European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/632

20.2.2024

CINNEADH (CBES) 2024/632 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Feabhra 2024

lena seoltar an oibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2024/583 ón gComhairle an 8 Feabhra 2024 maidir le hoibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES) (1),

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 8 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/583 maidir le hoibríocht slándála muirí de chuid an Aontais Eorpaigh chun saoirse loingseoireachta a chosaint i ndáil le géarchéim na Mara Rua (EUNAVFOR ASPIDES).

(2)

An 14 Feabhra 2024, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart an Plean Oibríochta (OPLAN), lena n-áirítear na Rialacha Rannpháirtíochta, le haghaidh EUNAVFOR ASPIDES a fhormheas.

(3)

Mar thoradh ar an moladh ó Cheannasaí Oibríochta an Aontais Eorpaigh, ba cheart EUNAVFOR ASPIDES a sheoladh an 19 Feabhra 2024,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo OPLAN, lena n-áirítear na Rialacha Rannpháirtíochta, le haghaidh EUNAVFOR ASPIDES.

Airteagal 2

Seolfar EUNAVFOR ASPIDES an 19 Feabhra 2024.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Feabhra 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)   IO L, 2024/583, 12.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/583/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/632/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)