European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/623

7.3.2024

MOLADH (AE) 2024/623 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Nollaig 2023

maidir le dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe na Cipire lena gcumhdaítear an tréimhse 2021-2030 agus maidir le comhsheasmhacht bhearta na Cipire le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus dul chun cinn maidir leis an oiriúnú a áirithiú

(Is é an téacs Gréigise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) agus Airteagal 14(6) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (2), agus go háirithe Airteagal 7(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

Moltaí maidir le dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFA) nuashonraithe na Cipire lena gcumhdaítear an tréimhse 2021-2030

(1)

Chuir an Chipir a dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe isteach an 27 Iúil 2023.

(2)

Leagtar síos le hAirteagal 3 agus le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 (‘an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide’) na heilimintí atá le háireamh sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe. I mí na Nollag 2022, ghlac an Coimisiún an Treoraíocht do na Ballstáit maidir leis an bpróiseas agus an raon feidhme a bhaineann leis an dréachtphlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe agus an plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe críochnaitheach a ullmhú (3). Sainaithníodh dea-chleachtais leis an Treoraíocht agus leagadh amach impleachtaí na bhforbairtí beartais, dlíthiúla agus geopholaitiúla a rinneadh le déanaí i mbeartais fuinnimh agus aeráide.

(3)

I ndáil le plean REPowerEU (4), agus mar chuid de thimthriallta 2022 agus 2023 an tSeimeastair Eorpaigh, dhírigh an Coimisiún go láidir ar riachtanais athchóirithe agus infheistíochta na mBallstát a bhaineann le fuinneamh agus leis an aeráid chun slándáil agus inacmhainneacht fuinnimh a neartú trí dhlús a chur leis an aistriú glas agus cóir. Léirítear é sin i dTuarascálacha Tíre 2022 agus 2023 le haghaidh na Cipire (5) agus sna Moltaí ón gComhairle don Chipir (6). Ba cheart do na Ballstáit na moltaí tírshonracha is déanaí a chur san áireamh ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe críochnaitheach.

(4)

Tá na moltaí ón gCoimisiún maidir le spriocanna náisiúnta a bhaint amach faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill (7) (ESR) bunaithe ar an dóchúlacht go n-urramóidh na Ballstáit spriocanna 2030, agus na rialacha maidir le húsáid solúbthachtaí faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill á gcur san áireamh.

(5)

Is é is aidhm do na moltaí ón gCoimisiún maidir le Gabháil, Úsáid agus Stóráil Carbóin (GÚSC) forbhreathnú a fháil ar chur in úsáid na dteicneolaíochtaí sin atá beartaithe ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na méideanna bliantúla CO2 a bhfuil sé beartaithe a ghabháil faoi 2030, agus iad roinnte de réir foinse CO2 a gabhadh agus a thagann ó shuiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) nó ó fhoinsí eile, amhail foinsí bithghineacha nó gabháil ón aer; maidir le bonneagar iompair CO2 pleanáilte; agus maidir leis an toilleadh stórála intíre féideartha de CO2 agus maidir le toirteanna insteallta de CO2 atá beartaithe a bheith ar fáil in 2030.

(6)

Leis na moltaí ón gCoimisiún maidir leis an bhfeidhmíocht faoin Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (Úsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht ‘Rialachán LULUCF’) tugtar aghaidh ar sheachadadh an Bhallstáit maidir leis an ngealltanas faoi thoradh neodrach nó dearfach ag an mBallstát don tréimhse 2021-2025 (Tréimhse 1) agus a sprioc náisiúnta don tréimhse 2026-2030 (Tréimhse 2), agus na rialacha lena rialaítear úsáid solúbthachtaí mar a leagtar amach sa Rialachán sin á gcur san áireamh. Cuirtear san áireamh sna moltaí ón gCoimisiún freisin go ndéanfar aon fhuílleach astaíochtaí faoi Rialachán LULUCF a aistriú go huathoibríoch chuig an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill i dTréimhse 1.

(7)

Chun go mbeifear in ann, leis an oiriúnú don athrú aeráide, tacú go cuí leis na cuspóirí maidir le fuinneamh agus maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach, tá sé fíor-riachtanach na guaiseacha féideartha maidir leis an athrú aeráide a shainaithint agus anailís a dhéanamh ar leochaileachtaí agus rioscaí aeráide a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do limistéir, pobail agus earnálacha ábhartha. Sna moltaí ón gCoimisiún maidir leis an oiriúnú, breithnítear a mhéid a chomhtháthaigh an Chipir ina PNFA nuashonraithe spriocanna oiriúnúcháin lena gcuirtear rioscaí aeráide san áireamh, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh cosc a chur ar an gCipir cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh a bhaint amach. Gan beartais agus bearta oiriúnúcháin sonracha, iad pleanáilte agus curtha chun feidhme, tá baol ann nach mbainfear amach cuspóirí i ngnéithe an Aontais Fuinnimh. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar bhainistiú uisce i ndálaí athraitheacha aeráide i ngeall ar an mbaol go gcuirfí isteach ar leictreachas toisc go mbíonn tionchar ag tuilte, teas agus triomach ar tháirgeadh fuinnimh.

