European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/644

19.2.2024

CINNEADH (CBES) 2024/644 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 14 Feabhra 2024

maidir le Ceannasaí Forsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht slándála muirí an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES/1/2024)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2024/583 ón gComhairle an 8 Feabhra 2024 maidir le hoibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) (1), agus go háirithe Airteagal 4(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 8 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/583, lenar bunaíodh oibríocht mhíleata slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES).

(2)

De bhun Chinneadh (CBES) 2024/583, d’údaraigh an Chomhairle an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinntí a ghlacadh maidir le Ceannasaí Forsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar EUNAVFOR ASPIDES.

(3)

An 9 Feabhra 2024, mhol údaráis mhíleata na hIodáile go gceapfaí Seachaimiréal Stefano COSTANTINO mar Cheannasaí Forsa an Aontais Eorpaigh ar EUNAVFOR ASPIDES (‘an ceapachán molta’).

(4)

An 13 Feabhra 2024, thacaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an gceapachán molta.

(5)

Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir le Ceannasaí Forsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar EUNAVFOR ASPIDES.a cheapadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Seachaimiréal Stefano COSTANTINO mar Cheannasaí Forsa an Aontais Eorpaigh le haghaidh oibríocht slándála muirí an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Feabhra 2024.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)   IO L, 2024/583, 12.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/583/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/644/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)