European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/633

20.2.2024

CINNEADH (CBES) 2024/633 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Feabhra 2024

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/266 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar limistéir áirithe nach bhfuil faoi rialú an rialtais san Úcráin a bheith á n-aithint, á bhforghabháil nó á n-ionghabháil go neamhdhleathach ag Cónaidhm na Rúise

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 23 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/266 (1).

(2)

An 6 Deireadh Fómhair 2022, mar fhreagairt ar ionghabháil neamhdhleathach réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia na hÚcráine a rinne Cónaidhm na Rúise, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1908 (2). Leasaíodh teideal Chinneadh (CBES) 2022/266 leis an gCinneadh sin agus leathnaíodh raon feidhme geografach na srianta le go gcumhdófaí na limistéir go léir de chuid na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú an rialtais sna réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk, agus Zaporizhzhia.

(3)

An 14 agus an 15 Nollaig 2023, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí inar athdhearbhaigh sí, inter alia, an cáineadh a rinne sí ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cogadh atá ina shárú follasach ar Chairt na Náisiún Aontaithe, agus d’athdhearbhaigh sí go bhfuil an tAontas ag tacú go daingean le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha mar a aithnítear go hidirnáisiúnta iad agus ag tacú freisin le ceart bunúsach na hÚcráine í féin a chosaint in aghaidh fhogha na Rúise.

(4)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh (CBES) 2022/266, agus fad a leanann gníomhaíochtaí neamhdhleathacha Chónaidhm na Rúise de shárú a dhéanamh ar an toirmeasc ar úsáid fornirt, ar sárú tromchúiseach den dlí idirnáisiúnta é, is iomchuí na bearta reatha uile arna bhforchur ag an Aontas a choimeád i bhfeidhm agus bearta breise a dhéanamh, más gá. Dá réir sin, ba cheart na bearta sriantacha atá i gCinneadh (CBES) 2022/266 a athnuachan go ceann 12 mhí eile, go dtí an 24 Feabhra 2025.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/266 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 10 de Chinneadh (CBES) 2022/266, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

‘Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 24 Feabhra 2025.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Feabhra 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/266 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar limistéir áirithe nach bhfuil faoi rialú an rialtais san Úcráin a bheith á n-aithint, á bhforghabháil nó á n-ionghabháil go neamhdhleathach ag Cónaidhm na Rúise (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 109).

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/1908 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/266 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéar sin (IO L 259 I, 6.10.2022, lch. 118).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/633/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)