European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/634

20.2.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/634 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Nollaig 2023

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a mhéid a bhaineann leis an gcruthúnas ar stádas custaim earraí de chuid an Aontais agus na foirmiúlachtaí custaim i dtaca le gairis bhraiteacha lasta leictreonacha

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 156, pointí (a), (b) agus (d), Airteagal 160 agus Airteagal 36, pointe (b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Léiríodh le cur chun feidhme Rialachán (AE) 952/2013 in éineacht le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 (2) ón gCoimisiún go bhfuil gá le roinnt leasuithe ar an Rialachán Tarmligthe sin chun é a chur in oiriúint níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais oibreoirí eacnamaíocha agus údarás custaim a mhéid a bhaineann leis an gcruthúnas maidir le stádas custaim ar earraí de chuid an Aontais agus na foirmiúlachtaí custaim is infheidhme le linn thrasloingsiú na n-earraí.

(2)

Chun na cásanna sonracha a shoiléiriú inar féidir le hearraí de chuid an Aontais gluaiseacht, gan iad a bheith faoi réir nós imeachta custaim, ó phointe amháin go pointe eile laistigh de chríoch chustaim an Aontais agus amach as an gcríoch sin ar bhonn sealadach gan a stádas custaim a athrú, tá sé riachtanach a dheimhniú go dtugtar le tuiscint leis an toimhde maidir le stádas an Aontais, cé gur féidir leis na hearraí críoch chustaim an Aontais a fhágáil go sealadach trí uiscí idirnáisiúnta nó trí aerspás idirnáisiúnta, nach n-údaraítear stopadh lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.

(3)

Is é is aidhm do choincheap na n-eisitheoirí údaraithe na foirmiúlachtaí a bhaineann le cruthúnas ar stádas custaim earraí de chuid an Aontais a shimpliú go heisiach. I bhfianaise chur in úsáid an chórais leictreonaigh a bhaineann leis an gCruthúnas ar Stádas Aontais (PoUS) dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 (3) ón gCoimisiún, ní mór na coinníollacha maidir le húdaruithe den sórt sin a threisiú.

(4)

Maidir leis na foirmiúlachtaí custaim is infheidhme i dtaca le gairis bhraiteacha lasta leictreonacha (eCSDanna), i gcás ina ndearbhófar gairis slándála agus rianúcháin is féidir a chur laistigh d’abhar pacála, nó iad siúd atá nasctha le hábhar pacála, le haghaidh iontráil shealadach nó le haghaidh ath-onnmhairithe, ionas gur féidir iad a shimpliú, ba cheart, ó thaobh na ngaireas sin, tairbhe a bhaint as foirmiúlachtaí simplithe custaim. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbaineann na eCSDanna sin tairbhe as faoiseamh iomlán ó dhleacht ar allmhairí nuair a dhearbhaítear iad le haghaidh iontráil shealadach. Ba cheart feidhm a bheith ag an bhfaoiseamh iomlán sin freisin maidir le hábhar pacála a allmhairítear, agus é líonta, agus a bhfuil sé beartaithe é a ath-onnmhairiú, agus é folamh nó líonta, agus ar a bhfuil buanmharcanna doscriosta lena sainaithnítear duine atá bunaithe laistigh nó lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais, ós rud é go dtairbhíonn an t-ábhar pacála sin de na foirmiúlachtaí simplithe custaim céanna freisin nuair a dhearbhaítear é le haghaidh iontráil shealadach nó le haghaidh athonnmhairithe.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 119 mar a leanas:

(a)

cuirtear an teideal seo a leanas in ionad theideal an Airteagail:

Toimhde agus cruthúnas ar stádas custaim

(Airteagal 153(1) agus 155(2) den Chód)’;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

i gcás ina n-iomprófar na hearraí ar eitleán agus ina lódálfar nó ina dtrasloingseofar iad ag aerfort de chuid an Aontais chun iad a choinsíniú go haerfort eile de chuid an Aontais, gan stopadh lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais, ar choinníoll go n-iomprófar iad faoi chumhdach doiciméid aonair iompair arna eisiúint i mBallstát;’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Is féidir le hearraí de chuid an Aontais gluaiseacht, gan iad a bheith faoi réir nós imeachta custaim, ó phointe amháin go pointe eile laistigh de chríoch chustaim an Aontais agus amach as an gcríoch sin ar bhonn sealadach gan a stádas custaim a athrú, sna cásanna seo a leanas, ar choinníoll go gcruthófar a stádas custaim ar earraí de chuid an Aontais:

(a)

earraí a tugadh isteach ó phointe amháin go pointe eile laistigh de chríoch chustaim an Aontais agus a d’fhág an chríoch sin ar bhonn sealadach ar muir nó ar eitleán gan stopadh lasmuigh den chríoch sin;

(b)

earraí a tugadh isteach ó phointe amháin go pointe eile laistigh de chríoch chustaim an Aontais trí chríoch lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais gan iad a bheith trasloingsithe, agus a iomprófar faoi chumhdach doiciméid aonair iompair arna eisiúint i mBallstát;

(c)

earraí a tugadh isteach ó phointe amháin go pointe eile laistigh de chríoch chustaim an Aontais trí chríoch lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais agus a transloingsíodh lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais ar mhodh iompair seachas an modh ina raibh siad lódáilte ar dtús agus a seoladh faoi chumhdach doiciméid aonair iompair arna eisiúint i mBallstát. Má tá doiciméad iompair nua á eisiúint lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais, cuirfear an doiciméad aonair iompair bunaidh ar fáil don lucht custaim ar theacht isteach san Aontas arís;

(d)

mótarfheithiclí atá cláraithe i mBallstát a d’fhág críoch chustaim an Aontais ar bhonn sealadach agus a tháinig isteach i gcríoch chustaim an Aontais arís;

(e)

pacáistíocht, pailléid agus trealamh eile atá cosúil leo, seachas coimeádáin, ar le duine atá bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais iad agus a úsáidtear chun earraí a iompar a d’fhág críoch chustaim an Aontais ar bhonn sealadach agus a tháinig isteach arís;

(f)

Earraí i mbagáiste a iompraíonn paisinéir nach bhfuil sé beartaithe iad a úsáid ar bhonn tráchtála agus a d’fhág críoch chustaim an Aontais ar bhonn sealadach agus ansin a chuaigh ar ais inti.’

;

(2)

Leasaítear Airteagal 128 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Cuirfear an t-iarratas ar údaruithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 faoi bhráid an údaráis custaim inniúil chun an cinneadh a dhéanamh sa Bhallstát ina dhéantar na hearraí a lódáil den chéad uair ar mhodh iompair le haghaidh coinsíneachta agus i gcás ina mbeidh an fhaisnéis uile is gá maidir leis na hearraí ar fáil.’

;

(b)

cuirtear míreanna 3a agus 3b seo a leanas isteach:

‘3a.   Ní dheonófar an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 ach amháin ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá an t-iarratasóir bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais;

(b)

eisíonn an t-iarratasóir cruthúnas ar stádas custaim earraí de chuid an Aontais go rialta nó tá a fhios ag na húdaráis inniúla chustaim gur féidir leis an iarratasóir na ceanglais a leagtar síos sa Chód agus sa Rialachán sin maidir le húsáid na gcruthúnas sin a chomhlíonadh;

(c)

comhlíonann an t-iarratasóir na critéir a leagtar amach in Airteagal 39, pointí (a), (b) agus (d) den Chód;

(d)

measann an t-údarás inniúil custaim gur féidir leis, gan iarracht dhíréireach riaracháin, maoirseacht a dhéanamh ar chruthúnais ar stádas an Aontais arna eisiúint ag an iarratasóir, mar aon le rialuithe a dhéanamh.