(8)

Na moltaí ón gCoimisiún i dtaca leis an uaillmhian maidir le fuinneamh in-athnuaite, tá siad bunaithe ar an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999, atá bunaithe ar chritéir oibiachtúla, agus ar na príomhbheartais agus na príomhbhearta atá in easnamh ar dhréacht-PNFA nuashonraithe na Cipire chun é a chur ar a cumas don Chipir a rannchuidiú náisiúnta le sprioc cheangailteach an Aontais maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite de 42,5 % ar a laghad in 2030 a bhaint amach go tráthúil agus ar bhealach costéifeachtach, agus comhiarracht á déanamh chun é a mhéadú go 45 % de bhun Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn. Tá na moltaí ón gCoimisiún bunaithe freisin ar rannchuidiú na Cipire le spriocanna sonracha Airteagal 15a, Airteagal 22a agus Airteagail 23, 24 agus 25 den Treoir sin agus ar na beartais agus na bearta gaolmhara chun í a thrasuí go tapa agus chun í a chur chun feidhme. Léirítear leis na moltaí a thábhachtaí atá sé pleanáil chuimsitheach fhadtéarmach a fhorbairt chun fuinneamh in-athnuaite, agus go háirithe an ghaoth a chur in úsáid, chun infheictheacht a mhéadú don tionscal monaraíochta Eorpach agus d’oibreoirí eangaí i gcomhréir leis an bPacáiste Eorpach um Chumhacht Ghaoithe (11).

(9)

Na moltaí ón gCoimisiún maidir leis an rannchuidiú náisiúnta le héifeachtúlacht fuinnimh, tá siad bunaithe ar Airteagal 4 de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) maidir le héifeachtúlacht fuinnimh; agus ar an bhfoirmle in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, agus ar na beartais agus na bearta gaolmhara chun í a chur chun feidhme.

(10)

Sna moltaí ón gCoimisiún, tugtar aird ar leith ar na spriocanna, na cuspóirí agus na rannchuidithe agus ar na beartais agus na bearta gaolmhara chun plean REPowerEU a bhaint amach chun deireadh tapa a chur leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise.Cuirtear san áireamh iontu na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme an Phacáiste ‘Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte’ (13). Is léiriú iad na moltaí sin ar an ngá atá leis an gcóras fuinnimh a dhéanamh níos athléimní i bhfianaise na n-oibleagáidí a eascraíonn as Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus as Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) maidir le slándáil an tsoláthair gáis, agus i gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le stóráil fuinnimh (16).

(11)

Cuirtear san áireamh sna moltaí ón gCoimisiún an gá atá le dlús a chur le comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh chun ról na solúbthachta a neartú agus chun íditheoirí a chumhachtú agus a chosaint. Leis na moltaí ón gCoimisiún, breithnítear freisin a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar an líon teaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh i gcomhréir le ceanglais Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus le Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún (17).

(12)

Léirítear leis na moltaí ón gCoimisiún a thábhachtaí atá sé infheistíochtaí leordhóthanacha a áirithiú i dtaighde agus nuálaíocht fuinnimh ghlain chun borradh a chur faoina n-acmhainneachtaí forbartha agus monaraíochta, lena n-áirítear beartais agus bearta iomchuí do thionscail atá dian ar fhuinneamh agus do ghnólachtaí eile; agus an gá atá le lucht saothair a uas-sciliú le haghaidh tionscal glan-nialasach chun geilleagar láidir, iomaíoch agus glan a chomhdhlúthú laistigh den Aontas.

(13)

Cuireann na moltaí ón gCoimisiún leis na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras chun úsáid breoslaí iontaise a laghdú de réir a chéile, agus leis an tábhacht a bhaineann le deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais breosla iontaise.

(14)

Leanann an moladh ón gCoimisiún maidir le riachtanais infheistíochta a mheasúnú i dtaobh cé acu a sholáthraítear nó nach soláthraítear forbhreathnú ginearálta leis an dréachtphlean nuashonraithe ar na riachtanais infheistíochta chun na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuidithe a bhaint amach le haghaidh gach gné den Aontas Fuinnimh; cé acu a léirítear nó nach léirítear ann na foinsí maoiniúcháin, agus idirdhealú á dhéanamh idir foinsí príobháideacha agus poiblí; leagtar amach ann infheistíochtaí atá comhsheasmhach le Plean Téarnaimh agus Athléimneachta na Cipire, Pleananna Críochacha um Aistriú Cóir na Cipire agus moltaí tírshonracha 2022-2023 arna n-eisiúint faoin Seimeastar Eorpach; agus áirítear leis measúnú maicreacnamaíoch láidir ar bheartais agus ar bhearta atá beartaithe. Leis an PNFA ba cheart trédhearcacht agus intuarthacht beartas agus beart náisiúnta a áirithiú chun tacú le deimhneacht infheistíochta.

