|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/639 |
7.3.2024 |
MOLADH (AE) 2024/639 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Nollaig 2023
maidir le comhsheasmhacht bhearta na Beilge le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus le dul chun cinn maidir le hoiriúnú a áirithiú
(Is iad na téacsanna Fraincise agus Ollainnise amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,
Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (1), agus go háirithe Airteagal 7(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Rialachán (AE) 2021/1119 (an Dlí Aeráide Eorpach), ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na mbeart náisiúnta leis an gcuspóir aeráidneodrachta agus dul chun cinn maidir leis an oiriúnú a áirithiú. Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht bhearta na Beilge leis na cuspóirí sin (2). Tá na moltaí thíos bunaithe ar an measúnú sin. Ba cheart don Bheilg aird chuí a thabhairt ar na moltaí seo agus obair leantach a dhéanamh orthu i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach. |
|
(2) |
Cé go léiríonn glanastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais (lena n-áirítear astaíochtaí ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF) agus gan iompar idirnáisiúnta san áireamh) treocht sheasta íslitheach ar an iomlán, go ginearálta i gcomhréir leis an gconair líneach lena mbaintear amach sprioc aeráide -55 % an Aontais do 2030 agus cuspóir aeráidneodrachta 2050 an Aontais, is den riachtanas é luas an laghdaithe astaíochtaí a luathú agus gníomhú ag na Ballstáit. An dul chun cinn a rinneadh sna Ballstáit, is dul chun cinn measctha é agus tá dúshláin agus laigí earnálacha ann is gá a réiteach gan a thuilleadh moille. Is iad straitéisí fadtéarmacha iontaofa an bhunchloch ionas gur féidir an claochlú eacnamaíoch is gá a bhaint amach chun bogadh i dtreo chuspóir aeráidneodrachta an Aontais. |
|
(3) |
Is iad na pobail is leochailí na pobail sin ar mó an dóchúlacht go mbeidh tionchar ag an athrú aeráide orthu. De bharr nochtadh éagothrom agus leochaileacht na réigiún agus na ngrúpaí socheacnamaíocha éagsúla ar thionchair aeráide, is measa a bhíonn na neamhionannais agus na leochaileachtaí atá ann cheana. Leis an athléimneacht chóir, d’fhéadfaí ualach éagothrom an riosca aeráide a laghdú agus cothromas a áirithiú i ndáileadh shochar an oiriúnaithe. Sa Bheilg, ní dhearna réigiún na Vallúine ná an rialtas feidearálach tuairisciú tar éis dul chun cinn a dhéanamh maidir le geallsealbhóirí atá an-leochaileach a mhealladh i ndearadh agus i gcur chun feidhme an bheartais oiriúnaithe, |
AG MOLADH LEIS SEO GO nGNÍOMHÓDH AN BHEILG CHUN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:
Comhsheasmhacht na mbeart náisiúnta leis an gcuspóir aeráidneodrachta
|
1. |
An uaillmhian agus an cháilíocht maidir leis an straitéis náisiúnta fhadtéarmach a nuashonrú agus a mhéadú, trí sprioc fhadtéarmach na Beilge maidir le neodracht aeráide a shoiléiriú, agus trí bhunús a thabhairt do laghduithe ar astaíochtaí na Beilge agus d’fheabhsú na spriocanna aistrithe in earnálacha aonair le beartais agus bearta inchreidte. |
Comhsheasmhacht na mbeart náisiúnta lena áirithiú go ndéanfar dul chun cinn maidir le hoiriúnú
|
2. |
Leanúint de ghrúpaí páirtithe leasmhara atá an-leochaileach maidir le tionchair an athraithe aeráide a spreagadh chun páirt a ghlacadh i gceapadh agus i gcur chun feidhme bheartas oiriúnaithe na Beilge. Próiseas agus toradh na gcomhairliúchán sin a dhoiciméadú. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Wopke HOEKSTRA
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.
(2) Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn AE maidir le Gníomhú ar son na hAeráide 2023, COM(2023) 653 final, agus Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin Measúnú ar an dul chun cinn maidir le hoiriúnú don athrú aeráide sna Ballstáit aonair de réir an Dlí Aeráide Eorpaigh, SWD(2023) 932.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/639/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)