3b.   Beidh an méid seo a leanas sonraithe san údarú dá dtagraítear i mír 1, go háirithe:

(a)

na coinníollacha faoina gcuirfear taifid ar fáil do lucht custaim chun críoch rialaithe agus faoina gcoinneofar iad ar feadh trí bliana ar a laghad;

(b)

an bealach ina ndéanfaidh an t-eisitheoir údaraithe a mheas gur baineadh úsáid cheart as na cruthúnais;

(c)

an tréimhse ina dtabharfaidh an t-eisitheoir údaraithe fógra don oifig custaim inniúil ionas go mbeidh sí in ann aon rialú is gá a dhéanamh roimh imeacht na n-earraí máil, mar aon leis an tslí a dtabharfaidh an t-eisitheoir údaraithe an fógra don oifig sin.’

;

(3)

In Airteagal 136(1), cuirtear an pointe seo a leanas (ja) isteach i ndiaidh phointe (j):

‘(ja)

gairis slándála agus rianúcháin le haghaidh lasta a chuirtear laistigh den ábhar pacála nó atá nasctha leis an ábhar pacála;’

(4)

in Airteagal 138, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

earraí dá dtagraítear in Airteagal 136(1), pointí (a), (j) agus (ja), den Rialachán seo lena ngabhann faoiseamh ó dhleacht ar allmhairí arna dtabhairt ar ais i gcomhréir le hAirteagal 203 den Chód;’;

(5)

in Airteagal 139, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   I gcás nach ndearbhófar iad trí mhodh eile a úsáid, maidir leis na hearraí dá dtagraítear in Airteagal 136(1), pointí (a) go (d), (h) agus pointí (h) go (ja), measfar iad a bheith dearbhaithe le haghaidh cead isteach sealadach i gcomhréir le hAirteagal 141.

2.   Maidir leis na hearraí dá dtagraítear in Airteagal 136(1), pointí (a) go (d) agus pointí (h) go (ja), i gcás nach ndearbhófar iad trí mhodh eile a úsáid, measfar iad a bheith dearbhaithe lena n-ath-onnmhairiú i gcomhréir le hAirteagal 141 tráth a bheidh an nós imeachta um chead isteach sealadach curtha chun críche.’

;

(6)

in Airteagal 141(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (d), (iv) agus (v):

‘(iv)

i gcás ina meastar na hearraí dá dtagraítear in Airteagal 136(1), pointí (a), (j) agus (ja), den Rialachán seo a bheith dearbhaithe le haghaidh cead isteach sealadach i gcomhréir le hAirteagal 139(1) den Chód;

(v)

i gcás ina dtabharfar na hearraí dá dtagraítear in Airteagal 136(1), pointí (a), (j) agus (ja), den Rialachán seo a chomhlíonann na coinníollacha a bhunaítear in Airteagal 203 den Chód i gcríoch chustaim an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 138, pointe (c), den Rialachán seo.’

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 228:

‘Airteagal 228

Ábhar pacála agus gairis slándála agus rianúcháin

(Airteagal 250(2)(d) den Chód)

Deonófar faoiseamh iomlán ó dhleacht ar allmhairí maidir leis na hearraí seo a leanas:

(a)

ábhar pacála a allmhairítear líonta, ar ábhar pacála é a bhfuil sé beartaithe é a ath-onnmhairiú, agus iad folamh nó líonta;

(b)

pacáistí a allmhairítear folamh, ar ábhar pacála é a bhfuil sé beartaithe é a ath-onnmhairiú, agus é folamh nó líonta;

(c)

gairis slándála agus rianúcháin le haghaidh lasta a chuirtear laistigh den ábhar pacála nó atá nasctha leis an ábhar pacálaí, ar gairis iad atá beartaithe le haghaidh athonnmhairithe.

D’fhéadfadh an t-iarratasóir agus sealbhóir an nós imeachta a bheith bunaithe i gcríoch chustaim an Aontais.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 an 28 Iúil 2015 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12. 2015, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2019 lena mbunaítear an clár oibre a bhaineann le forbairt agus le húsáid na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais (IO L 325, 16.12.2019, lch. 168).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/634/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)