(15)

Léirítear leis na moltaí ón gCoimisiún an ríthábhacht a bhaineann le comhairliúchán réigiúnach leathan, agus le comhairliúchán luath agus cuimsitheach maidir leis an bplean a áirithiú, lena n-áirítear rannpháirtíocht éifeachtach an phobail le faisnéis agus tráthchlár leordhóthanach, i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus (18).

(16)

Léirítear leis na moltaí ón gCoimisiún maidir leis an aistriú cóir an measúnú ar cé acu a shainaithnítear nó nach sainaithnítear go domhain i bplean na Cipire tionchair ábhartha shóisialta, fostaíochta agus scileanna an aistrithe aeráide agus fuinnimh agus cé acu a leagtar amach nó nach leagtar amach ann beartais agus bearta leordhóthanacha a ghabhann leis chun aistriú cóir a chur chun cinn, agus rannchuidítear an tráth céanna le cearta an duine agus comhionannas inscne araon a chur chun cinn.

(17)

Tá an measúnú ar dhréacht-PNFA nuashonraithe na Cipire ina bhonn taca leis na moltaí ón gCoimisiún di (19), a fhoilsítear in éineacht leis an Moladh seo.

(18)

Ba cheart don Chipir aird chuí a thabhairt ar na moltaí seo agus a PNFA comhtháite nuashonraithe críochnaitheach á fhorbairt aici lena chur isteach faoin 30 Meitheamh 2024.

Moltaí maidir le comhsheasmhacht le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus maidir le dul chun cinn i dtaca leis an oiriúnú a áirithiú

(19)

De bhun Rialachán (AE) 2021/1119 (an Dlí Aeráide Eorpach), ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht na mbeart náisiúnta le cuspóir na haeráidneodrachta agus le dul chun cinn maidir leis an oiriúnú a áirithiú. Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht bhearta na Cipire leis na cuspóirí sin (20). Tá na moltaí thíos bunaithe ar an measúnú sin. Ba cheart don Chipir aird chuí a thabhairt ar na moltaí seo agus obair leantach a dhéanamh orthu i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach.

(20)

Cé go léiríonn glanastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais (lena n-áirítear astaíochtaí ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF) agus gan iompar idirnáisiúnta a áireamh) treocht sheasta anuas ar an bhforiomlán, i gcomhréir tríd is tríd leis an gconair líneach lena mbaintear amach sprioc aeráide -55 % an Aontais do 2030 agus cuspóir aeráidneodrachta 2050 an Aontais, ní mór dlús a chur le luas an laghdaithe astaíochtaí agus tá gníomhú atá le déanamh ag na Ballstáit fíor-riachtanach. Rinneadh an dul chun cinn ar fud na mBallstát a mheascadh le roinnt dúshlán earnála agus laigí is gá a réiteach gan a thuilleadh moille. Léirítear sa mheasúnú, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, gur cosúil nach leordhóthanach an dul chun cinn i dtreo chuspóir aeráidneodrachta an Aontais i gcás na Cipire. Tá straitéisí fadtéarmacha iontaofa ina mbunchloch chun an claochlú eacnamaíoch is gá a bhaint amach chun bogadh i dtreo chuspóir aeráidneodrachta an Aontais.

(21)

Chun éifeachtacht na straitéisí agus na bpleananna um oiriúnú don athrú aeráide a áirithiú, tá sé ríthábhachtach a chinneadh i gceart cad iad na guaiseacha athraithe aeráide a d’fhéadfadh a bheith ann a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do limistéar nó d’earnáil áirithe. Creat dlíthiúil iomchuí a ghlacadh le haghaidh beartas náisiúnta aeráide lena mbunaítear spriocanna oiriúnúcháin atá ceangailteach agus a nuashonraítear go tráthrialta chun an dul chun cinn foriomlán maidir le forbairt na hathléimneachta a thomhas, ba cheart é sin a bheith ina chéad chéim chun an uaillmhian maidir le hoiriúnú a neartú. Chun oiriúnú éifeachtach a dhéanamh ar an scála is gá agus ar fud na n-earnálacha neamhchosanta uile, tá gá le struchtúr rialachais agus comhordúcháin atá sainordaithe go soiléir agus a mbeidh tacaíocht pholaitiúil ardleibhéil ag gabháil leis. D’fhéadfadh tascfhórsa nó coiste idir-rannach a bheith san áireamh sa struchtúr sin. Is gá faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar iarrachtaí oiriúnúcháin chun cuntasacht a choinneáil ar bun agus chun feabhas a chur ar an mbeartas oiriúnúcháin. Is féidir ionstraimí cistiúcháin éagsúla de chuid an Aontais a shlógadh chun an t-oiriúnú a chistiú. Ba cheart breithnithe a bhaineann le hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chur ar thús cadhnaíochta nuair a dhearann na Ballstáit a bplean náisiúnta faoi chistí ábhartha an Aontais. Níor cheart díobháil a dhéanamh don oiriúnú le haon chuid den chaiteachas: is é sin, leochaileachtaí a mhéadú do na tairbhithe nó do dhaoine eile. Tá riachtanais infheistíochta a bhaineann le hoiriúnú don aeráid ag méadú agus cuirfear dlús leis an méadú sin sna deacáidí amach romhainn. Ba cheart acmhainneacht agus saineolas leordhóthanach, a bhfuil gá leo le haghaidh riaracháin, a bheith ag gabháil le cistiú feabhsaithe chomh maith le cur chun feidhme chun cáilíocht an chaiteachais agus na hacmhainneachta ionsúcháin a áirithiú agus chun mí-oiriúnú a sheachaint. Chomh maith le maoiniú poiblí agus príobháideach, d’fhéadfaí ionstraimí nuálacha cistiúcháin a iniúchadh freisin trí chomhar leis an earnáil phríobháideach agus le hinstitiúidí airgeadais.

