European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/635

20.2.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/635 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Feabhra 2024

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 a mhéid a bhaineann le modhanna cruthúnais maidir le stádas custaim earraí de chuid an Aontais agus forálacha áirithe a bhaineann le nósanna imeachta idirthurais an Aontais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagail 157 agus 232 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Léirigh cur chun feidhme praiticiúil Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, in éineacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 (2) ón gCoimisiún, go bhfuil gá le roinnt leasuithe ar an Rialachán Cur Chun Feidhme sin chun é a chur in oiriúint níos fearr do riachtanais oibreoirí eacnamaíocha agus údarás custaim agus chun an t-aistriú ó dhoiciméid pháipéarbhunaithe go húsáid malartuithe sonraí leictreonacha a chur san áireamh, maidir leis na modhanna cruthúnais ar stádas custaim earraí de chuid an Aontais agus gnéithe áirithe de nósanna imeachta idirthurais an Aontais.

(2)

Maidir leis na modhanna cruthúnais i ndáil le stádas custaim earraí de chuid an Aontais, is gá na téarmaí a thabhairt cothrom le dáta le haghaidh earraí de chuid an Aontais nach bhfuil stádas custaim earraí de chuid an Aontais ag a bpacáistíocht. Thairis sin, níor cheart eisiúint chúlghabhálach na modhanna cruthúnais sin a cheadú ach amháin i gcásanna ina bhfuil údar cuí leo agus is gá an tréimhse ina bhféadfar na modhanna cruthúnais sin a eisiúint go cúlghabhálach a shonrú.

(3)

Faoi Airteagal 128 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 (3) ón gCoimisiún, le héascú eisiúint dhoiciméad T2L nó T2LF, ceadaítear formhuiniú an doiciméid T2L nó T2LF sin a tharscaoileadh leis an gcruthúnas ar stádas custaim earraí de chuid an Aontais. Níor cheart feidhm a bheith ag éascú den sórt sin ach amháin sa Bhallstát inar deonaíodh údarú don eisitheoir an doiciméad T2L nó T2LF a eisiúint faoi Airteagal 128 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446. Tá na cruthúnais sin le clárú i gcóras Chruthúnas CCA ar Stádas Aontais (PoUS) dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún (4).

(4)

Thairis sin, ba cheart a shonrú nach féidir an doiciméad T2L nó T2LF a úsáid ach aon uair amháin, eadhon chun na hearraí a thíolacadh den chéad uair chun a stádas custaim mar earraí de chuid an Aontais a chinneadh, agus i gcás aon earraí a bheidh fágtha, i gcás páirtúsáid an mhodha cruthúnais maidir le stádas custaim earraí de chuid an Aontais, gur gá modh nua cruthúnais a eisiúint.

(5)

Chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar na riachtanais eacnamaíocha atá i réim, ba cheart a cheadú don duine a thíolacfaidh na hearraí ag an oifig custaim imeachta, dála shealbhóir an nós imeachta, a iarraidh ar an oifig custaim imeachta doiciméad tionlacain idirthurais nó doiciméad tionlacain idirthurais/slándála a sholáthar dó.

(6)

Chun cur chuige éascaithe ach comhchuibhithe a áirithiú ar fud an Aontais agus sna tíortha comhchoiteanna idirthurais, ba cheart trasloingsithe coimeádán agus aonad iompair idirmhódúil comhchosúil a tharscaoileadh, faoi choinníollacha áirithe, ó liosta na dteagmhas a éilíonn idirghabháil chustaim.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 a leasú dá réir sin.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 199, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 4 agus 5:

‘4.   I gcás ina n-úsáidtear an modh cruthúnais dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh earraí a bhfuil stádas custaim earraí de chuid an Aontais acu a bhfuil pacáistíocht orthu nach bhfuil stádas custaim earraí an Aontais acu, áireofar an tásc seo a leanas sa mhodh cruthúnais:

‘N pacáistíocht — 98200’

5.   Más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go n-eiseofar an modh cruthúnais dá dtagraítear i mír 1, pointí (b), (c) agus (d), go cúlghabhálach, áireofar an tásc seo a leanas ann:

‘Arna eisiúint go cúlghabhálach — 99210’

Ní féidir an modh cruthúnais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a eisiúint go cúlghabhálach ach amháin roimh dhul in éag na teorann ama le haghaidh fógra faoi fhiach custaim a shonraítear in Airteagal 103 den Chód.’

