|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/642 |
14.3.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 336/2021
an 10 Nollaig 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/642]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2021/1297 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le haigéid shárfhluaracarbocsaileacha ina bhfuil 9 go 14 adamh carbóin sa slabhra (PFCAnna C9-C14), a salainn agus substaintí PFCA C9-C14-ghaolmhara (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 12zc (Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘- |
32021 R 1297: Rialachán (AE) 2021/1297 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2021 (IO L 282, 5.8.2021, lch. 29).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2021/1297 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 11 Nollaig 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Nollaig 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rolf Einar FIFE
(1) IO L 282, 5.8.2021, lch. 29.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/642/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)