(22)

Is iad na pobail is leochailí na pobail sin ar mó an dóchúlacht go mbeidh tionchar ag an athrú aeráide orthu. De bharr nochtadh éagothrom agus leochaileacht na réigiún agus na ngrúpaí socheacnamaíocha éagsúla ar thionchair aeráide, is measa a bhíonn na neamhionannais agus na leochaileachtaí atá ann cheana. Le hathléimneacht chóir, ba cheart ualach éagothrom an riosca aeráide a laghdú agus cothromas a áirithiú le linn tairbhí an oiriúnaithe a dháileadh. Is gníomhaithe don athrú iad páirtithe leasmhara príobháideacha trí fhaisnéis, acmhainní, acmhainneachtaí agus cistiú a sholáthar. Tá inniúlachtaí ar an leibhéal áitiúil ar féidir leo tionchar níos leithne a imirt ar athléimneacht aeráide. Tá tábhacht nach beag ag baint le beartais fhonáisiúnta um oiriúnú a ullmhú agus a chur chun feidhme.

(23)

Cuireann réitigh dhúlrabhunaithe roghanna oiriúnúcháin agus maolúcháin éifeachtúla costéifeachtacha ar fáil, má dhéantar a n-úsáid a dhreasú trí chreataí straitéiseacha, beartais agus cistiú. Is féidir iad a chur chun feidhme go neamhspleách nó iad a chomhtháthú i mbearta oiriúnúcháin agus maolúcháin eile, in éineacht le réitigh atá bunaithe níos mó ar an teicneolaíocht nó ar bhonneagar. Le cur chun feidhme ní mór castacht na n-éiceachóras agus éifeachtaí réamh-mheasta an athraithe aeráide, an comhthéacs áitiúil, leasanna agus luachanna nasctha, agus dálaí socheacnamaíocha a chur san áireamh.

AG MOLADH LEIS SEO GO nDÉANFAIDH AN CHIPIR GNÍOMHAÍOCHT CHUN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

MAIDIR LEIS AN DRÉACHTPHLEAN NÁISIÚNTA FUINNIMH AGUS AERÁIDE NUASHONRAITHE FAOI RIALACHÁN (AE) 2018/1999

1.

Beartais agus bearta breise costéifeachtúla a leagan amach, go háirithe san earnáil iompair agus in earnáil na bhfoirgneamh agus le haghaidh astaíochtaí neamh-CO2, lena n-áirítear meatán, N2O agus gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ó próisis thionsclaíocha agus ó úsáid táirgí, ón talmhaíocht agus ó bhainistiú dramhaíola, chun an bhearna réamh-mheasta de 8,9 pointe céatadáin a líonadh d’fhonn an sprioc náisiúnta de -32 % maidir le gás ceaptha teasa a bhaint amach in 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005 faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill. Réamh-mheastacháin nuashonraithe a sholáthar chun a thaispeáint conas a bhainfear amach an sprioc leis na beartais atá ann cheana agus atá beartaithe agus, más gá, a shonrú conas a úsáidfear na solúbthachtaí atá ar fáil faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill chun comhlíontacht a áirithiú. An fhaisnéis faoi na beartais agus na bearta a chomhlánú, lena mínítear go soiléir a raon feidhme, a n-amlíne agus, i gcás inar féidir, an tionchar laghdaithe gás ceaptha teasa a mheastar a bheidh acu, lena n-áirítear an méid sin i gcás bearta i gcláir chistiúcháin an Aontais amhail an comhbheartas talmhaíochta.

2.

Méid na n-astaíochtaí CO2 a shainaithint a d’fhéadfaí a ghabháil gach bliain faoi 2030, lena n-áirítear an fhoinse. Sonraí a sholáthar ar conas a iomprófar an CO2 arna ghabháil. An toilleadh stórála CO2 foriomlán agus na toirteanna insteallta a bheidh ar fáil faoi 2030 a shainaithint.

3.