;

(2)

in Airteagal 200, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Cuirfear an modh cruthúnais dá dtagraítear i mír 1 i láthair na hoifige custaim inniúla mar a thíolactar na hearraí chun stádas custaim earraí de chuid an Aontais a bhaineann leo a chinneadh tar éis a dtabhairt i gcríoch custaim an Aontais an athuair, trína MRN a léiriú.’

;

(3)

cuirtear isteach an tAirteagal 200a seo a leanas:

‘Airteagal 200a

Modh cruthúnais a eisiúint ag eisitheoir údaraithe

(Airteagal 153(2) den Chód)

1.   Ní bheidh feidhm ag an éascú le haghaidh eisiúint modha cruthúnais ag eisitheoir údaraithe dá bhforáiltear in Airteagal 128 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ach amháin maidir le modhanna cruthúnais i dtaca le stádas custaim earraí de chuid an Aontais arna eisiúint sa Bhallstát a d’údaraigh na modhanna cruthúnais sin a eisiúint.

2.   Cláróidh eisitheoir údaraithe T2L nó T2LF cruthúnas stádas custaim earraí de chuid an Aontais tráth nach déanaí ná tráth choinsíneacht na n-earraí.

3.   Ní fhéadfaidh an t-eisitheoir údaraithe tús a chur le hearraí de chuid an Aontais a bhogadh roimh dhul in éag na tréimhse a shonraítear san údarú dá dtagraítear in Airteagal 128(3b), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446.’

;

(4)

in Airteagal 205, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   I gcás ina léireofar MRN mar chruthúnas ar an stádas custaim mar earraí de chuid an Aontais, ní fhéadfar na sonraí T2L nó T2LF atá mar bhonn leis an MRN a úsáid ach amháin chun na hearraí a thíolacadh den chéad uair chun a stádas custaim mar earraí de chuid an Aontais a chinneadh.

I gcás nach n-úsáidtear na sonraí T2L nó T2LF ach amháin le haghaidh cuid de na hearraí nuair a thíolactar iad den chéad uair chun a stádas custaim mar earraí de chuid an Aontais a chinneadh, bunófar modh cruthúnais nua don chuid de na hearraí atá fágtha i gcomhréir le hAirteagal 200 den Rialachán seo agus le hAirteagal 128 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446.’

;

(5)

in Airteagal 303, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Arna iarraidh sin do shealbhóir an nós imeachta nó don duine a thíolaic na hearraí san oifig custaim imeachta, soláthróidh an oifig custaim imeachta doiciméad idirthurais tionlacain nó, i gcás inarb iomchuí, doiciméad idirthurais/slándála tionlacain do shealbhóir an nós imeachta nó don duine a thíolaic na hearraí ag an oifig custaim imeachta.

Soláthrófar an doiciméad idirthurais tionlacain agus úsáid á baint as an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn B-02 a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 agus, más gá, forlíonfar é le liosta na n-ítimí san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn B-03 a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe sin.’

;

(6)

in Airteagal 305(1), cuirtear an dara agus an tríú fomhír seo a leanas leis:

‘Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (c) agus (f), ina n-iompraítear earraí in aon aonad iompair idirmhódúil amháin, ina n-athraítear an modh iompair gan na hearraí a láimhseáil iad féin agus ina bhfuil uimhir aitheantais uathúil ar an aonad iompair idirmhódúil, ní mheasfar gur teagmhas é an t-athrú sin chun críocha na chéad fhomhíre.

Chun críocha an dara fomhír, is éard atá in aonad iompair idirmhódúil, mar shampla, coimeádán, cabhail shoghluaiste nó leathleantóir. Tá feidhm ag an dara fomhír freisin maidir le feithicil luchtaithe a dhéantar í féin a iompar ar mhodh gníomhach iompair.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Feabhra 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 an 28 Iúil 2015 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2019 lena mbunaítear an clár oibre a bhaineann le forbairt agus le húsáid na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais (IO L 325, 16.12.2019, lch. 168).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/635/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)