le Rialú Tobac (‘FCTC EDS’), leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh seo.
Airteagal 2
Féadfaidh ionadaithe an Aontais teacht ar chomhaontú maidir le mionchoigeartú ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, i bhfianaise na bhforbairtí ag an deichiú seisiún de CP in FCTC EDS, agus an comhaontú sin a dhéanamh i ndlúthchomhairle leis na Ballstáit le linn cruinnithe maidir le comhordú ar an láthair, gan cinneadh breise ón gComhairle.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Samhain 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. NAVARRO RÍOS
(1) IO L 213, 15.6.2004, lch. 9.
(2) Cinneadh 2004/513/CE ón gComhairle an 2 Meitheamh 2004 i ndáil le Creat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac a thabhairt i gcrích (IO L 213, 15.6.2004, lch. 8).
(3) Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, cur i láthair agus díol táirgí tobac agus táirgí gaolmhara agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/37/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 1).
(4) Treoir 2003/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le fógraíocht agus urraíocht táirgí tobac (IO L 152, 20.6.2003, lch. 16).
IARSCRÍBHINN
AGUISÍN
a ghabhann leis an gCINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an deichiú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) maidir le Rialú Tobac (FCTC)
Seasaimh an Aontais maidir leis na príomh-shaincheisteanna a phléifear ag an deichiú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe sa Chreat-Choinbhinsiún maidir le Rialú Tobac, i bPanama ón 20 go dtí an 25 Samhain 2023.
I. Fógraíocht, cur chun cinn agus urraíocht tobac: an léiriú ar thobac sna meáin siamsaíochta: tuarascáil ón Meitheal (FCTC/COP/10/8). Déanann tAontas an méid seo a leanas:
Gabhann sé buíochas leis an meitheal as an tuarascáil,
|
1. |
I gcomhréir le cuspóirí FCTC, tacaíonn sé le glacadh treoirlínte sonracha de réir na línte atá molta ag an Meitheal um fhógraíocht, cur chun cinn agus urraíocht trasteorann tobac (TAPS), lena dtugtar aghaidh, inter alia, ar straitéisí margaíochta nua agus nuálacha, lena ndéantar measúnú ar thionscnamh agus ar thomhaltas agus béim ar leith á leagan ar dhaoine óga agus ar leanaí, ina moltar toirmisc a chur i bhfeidhm ar fhógraíocht, cur chun cinn agus urraíocht trasteorann tobac, nó srianta, i gcás na bPáirtithe sin nach bhfuil in ann toirmeasc cuimsitheach a chur orthu mar gheall ar a mbunreacht nó a bprionsabail bhunreachtúla, le haghaidh gach cineáil meán, lena n-áirítear na meáin dhigiteacha agus ardáin chumarsáide sna meáin dhigiteacha. |
|
2. |
Is díol sásaimh dó an moladh go ndéanfaí léirithe tobac sna meáin siamsaíochta a laghdú. |
|
3. |
Leis na treoirlínte sin ba cheart an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:
|
II. Leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Rialacha Nós Imeachta Chomhdháil na bPáirtithe: tuarascáil ón Rúnaíocht (FCTC/COP/21)
Déanann tAontas an méid seo a leanas:
|
1. |
Tacaíonn sé leis na leasuithe atá beartaithe chun an obair a dhéantar ag COP a shimpliú agus a réasúnú, mar shampla formheas na dtaifead focal ar fhocal a ghlacadh tar éis dheireadh an tseisiúin nó an fhéidearthacht ghinearálta a thabhairt isteach go bhféadfaí míreanna de chláir oibre sheisiúin COP a chraoladh beo ar an ngréasán, faoi réir fhormheas COP ag tús gach seisiúin. |
|
2. |
Aontaíonn sé go ndéanfar a shoiléiriú, gan Rialacha Nós Imeachta COP a leasú, go dtuigtear go n-áirítear comhaid fuaime i dtaifid focal ar fhocal de chruinnithe iomlánacha. |
|
3. |