Conair nithiúil a leagan amach i dtreo sprioc náisiúnta LULUCF a bhaint amach mar a shainítear i Rialachán (AE) 2018/841. Bearta breise san earnáil LULUCF a chur san áireamh lena sonraítear a n-uainiú agus a raon feidhme agus lena ndéantar cainníochtú ar na tionchair a mheastar a bheidh acu chun a áirithiú go mbeidh aistrithe gás ceaptha teasa ailínithe go héifeachtach le sprioc ghlanaistrithe 2030 an Aontais de -310 MtCO2eq agus leis an sprioc aistrithe thírshonrach de -63 ktCO2eq a shainítear i Rialachán (AE) 2018/841. Faisnéis shoiléir a sholáthar ar conas a úsáidtear cistí poiblí (idir chistí an Aontais, lena n-áirítear an comhbheartas talmhaíochta, agus Státchabhair) agus maoiniú príobháideach trí scéimeanna feirmeoireachta carbóin go comhsheasmhach agus go héifeachtach chun an sprioc ghlanaistrithe náisiúnta a bhaint amach. Faisnéis a sholáthar maidir leis an stádas agus an dul chun cinn atá le déanamh chun feabhsuithe ar leibhéil níos airde/tacair sonraí atá follasach ó thaobh na geografaíochta de a áirithiú le haghaidh faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe, i gcomhréir le Cuid 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999.

4.

Anailís bhreise a sholáthar ar na leochaileachtaí agus na rioscaí ábhartha aeráide maidir leis na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuidithe náisiúnta a bhaint amach agus maidir leis na beartais agus na bearta i ngnéithe éagsúla an Aontais Fuinnimh. An nasc le cuspóirí agus beartais shonracha an Aontais Fuinnimh a leagan amach agus a chainníochtú ar bhealach níos fearr, ar cuspóirí agus beartais iad ar cheart tacú leo le beartais agus bearta oiriúnúcháin. Beartais agus bearta oiriúnúcháin breise a leagan amach ar bhealach atá mionsonraithe go leor chun tacú leis an Chipir a cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe náisiúnta faoin Aontas Fuinnimh a bhaint amach. Aird ar leith a thabhairt ar bhainistiú uisce i ndálaí athraitheacha aeráide i ngeall ar an mbaol go gcuirfí isteach ar leictreachas toisc go mbíonn tionchar ag tuilte, teas agus triomach ar tháirgeadh fuinnimh.

5.

An uaillmhian a bhaineann le sciar 33 % ar a laghad d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a ardú go suntasach mar rannchuidiú le sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001, arna leasú i gcomhréir leis an bhfoirmle in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999. Conair tháscach a áireamh a shroicheann na pointí tagartha le haghaidh 2025 agus 2027 de bhun Airteagal 4 (a)(2) de Rialachán (AE) 2018/1999.

6.

Conairí measta agus plean fadtéarmach a sholáthar chun teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a chur in úsáid sna 10 mbliana amach romhainn, agus tuar ann go 2040. Spriocanna sonracha a áireamh chun rannchuidiú leis an sprioc tháscach le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh in-athnuaite. Fosprioc cheangailteach a áireamh le haghaidh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch sa tionsclaíocht le haghaidh 2030. Sprioc tháscach a chur san áireamh maidir le téamh agus fuarú chun breisithe Iarscríbhinn IA a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 arna leasú a bhaint amach agus sprioc tháscach maidir le téamh agus fuarú ceantair le haghaidh na tréimhse 2021-2030. A shonrú cén sprioc a bhfuil rún ag an gCipir í a bhaint amach san earnáil iompair tríd an oibleagáid ar sholáthróirí, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh trí fhosprioc maidir le bithbhreoslaí forbartha agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, agus é á áirithiú an tráth céanna go gcloífear le híosleibhéal na mbreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch in 2030.

7.

Beartais agus bearta mionsonraithe agus cainníochtaithe a áireamh ar bhealach a chuirfidh ar a cumas di a rannchuidiú náisiúnta le sprioc cheangailteach an Aontais maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite de 42,5 % ar a laghad in 2030 a bhaint amach go tráthúil agus ar bhealach costéifeachtach, agus comhiarracht á déanamh chun í a mhéadú go 45 %. Tuairisc a thabhairt go háirithe ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe leis dlús a chur leis an gceadú agus mionsonraí a thabhairt ar na teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite a bhfuil sé beartaithe aige ‘dlúslimistéir in-athnuaiteán’ a ainmniú ina leith le nósanna imeachta níos tapúla agus níos simplí. Tuairisc a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe leis dlús a chur le húsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh trí chomhaontuithe ceannaigh cumhachta in-athnuaite a ghlacadh, ráthaíochtaí tionscnaimh agus creat cumasúcháin chun uath-ídiú leictreachais agus pobail fuinnimh a chur chun cinn. Tuairisc a thabhairt ar conas a chumhdófar dearadh na hoibleagáide ar sholáthróirí breosla san earnáil iompair agus bearta inchomparáide a áireamh chun hidrigin a chur chun cinn sa tionsclaíocht, agus an tAontas a ullmhú don trádáil hidrigine in-athnuaite.

8.

Amlíne ionchais a sholáthar a mhéid is féidir maidir leis na céimeanna as a dtiocfaidh glacadh beartas agus beart reachtach agus neamhreachtach arb é is aidhm dóibh forálacha Threoir (AE) 2018/2001 arna leasú a thrasuí agus a chur chun feidhme, go háirithe maidir leis na bearta a luaitear sna pointí roimhe seo.

9.

