European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/622

23.2.2024

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/622 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Feabhra 2024

maidir leis an liosta de na Stáit a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí in 2023

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil liúntais astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 25a(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déantar gníomhaíochtaí eitlíochta a áireamh sa chóras i ndáil le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas (‘CTA AE’) a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE.

(2)

Le Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) leasaíodh Treoir 2003/87/CE chun an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (‘CORSIA’) ón Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (‘ICAO’) a chur chun feidhme go hiomchuí.

(3)

De bhun Airteagal 25a(3) de Threoir 2003/87/CE tá an Coimisiún le liosta Stát a ghlacadh, seachas tíortha LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe, a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE, le bonnlíne 2019 le haghaidh 2021 go 2023. Rinne Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tíortha LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe a eisiamh ó liosta Stát den sórt sin ó tharla go dtagann na bealaí idir na tíortha sin faoi raon feidhme na gcóras trádála astaíochtaí faoi seach.

(4)

I gcás 2023, an cinneadh chun Stát a áireamh ar an liosta Stát a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87, tá sé bunaithe ar fhógra ón Stát go bhfuil sé beartaithe aige CORSIA a chur i bhfeidhm maidir le hastaíochtaí in 2023, agus ar fhógra den sórt sin a thabhairt do Rúnaíocht ICAO. Foilsíonn Rúnaíocht ICAO liosta in aghaidh na bliana de na Stáit a thug fógra den sórt sin. Chun na hathruithe ar na liosta sin a fhoilsítear ar bhonn bliantúil a léiriú, tá an Coimisiún le liosta Stát a ghlacadh gach bliain, seachas tíortha LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe, ar tíortha iad a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE.

(5)

Áirítear San Mairíne agus Monacó ar an liosta Stát a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu agus a d’fhoilsigh Rúnaíocht ICAO i gcomhair 2023. Mar sin féin, níor cheart San Mairíne ná Monacó a áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo ó tharla nach bhfuil aon aerfort acu agus ó tharla nach raibh aon eitilt ar siúl in 2023 lena mbaineann bealaí a bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm orthu chun críocha Threoir 2003/87/CE.

(6)

Tá an liosta Stát san Iarscríbhinn le húsáid ag oibreoirí aerárthaí agus astaíochtaí á dtuairisciú acu i gcomhair 2023. Chun cur i bhfeidhm tráthúil an liosta sin a áirithiú roimh an sprioc-am chun na hastaíochtaí sin a thuairisciú, ba cheart teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a bheith ar an 3ú lá tar éis lá a fhoilsithe.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Athrú Aeráide,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

San Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leagtar amach an liosta Stát a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE le haghaidh astaíochtaí in 2023.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 3ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Feabhra 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj.

(2)  Treoir (AE) 2023/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus le cur chun feidhme iomchuí birt dhomhanda mhargadhbhunaithe (IO L 130, 16.5.2023, lch. 115, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/958/oj).


IARSCRÍBHINN

Liosta de na Stáit a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha Threoir 2003/87/CE le haghaidh astaíochtaí in 2023

1.

An Afganastáin

2.

An Albáin

3.

An Airméin

4.

An Astráil

5.

An Asarbaiseáin

6.

Na Bahámaí

7.

Barbadós

8.

An Bheilís

9.

Beinin

10.

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

11.

An Bhotsuáin

12.

Buircíne Fasó

13.

An Chambóid

14.

Camarún

15.

Ceanada

16.

Oileáin Cook

17.

Cósta Ríce

18.

An Cósta Eabhair

19.

Cúba

20.

Poblacht Dhaonlathach an Chongó

21.

An Phoblacht Dhoiminiceach

22.

An tSalvadóir

23.

An Ghuine Mheánchiorclach

24.

An Ghabúin

25.

An tSeoirsia

26.

Gána

27.

Greanáda

28.

Guatamala

29.

An Ghuáin

30.

Hondúras

31.

An Indinéis

32.

An Iaráic

33.

Iosrael

34.

Iamáice

35.

An tSeapáin

36.

An Chasacstáin

37.

An Chéinia

38.

Cireabas

39.

Madagascar

40.

An Mhalaeisia

41.

Oileáin Mhaildíve

42.

Mailí

43.

Oileáin Marshall

44.

Meicsiceo

45.

An Mhicrinéis

46.

An Mholdóiv

47.

Montainéagró

48.

An Namaib

49.

Nárú

50.

An Nua-Shéalainn

51.

An Nigéir

52.

An Mhacadóin Thuaidh

53.

Óman

54.

Oileáin Palau

55.

Nua-Ghuine Phapua

56.

Na hOileáin Fhilipíneacha

57.

Catar

58.

Ruanda

59.

San Críostóir-Nimheas

60.

San Uinseann agus na Greanáidíní

61.

An Araib Shádach

62.

An tSeirbia

63.

Singeapór

64.

An Chóiré Theas

65.

An tSúdáin Theas

66.

Suranam

67.

An Tansáin

68.

An Téalainn

69.

An Ghaimbia

70.

Tíomór Thoir

71.

Tonga

72.

Oileán na Tríonóide agus Tobága

73.

An Tuirc

74.

Túvalú

75.

Uganda

76.

An Úcráin

77.

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

78.

Na Stáit Aontaithe

79.

Uragua

80.

Vanuatú

81.

An tSaimbia

82.

An tSiombáib


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/622/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)