Tacaíonn sé leis an leasú a bhaineann le seisiúin fhíorúla COP a eagrú, nuair a bhíonn gá le bearta eisceachtúla de bharr staid urghnách. Ag an am céanna, ba cheart dó a chur san áireamh freisin an gá le cothromaíocht a bhaint amach maidir leis na costais chomhshaoil a bhaineann le seisiúin ar an láthair a reáchtáil. Ba cheart i gcónaí cruinnithe fíorúla a eagrú leis an gcosaint is mó is féidir ar thionchar thionscal an tobac. |
|
4. |
Tacaíonn sé leis an leasú chun rannpháirtíocht chomhaltaí Bhiúró Chruinniú na bPáirtithe (MOP) i gceapachán Cheann na Rúnaíochta a shainiú níos soiléire, chomh maith leis an leasú lena bhforáiltear don fhéidearthacht Ceann Rúnaíochta gníomhach a ainmniú, nuair is gá. |
|
5. |
Tacaíonn sé leis an leasú a bhaineann le meáin chreidiúnaithe a bheith i láthair i seisiúin phoiblí, ós rud é go mbeidh comhsheasmhacht níos fearr idir Riail 2 agus Riail 32 mar thoradh ar an leasú sin. |
|
6. |
Molann sé go ndéanfaí leasú ar Riail 8 lena gcuirtear oibleagáid faoi láthair ar an Rúnaíocht an clár oibre sealadach, mar aon le doiciméid chomhdhála eile, a dháileadh ar na Páirtithe 60 lá ar a laghad roimh lá tosaigh an tseisiúin. Ba cheart an tréimhse sin a leathnú go 120 lá roimh oscailt an tseisiúin ionas go mbeidh eagraíochtaí réigiúnacha um lánpháirtiú eacnamaíoch agus tíortha cónaidhme in ann a seasaimh a ullmhú agus a bhunú i gceart. Ba cheart an tréimhse sin a áirithiú ar a laghad maidir le doiciméid chomhdhála le haghaidh chinntí COP atá ceangailteach ó thaobh dlí de ar na Páirtithe nó a bhfuil impleachtaí tábhachtacha beartais nó dlíthiúla ag gabháil leo. [seasamh cúltaca: Is féidir leis an Aontas teacht ar chomhaontú maidir leis an tréimhse dháileacháin 60 lá roimh oscailt an tseisiúin dá bhforáiltear faoi láthair a fhadú, agus ar a laghad le haghaidh doiciméid chomhdhála le haghaidh chinntí COP atá ceangailteach ó thaobh dlí ar na Páirtithe nó a bhfuil impleachtaí tábhachtacha beartais nó dlíthiúla ag gabháil leo.] |
III. Ceapachán Cheann Rúnaíocht an Choinbhinsiúin: tuarascáil ón mBiúró (FCTC/COP/23)
Déanann tAontas an méid seo a leanas:
|
1. |
Gabhann sé buíochas leis an mBiúró as an tuarascáil, ina bhfuil moltaí comhpháirteacha ó Bhiúró COP agus ó Bhiúró Chruinniú na bPáirtithe chun feabhas a chur ar an bpróiseas roghnúcháin agus ceapacháin do Cheann na Rúnaíochta agus na critéir chun iarrthóirí a roghnú don phost mar Cheann na Rúnaíochta. |
|
2. |
Tacaíonn sé lena bhfuil beartaithe chun feabhas a chur ar an bpróiseas chun Ceann na Rúnaíochta a roghnú agus a cheapadh, próiseas a bunaíodh le cinntí FCTC/COP8(8) agus FCTC/MOP1(12), lena n-áirítear modhnuithe chun athnuachan amháin ar théarma oifige Cheann na Rúnaíochta go ceann 4 bliana eile a shimpliú, ar choinníoll go ndéanfaí meastóireacht agus measúnú dearfach roimh ré ar fheidhmíocht Cheann na Rúnaíochta. |
|
3. |
Tacaíonn sé leis na critéir fheabhsaithe maidir leis na hiarrthóirí don phost mar Cheann na Rúnaíochta a roghnú; ach iarrann sé go ndéanfaí gnéithe a bhaineann leis an bPrótacal a ghabhann le FCTC a chur leis na critéir roghnúcháin. Go háirithe, ba cheart cúlra, eolas agus taithí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhrac na trádála aindleathaí a áireamh i gcritéir dhoiciméadacha 1, agus ba cheart taithí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhrac na trádála aindleathaí agus naisc láidre nó líonra leis an bpobal frithchalaoise idirnáisiúnta a áireamh i gcritéir dhoiciméadacha 2. [seasamh cúltaca: Is féidir leis an Aontas aontú leis na critéir fheabhsaithe atá beartaithe freisin mura gcuirtear na gnéithe a bhaineann leis an bPrótacal leo nó mura gcuirtear leo ach go pointe áirithe.] |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/649/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)