Rannchuidiú náisiúnta um éifeachtúlacht fuinneamh i ndáil le hídiú críochnaitheach fuinnimh a chur san áireamh i sprioc chríochnaitheach cheangailteach 2030 an Aontais maidir le hídiú críochnaitheach fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2023/1791 agus Iarscríbhinn I a ghabhann léi, nó a bheidh cothrom leis an rannchuidiú táscach náisiúnta ceartaithe a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid gach Ballstáit faoin 1 Márta 2024 faoi Airteagal 4(5) den Treoir sin. Rannchuidiú éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta maidir le hídiú fuinnimh phríomhúil a áireamh i sprioc tháscach ídithe fuinnimh phríomhúil an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2023/1791.

10.

Uaillmhian nuashonraithe a chur san áireamh maidir le stoc náisiúnta foirgneamh atá an-fhuinneamhéifeachtúil agus dícharbónaithe a áirithiú agus maidir le foirgnimh atá ann cheana a chlaochlú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoi 2050. Garspriocanna idirmheánacha do 2030 agus 2040 a áireamh, agus comparáid idir na garspriocanna sin agus an straitéis athchóirithe fhadtéarmach is déanaí. Tuilleadh faisnéise a chur san áireamh maidir le bearta gaolmhara le haghaidh foirgneamh agus a dtionchar i dtéarmaí coigiltí fuinnimh.

11.

Athléimneacht an chórais fuinnimh a neartú, go háirithe trí chuspóir a leagan síos maidir le stóráil fuinnimh a chur in úsáid agus beartais agus bearta a chur chun cinn chun riachtanas an oiriúnaithe aeráide a chomhtháthú sa chóras fuinnimh. Measúnú breise a dhéanamh ar chomhoiriúnacht a bonneagair gáis amach anseo leis na cuspóirí dícharbónúcháin. Measúnú a dhéanamh ar a leordhóthanaí atá an bonneagar ola (stóráil ola go háirithe) maidir leis an laghdú lena bhfuil coinne ar an éileamh ar ola agus leis an aistriú chuig roghanna malartacha ísealcharbóin.

12.

Cuspóirí agus spriocanna soiléire a chur chun cinn maidir leis an bhfreagairt ar éileamh chun solúbthacht an chórais fuinnimh a fheabhsú i bhfianaise measúnú ar na riachtanais solúbthachta agus tuairisc a thabhairt ar bhearta sonracha chun comhtháthú an chórais fuinnimh a éascú i dtaca le hAirteagal 20a de Threoir (AE) 2018/2001 arna leasú. Margaí miondíola níos iomaíche a fhorbairt agus an leibhéal cumhachtaithe íditheoirí sa mhargadh miondíola a mhéadú.

13.

Tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcur chuige i leith aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh trí mheasúnú ar staid na dteaghlach atá buailte faoi láthair a áireamh agus trí sprioc shonrach intomhaiste a léiriú maidir le laghdú mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1999, agus Moladh (AE) 2023/2407 á chur san áireamh. Tuilleadh sonraí a sholáthar maidir le bearta atá ann cheana agus bearta a d’fhéadfadh a bheith ann chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh, agus maidir leis na hacmhainní airgeadais tiomnaithe ó thaobh an bheartais shóisialta (inacmhainneacht) agus bearta struchtúracha fuinnimh araon. Míniú a thabhairt ar an gcaoi a meastar go n-úsáidfear bearta um éifeachtúlacht fuinnimh faoin Scéim um Oibleagáid Éifeachtúlachta Fuinnimh chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1999.

14.

Cuspóirí náisiúnta maidir le taighde, nuálaíocht agus iomaíochas a shoiléiriú a thuilleadh chun teicneolaíochtaí glana a chur in úsáid, bealach a bhunú do 2030 agus 2050 d’fhonn tacú le dícharbónú na tionsclaíochta agus gnólachtaí a aistriú i dtreo geilleagar glan-nialasach ciorclach. Beartais agus bearta a chur chun cinn chun forbairt tionscadal glan-nialasach a chur chun cinn, lena n-áirítear iad siúd atá ábhartha do na tionscail atá dian ar fhuinneamh. Tuairisc a thabhairt ar chreat rialála intuartha agus simplithe le haghaidh nósanna imeachta ceadaithe agus ar an gcaoi a ndéanfar rochtain ar chistiú náisiúnta a shimpliú i gcás inar gá. Beartais agus bearta mionsonraithe a sholáthar maidir le digitiú an chórais fuinnimh, forbairt scileanna a bhaineann le fuinneamh glan, agus trádáil oscailte a éascú le haghaidh slabhraí soláthair athléimneacha agus inbhuanaithe de phríomh-chomhpháirteanna agus de threalamh glan-nialasacha.

15.

Na hathchóirithe agus na bearta a shonrú chun na hinfheistíochtaí príobháideacha a bhfuil gá leo a shlógadh ar mhaithe leis na spriocanna fuinnimh agus aeráide a bhaint amach. An anailís ar na riachtanais infheistíochta a fheabhsú agus a leathnú chun forbhreathnú cuimsitheach agus comhsheasmhach a sholáthar ar na riachtanais infheistíochta poiblí agus príobháidí go comhiomlán agus de réir earnála. Cur chuige uile-gheilleagair ó bharr anuas a chomhlánú le measúnú ó bhun aníos a bhaineann go sonrach le tionscadal. Miondealú ar na riachtanais infheistíochta iomlána a áireamh maille le faisnéis bhreise maidir leis na foinsí cistiúcháin náisiúnta, réigiúnacha agus Aontais chomh maith leis na foinsí airgeadais príobháideacha atá le slógadh. Tuairisc ghearr a chur isteach ar an gcineál scéimeanna tacaíochta airgeadais a roghnaíodh chun na beartais agus na bearta a chur chun feidhme, a mhaoinítear tríd an mbuiséad poiblí, agus úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais cumaiscthe a bhaineann úsáid as deontais, iasachtaí, cúnamh teicniúil agus ráthaíochtaí poiblí, lena n-áirítear ról na mbanc náisiúnta le haghaidh spreagadh sna scéimeanna ar leith agus/nó conas a shlógtar maoiniú príobháideach. Giniúint chostéifeachtach na n-aistrithe chuig Ballstáit eile faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill a mheas mar fhoinse chistiúcháin. Measúnú láidir a sholáthar ar thionchar maicreacnamaíoch na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe.

16.

Míniú mionsonraithe a thabhairt ar conas agus cathain atá sé beartaithe ag an gCipir deireadh a chur de réir a chéile leis na fóirdheontais breosla iontaise atá fágtha.

17.

Faisnéis mhionsonraithe a sholáthar maidir le hiarmhairtí sóisialta, fostaíochta agus scileanna, nó aon tionchar dáileacháin eile, a bhaineann leis an aistriú aeráide agus fuinnimh, agus maidir leis na cuspóirí, na beartais agus na bearta atá beartaithe chun tacú le haistriú cóir. An cineál tacaíochta, tionchar na dtionscnamh, na spriocghrúpaí agus na hacmhainní a tiomnaíodh a shonrú, ag cur san áireamh an Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (21). Ailíniú a áirithiú idir an amlíne maidir le breosla iontaise a laghdú de réir a chéile a leagtar amach sa Phlean Críochach um Aistriú Cóir agus an PNFA nuashonraithe críochnaitheach, go háirithe i ndáil le gléasra cumhachta breosla throm Dhekelia. Níos mó eilimintí a áireamh, a mhéid is féidir, chun bonn anailíseach leordhóthanach a sholáthar chun Plean Aeráide Sóisialta a bheidh ann amach anseo a ullmhú, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), lena n-áirítear táscairí maidir le conas measúnú a dhéanamh ar na dúshláin agus ar na tionchair shóisialta ar na daoine is leochailí sa chóras trádála astaíochtaí le haghaidh dóchán breosla in earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise, agus chun tairbhithe féideartha agus creat beartais ábhartha a shainaithint. Míniú a thabhairt ar an gcaoi a rannchuideoidh an creat beartais a shainaithnítear sa PNFA le Plean Aeráide Sóisialta na Cipire a ullmhú agus ar an gcaoi a n-áiritheofar an chomhsheasmhacht idir an dá phlean.

18.

Rannpháirtíocht chuimsitheach phoiblí a áirithiú laistigh de thráthchlár réasúnta mar aon le rannpháirtíocht leathan na n-údarás áitiúil agus na sochaí sibhialta in ullmhú an phlean. Forléargas soiléir a thabhairt ar an gcaoi a gcumasóidh an próiseas comhairliúcháin rannpháirtíocht leathan an phobail ó na húdaráis ábhartha uile, ó na saoránaigh agus ó na páirtithe leasmhara, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, agus an dréachtphlean agus an plean nuashonraithe críochnaitheach araon á n-ullmhú. Achoimre a thabhairt ar na tuairimí a léirigh gníomhaithe éagsúla, agus achoimre ar an gcaoi a gcomhtháthaíonn an plean na tuairimí a cuireadh in iúl le linn na gcomhairliúchán.

19.

An comhar réigiúnach a neartú agus tuairisc a thabhairt, go háirithe, ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag an gCipir creat comhair a bhunú le Ballstáit eile faoi 2025, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2018/2001 arna leasú.

MAIDIR LE COMHSHEASMHACHT NA mBEART NÁISIÚNTA LE CUSPÓIR NA hAERÁIDNEODRACHTA AGUS LE DUL CHUN CINN MAIDIR LEIS AN OIRIÚNÚ A ÁIRITHIÚ FAOI RIALACHÁN (AE) 2021/1119

1.

Dlús a chur leis na hiarrachtaí maidir le maolú ar an athrú aeráide, trí dhul chun cinn nithiúil a dhéanamh maidir leis na beartais atá ann cheana agus atá beartaithe agus bearta práinneacha breise a bhreithniú chun na laghduithe agus na réamh-mheastacháin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhfuil coinne leo a ailíniú leis an gcuspóir aeráidneodrachta.

2.

An uaillmhian agus an cháilíocht maidir leis an straitéis náisiúnta fhadtéarmach a nuashonrú agus a mhéadú, trí sprioc fhadtéarmach na Cipire maidir leis an aeráidneodracht a shoiléiriú, agus trí bhunús a thabhairt do laghduithe ar astaíochtaí na Cipire agus d’fheabhsú na spriocanna aistrithe in earnálacha aonair le beartais agus bearta inchreidte.

3.

Measúnú a dhéanamh ar leochaileachtaí agus rioscaí ábhartha a bhaineann le hardú ar leibhéal na mara, creimeadh cósta agus ionsá sáile. Creat dlíthiúil iomchuí a bhunú le haghaidh beartais agus gníomhaíochta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide. Struchtúr rialachais a shainordú, ar struchtúr é lena mbeifear in ann tacú le pleanáil láidir, le réitigh a chur in úsáid, le faireachán agus le meastóireacht le haghaidh oiriúnú ar fud na n-earnálacha, na ngrúpaí sa daonra agus na leibhéal riaracháin ar fad. Breithnithe maidir le hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a chur chun tosaigh maidir le húsáid na tacaíochta ó chláir chistiúcháin an Aontais, amhail an comhbheartas talmhaíochta, cistiú an bheartais comhtháthaithe agus cistí ábhartha eile an Aontais. Ba cheart cistí an Aontais a chaitheamh sa chaoi go méadóidh siad athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus nach méadóidh siad leochaileachtaí (i.e., gan dochar mór a dhéanamh don oiriúnú). A áirithiú go mbeidh sásraí maoiniúcháin poiblí agus príobháideacha le haghaidh gníomhaíochtaí oiriúnúcháin i bhfeidhm agus go mbeidh na buiséid ar cóimhéid leis na riachtanais infheistíochta, go háirithe sna hearnálacha leochaileacha tosaíochta.

4.

Rannpháirt a thabhairt do ghrúpaí páirtithe leasmhara atá an-leochaileach do thionchair an athraithe aeráide i ndearadh agus i gcur chun feidhme bheartas oiriúnúcháin na Cipire. Ról a thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta agus do pháirtithe leasmhara na hearnála príobháidí i ndearadh, i gcur chun feidhme agus in infheistíochtaí beartais. Próisis agus torthaí na gcomhairliúchán ábhartha a dhoiciméadú. Sásraí a bhunú chun a áirithiú go n-ullmhófar beartais fhonáisiúnta, agus go ndéanfar iad a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta.

5.

Réitigh dhúlrabhunaithe agus oiriúnú atá bunaithe ar éiceachórais a chur chun cinn i straitéisí, i mbeartais agus i bpleananna náisiúnta agus infheistíochtaí a sholáthar lena gcur in úsáid.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Kadri SIMSON

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 328, 21.12.2018, lch. 1.

(2)   IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.

(3)  Fógra ón gCoimisiún maidir le Treoraíocht do na Ballstáit i ndáil le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide 2021-2030 a thabhairt cothrom le dáta (IO C 495, 29.12.2022, lch. 24).

(4)  COM(2022) 230 final.

(5)  SWD (2022) 604 final, SWD(2023) 613 final.

(6)  COM (2022) 604 Moladh le haghaidh Moladh ón gComhairle; COM(2023) 613 final, Moladh le haghaidh Moladh ón gComhairle.

(7)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26), arna leasú le Rialachán (AE) 2023/857 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus Rialachán (AE) 2018/1999 (IO L 111, 26.4.2023, lch. 1).

(8)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(9)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) 2023/839 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, leis na rialacha tuairiscithe agus comhlíontachta a shimpliú, agus lena leagtar amach spriocanna na mBallstát le haghaidh 2030, agus Rialachán (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú (IO L 107, 21.4.2023, lch. 1).

(10)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82), arna leasú le Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (IO L 2023/2413, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2413/oj).

(11)  Teachtaireacht maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Eorpach um Chumhacht Ghaoithe COM (2023) 669 final, 24.10.2023 agus Teachtaireacht maidir le huaillmhian an Aontais a bhaint amach maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta, COM (2023) 668 final

(12)  Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1).

(13)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ‘Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte’, COM/2022/360 final.

(14)  Rialachán (AE) 2019/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE (IO L 158, 14.6.2019, lch.1).

(15)  Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, p. 1).

(16)  Moladh ón gCoimisiún an 14 Márta 2023 maidir le Stóráil Fuinnimh — Bonn a chur faoi chóras fuinnimh AE atá dícharbónaithe agus slán (IO C 103, 20.3.2023, lch. 1).

(17)  Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bochtaineacht fuinnimh (IO L 2023/2407, 23.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2407/oj).

(18)  Coinbhinsiún maidir le rochtain ar fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil an 25 Meitheamh 1998 (‘coinbhinsiún Aarhus’).

(19)  SWD(2023) 910.

(20)  Tuarascáil AE 2023 ar Dhul Chun Cinn maidir le Gníomhú ar son na hAeráide, COM(2023) 653 final, agus Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal Measúnú ar dhul chun cinn maidir le hoiriúnú don athrú aeráide sna Ballstáit aonair i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach, SWD(2023) 932.

(21)  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (IO C 243, 27.6.2022 lch. 35).

(22)  Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2024/623/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)